Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimh-scríbhinne i gCambridge - IV.

Title
Láimh-scríbhinne i gCambridge - IV.
Author(s)
Ó Coileáin, Seaghán,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Láimh-scríbhinne i gCAMBRIDGE - IV.



giollabrighde ó catháin do scríobh.



Leath. 155. - An Dochtúir Céitinn cct. 9 ranna.
"Cé an saoi le seinntear an chruit."
Leath. 156. - Laoi Binne Boilbhín. Oisín cct.
"A Bhinn Boilbhín is dubhach indiu."
Leath. 158. - Scéal ar Mholuing (i bprós).
Leath. 160. - Scéal ar Bhéda Onórach.
Leath. 161-3. - Annalach. (A.D. 498. Ciarán Chluain
Mac Nois).
Leath. 169. - Tuarasgabháil nó Trácht Chnuic Chalbharí.
Leath. 165. - Scéal ar Chainioch Naomh.



Scéal ar Chainioch Naomh.



Araile láithe do Chainioch naomh i n-oileán Rosa Cré
go bhfacaidh sluagh deamhan ag imtheacht os a chionn agus
do chonairc Cainioch neach do na deamhnaibh ag iompódh
uatha mar a raibh féin. Ro fhiafruigh Cainioch de cia
hé nó an sluagh deamhan faracht (?) a bhfeaca mé thú;
tiaghmaoid ar an deamhan i dtuaisceart Chonnacht i
n-aitheasc carad dinn féin darab comhainn Crom
Dubh, agus as amhlaidh atá na searbhfhoghantuidhe umhal
dúinn ann gach uile pheacadh agus míbhéas ó geineadh é gus
anuigh agus anois dob áil linn tuarasdal a oibreacha do
thabhairt do. A dubhairt Cainneach leis, "a dheamhain,"
air sé, "cuirim ort ag iompódh dhíbh teacht dá fhais-
néis go fírinneach dhamh gach nídh do dhéantar annsin
tímchioll bhur gcarad." Ro lean an deamhan iar
sin a mhuinntear go tinneasnach agus is goirid d'aimsir
na dhiaidh sin gur iompuigh an deamhan céadna gus
an oileán ar fhághaibh Cainneach agus is amhlaidh do bhi an
deamhan bacach ar dteacht dó agus créacht adhbhal ar a
chois ionnas nách cinneadh air talamh léi? Ad bheart
Cainneach fris an deamhan, an tú air sé, bhí faram
gus dtrásda air athchuingeas scéal bhur gcarad
d'innsin damh. Is me air an deamhan; do chuamair-ne
mar do chonnairc tusa go sliabh ainmighthear ó neach
naomhtha darab ainm Phádruig i gcrích Umhaill a
dtuaisgeart Connacht mar a raibh ar gcara do
chóimhlíonadh ar dtoil go h-aimsir a bháis agus ar
rochtain chuige do sgar a anam re a chorp agus ar
bhfhaicsin an bháis sin dúinne do ghlacamar an t-anam
go h-obann agá chéasadh ar a mhí-ghníomhartaibh agus ag a
phianadh go h-éagsamhail agus as ann d'eirigh ár namhaid-
ne agus fear ainmighthe ar mbriogha agus ar gcomhacht .i. naomh
Pádraig athair spioradálta na hÉireannach, gon a
uile naoimh agus sluagh aingeal maille ris do dhíon anma
an pheacaidh agus dá shaoradh ó phian; do chuireamar
cath iar sin agus do chaitheadh do shoighdibh tinntighe
sinn, agus do chréachtnuigheadh misi san gcáth sin agus
tánag chugad-sa d'innsin sgéil dhuit amhail do


L. 807


chinngis orm. "Cionnas," ar Cainneach, "do saoradh
an neach sin ó n-a peacachaibh do-áirmhthe sin."
"Inneósad sin," ar an deamhan. "Ainmhnidhe do
bheireadh sé do na bochtaibh gacha bliadhain i n-onóir
Phádraig agus níor fágbhadh féith na fiona ná cnámh na
cairighin dón ainmhídhe gan cóimhriomh i n-aghaidh peachadh
an anma ar n-a méadughadh sin i n-aghaidh a chéile ní
raibh casaíd dá ndearnamair-ne i n-aghaidh an anma
nach frith nídh éigin da ndibeart sin agus ar mbuadh an
anma don tsluagh neamhdha do madhmaigheadh sinne agus
do iomcradh sin leo é do chum aoibhnios parrthais mar
a bhfuil gáirdeachas agus luthgháir aige ó Dhia, mar a bhfuil
gach uile onóir agus glóire agus miadhamhla saoghail gan
foircheann. Amen.



