Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tÓspuidéal.

Title
An tÓspuidéal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN tÓSPUIDÉAL.



--



1. Paor. "Ní paor dam." Do bhuail an radh so
umam a dó nó a trí d'uairibh le déidheannaighe i
bhfilidheacht do ceapadh timcheall 1750. Níor airigheas
i gcainnt riamh é. Badh mhaith liom dá bhféadfadh
duine éigin an t-othar so a léigheas. Sid iad na
giotaí n-ar bhuail sé umam-sa.



(a) Caoineadh a cheap Seán a Murchadha na Ráith-
íneach ar Thomás de Barra, a chomhnuidh i dTigh na
gCaerach, i bParóiste Cnocáin na Biolraighe. Deir
Seán:



"Níor phaer d'fhear mhanga
Puinn taobh n-a labhairt leis
Do ghníodh sé dhe clamhra gan phingin."



(b) Dán moladh a cheap file éigin ar an Athair
Tadhg Rábach Mac Carrthaigh nuair a fuair sé
gairm easpuig Chorcaighe agus Chluana san
mbliadhain 1726.
"Ní paor dam Tadhg cé deimhin gur Rábach é."



(c) Amhrán a scríbh Séamus Mac Coitir san
aighneas a thárlaidh idir na filidhibh i dtaobh chapaill
an Athar Seán O Briain. Bhí sé n-a shagart i gCar-
raig na bhFear. Chaill sé a chapall agus bhronn
muinntir na paróiste capall eile dhó. Dhein sé
amhrán dá moladh agus n-a dheireadh chuir "gan éin-
scilling Sheamuis Uí Fhearghaile." As soin d'éirigh
an t-aighneas. San amhrán a scríbh Séamas Mac
Coitir tá na focail seo: "ní paer duit-se Séamus
O Fearghaile."



An maireann an rádh so fós, nó cad is ciall leis?



2. Luimneach. Cad é a gheineamhnach so? Do réir
Sheáin Uí Dhonnabháin b'é seo ainm a bhí ar an gcuid
íochtaraigh den tSionainn ó'n gcathair síos amach
go dtí Léim Chúchulainn. "Luimnigh" an geineamhnach
atá air ag Ó Dubhagáin, is i Leabhair na gCeart.
"Conntae Luimne" .i. Luimnigh d'áirighinn féin. Acht
chím go minic "Luimnighe" mar gheineamhnach agus
"Luimnigh" mar thabharthach air. Ciaca "Bhíos i
Luimneach," nó "Bhíos i Luimnigh" an ceart?



3. Tugaim fe ndeara go sgríbhann moran daoine
"orrainn," "orraibh," "thorrainn," "thorraibh," agusrl.
Níl éan-ghabhadh le dhá r ins na foclaibh seo. Níl acht
éan r amháin ins na focail ór thángadar .i. na táth-
fhocail "ar" agus "thar." Scríbhimís i gcomhnuidhe
"orainn," "thorainn," "oraibh," agus "thoraibh."



4. San "Mion-Chainnt Scoile" tá "priocaire"
thíos ar "phoker" agus "pinsuil" ar phencil. Ag
tagairt dóibh siúd deir an Gruagach linn:- "Tabhair
fé ndeara an t-aguisín seo, -óid; agus an ceann
eile -aire. Pioc -óid, rud le n-a ndéanfá piocadh.
Pioc-aire, rud a bheadh ag piocadh uaidh féin. Do
réir gaéil focal (by analogy) do b'fhearr liom
"prioc-óid" 'ná "prioc-aire" mar Ghaedhilg ar
phoker. Agus ó's stríoc is eadh a line do dhéanfadh
"stríocóid" ainm oireamhnach do phencil. Ní dheinim
dabht ná gur féidir obair mhór a bhaint as an ngaél
gcéadna so focal." Aontuighim leat annsoin, a
Ghruagaigh. Tá focail dá sórt so i n-easnamh orainn
go mór.



5. BÁS ÁR dTIGHEARNA.



[Seo Paidir a chuir Séamus Ó Casaide ag triall
orm. Fuair seisean ó Mháire Bean Uí Cheallaigh i
mBaile na nGall é. Badh mhaith linn aithris eile air
d'fagháil ó duine éigin.]



'S a Íosa Críost nach cráidhte bhídhis
Ar an oidhche úd is Tú amú san gháirdín,
Do chuid fuil 'gus fola in a stróicthe leat síos
Agus Tú cuimhneadh ar an bhás
Bhídhis chun fhagháil Dia hAoine,
'S siúd í Aoine thuirseach ghleómhar,
Siúd í Aoine shílte na ndeórach,
Trí gruaig do chinn mo mhíle stór Thu
Agus dreo na fola dá chur fé'n bfód so -
A Mhichíl naomhtha, a bhfeiceann tú mo mháthair
Chídhim chugham trí 's na hárdaibh,
A ceann sgaoilthe 'gus í go tláth-lag
Lorg a haon-mhac rug na Iúdaigh leo é,
'S chuaidh an mhaighdean ag siubhal an róid
Casadh fuil Íosa uirthi san mbóthar,
Chrom sí síos ar a pógadh -
Ní bhfuair greim ar mo mhíle stórach,
'S b'í fuil an Chríostaigh bhí ag múnadh an eolais;
Is chuaidh an mhaighdean amach go dtí an cnocán úd,
Tháinig an dall agus an tluth in a lámh 'ge,
Bhuail se buille ar a chroidhe bhí slán
Agus ar dh'aireabhar an osnadh chuir Righ na nGrást
as.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services