Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Litridheacht.

Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Ó Riain, Seán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUA-LITRIDHEACHT.



--



Paróiste na Tuaithe,
Co. Cheatharlaigh,
Samhain 2adh, 1904.



A Fhir Eagair, a Chara,



'Sé is deallrathaighe nach mór dham a chur
i n-umhail duit, ar an gcéad dul síos, nach
ró-fhada dham 'om chomhnuidhe i nÉirinn, acht
dá fhaid agus do bhíos im fhánuidhe uaithe, níor
theip riamh ar scéaltha a gluaiste dhom'
shroisint. Sa chuma n-a bhfuil fé láthair,
níl amhras nár bh'fháidh riamh go dtí an té a
thuarfadh go cruinn dúinn, cad tá i ndán
di i mbroinn an trátha anonn.



Is follus do gach éinne go bhfuil an
tír seo go mór i ndíth-shláinte anma; cuid
dá clainn gá tréigean go neamh-thrócair-
each, neamh-shuimeach, agus ag taisteal go
fuadrach thar muir agus thar machaire uaithe
d'fhonn sligheadh bheathadh a bhaint amach dhóibh
féin i gcathrachaibh na móir-chríoch i gcéin.
Agus an fuighlach suarach dhíobh a fágtar
annso sa bhaile, dá dhéine agus dá imnidhthighe
agus a shaothruighid ar son saoirse a ndúthchais,
is eadh is mó is tuigsionnaighe dhóibh, na
mílte galar cuirp agus intleachta atá gá cur
fé chois agus gá coimeád siar ar bhealach a
leasa.



Oirfidh leigheas fé leith do gach uile
ghalar aca so fé leith; acht ar a liacht
cumann agus connradh atá dá gcur ar bun
'n-ár linn-ne, ní baoghal go ndéanfar
faillighe ar chosc do chur leis an uile ghalar
aca so, agus má dheinimíd bheith go foidhneach
fulaingtheach le n-a chéile, cuirfidh úr-
bholaidh an Aithbheodhuighthe seo, ruagairí
reatha ar an bhfeochadh úd, atá go ró-fhada
ag déanamh bagartha ar bheathaidh na Fódla.



'S‚ is deallrathaighe go ndéarfar liom:
cad é an fagháltas dúinne é, bheith gár


L. 696


ndeighilt ó n-a chéile, ar an gcuma so?
Nár bh'fhearrde dhár ndúthchas é, dá ndein-
imís cur le n-a chéile i n-aon mhór-chumann
comhachtach amháin, agus annsoin b'fhéidir go
bhféadfaidhe na hiol-ghalair a leigheas diaidh
i ndiaidh?



Sidé mo fhreagra ar an gceist seo, agus
gan eagla a shéanta orm: ar an gcéad
dul síos ní fhéadfaidhe náisiún do chur ar
bun agus do choimeád ar siubhal go sláin-
teamhal ag lucht do bheadh comh-aigneach ins
gach nídh. Rud eile. Caithfar atharrach
aigne agus atharrach intinne agus atharrach
smaointe do bheith le fagháil i measc lucht
stiúrtha náisiúin chun é dhíriughadh ar an
mbóthar ceart.



Acht ag tagairt d'Éirinn bhocht, ní mór
ná go bhfuil sí i gcuma do-léighiste le neart
faillighe agus fill-bheart. Tá easba oideachais
náisiúnta go ró-mhór i ngábhtar ar a clainn.
Sidé an galar is nimhnighe atá ag cur
uirthe. Gaedhealuighthear oideachas na tíre,
agus beidh rith an ráis ag clannaibh Gaedheal
i nÉirinn feasta.



Tá aon nídh amháin, dar liom-sa, ag cur
go dian i gcoinnibh Chonnartha na Gaedhilge;
sé sin, go measann, urmhór de lucht labhartha
na Gaedhilge, go bhfuil sé de phríbhléid aca,
de bharr a gcuid eolais ar an dteangain,
bheith go ró-ughdarthásach uaireannta, ins na
nidhthibh seo bhaineas le hobair saothruighthe
na Gaedhilge. Is maith agus is fóghanta an
nídh é, a bharamhail féin, do bheith ag gach
éinne, agus í thabhairt uaidh go fonnmhar agus
go macánta, acht is leamh 'on té a ghlacfadh
éad agus doicheall, nuair ná géilltar dhá
thuairim féin.