Leath. 166. - Miana Chormaic Mhic Airt. 10 rann.
Leath. 167. - Fuatha Chormaic Mhic Airt. 16 rann.
Leath. 168. - Scéal ar mhiorbhuillíbh Iordánus Naomhtha
Leath. 170. - Eachtra Leithín.



Deir Nóta i mBéarla go bhfuil cóip eile de na
hEachtraíbh seo i láimh-scríbhinn san Acadaimh Ríogh-
amhail, 23G. 20. p. 380. agus nóta eile. "A copy of
this tale is in the library of the Royal Irish Academy,
written by Michael Og O Longain in 1791. Note by
J J. Mac Sweeney."



Leath. 178. - Beatha Fionáin Locha Laoi.
Leath. 184. - Ceasta Fithchill.
Leath. 186. - Scéal Antíchríost. I ndeireadh na
h-aiste seo do-gheibhtear: "Le Peadar, Mac Mhíchíl
Óig Uí Longáin san mbliadhain d'aois Christ 1844."



Leath. 187. - Tairngire Fionnchu Bríghabhann ag cur
ceiste ar Naomh Séatna. 18 ranna.



"Abair rium a Shéadna scéala deiridh an bheatha."



Leath. 188. - Scéal ar Chansal Frangcach.



Ag seo tosach an scéil so. Ní heól dam cad as
go dtáinig sé.



"Cannsal socrach saor-chineólach ro bhí sa bhFraingc
agus a dhiongmhála do mhnaoi agus do bhain-chéile aige agus aon
mhac áluinn oireadha 'na aon oighre ortha, Iulianus a
ainm; agus fá mó clú agus oirdhearcus an mhic sin, agus fá
gnáth lies bheith ag déanamh seilge agus fiadhaigh i
n-ionadaibh diamhra doi-eóluis agus i gcoilltibh fiathamhla
fásaigh. Aon do tráithibh dá raibh ag deanamh a shealga
go bhfaca chuige an fiadh fáitheach foluaimneach dá
ionnsaighe go ndruimnibh i ndearg-óir agus go gcongnaibh
carmhogail air ag tiaghacht do láthair, agus is amhlaidh do
bhí an macaoimh agus da choin áille ioldathacha air shlabhra
fighthe fhionn-airgid 'na láimh aige do nach deachaidh ágh
ná aithid roimhe sin riamh. Iar sin do scaoil an
macaomh na coin i gcoinne agus i gcomhdháil an fhiadh.
Ro iompuigh an fiadh sin iar sin agus ro theith siad na
coin roimh an bhfiadh," agus rl.



Leath. 190. - Leabhar na n-aos (Sex sunt ætates mundi)
Leath. 195. - Beatha Breannuin mic Fionn Lógha. Tá
nótaí Béarla go flúirseach leis an aiste so.



Leath. 206. - Tiomna Ghoill Mhic Mhórna. 35 ranna
"A bhean beir leat mo léine
Gabh umat, agus éirigh."



Leath. 208. - Caoilte Mac Ronáin ar bhás bearraigh
Bhric, Inghion Chais Chuailgne



"Bearrach breac, ó'n Bearrach Breac."



Leath. 209. - "Caoilte Mac Rónáin ar bhás con Bice,
eadhon, cú ghrádhach le Fionn Mac Cumhaill, do
bháidhigh Goll Mac Móirne le holc ar Fhionn."
3 ranna.



"Truagh liom oidhe con bice."



Leath. 209. - Oisín cct. iar n-éisdeacht an chéad
aifrinn dó agus mar d'fhiafruigh Pádraig de ionnas
do thaithn séimhe na salm leis. 3 rann.



