Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge V.

Title
Nuid na Gaedhilge V.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE.- V.



Cuirimíd os comhair lucht léighte an IRISLEABHAIR
an taca so sompla de scríbhneóireacht Sheagháin Uí
Dhreada. Snoigheadóir cloch i gCorcaigh do b'eadh
Seaghán, acht i dteannta aire thabhairt dá ealadha
bheathadh, fuair sé uain ar ana-chuid leabhar Gaedhilge
a scríobhadh. Duine de scoláiríbh Mhichíl Uí Longáin
do b'eadh é. Tá leabhair uaidh i Maigh Nuadhat, acht
tá furmhór dár scríobh sé scaipithe annso is annsúd.



I seilbh Riseárd Uí Fhoghladha seadh tá an leabhar
so. Tá sé ar na ceannaibh is fearr de chuid an
Dreadaigh dar bhuail umainn. Fuair an tAthair
Pádraig Ó Duinnín ann trí amhráin de chuid Eoghain
Ruaidh ná raibh ar fagháil i n-éan-áit eile. Deir an
Dreadach i ndeireadh an leabhair gur i dtaisteal na
Mumhan dó do fuair adhbhar an leabhair. Tá trí
chéad leathanach ins an leabhar so. Filidheacht é go
léir. Sid é leathanach 243. Tá an rann deiridh
d'amhrán eile os cionn an aiste thall ar an leathanach
gcéadna, agus do méaduigheadh beagán ar an ngiota so.



Seo n-ár ndiaidh adhbhar an leathanaigh i gcló:



PÁDRAIG Ó hIARFHLATHA cct.



Ceó draoidheachta seóil oidhche chun fáin mé
Ar an mín-tseamair thárladh chun suain
Dom shíor-chasadh i gcoillte gan áitreabh
Go braoi Loch na Blárnann do cuadhas
Do shíneas chois crainn ghluis na (m)blátha
Is taoibh liom go dtáinig go suairc
An rígh-mhaiseach mhíonla ba bhreághtha
Dar shíolruigh ó Ádam anuas



Bíodhgann mo chroidhe ionnam le háthas
Dá gnaoi ghreadas lán-ghean go buan
Dá braoithe dá righinn-ruisc dá gáire
Dá caoin-leachain áluinn gan ghruaim
A dlaoi-fholt tiugh buidhe-chasta fáinneach
Is dá cioch chruinne bhláthmhara chruadha
Cé'r bhfíor-fhada an oidhche níor chás liom
Ag síor-amharch áilneacht a snuaidh.



"'S a bhrighdeach na mín-ghlac ar fhásann
An tú Aoibhill ó'n mbán-chraig adtuaidh
An tú Clíodna nó Maoile nó Áine
Gan aimhreas fuair bárr ar ghach sluagh
Nó an fhaoileann thug Naois leis tar sáile
An fhíon-chrothach chráidhte rug buadh
Nó an cubhaidh leat-sa innsint i dtráth dham
Cad é an tír as a dtángais ar chuaird?"



"D'fhíor-Clanna Míleadh le rádh mé
N-ar dísceadh mó cháirde chun cuain
Is thíos cois Banna aoibhinn go ghnáthaim
Is le díograis go dtánga annso ar ruaig
Dá mhaoidheamh go mbeidh Bíocun na Blárnan
N-a n-aoil-bhrogaibh aitribh go luath
'S an Stíobhart do bhí seal(ad) fánach
N-a rígh ar thrí áithribh go buan.



Tá nídh eile ar m'intinn le rád leat
Má's binn leat mé thracht air ná luadh
Go bhfuil Laoiseach go buidheanmhar 's an Spáinneach
'S a bpríomh-luingeas lánmhar i gcuan
N-a mbeidh díth againn as críoch Inis Fáilbhe
Ná stríocfadh dá námhaid ar cuaird
'S gur i bhfiosgaireacht fhíor-dheire an Mhárta
Is eadh mhaoidhfam go háitighthe an buadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services