Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



SGOTHBHUALADH. An tAthair Peadar Ó Laoghaire do
sgríobh. Dublin: The Irish Book Company, 6
D'Olier Street. 1904. Réal.



Is iomdha duine a cheannuigheann an Leader gach
seachtmhain chun aiste an Athar Peadar a léigheamh.
Tá sean-aithne againn go léir ar Thadhg is ar Dhonn-
chadh. Is fada dhóibh os ár gcomhair anois 'ár gcomh-
airliughadh is dár múineadh. Is iomdha duine i
nÉirinn indiu fé chomaoin aca. Tugaid uatha go
fonnamhar gan scáth gan eagla, agus tá meas agus
cion ortha dhá réir.



Sé rud atá i "Sgothbhualadh" ná roinnt d'eacht-
raidhibh Thaidhg is Dhonnchadh, do bhaineadh as an Leader
is do cuireadh i n-eagar i ndiaidh a chéile annso. Ba


L. 660


mhaith an cuimhneamh ag an Irish Book Company a
leithéid a déanamh. Is iomdha duine a chuirfidh
"Fáilte Uí Cheallaigh" rompa fé'n gcualaidh nua so.
Tá sé leathanaigh déag is cheithre fichid ins an
leabhairín seo. Go deimhin is maith an luach réalaidhe
é. D'oirfadh sé go breagh mar adhbhar léightheóireacht
i gcraobhcha de Chonnradh na Gaedhilge. Tá foclóirín
ana-áiseamhail i ndeireadh an leabhair. Ná bítar ag
gearán feasta i dtaobh easbhadh leabhar. Táid ag
teacht orainn n-a dtulcaíbh fé láthair. Earradh
fhóghanta is eadh "Sgothbhualadh," agus tá súil againn go
mbeidh ceannach fóghanta air.



ÉRIU. The Journal of the School of Irish Learning,
Dublin. Edited by Kuno Meyer and John
Strachan. Vol: I., Part. I.



Is maith linn go bhfuiltar ag tosnughadh ar an
tSean-Ghaedhilg a shaothrughadh. Go dtí so do bhí an
obair go léir ar lámhaibh eachtronn. Níor b'eól dár
n-urmhor cadé an meas a bhí ar sheana-theangaidh na
tíre seo i measc lucht léighinn na hEórpa, ná cadé
an bhaint a bhí ag ár sean-litridheacht le seana-rudaí
na dtíortha eile fad ó. Nuair a chímíd Franncaigh is
Gearmánaigh, Sasannaigh is Iodáiligh ag baint na
gcos dá chéile ag iarraidh eólais d'fhagháil ar ár
sean-litridheacht, nar chóir dhúinn a fhiafraighe dhínn
féin cad chuige é go léir, nó cad n-a thaoibh ná
deinid Éireannaigh iarracht ar bheagán de sheóidibh ár
seana-litridheacht a chur os comhair an tsaoghail.



Tá tosnughadh maith déanta againn annso. Tá
roinnt nótaí ar Ghraiméar ó láimh an Strachánaigh i
dtosach an leabhair. Annsoin "Toiteán Tighe Fhinn"
ó E. J. Gwynn. "Comad Manchín Léith" agus
"Comad Croiche Críst" ó Chúnó Meidhear. "Colmán
Mac Duach agus Guaire" ó Sheamus Ó Caoimh. Alt
ar "The Impersonal Passive Forms of the Irish
Substantive Verb" ó'n Laoideach. "Domhnaill Ua
Liathaide" agus "Beg Innocht" ó Chúnó Meidhear.
"Leabhar Oiris" ar n-a chur i n-eagar do R. I. Best.
"Oidheadh Conlaoich" ó Chúnó Meidhear. "Cuculainn
agus Conlaech" ó Shéamus Ó Caoimh, agus rudaí eile. Tá 
"Tain Bó Cuailgne" geallta dhúinn san tarna cuid.
Ní héan-ghnó suarach é seo, is tá súil againn go
n-éireoghaidh le Scoil na Sean-Ghaedhilge.



