LÁIMH-SCRÍBHINNE I gCAMBRIDGE.
III.
Giollabhrighde Ó Catháin do scríobh.
Add. 4182 E. - Is uimhir don leabhair go bhfuil
trácttha agam air.
Add. 4183. - Is uimhir don dara scríbhinn so ag
muinntir na leabharlainne. Leabhar deagh-chumtha,
quarto, is eadh é. Tá sé gléasta fé chumhdaigh mhaith
leathair, agus ó's cosamhail gur 'sa mbliadhain 1844 a
scríobhadh é, níor loit cúrsaí na haimsire go mór
fós é. Do réir dheallraimh, beirt dearbhráthar do
scríobh, .i. Peadar agus Pól, Mic Mhíchíl Uí Longáin: agus
bhí sé tráth i seilbh Thomáis Olney, mar atá a ainm i
dtosach an leabhair.
leathanach I. - Dán a leagtar ar Chaoilte Mac
Rónáin, go bhfuil cóip de i leabharlainn Choláisde na
Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Ms. Class H. I. 15.
F. 58. 14 ranna.
"In tan bhéara an bhreitheamh," agus rl.
Leathanach 5. - Aistriughadh i mBéarla ar amhrán do
rinne "Muiris Mac Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt agus é
ag dul do'n Fhrainnc, i bhflaitheas Bhainrioghna Eilíse."
Luaidhtear tosach gach aon bhéarsa de'n Ghaedhilg. 12
rann.
"Beannuigh an long so," agus rl.
Leathanach 8-10. - Roimhrádh i mBéarla do "Theacht
Chonlaoigh."
Leathanach 12-21. - Teacht Chonlaoigh go hÉrinn: an
Ghaedhilg ar leath-thaoibh agus aistriughadh i mBéarla ar
an dtaoibh eile 4 ranna.
"Tháinic tráth an borblaoch
An curadh cródha Conlaoch."
Tá an laoi so i gcló i leabhar Miss Brookes. Is
dócha nach bhfuil annso acht cóip as an leabhar úd.
Leathanach 22. Uaill-chuma Chuchullain os cionn
chuirp a mhic Conlaoch. 21 rann.
"Mar do chím airm an laoigh
Sgiath agus claidheamh Conlaoigh."
Leathanach 30-41. - Gluais ar ainmeacha i stair na
hÉireann, i mBéarla.
Leathanach 41. - Scéal an dá leanbh.
Leathanach 42. - "Naonbhar noebh síl Conaire." 6
ranna. Nóta i mBéarla: "Book of Lecan, 353 and
39. Leabhar Breac. 21 d."
Leathanach 44 - "Is doilghé liom iná in t-ég. 11
rann. Ciarán Naomhtha, cct.
Leathanach 45. - Na ceithre ranna déidheannacha do'n
duan "a Chaisil is dimbrígh sin."
Leathanach 46. - Tadhg Mac Daire, cct.
"Teirce, daoirse, díth ana
Plághtha, cogtha conghala
Diombuadh catha, gairbhshíon, goid
Tré ainbhfhír flatá fásaid."
Do mhair Tadhg Mac Daire san chéad chuid den
tseachtmhadh aois déag. Ollamh na mBrianach dob'
eadh é, agus bhí dúithche agus caisleán Dún-ógáin agus gach ar
bhain leis aige, mar dhualgas phríomh-ollaimh Thuath-
mhumhan. Is eisean do thosuigh "Iomarbhádh na
bhFileadh." Scríobh sé dán "Olc do thagrais, a
Thórna" ag cáineadh Thórna Éigeas, do mhair dha
chéad déag bliadhain roimhe sin, toisg an iomarca
onóir do thabhairt do Shíol Éireamhóin, thar Síol
Éibhir as a dtáinig na Brianaigh. Bhí díospóireacht
mhór ag siubhal ar feadh bliadhanta i measc filidhe
Éireann ar an gceist seo, agus rinneadh leabhar dár
scríobhadh ar gach taobh ar a dtugadh "Iomarbhádh na
bhFileadh." File mór don tsean-ré do b'eadh Tadhg,
agus deir an Craoibhín Aoibhinn i "Litridheacht na
Gaedhilge" go bhfuil 3400 líne dá shaothar ar
fagháil fós. Do chúm sé dán ag comhairliughadh
Dhonnchadh Uí Bhriain an ceathramhadh Iarla Thuath-
Mhumhan, d'oileadh i Sasana: cuireadh an dán so i
gcló ag Mac Uí Fhlannagáin i "nImtheachtaibh
Chumainn na Gaedhilge, 1808, agus is cosamhail ná
fuil a thuilleadh uaidh i gcló. Deirtear, nuair a bhí
sé ag dul i n-aois gur chaith saighdiúir de lucht
Chromuil de bharr aille é. Dubhairt an saighdiúir
leis sular leig sé le fánaidh é. "Abair do rann
anois, a fhirín?"