Is eól dúinn uile, an tréimhse fhada
fuilteach, atá curtha dhíobh ag clannaibh
Gaedheal i nÉirinn. Is mór go léir mar
ar cuireadh i n-iargcúldhacht sinn, de
dheascaibh oideachais agus neamhspleádhchais
do shéanadh orainn. 'Sé tosadh na n-ain-
dlighthe seo, ná gurab ar an dream is
bochta agus is suaraighe tabhairt suas
atáthar ag braith, chun teanga, agus béasa
na tíre do thabhairt thar ais go slán neamh-
thruaillighthe arís. Nach follus do chách gur
treabh iad so, atá gabhtha thar an uile shaghas
cruatain agus céasta agus aindlighthe
diabluidhe agus an mbeadh sé de dhíthchéille
ar éinne nó de éadan air, a rádh, gur
daoine iad d'fhéadfadh suigheamh dlighthe agus
nuaidh-litridheacht do cheapadh agus do chur
ar siubhal?



Is ar éigin go bhfuil d'eolas ag an
dtuathach choitchiann ar ghluaiseacht na linne
seo, ná de dhúil aige ar fhios d'fhagháil ar
na ceisteannaibh seo go bhfuil géar-bhaint
aca leis an dtír seo, acht amháin, go
mb'fhéidir gur chlos dó, trácht dá dhéanamh
ortha.



Do thárla dham bheith ar cuaird i gconntae
áirithe i nÉirinn tá corruigheacht agus ráithe
ó shoin anois ann, agus ar léigheadh páipéir
nuaidheachta na conntae dham, chonnac go
raibh colamhan Gaedhilge ann. Do chromas
ar í léigheadh, agus cad do chífinn ann acht
an seana-scéal tnáite úd mar gheall ar
an mbuachaill aimsire do ráidhtigh leis an
bhfeirmeóir, agus gur dhein an feirmeóir
bob a bhualadh ar an mbuachaill toisc nár
thug sé muic-fheoil dó i gcóir a dhinnéir.



Ní hé sin an chuid ba mheasa dhen sceal
acht an chuma gur innseadh an eachtairín
seo, agus a shoiléire dham an fhaid agus táim
annso, gurab amhlaidh a bhíonn ins gach éan-
aiste Gaedhilge beagnach - gur dóigh le
daoine ar a ghairbhe agus a deintear cur síos
ar na heachtraíbh seo, ná raibh sé de chúram
ar lucht a scríbhte, acht gan leigint don
náire do dhuine aistriughadh a dhéanamh ortha
i n-éin-teangain eile.


L. 697


An amhlaidh a mheastar ag urmhór dar
scríbhneóiríbh ná féadfaidhe seana-shaoghal
na nGaedheal i nglas-iathaibh na Fódla
do chur i dtuigsint dúinn, gan muc nó
bacach nó bochtán eigin eile do thabhairt
isteach mar fhinné fhírinneach ar an
scéal; nó an amhlaidh atá ceapaithe aca
ar mhuinntir na hÉireann do chasadh thar
ais ar bheathaidh a n-aithreach, agus gan a
mhalairt de shaoghal a thabhairt dóibh acht ré
na muc is na mbacach?



An é a bhraich gan lionn é súil a bheith
againn go bhfeictar trácht dá dhéanamh sa
Ghaedhilg ar cheisteannaibh choitchianna na
tíre, agus iarracht dá dhéanamh ag lucht
scríbhte ar dteangan chun a nuaidh-litridh-
eachta d'árdughadh?



Ná beireadh éinne leis, ámhthach, gur dóigh
liom-sa, go bhféadfaidhe nuaidh-litreadheacht
do cheapadh i n-éaghmuis na scéalta grinn agus
na sean-eachtraidhe seo atá i mbéalaibh na
ndaoine; acht is tuigthe dham gur aois í
seo go dtéidhtar i dtuirse le n-a leithéid,
agus go gcaithfear litridheacht in-léighte do
cheapadh 'n-a bhfaghfar roinnt mhaith saoghal-
tanachta ciallmhaire meascaithe tríthi. Is
eól do ghach éinne ná mairfidh a mhalairt sa
ré nua so, agus go gcaithfar é sholáthar i
n-am, pé mí-thaithneamhaighe agus a bheidh sé dhon
tuathach go fóill.



Is baoghal liom, a fhir eagair, go bhfuil im-
thighthe thar fóir atam ar an IRISLEABHAR;
acht má's nídh é go mbeir-se toilteanach,
b'fhéidir go bhfaghadh an cleite an lámh
uachtair orm, agus go gcloisfeá uaim arís.



Mise agat,



Seán Ó Riain
__



A Sheáin Uí Riain, a chara: Is maith linn
do litir d'fhagháil. Táimid ar éin-intinn
leat san méid a deirir i dtaobh oideachas
na tíre. Sí an cheist mhór anois í, agus
go dtí go mbeidh sí socair do réir mar is
maith linn ní fuláir leanmhaint di moch
déidheannach.



In' fhochair sin táimíd ar éin-intinn leat
i dtaobh mhalairt tuairime. Is cuma cad
déarfaidh éinne, badh bheag orainn an té ná
beadh sé de mhisneach ann a thuairim a
thabhairt uaidh go fonnamhar agus go neamh-
spleádhach. Ar an dtaobh eile dhe, badh
lugha ná soin ár meas ar an té a leanfadh
dhá thuairim féin i gcoinnibh guth na
hÉireann.