MODERN IRISH GRAMMAR, By J. P. CRAIG
Professor of Irish in St, Eunan's Seminary, Letter-
kenny. Revised and enlarged edition. Dublin:
Sealy, Bryers, agus Walker, Middle Abbey Street.
1904. 3/-.



Ní fuláir nó fear dána seadh an Creagach agus
"Modern Irish Grammar" a thabhairt ar an leabhar
so. Féachaimís cionnus a oireann an ainm do.



Ar leathanach 5, deir an Creagach: "Ó is Pronounced
like the o in adorn. Examples - Óg, póg, bród, agusc."
Ní airightar an fhuaim seo ar an dtaobh amuigh de
Chúige Uladh.



Ar leathanach 14, deir an t-ughdar so:



seasadh(mh) = seasú.
foladh = folú
sliabh = slíú
lámh = lá-ú
leanbh = lean-ú
searbh = sear-ú



Ní raibh an t-ughdar ag cuimhneamh ar Leath Mhogha
an uair sin, is dócha.



Ar leathanach 18: "Diminutives in ín are usually of
the same gender as the nouns from which they are
formed; as cruicín (m.). coisín (f.).



Táid go léir fireann leathsteas.



Is dóigh leis an gCreagach gur loit na filidhe an
teanga. Badh mhaith leis cosc a chur leó. Bheadh sé
chomh maith aige tabhairt fé rabhartha na mara a chosc.
Is beag ortha dícheall an Chreagaigh.



IASGAIREACHT SÉAMUIS BHIG. Le Séamus 'a Creag.
Dublin: Sealy, Bryers, agus Walker, M¡ddle Abbey
Street. 1904. 1/6.



Tá an Creagach ag iascaireacht 'on chor so agus is
dóigh linn gur fearr atá éirighthe leis ann ná i
scríobhadh graiméir. Taithneann a scéalta go maith
linn. Tá sé ag innsint a chúrsaí iascaireachta dúinn
i nGaedhilg Chúige Uladh. Gheibhmíd san leabhar so a
lán rudaí ná raibh ar eólus againn cheana. Tá
foclóir áiseamhail i ndeireadh an leabhair. Do bhí
"a henifín" dar gciapadh ar feadh abhfad chun go
bhfuaireamair amach ná raibh ann acht "cheana féin."
Más sompla maith ar Ghaedhilg Chúige Uladh é seo,
ní fuláir nó beidh sé n-a áise ag lucht foghlumtha
canamhaintí.



PLAYS FOR THE PEOPLE. GRÁDH AGUS
GRÉITHIDHE, AGUS DRÁMANNA EILE. Uilliam
Ó Riain do scríobh. Dublin: M. H. Gill and Son,
Limited. 1904.



Tá trí chinn de dhrámanna beaga annso ó láimh an
Rianaigh. Is cuimhin le léightheóiríbh an IRISLEABHÁIR
"An Mí-ádh Mór." Tá ceann eile i nGaedhilg ann
leis, "Grádh agus Gréithidhe" is ainm air. Tá an
tríomhadh ceann i mBéarla, "The Wake of the
People." Sid í an chéad iarracht ag Liam ar
dhrámanna a scríobhadh i nGaedhilg. Ag dul i
bhfeabhas seadh bheidh, badh chóir.



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 660a


AN TAE IS FEARR.



Uisge beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh.



Leabhrán an Irisleabhair. - III.



Scoil Ghaedhealach



Aistí ó



"Conán Maol," "Beirt Fhear,"



An tAthair Pádraig Ó Duinnín,
Agus "Gruagach an Tobair."


L. 660b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2
Fá leathar, 1/6; tríd an bpost 1/8.



Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-Leabhair "An Chlaidhimh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGHINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.



An Cló-Chumann, Teóranta, Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, Áth-Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services