Ar an leathanach gcéadna tá:
"Aodh Buidhe Mac Cruitín," cct. 35 ranna
"A Bhanba is feasach dham do sceólta."
Leathanach 51. - Laoi Mhná an Bruit Bháin. 17 ranna.
"La dá raibh Fionn ag ól
A nAlmhuin ar bheagán slógh."
Leathanach 52. - Iar dhóghadh tighe na hAlmhuine, le
Gara Glún-dubh Mac Moirne.
"Amhna aille féinne Finn
Impridh-se féin bhur bhfithchioll."
Leathanach 54. - Comhairle Fhinn Mic Cumhaill do
mhac Lúighidh. 24 ranna.
"A mhic Lúighidh mo chomhairle gaibh
Má's é órd an t-óglaochas."
Leathanch 55. - 'Air Dhún Trí Liag agus air Dhún
Eochair Mhaighe."
Leathanach 56. - Ar theach na hAlmhúine. 23 ranna.
"Almha Laighean, Lios na bFiann
Port ro-ghnáthuigh Fionn fíor-fhial."
Leathanach 58. - Laoi na Mná Móire. 76 ranna.
"La dá rabhadar-san
Fionn is Feargus Finnbhéil."
Leathanach 63. - Ar Chruitire Fhinn Mic Chumaill.
26 ranna.
"Abhac do fuair Fionn feardha."
Leathaanch 66. - Oisín, cct. do Bhéibhiond Bhéilbhinn,
bainprionnsa do Th. D. Danann, do léighis ó n-a
ghonaibh é. 3 ranna.
"Beannacht ar lucht an tsighe
Idir ríoghna agus rígha.
Leathanach 66. - Oisín cct ar bhás Aodh Mac Gara
Glún-dubh .i. gaisgidheach d'Fhiannaibh Éireann. 11
rann.
"Céad gaisge do foghnadh d'Aodh
'Gé atá leacht re taoibh an chuain."
Leathanach 67. - Diarmuid Ó Duibhne cct. 12 rann.
"Aoibhinn caithim an bhliadhain
Mise Diarmuid Ó Duibhne."
Leathanach 68. - Fionn Mac Cumhaill cct. 'ag
fostadh oglaoch dá mhuinntir do bhí ag imtheacht uaidh.'
3 ranna.
"Ta sin a dhruim deirg dána."
Leathanach 69. - Caoilte ar bhás Áine inghion
Mhodhuirn Righ Albann agus do badh bean d'Fhionn Mac
Cumhaill.
"Follamh indiu Ráth Áine." 3 ranna.
Fionn Mac Cumhaill ar Sliabh na mBan bhFionn agus
é féin agus cúigear óglaoch dá mhuinntir ag dul chun
catha le Tuatha De Danann. 5 ranna.
"Comhlann Laoch um fheart na ndruadh."
Leathanach 70. - Caoilte mac Ronáin cct. agus ranna.
"A thulach árd aoibhinn-si
Dá dtighdís Fianna Fionna."
Fionn Mac Cumhaill cct. agus ranna.
"Mairg fé neach do chuala an scéal."
Leathanach 71. - Laoi Chnuic an Áir. 17 ranna.
"Cnoc an Áir an cnoc so thair
Go lá 'n bráith biaidh dá ghairm."
Leathanach 72. - Laoi na Seilge. 44 ranna.
"Lá dá raibh Fionn na bhFlaith
Ar an bhfaithche i nAlmhuin úir,
Do chonnaic chuige ins an ród
Eilit óg ar léim lúith."
Leathanach 76. - Oisín Mac Finn no Caoilte Mac
Ronáin cct. 7 ranna.
"Clíodhna cheannfhionn buan an béad
Ar an dtráigh-si tháinig a héag."
Nóta i mBéarla: "O'Curry MS. Materials, p. 306
from the Dinnseanchus.
Leathanach 79. - Cúcoigchríche Ó Cléirigh cct. 42
rann.
"Mo mhallacht ort, a shaoghal
Mairg nach tuig do ro-bhaoghal"
Tá an dán so i gcló ag Eoghan Ó Comhraidhe san
"MSS. Materials of Irish History," p. 562. Chun
Thoirdhealbhaigh Mac Chathbhairr Uí Dhomhnaill do
rinneadh an dán. Fuair an file seo bás A.D. 1664.
