Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Staid Nua na hÉireann. 1697.

Title
Staid Nua na hÉireann. 1697.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

STAID NUA NA hÉIREANN.
1697.



Is fada atá an aindeise ar Ghaedhluibh
Faoi mhasla ag gach aicme dhá thréine;
Ní bhfuair a dhaoine ag Maoise ar éan-
chor
Leath a ndaoirse thríd an tséan-mhuir.



5. Leathtrom tíre, is díth na laechradh;
Gan cead airm ná sailm na cléire;
Ní deas do chruth mur bhfuil do Bhéarla;
Is ní'l cead ag scoil má's toil leat
tréithe.



Is cosmhail a gcás le pláigh na hÉigipt,
10. Nó leis an mbroid do chuir Turgésius
Maor Lochlann, sa(n) bhfothrom dá
gcéasadh,
Nó an connradh do chuir Cromaill is
Értoin.


L. 733


Gan choin gan each gan scaith an éadaigh
Acht dailtíní smearthaí dhá réabadh
15. Cibé thogras bí(onn) ag briseadh do
léasa
Is ní'l mhaith dhuit bheith ag tagradh dho
réidhteach.



Cíos ríogh cíos tíre cíos cléire,
Cíos sróna cíos tóna cíos téighte,
Airgead ceann i gceann gach féile,
Airgead teallaigh is bealaigh do réidh-
teach.



Ní glacar a mhaoin ó aon i n-éinfheacht,
Caithfidh a n-íoc 's a ndíol tar éis sin;
Ní maith a mbeó, 's ní cóir a n-éag-san
Gan chead a chorp do chur i gcoradh na
cléire.



25 Más' beó dhuit is tu an rógaire
Gaedhlach;
Má's bás duit ní'l cás in do scéala;
Tá th'anam i gcreapall na péine
Mar an ealtan bhíos eadar na néallta.



Is é Rí na ríghthe is Rí Séamus,
30. An Pápa na bráithre 's an tréadhnus,
Rí Laoiseach chuir an críostaigheacht fá
réidhteach,
Do chuir an bann so ar Chlann Mhilésius



Ní'l cead ag neach a dhul as talamh na
hÉireann,
Acht mar urraim go gcuirfeam an
chléir as;
35. Dá riar bí an triath agus an tréigtheach
Sliocht Lóbuis 's a mhór-fhuil ar éan-
scor.



Minic do saoradh ó dhaoirse Éire;
Tuatha Dé Danann do scaipeadh le
hÉibhear;
Is é Lughaidh do leag Balar Béimeann;
40. Ba mhóir bruid Mhic Con is Mhic
Céachta.



Is é Tuathal d'fhuascail na céadtha;
Fuair Eóghan Mór a chóir ar réidhteach;
Is é Pádraig theagaisc creideamh do
Ghaedhlaibh;
Is ní fada mhair smacht Oilibhérus.



45. Mo thruaighe staid nua na hÉireann;
Tá a huaisle marbh sa bhFrainc 's i
nÉirinn,
Acht fuigheall beag áir atá cráidhte
créachtach
Dá mbocadh ó thuinn go tuinn mar
éanlaith.



Mac Muire na Noamh is gach rí ler
féidir,
50. Ó's aca an cás do réidhteach
Go bhfaghaidh bás gan spás i n-éinfheacht;
Is abradh gach aon go mín Amén leis.



Ceangal.



Do réabadh na géaga is do bearradh
na crainn,
Is na fréamha tar 'éis sin dá ngearradh
go teann;
55. A Dhé dhil an féidir go bhfaicfidh a(n)
dream
An spréidh bheag do shéidfidh an teallach
i n-am.



TAGRA.



Truaighmhéileach, miserable
Cam dhlighe, an oppressive enactment.
Ar shon go, notwithstanding that.
Do choimhlíon, fulfilled
Corruidhe, they were not able to stir.
Fánuidhe ríogh, a wandering king.
Beag-a-mhaith, a good-for-nothing.
Do chaill uirthi, who played her false.
Gein díleas, true offspring.
Uaisleacht iasachta, a nobility from outside this
country.
Lán chuirnín praisce, the full of a little vessel of
pottage.
Urradh, a bond, stake.
Úirlis, an implement.


L. 734


7. Mar bhfuil do Bhéarla (? deas), .i. muna bhfuil
Béarla agat.
8. Tréithe, accomplishments.
10. Turgésius, Turgéis san nGaedhilg, agus Toirgils
i gcainnt na Lochlannach. Prionnsa nó taoiseach
Lochlannach do b'eadh é. Tháinig go hEirinn roimh
an mbliadhain 830. Timcheall na bliadhna soin
do chuaidh i bhflaitheas Chúige Uladh. San mbliadh-
ain 841 dhein ceann creidimh dhe féin i nÁrd
Macha agus do dhíbir an tEaspog Forannán do bhí
ann, agus san am so bhí se i gceannus Leithe
Chuinn ar fad. Ní féidir a bheith deimhnitheach dhe
go raibh ceannus Leithe Mhogha n-a sheilbh, acht ní'l
éan amhrus orainn na go raibh an tír go léir lán
dá eagla. Do chreach is do dhóigh is do loit i
ngach páirt den tír, agus do leag srathanna troma
ar na daoine a bhí fé n-a smacht. San mbliadhain
845 do rug an chéad Maoilsheachlainn, rí na
Midhe, air, agus do bháith i Loch Uair é.



