Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna
Nua.



THE MYTHOLOGY of the BRITISH ISLANDS.
An Introduction to Celtic Myth, Legend, Poetry,
and Romance. By Charles Squire. London:
Blackie and Son, Limited, 50 Old Bailey, E.C.,
Glasgow and Dublin. MCMV. Chúig leath-
choróineacha, a fhiaca.



Leabhar Béarla is eadh é seo, agus leabhar mór
Béarla leis. Ceist mhór acharannach is eadh an cheist
seo i dtaobh staire seannda na hÉireann is na
Breatan Móire. Tá cur síos air i n-a lán d'áit-
eanna, acht ní fachtar i n-éan-áit cunntas iomlán
mar gheall air. Tá na sean-mheamraim a bhí leis na
ciantaibh fé thaisce i leabharlannaibh dá gcur i
n-eagar i ndiaidh a chéile. Is ionnta súd a gheobhthar
fios cruinn ar imtheachtaibh na ndaoine d'áitigh na
hoileáin seo sara dtáinig Caesar go dtí an mBrea-
tain, agus sarar bhuaidh Clanna Míleadh seilbh na
hÉireann.



Fé mar adubhramair, ceist acharannach is eadh í
seo. Ní thagann aon dá chunntas le chéile. Réidh-
tighid cuid aca le chéile cuimhasach maith, acht uair-
eannta ní bhíd ár n-ughdair ar éan-tuairim i dtaobh
nidhthe bunadhsach. Ní féidir tuairim cheart a thabhairt
ar an gceist go dtí go gcuirfar i gcló na sean-
mheamraim go léir, agus tá a lán díobh-san ann fós nár
baineadh leó. Annsoin, féadfar scrúdughadh a dhéan-
amh ortha, agus an cogal a bhaint den chruithneacht, ar
chuma go ndeimhneógfar ar chruinneas ár n-eóluis ar
an gceist go léir.



Tá os cionn a leath de'n leabhar so fé chunntas ar
sheann-dálaibh "déithe" agus druadh na hÉireann, agus
gan amhrus do b'éidir a thuilleadh a rádh n-a dtaobh.
Is ceist le réidhteach ciaca "déithe" nó daonduigthe a
b'eadh Cúchulainn, Fionn Mac Cumhaill, laochra na
Craoibhe Ruaidhe, Tuatha Dé Danann, na Fómhoraigh,
agusrl. Deir an t-ughdar so go prínsiopálta gur
déithe a b'eadh iad. Acht ní hionann ciall le "déithe"
aige-sean agus againne. Tugann seisean déithe ar
ghaiscidhigh is ar dhaoinibh go raibh mór-chlú ortha
abhfus. Gan amhrus, má's maith leis súd a glaodhach
ortha, ní tagaithe dúinn n-a choinnibh; acht is fearr agus
is dílse linne ár sean-laochra d'fhágaint fé mar a


L. 760


bhíodh aca gan gradam déithe a mholadh dhóibh i bhfochair
na rabhartha tréithe a mhaodhid Gaedhil féin n-a leith.
Is fearr linn Cúchulainn n-a laoch gaisce ná n-a dhia
beag.



Is iad na tréithe is fearr san leabhar so ná eólus
athchumair cruinn a bheith ar fagháil ann ar chúrsaíbh an
tseana-shaoghail cian-aosta i nÉirinn, an méid atá
os ár gcomhair as na meamraim de, agus cur síos
aicillidhe so-thuigsionta ar iomlán na ceiste i n-éin-
leabhar amháin. N-a theannta soin, tá cur síos leis
ar sheann-draoidheacht na Breatan Móire, agus an bhaint
a bhí aici le draoidheacht na hÉireann i dtúis an
tsaoghail. Tá ana-chuid eóluis ar fagáil san leabhar,
eólus a piocadh suas as gach ball ins na trí ríogh-
achta. Badh chóir cóip den leabhar a bheith in ngach
leabharlainn i nÉirinn.
--



PÁIDÍN Ó DÁLAIGH. Ath-chló air. Fé eagar ag
Seosamh Laoide. Réal glan.



Ní gábhadh an scéal féin a mholadh do shean-Chonn-
rathóirí; tá eólus aca cheana féin air. Acht beidh
áthus agus luthghair ortha mar gheall ar an gcuma 'nar
shocruigh an Laoideach é ar a ath-thabhairt amach. Tá
foclóir breagh len ais mar a bhfuil cunntas ar a
lán rudaí ná fuil a dtuairisc i n-éan-áit eile. Is
maith linn gur glacadh isteach na nótaí a chuir
Pádraig Ó Laoghaire féin leis an scéal i "Scéaluidh-
eacht Chúige Mumhan." Táid ana-aidhsáideach. Ní bheidh
cúis ghearáin feasta ag lucht léighte na Gaedhilge.
Beidh leabhair a ndóthain aca. Tá an leabhar so
buille beag daor, ámh.



