Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Dhroch-Chaomhnuidhe Oidhche.

Title
Ar Dhroch-Chaomhnuidhe Oidhche.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR DHROCH-CHAOMHNUIDHE OIDHCHE.



--



Seo giota eile a leabhar Shéamuis Uí
Chasaide. Do chuarduigheas san Agadaimh
Ríoghmhail agus fuaras amach go bhfuil sé
ar fagháil i gceithre leabhraibh ann. Sid iad
a gcomharthaí, (a) 23 M I6, (b) 33 K 25.
(c) 23 B 37, (d) 23 K I I. Is é leagan an
leabhair a. an ceann is fearr; Aindrias
Mac Mathghamhna ó Chonntae an Chláir a
scríobh é. Maoilsheachlain Ó Comhraidhe ó
Chathair Luimnigh a scríobh b. agus c. Deir
d. gur bh'é Aindrias Mac Cruitín a cheap
an duain, acht ní dócha gur bh'é, agus n-a
theanta soin ní fachtar ann acht leagan
truaillighthe. Níl ann acht ceathramhna, 1, 2,
7 agus 10, i bhfochair an Cheangail thíos.
Níl an Ceangal i n-éin leabhar eile dhíobh
ná ní bhfaghaim i leabhar Shéamuis Uí Chasaide
é. Mac samhail do leabhar a scríobh
Diarmaid Ó Mulchaoine is eadh leabhar
Shéamuis; agus bhíodh an Diarmaid seo ar
scoil Sheáin Uí Thuama an Ghrinn, nó mara
raibh bhuail cuid dá scoláiríbh uime. Tá b
agus c. mar a chéile focal ar fhocal.



Ní fios cahuin a ceapadh an giota so,
acht is follus a tagairt no dhó ann do
sheann-reacht na nGaedheal go dtéidheann
sé siar go dtí an séamhadh aois déag, agus
b'éidir go bhfuil sé abhfad níos sine 'ná
soin.



Dálta a mhéidireachta, Ogláchas ar Rann-
aidheacht Mhóir atá ann. Tá a dheallramh
air gur i bhfíor-Rannaidheacht Mhóir a ceapadh
ar dtúis é, acht go ndearnadh atharrughadh
focal air ó am go ham do réir mar bhíodh
na seann-fhocail ag tuitim a húsáid.
D'imthigh an rud céadna ar a lán dár sean-
litridheacht.



Ní binn do thorann lem thaoibh,
A mhacaoimh shaoir na bhfonn ngarbh;
Gidh deachair dúinn gan a ghuidhe (1),
Do b'fhearr liom-sa tu bheith balbh.



Do dhúiseoghtha marbh (2) a huaigh
Le (3) gach fuaim dá (4) dtig ót shróin;
A chaomhthaigh luigheas liom suas (5),
Is doiligh dham bheith dhot chóir.



Da mbeadh ceachtar díobh im cheann
Do ba lugha leam de ghuais,
Gáir chaoilcheann ag tolladh crann,
'Ná do shrann ag dul im chluais.



Binne liom grafuinn na muc
'Ná gach guth lingeas ót shróin;
Binne fós, ní bheam dá cheilt,
Gainimh agá meilt i mbróin.



Binne bodhar-ghuth lag laoigh,
Díoscadh (6) droch-mhuilinn mhaoil bhrais,
Nó géis (7) garbh-eas chaor mbán
Re lingeadh do lár tar ais.



Binne bloisc-bhéime (8) na n-all
'Ná gach srann dá dtig ót ucht
'S is binne Donál (9) na bhFaol
'Ná gach claon chuirir it ghuth.



Binne guth lachan (10) ar linn
'Na gluthar do chinn it shuan;
Agus is binne fá seacht (11)
Fuaim garbh-thonn ag teacht i gcuan (12).



Is binne búithre na dtarbh,
Gáir chlogán cé garbh an dórd,
Gul leinibh go siabhradh (13) chinn
Is binne linn 'ná do ghlór.



Mná modhach (14) go ngoimh ag gul
Gan árach ar (15) scur dá mbrón;
Caoi cadhan i n-oidhche fhuair
Is binne 'ná fuaim do shrón.



Sceamhghail (16) scine le scrios práis
Ní mheasaim gur páis dom cheann
Nó (17) géim cairte le chloich chruaidh
An dórd thig uait ar mo pheall.