Acht ní túisce thagrair do litridheacht
ná go dtosnuighir ar thiomáint ar cos i
n-áirde. Ní'lir sásta le fás ár nua-
litridheacht, ná ní maith leat breis de
sheana-scéaltaibh na tuaithe.



Féach anois, a Sheáin. Deich mbliadhna
ó shoin is eadh cuireadh Connradh na
Gaedhilge ar bun. Go dtí soin níor cuimh-
nigheadh ar nua-litridheacht. Anois, tá
"Séadna" againn. Tá "Eochaidh mac
Ríogh 'nÉirinn" againn. A ndeirir linn
nach litridheacht iad? A ndeirir linn nach
seana-scéalta iad?



Deirimíd-ne let thuathach-sa leanamhaint
dá scéalta, agus tuilleadh aca a thabhairt
dúinn. Gheibhmíd ionnta ar éan-chuma, rud
atá go mór i n-easnamh orainn, .i. cainnt
mhaith nádúrtha. Tiocfaidh, uair éigin, fear
déanta na litridheacht; léighfidh iad; agus
cuirfidh crut na litridheaet ortha, fé mar
dheineadh le "Séadna" is le h"Eochaidh."



Dá mbeadh Árd-oideachas oireamhnach
Gaedhealach againn, do thiocfadh litridheacht
fhóghanta gan moill. Árd-scoil Ghaedhealach;
árd-scoil n-a mbeidh ealadhnta is teang-
thacha dá múineadh ann tríd an nGaedhilge
sin é an rud atá uainn. D'oirfadh dhúinn
litridheacht a cheapadh. D'oirfadh dhúinn
déantúisí a chur ar bun. D'oirfadh dhúinn


L. 698


máighistrí Gaedhilge do sholáthar. Dá
gcurtaoi árd-scoil Ghaedhealach ar bun
anois bheidís siúd go léir, agus rudaí nach iad,
againn i gceann deich mbliadhan eile. Do
gheobhadh do thuathach-sa, a Sheáin, tabhairt
suas ann a mhúinfadh dhó cionnus slacht a
chur ar a scéal.



Acht ná bímís ag braith ar an Riaghaltas
ná ar ar nUaisle bréige ná ar lucht
tábhachta chuige seo. Táid siad-san bodhar
balbh, agus dall leis. Caithfimid féin an gnó
a dhéanamh. Badh mhaith linn tuairim léigh-
theoirí éigin den IRISLEABHAR d'fhagháil.



F. an I.



TAGRA.



Fánuidhe, a rambler, wanderer.
Scéalta a gluaiste, tidings of her progress.
Sroisint, to reach.
Níor bh'fháidh riamh go dtí, he who … would be a
prophet.
Neamh-shuimeach, heedless.
D'fhonn sligheadh bh., for the purpose of winning a
livelihood.
Fuighlach suarach, an insignificant remnant.
Da dhéine, the harder and the more diligently.
A liacht, the great number of societies.
Ruagairí reatha, rout, scattering.
Cadé an fagháltas dúinn, of what advantage to us.
Deighilt, division, separation.
Iol-ghalair, many diseases.
Eagla a shéanta orm, afraid to confess it.
Comh-aigneach, of one mind.
Ní mór ná go bhfuil, she is almost.
Do-leighiste, beyond cure.
Fill-bheart, a traitorous act.
Is nimhnighe, most venomous.
Gaedhealuighthear, let it be Gaelicised.
Príbhléid, a privilege.
Go fonn(a)mhar, joyfully, willingly.
Leamh, foolish, silly.
Doicheall, umbrage, churlishness.
Iargcúldhacht, remoteness.
Do shéanadh orainn, to be kept from us.
Neamh-thruaillighthe, unstained.
An mbéadh sé de díthchéille, would anyone be so
foolish or so rash.
Gluaiseacht na linne seo, the progress of this age.
Corruigheacht agus ráithe, over three months.
Colamhan Gaedhilge, an Irish column.
Bob a bhualadh, to play a trick on.
Deintear cur síos, .i., are written, related.
Ní raibh sé de chúram, the only thing troubling the
writers was.
Finne fhírinneach, true testimony, witness.
Braich gan lionn, vain hope.
Ná beireadh, do not imagine.
Is tuigthe dham, I must understand, I am forced to
conclude.
Go dtéidhtar, that people grow tired.
In-léighte, fit to read.
Sa ré nua so, at the present time.
Pé mí-thaithneamhaighe, however unpleasant.
Ar cos i n-áirde, at a gallop.
Breis de shean-scéaltaibh, too many old stories
Árd-oideachas, University Education
Ealadhnta, sciences
Lucht tábhachta, people of wealth.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services