--



AN CHÉAD LEABHAR GAEDHILGE. Ceachta I.-XI. I
nduilleógaib móra. Ar n-a chur amach do
Chumann Bhuan-choimeádtha na Gaedhilge. A fhiacha,
ar mhúinteóirí scoile réal, ar an gcoitchiantacht
scilling.



Ní baoghal ná go mbeidh an tsraith dhuilleóg so an-
adhsáideach i gcóir leanbhaí i n-ár scoileannaibh. I
bhfochair na gceachtanna thuas, gheibhmíd air laetheanta
na Seachtmhaine, Míosa na Bliadna, na Séasúir,
Cúigidhe na hÉireann, ainmneacha áiteann áirithe i
nÉirinn, agus na hUimhreacha. Má tá locht air, is é a
liacht a gheibhtar ar chuid de na duilleógaibh. Is maith
an luach réalach é ar éan-chuma, agus beidh lorg air.
Muinntir Bhrúin agus Nualláin atá 'n-a fheidhil.



--



CNUASACHD BHEAG AMHRÁN. Cuid a hAon, an dara
cur amach. Agus cuid a dó. Le haghaidh aos óg
na Gaedhilge d'fhoghluim ins na scoileannaibh. An
tAthair Pádraig Breathnach do chruinnigh. Muinn-
tir Bhrúin agus Nualláin do clódh-bhuail. Pinginn
an ceann, a bhfiacha.



Agus go deimhin is fiú an méid sin éin-cheann den
dá leabhar bheaga so. Tá an ceól gan locht, agus
gheobhthar ionnta amhráin nach díoghbháil iad a chur os
comhair leanbhaí Gaedhealacha, ní hionann is mar a
gheibhtar go minic i leabhraibh ceóil. Ní oirid na
sean-amhráin do pháistíbh na haimsire seo ar éan-
chor. Tá páiste an lae indiu an-fhiosrathach ana-
sheana-chríonna, agus cuireann breis suime i rudaíbh go
scaoilfadh a athair nó a shean-athair thairis iad nuair
a bhíodar-san n-a n-óige. Is maith a thuig an tAthair
Pádraig Breathnach an tréith seo atá ag fás ar aos
óg na haimsire seo, agus, dá réir sin, tugann dóibh ins
na leabhairíní seo earraidhe a thagann leis an aimsir.
Ní gábhadh dhuinn gach seóid dá bhfuil ionnta a áireamh
annso. Cuirtar eólus ar na leabhairíníbh féin. Tá
fo-amhrán ortha ná fuil i méidireaét duthchais na
Gaedhilge, acht ní baoghal ná go bhféachfaidh an
t-ughdar chuige go scriosfar amach iad.



--



AN LEABHARLANN. The Journal of Cumann na
Leabharlann. Vol. I. No. I. January, 1905.



Sid é an chéad uimhir d'Irisleabhar Chumann na
Leabharlann. Tá ana-chuid eóluis ann i dtaobh
leabharlann, cionnus leabharlann a chur ar bun,
cadé an congnamh is féidir d'fhagháil chuige sin, agus
cionnus is fearr is féidir obair fhóghanta a dhéanamh
i leabharlainn. Tá uireasbha leabharlann i nÉirinn,
agus is mór an truagh ná cuirtar i bhfeidhm na hachta
nua dlighe n-a dtaobh. D'fhéadfaidhe leabharlann a
chur ar bun i ngach paróiste i nÉirinn, agus badh dheacair
d'áireamh an maitheas a dhéanfadh sé ann. Gabhaidís
Cumann na Leabharlann an cheist ar láimh, agus deinidís
fothrom go leór mar gheall air. Guidhmíd saoghal
fada dhóibh agus an rath go luath agus go buan ar a
saothar.



--



ÉRIU. The Journal of the School of Irish Learning,
Dublin. Edited by Kuno Meyer and John
Strachan. Vol. I. Part II. Dublin: School of
Irish Learning, 28 Clare Street, and Hodges.
Figgis and Co., Ltd., 104 Grafton Street. 1904.
6s. net. Annual Subscription, 10s. (2 parts).