I gCill Barúin i gConndae Dhúin na nGall do rugadh
é. Chuidigh sé leis an gCeathrar Ollamh an uair do
bhíodar ag bauilighadh adhbhair na nAnnála. Bhí sé 'na
thiunóntaidhe ar dhúithche beag 'sa gconndae úd agus do
ruagadh as é 'sa mbliadhain 1632, agus d'aistrigh sé go
Conndae Mhuigh-Eó. Tá a udhacht, san nGaedhilg, le
feicsint san Acadáimh Ríoghamhuil; d'fhág sé a mhaoin
tsaoghalta ag manachaib mainistreach Bhuirghéis Umhla,
acht thug sé an seód ba luachmhara bhí aige, .i. a leabhra
dá bheirt mhac, Seaghán agus Diarmuid (an D. Tormod
Ó Mórdha, Dict. Nat. Biog.).
Leathanach 82. Donnchadh Mór Ó Dálaigh, cct. 9
ranna.
"Nár budh slán iomrádh don óige."
Leathanach 84. - Trí gáire an Domhain.
Rann do chan Mícheál Óg Ó Longáin. 13 May,
1820.
"Beannacht uaim siar chum Uilliam Uí Mhurchadha
an ghrinn."
Rann eile ar an mbochtaineacht.
"Fad mhairfeas do shéun is é do chaitheamh go hárd."
Leathanach 85. - Mícheál Óg, cct. 2 rann.
"Anns na fearannaibh so Mhealachluinn a chím
rómham-sa."
Rann eile do chúm Mícheál Óg:
"Fial-aiste dhiadha dheas shuairc go leór."
Mícheál Óg cct. ag iarraidh iasacht leabhar ar
Sheaghán Ó Murchadha agus dá thabhairt ar a theachtaire
dul dá iarraidh. 3 ranna.
"A ghiolla bhig óg chóruigh is Gaedhealach grádach."
Leathanach 86. - An fear céadna cct. 4 ranna.
"Bí súghach abhaile seo an Mhanaigh go bráth arís."
Leathanach 87. - "Eudhmonn de Bhál cct. ar bhás
Dhonnchadh Uí hEichtharainn, noch d'éag i gCaisleán
Ó Liatháin, san mbliadhain 1728." 2 rann.
"Tá féd bhrollach-sa a ghoirm-leac laidianta."
Eadhmonn Mac Sheagháin Óig Mhaoil do Barra i
gCoill na Curra cct. 4 ranna.
"A gCoill Bhurra-ghlais na Curra dham go tréith
brúighte."
Leathanach 88. - "O Longáin cct." 4 ranna.
"Cé fada ar lár bláth geal ár dteanga dúthchais."
Leathanach 89. - Domhnall Ó Colmáin cct. 6 ranna.
"Aréir ar mo leabaidh im thaomaibh gan tapa."
Leathanach 90. - Mícheál Óg Ó Longáin cct. 5 ranna.
"Mo sceimhle scóltha brónach baoghalach."
Seaghán Ó Braonáin cct. chun Mhíchíl shoilbhir Uí
Longáin i gconntae Chorcaighe i gCúil Uí Mhurchadha
binn-bhile buadhach don Éigeas. 3 ranna.
"A bhile dhon dáimh rug barr ó éigse an ghrinn."
Leathanach 91. - Seaghán Mac Taidhg Mhic Mhuirchear-
taigh Uí Cheallacháin cct. Do Dháth ó hIarluighte a
mBaile Bhúirne. 1 rann.
"Is cás liom chill bhláthmhar na dtriaithe suilt."
Dáth Mac Ph. Uí Iarluighte cct.
"Tá mo chosa ro-thinn is a leigheas ag an Aon-
Mhac."
Mícheál Óg Ó Longáin cct. 4 ranna.
"Na táinte ainnir dheas chailce go díon gaoithe."
Leathanach 92. - Uilliam aorach Ó Conaill cct.
"Fiche agus dafhichid a cheathar 's a trí is aos dam."
Leathanach 93. - Mícheál Óg cct. 1 rann.
"A shuairc-fhir chliste tá soinneannta suilt séimh
síoch."
Mícheál Óg cct. don Athair Domhnall Ó Súilliobháin
iar dteacht dó Ó Mhaigh Nuadhat go Corcaigh san
mbliadhain d'aois Chríost. 1820.
"Clinim féin go dtáinig sonn." 9 ranna.
Leathanch 94. - Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct. 3
ranna.
"Dá dtuigeadh cách cor an dhomhain."
Leathanach 95. - "Crann seóil na cruinne an chroch
naomhtha." 18 ranna. Tadhg Ó Cobhthaigh cct.