"Badh h-annamh le hó mo chinn."



Leath. 210. - Clár laoithe Finnuigheachta i mBéarla.
Leat. 217. - Giolla Caomháin cct. (A.D. 1057). 29
ranna.



"A eolcha Albann uile."



Leath. 219. Seathrún Céitinn cct. 21 rann.



"Fáidh-bhréagach an saoghal so."



Leath. 223. - Do ghabháil na hÉireann. 29 ranna.
"Fuaireas i Sailtir Chaisil."



Leath. 225. - N'fheadar cia chan. 10 ranna.
"Tuatha de Danann na séad suim
Áit i bhfuaradar foghluim."



Leath. 226. - Tadhg Dall Ó h-Uigín cct. 18 ranna.
"Lios ghréine is Eamhain d'Ultaibh."



Com-aimseardha le Tadg Mac Daire do bhí Tadhg
Dall Ó hUigín, file ó Chonntae Shligigh, dearbhráthair
d'Ard-easbog Thuama. Deir an Craoibhín go bhfuil
3000 líne na dhiaidh. Do cheap sé dán ag tathant ar
Bhrian Ó Ruairc, airm do ghabháil i gcoinne Eilíse



"D'fhear cogaidh cómhailtear síothcháin,"



agus ba chiallmhar an chomhairle í. Ní ceart stair na
hEíreann do scríobhadh gan aire do thabhairt do na
filídhibh. Tá dán eile o'n a láimh ag tagairt d'oidhche
do chaith an file i dtigh Mhaolmhuire Mhic Suibhne agus an
chuideachta eólgach aérach a bhí ann:



"Tanac lá go hEas Caoile
Badh cuimhin liom go lá an bhráith."



Ar nós Thaidhg Mhic Dáire agus Dhubhaltaigh Mhic Fhirbisigh,
fuair an file seo droch-chríoch. Tháinig seisear de
mhuinntir Uí Eághra dhá thigh, agus do chaith a raibh de bhiadh
aige ann. Do rinne an file aoir ortha "Sluagh seisir
tháinig dom' thigh," ar nó gur fhill siad, agus do ghear-
radar a theanga agus do thug a leithéid de dhroch-usáid
do, go bhfuair sé bás tamall 'na dhiaidh, roimh an bl
1617.



Leath. 227. - "Iomdha Eagnach ag Eirinn." 21 rann
Leath. 229. - Pádraig Piarais cct. do Séarfaidh Ó
Donnchadha an Ghleanna. 16 ranna.



"Is cian cuirtear clú Shéafraigh."



Leath. 230. - Mis, inghín Daire Dóidghil cct. ag


L. 808


caoineadh Dubhruis .i. a compánach. 27 ranna.



"Dubhruis do ba ríoghdha gnúis."



Leath. 233. - Armas síol mBriain annso.
Leath. 237. - Armas Chlann Carrtha.
Leath. 234. - Armas Árd-eascop Chaisil.
Leath. 234. Eachtra Dhonnchadha na mBó. Ainm an
scríbhneóra "Pól Mac Míchíl Uí Longáin.2



Leath. 237. - B. B. (Dáibhí) ua Bruadair cct. (1674).
20 rann.



"Cuirfead cluain ar crobhaind."



Leath. 239. - "Oilbhéan Stíbhinn stuadh gan storm."
12 rann.



Leath. 240. - "An pósadh uaidh so anois dá mhóghadh."
16 ranna.



Leath. 245. - Seanchas Chuilm Cille. Nótaí i
mBéarla.



Leath. 255. - Follamh.
Leath. 256. - Oisín ar bhás Aodha Mac Gara Ghlún-dubh.
"Ceard gaisge d'fhóghnadh d'Aodh." 11 rann.



Leath. 257. - Laoi mná an bruit bháin. 12 rann.
Ní críoch.
"Tá dá raibh Fionn ag ól."



Tá an dhá laoi so shíos cheana féin, ar leath. 51 agus
leath. 66.



Leath. 258. - Aistruighadh Ghaedhilge ar rannaibh
Byron: "The Assyrian came down like a wolf on the
fold."



Le Seaghán Ó Coileáin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services