Sid í an tarna alt de'n chéad chuid d'Irisleabhar


L. 760


Scoile na Sean-Ghaedhilge. Má ba mhaith é an chéad
chuid, tá an tarna cuid seo an uile bhlúire chomh maith
leis. An chéad rud ann, "Analogy in the Verbal
System of Modern Irish," ó láimh Osbuirn Uí Aimhir-
gin. Is géar a theastuigheann uainn cunntas den
tsaghas so i dtaobh chanamhna gach cúige fé leith, acht
níl daoine de shaghas an Aimhirginigh chuige fóríor. Tá
súil againn go ndéanfaidh Mac Uí Aimhirgin amhlaidh
leis na haimsearaibh eile. Cuirimís an t-eólus atá
ar fagháil san alt so i gcomórtus le gnáth-eólus na
ngraiméar, agus is follus do gach éinne go bhfuil
a lán i n-easnamh orainn fós. An tarna rud ann,
"The Infixed Pronoun in Middle Irish," ón Strách-
ánach, agus é go cruinn agus go foghlumtha mar is
gnáthach. Tá alt ar "An Old-Irish Metrical Rule"
ón Eagarthóir gcéadna ann. Aistriughadh, "The
Boyish Exploits of Finn" ó Chuno Meidhear, "A
Collation of Crith Gablach, and a Treatise on Cró
and Díbad" ón bhfear gcéadna. "The Rule of St.
Patrick" fé eagar ag Séamus Ó Caoimh, agus "Féilire
Adamnáin" fé eagar ag Máire Ní Bhroin. Ní beag
an saothar an méid seo go léir a thabhairt le chéile is
do chur amach. Acht tá níos mó 'ná soin ann. Tá an
chéad chuid de'n Táin Bó Cuailnge mar aguisín leis,
agus é fé riar an Strachánaigh agus Séamuis Uí Chaoimh. Tá
súil againn go gcuideoghfar go toiltheannach le
hÉriu is le Scoil na sean-Ghaedhilge. Tá obair fhógh-
anta á dhéanamh aca, agus is mithid do Ghaedhealaibh
teacht i seilbh a sean-oighreachta féin. Is mó an
t-eólus atá againn ar Chaucer 'ná ar Thighearnach nó
ar Flann na Mainistreach. Is fearr a thuigimíd
saothar Shakespeare 'ná dánta Thaidhg Dhuill Uí
Uiginn. Ní hag baint de cháil Chaucer nó Shake-
speare é, acht badh chóir an scéal a bheith ar a mhalairt
de chuma. Tuillid Ériu agus an bhuidhean laistiar
dhi ár mbuidheachus agus ár gcongnamh, agus tá súil againn
go bhfuighid uainn dá réir.



--



SEACHRÁN CHAIRN tSIADHAIL: Amhrán Ilcheardaidh-
eachta, agus Seanchas Síor-chuartaidheachta. Micheál
Ó hÍr do chuir tús air. Na hUltaigh i gcoitchinne
do chríochnuigh. Seósamh Laoide do thárrthuigh agus
do chuir i n-eagar. Ar n-a chur amach do Chonn-
radh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. 1904. Ocht
bpingne déag.



Ní'l acht éan-locht againn ar an leabhar deas taith-
neamhach so, agus 'sé locht é sin ná gur dóigh linn go
bhfuil breis eagarthóireacht déanta air. Ní'lmíd
sásta i n-ar n-aigne féin ciaca a locht é sin nó
nach eadh, nó ciaca an chúis mholta nó chúis cháinte ar
an té "do thárrthuigh agus do chuir i n-eagar" é. Tá sé
ró-phoncamhail i dtaobh rudaí beaga, acht maithimíd
soin go léir dó ar son an méid eóluis a chuireann
os ár gcomhair ar Chúige na Craoibhe Ruaidhe. Is
iongantach é an t-ainbhfios so orainn i dtaobh na
hÉireann féin. Is mó an t-eólus atá ag an ngnáth-
Mhuimhneach ar chanamhaint na Cocáighne (nó Lunndain)
'ná mar atá aige ar chanamhaint na gcúigidhe eile i
nÉirinn. An scéal céadna ag an Ultach agus ag an
gConnachtach leis. Nár mhaith an rud dúinn — idir
Muimhneachaibh is Ultachaibh is Connachtaibh — tosnughadh
anois ar eólus a chur ar a chéile. As an eólus tioc-
faidh go mbeidh cion againn ar a chéile agus ní baoghal ná
go méadoghaidh soin ar ár gcion ar Éirinn féin.
Éireannaigh is eadh sinn go léir.



Badh mhaith linn cuidiughadh leis na focail adeir an
Laoideach ag tagairt do Mhac Uí Ghallchobhair. Is
fada atá sé ag obair ar son na nGaedheal agus na
Gaedhilge i nDún na nGall. Guidhmíd dó saoghal
fada agus sláinte abhfus agus na grasta thall.



Dho shiubhail ár "Seachránuidhe" a lán, agus na cearda
ar fheabhus aige. D'fhág sé amhrán gleóidhte n-a dhiaidh
ar éan-chuma. Bí sé n-a "Ultach Beadaidhe" i n-áit-
eacha, má's fíor dhó féin, acht is eagal linn go raibh
sé ag cur leis an scéal, nó b 'éidir gur chuir daoine
eile le n-a scéal ar mhaitheas don ghreann.



Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Áta Cliath



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Irish Views, Text in Gaelic.
The Gaelic Post Card Co.,
43 Hereford Road, London, W.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Átha Cliath.


L. 760b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2
Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services