11. Maor Lochlann, .i. a steward (chieftain) of Loc-
lann, a Danish captain.



12. Connradh, a league, covenant. Értoin, Ireton,
cliamhain Chromaill. B'é connradh chuir Cromaill
ar bun i nÉirinn, na Gaedhil a dhún-mharbhadh i
ngach áit do thuit fe n-a smacht.



13. Gan scaith an éadaigh, .i. gan faic dhen éadach.



14. Smearthaí, metric for smeartha, dirty, greasy.



15. Cibé thogras, whoever wishes. Bí, MS. reading
for bíonn. Léasa, a lease.



16. Ag tagradh, talking of a settlement.



17. This and the following three lines occur almost
word for word in "Aiste Sheáin Uí Chonaill." It
is probable that they are much older than the
date of the composition of either dán.



19. Airgead ceann, "head money."



20. Airgead teallaigh, "hearth-money." (Airgead)
beallaigh do réidhteach, tolls, customs.



12. Ní glacar, (?) glacthar.



22. Caithfiod, i Leabhar R. Mhic Dhiarmada.



23. Ní maith a mbeó, 'tis not good that they live.



24. I gcoradh na cléire; coradh, (?) enclosure;
gcor - in MS.



26. Ní'l cás in do scéala, there is no compassion for
your state.



27. Creapall, bonds, fetters.



28. Ealtan, R. Mac D. Ealtain, M.



30. Tréadhnus, a fast.



31. Rí Laoiseach, King Louis of France.



32. Bann, bond, chain, law.



34. Mar urraim, as a mark of respect (urraim mar
'dh eadh!)



35. Bí, .i. bionn, An triath agus an tréigtheach, the
lordly and the pervert. A téigtheach, M.



36. Slíocht Lóbuis, .i. upstarts. Ar éan-scor, in one
crowd, One needs but take into consideration
the condition of the time in order to appreciate
the poet's irony.



38. Éibhear, .i. Éibhear Fionn, duine de thaoiseachaibh
Chloinne Mhíleadh.



39. Lughaidh, .i. Lughaidh Lámh-fhada, a bhí n-a rígh ar
Thuathaibh Dé Danann, agus a mharbh Balar na
mBéimeann, taoiseach na bhFómhorach, i gcath
Mhuighe Tuiridh Thuaidh. Tá an áit seo i mBarún-
tacht Tír Eirill i gCo. Sligigh, comhgarach don
áit n-a gcomhnuidheadh Seán Ó Gadhra.



41. Tuathal, .i. Tuathal Teachtmhar a tháinig i gceannus
na tíre d'éis éirighe amach na nAitheach Tuatha. Is
é chéad-chuir an Bórumha ar Laighnibh.



42. Eoghan Mór, .i. Mogh Nuadhat, rí Mumhan. Chuir
sé cath deich n-uaire ar Chonn Chéad-chathach, Árd-rí
na hÉireann A.D. 123-157, ar chuma go mb'éigin
do Chonn réidhteach leis. Sé socrughadh a dhéin-
eadar, dhá leath a dhéanamh den Ríoghacht agus Eiscir
Riada ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh mar
theorainn eatortha. Tá "Leath Chuinn" ar an
dtaobh thuaidh d'Éirinn agus "Leath Mhogha" ar an
dtaobh theas riamh ó shoin.



44. Olibhérus, .i Cromaill. Tá an líne seo, "Is é
an Dia bhí ann an uair sin an Dia céadna," ar
fagháil i ndiaidh líne 44 san da láimh-scríbhinn,
acht ní dóigh liom go mbaineann ó cheart leis an
dán so. Tá an líne chéadna ar fagháil i
dTuireadh na Gaedhilge.



47. Fuigheall beag áir, a little remnant left after the
slaughter.



48. Dá mbocadh, being pushed, thrown. Cf. poc
báire.



51. Go bhfaghaidh bás, .i. an fuigheall beag.



52. Abradh gach aon, let each person say. N-a dhiaidh
so tá dhá líne Laidne san dá láimhscríbhinn.
Tosach na Paidre agus Fáilte an Aingil is eadh
tá ionnta. Sid iad iad:



Pater noster qui in coelis
Ave Maria, gratia plena.



56. An spréidh bheag, the little spark. Do shéidfadh
san lscr. Ní ceangal Gaedhilge atá san Leabhar
M, acht ceann i mBéarla. Sid é é:
-------



"Mairg atá gan Ghaedhilg ghlinn,"
Rádh gach neimh-ghlic i nÉirinn.
"Ma mhairim fé shonus sonn
Ar Ghaedhilg tuistiún tabhor."



I gcead duit a Dháth Uí Bhruadair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services