Tadhg Mac Aodha Uí CHobhthaigh ; do mhair tímcheall
A.D. 1354. Deir an Docthúir Tormod Ó Mórdha san
Dictionary of National Biography go bhfuil leith-chéad
rann eile ag baint leis an ndán so. Do chúm sé
céad rann eile de mharbhna ar bhá Bhriain Uí Chon-
chubhair Fáilghe. Is cócha gurab eisean do rinne
an dán úd. "Cia re gcuirfinn séd suirghe" ag
moladh Maghnusa Mhic AOdha DHuibh Uí DHomhnaill, do
thithn chomh mór leis gur thug sé don bhfile láir ar
gach rann dáraibh ann - fiche lair ar fad.
Leathanch 96. - Tinn anocht mo mhaoi mheanma. 24
ranna, cathal Ó Fearadaigh do chum.
Leathanach 98. - Mo thruagh mar tá Éire. 18 ranna.
Docht úir Céitinn cct. Dánta, Amhráín is Coiante
Sehathrúin Céitinn. Leathanach 67,
Leathanach 100 - Duine éigin ar feicsint cruite
Bhriain Boróimhe.
"Colchar sin a chruit mo Ríogh." 10 ranna.
Leathanach 101. - Scríbhneóir éigin dá pheann,
"A chleite an ghéidh riabhaigh,
Ná gabhann raighail uaim-se,
Má bhíon mo litir gránda,
Fuigfeadh do chnámha suaith."
Freagra an Phinn air:
"Nár suaitear leat mo chnámha,
A fhir nach álainn litir,
Muna mbéidhinn fá ghlas id' méaraibh,
Ba chleite gléasda mise.
Fionntán Mac Bochna cct. 13 ranna.
"Éire cé fhiafruigheas díom."
Leathanach 103 - Uaill Chumadh na nGaodhal. 8 ranna.
"Brónach fuireann chríche Chuinn."
Fearflatha Ó Gnímh cct. 24 ranna.
"Mo thruagh mar táid Gaoidhil."
Ó Leathanach 103 go dtí 156 - Níl sa leabhar so acht
samhail de leabhar Hardiman san eagar céadna.
Leathanach 105. - "Mo dhá dhaltáin níor fad liom."
13 ranna. Tórna Éigeas cct.
Leathanach 107. - Dallán Forghail do chúm d'Aodh
Mac Duach A.D. 580. 4 ranna.
"Aodh suitceann seal séigh."
Dallán Forghail cct. d'Aodh Mac Duach. 4 ranna
"Do dhubh-ghiolla Sciath Aodha."
Leathanach 108. - Triamhuin Seancháin os cionn cuirp
mairbh Dalláin. 5 ranna.
"Ionmhuin a chorp torchair ann."
Ceann Corraidh. Mac Liag ro chan. 11 rann.
"A Chinn Chorraidh! caidhi Brian."
Leathanach 109. - Ó chuimhniughadh Mic Liaig ar Bhrian
agus ar a mhaithibh. 11 rann.
"Uathmhar an oidhche anocht, a chuideacht bhoicht gan
bhréig."
Leathanach 110. - Mac Liaig ar Bhrian Bhoróimhe cct.
5 ranna.
"Fada bheith gan aoibhneas."
Leathanach 111. - Dochtúir Céitinn cct. 6 ranna.
"Mo beannacht leat, a scríbhinn."
Do Bheinn Éadair; Caoilte ro chan. 5 ranna.
"Is aoibhinn bheith i mBeinn Éadair."
112. - Gearroid Muinsiond ag fágáil Éireann do.
"Diombuadh triall ó thulchaibh Fáil." agus ranna.
113. - Machtnamh an duine doilgheusaigh. Seaghán
Ó Coileáin. 20 rann.
115. - "Dia libh, a laochraidh Gaoidhil." 15 ranna.
Aonghus Mac Doighri Uí Dhálaigh ro chan.
116. - Dán do Bhrian no do Mhurchadh ó Ruairc. 34
rann.
Seaghán Mac Tórna Ó Maolchonaire ro chan.
"Fuair Breifne a dhíol do shaoghlonn."
120. - An Síoguidhe Rómhánach. 81 rann.
Leathanach 121. - Aistriughadh i mBéarla le Hannraoi
Grattan.
Scríobhtar an Ghaedhilg agus an Béarla ar aghaidh
a chéile.
Leathanach 154. - "Ro dheat an Inis finn Fáil." 15
ranna.
Flann Fionn cct. san mbliadhain 685. "Ro dheat"
is tosach do gach rann de na cúig ranna déag.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11