L. 724


Ceanghail tonn le creataibh long
Uaill fearchon cé lonn a sian,
Is míle binne céad uair
'Ná gach fuaim lingeas ót chliabh.



Drach ní bhfaghaim (féin) ar shuan
Do tógadh leat gruag mo chinn
Gach bolgfadhach thig ót cheann
Dar Brighid is leam nach binn.



Ní binn.



Sid é an Ceangal fé mar atá ar fagháil
i leabhar D.: -



Aithris a chinn cia aca dhen dís
A gcaithfir a bhfuighe d'éisteacht
Do b'fhearra leat díobh ar leabain san
oidhche
It aice is tu tinn treith-lag
Fear shrannas let thaoibh mar chapall fe
chuing
Ag searradh 's ag sníomh saothrac
Nó brasaire binn gan lagadh ar a linn
Go maidin ó luighe gréine.



A fhir anacraigh aoibh, ní fheadar go deimhin
Is deacair do laoi a réidhteach
Is go mb'fhearra liom oidhche fhada fé ghaoith
Is fearthainn dom shíor-shéideadh
'Ná ceachtar den dís ag srannadh ná ag
caínnt
Dom raideadh 's dom shír-chéasadh
Is athchuingim Críost mo shradadh do thighe-
acht
Go ndeachainn ón dís tréimhse



GLUAIS.



Agadamh Ríoghmhail, R. I. Academy.
Leagan truaillighthe, a corrupt version.
Ceathramha, -an, fem., a stanza, verse.
Mac samhail, a copy.
Tagairt nó dhó, one or two references.
Seann-reacht na nGaedheal, old Irish civilisation (law).
Méidireacht, metre.
Rannaidheacht Mór, one of the ancient kinds of metre.
See Amhráin Chéitinn, p. 12.
Seann-fhocal, an old word; seanfhocal, a proverb.
A mhacaoimh shaoire, a "free" noble youth, a member of
a free clan.
Fonn, the air of a song, a melody.
Gidh deacair dúinn, though we (i.e. I) can scarce
restrain ourselves.
A huaigh, out of the grave,
Caomhthach, -aigh, a companion.
Bheith dhot chóir, to be of your company.
Caoilcheann (?) , an augur; cuilcheann, the noddle,
Ó Ragh.
Ag tolladh, boring a hole.
Srann, a snore.
Grafuinn na muc, grunting of swine.
Lingim, I jump up.
Gainimh agus rl, sand being ground in a quern.
Bodhar-ghuth, a dull thick sound.
Díoscadh., grinding, gnashing of the teeth.
Bras, pras, quick, active.
Géis, shouting, moaning.
Eas, a waterfall.
Chaor mbán, of white flashes (of foam).
Re lingeadh, whilst jumping back to the level (of the
water).
Bloisc-bhéime na n-all, the echo of cliffs (M. Ó
Comhraidhe).
Donál na bhfaol, the howling of wolves (M. Ó
Comhraidhe).
Claon, an incline, bend.
Gluthar, a rattling.
Dórd, -úird, harmony.
Siabhradh chinn, phantoms in its head.
Mná modhach, wives of labourers, husbandmen. There
is an old word, moghan, meaning child-birth.


L. 725


Goimh, pain, anguish.
Árach, hope, guarantee.
Cadhan, a wild goose.
Sceamhghail, yelping, rasping.
Le scrios, tearing through brass.
Cairt, a waggon, cart.
Peall, pallet, couch.
Ceanghail (?), bursting; conghal, conflict, Ó Ragh.
Le creataibh long, against the bodies of ships.
Uaill fearchon, the howling, crying, of dogs.
Cé lonn, though fierce the outcry.
Drach, opportunity, attempt.
Bolgfadhach, sound as of blowing. Pron. Bolgaidheach.
Ceangal, the "summing up" verse.
A bhfuighe, their noise; faighim, I speak talk, Ó R.
Cuing, a yoke.
Ag searradh, stretching and twisting laboriously.
Brasaire, a talker of nonsense.
Linn (?) lioghain, a trowel, his tongue.
Luighe gréine, sunset.
Anacrach, wretched.
Aoibh, genitive of Aobh, cheerfulness.
Deímhin, pron, dín; caínnt, pron. caoint; from
these it may be inferred that the ceangal at
least was composed in Thomond.
Ceachtar den dís, either of the two (persons).
Raideadh, tossing, throwing.
Athchuingim, I beseech.
Go ndeachainn, that I might go.
Tréimhse, a while.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services