Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ní Saoirse gan Coimheascar.

Title
Ní Saoirse gan Coimheascar.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NÍ SAOIRSE GAN COIMHEASCAR.



Do bhuaidh an t-amhrán so thíos duais ar
an bhFeis a bhí i Springfield, Mass., U.S.A.,
tamall ó shoin. Pádraig Ó hÉigearta
chuir chughainn é. Ár mbuidheachus dó.



Aréir trém chodladh bhí mo chogar i nguais
éaga
Go faon a hosna 's gan cor as a baill
tréith-lag',
D'iaidh a rosca go socair 's a mín-bhéal
tais
Mar bhí dá crochadh i locaibh na nímh-phéiste.



Mo chroidhe n-a stalca, 's an t-allas go
bog braénach,
Fuigheach, ag radadh trém leacain mar
mhuing féith-fhliuch;
Gan díth ar m'acmhuinn do mheasas ar í
shaoradh,
Acht ghreamaigh an nathair an ainnir n-a
nímh-dhéada.


L. 811


A Rí na bFlaitheas! do cheannuigh an cineadh
daona,
Do scaoil ár n-anam ó nascaibh do namhad
chlaon-sa;
Cad do dhéanfad feasta nó'n fearra dhom
luighe léigthe,
Im smíste meathta, agus scaradh lem
chaoin-chéad-searc?



Do luigheas-sa sealad ar mhealladh na nímh-
phéiste;
Le bréithribh bladair do chanas gach mín-
scéal di,
Acht i n-ionad í mhealladh, do mealladh go
breagh réidh me,
Mar ba ghearr go bhfeaca uirthi taithneamh
na fíor-scéimhe.



Dar liom níor ghile an criostal 'ná a húr-
chlaon-rosc
Is níor bhinne ceól cruite ná gliothar a
righin-chaoch-scoig
Do chrom an lile do luisne a slím-dhaol-
chnis
Gur chuir osna ón mbruinnil an rith ar an
mór-thaom díom.



Bhí a hór fholt leabhair dhá stathadh 'measc
ramhar-chraobhcha,
A mín-chneas chailce dhá ghearradh n-a lom-
chréachtaibh;
A binn-ghuth, scaipfeadh an scamal de
chroidhe Ghaedhil-fhir,
Le feall dhá thachtadh, is an t-anam go mall
taobh leis.



Ba léir dom feasta gan seasamh go fann-
ghéagach
Má b'fhonn liom m'ainnir do scaradh ón
dteann-ghéibhionn,
Le fogha mear tapaidh do phreabas gan
mhoill taóbh léi
Is luigheas an bata ar an nathair d'fhág
fann tréith í.



An Ceangal:



Comhairle chaoin do thugaim díbh a Ghaedhla
ghroidhe
Go bhfuil bhur dtír fá nasc na gcoímhightheach
anall tar tuínn;
Ní bréithre baoise go deó do scaoilfidh an
an greim sin díbh,
Acht cleasa claidhimh i dtreasaibh coimheasc-
air le stuaim is brígh.



GIOLLA NA COISE CAOILE.



Gluais.



Mo chogar, a term of endearment. Ní féidir Béarla
a chur air. Is lag a fhéachann "My Darling,"
agusrl., taobh leis.
I nguais éaga, in danger of death.
As a baill tréith-lag, in her limbs, which were weak.
D'iaidh a rosca, she closed her eyes.
I locaibh na nimh-péiste, in the toils of the poison-
serpent.
Mo chroidhe n-a stalcadh, my heart grew stiff.
Muing féith-fliuch, wet marshy ground.
Nimh-dhéada, poisonous teeth.
Ó nascaibh, from the bonds of Thy wicked enemies.
Nó'n fearra dhom, or is it better for me lie (remain)
weak.
Smíste meathta, a cowardly churl.
Caoin-chéad-searc, gentle first-love. In chéad-searc,
though a compound word, the s in the beginning
of the second part is not aspirated.
Do luigheas-sa, I began, tried to.
Go breagh réidh, finely, softly.
Taithneamh na f., the appearance of true beauty.
Gliothar, the sound (voice) of her (its) slow, unseen
throat.
Luisne, the brilliance of her (its) smooth dark skin.
Ramhar-chraobhcha, thick branches.
De chroidhe Gh., from an Irishman's heart.
Is an t-anam, that is, "when the language goes, the
soul goes."
Fann-ghéagach, weak limbed.
Má b'fhonn liom, if I desired, wished.
Teann-ghéibhionn, harsh bondage.
Fogha, a jump, sudden attempt.
Do luigheas an bata ar, I brought down the stick on.
Bréithre baoise, idle words.
Do scaoilfidh an greim, that will unloose that hold.
I dtreasaibh coimheascair, in battle deeds.
Stuaim is brigh, prudence and might.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services