Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge III.

Title
Nuid na Gaedhilge III.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE - III.



Seo leathanach as láimhscríbhinn atá i seilbh "Thórna."
Fear dar bh'ainm Domhnall Ó Sabhainn ó Chnoc an
Ghearáin i gCo. Chorcaighe, do scríbh é, timcheall na
bliadhna 1830. Ní'l an litriughadh ar fóghnamh, acht
ní go minic a gheibhmíd leabhair dá aois agus litriughadh
ceart ionnta, mar bhí lucht an tseana-léighinn imthigh-
the um an dtaca soin is a gclann agus clann a
gcloinne n-a sclábhuidhthe bochta ag tuilleamh a
"réal sa ló."



Do chaith an Domhnall Ó Sabhainn seo tamall dá
shaoghal i nInnis Eoghnáin. Seo nóta atá aige i n-áit
eile san leabhar: "Daniel Savage, (his) Book.
Dated this 17th Day of June 1828, in Innishannon.
In the Revd. Thos. Meade's Imployment."



Sé rud atá ar an leathanach thall ná caoineadh ar
bhás an Athar Donnchadh Mac Seagháin Bhuidhe Mac
Cárrthaigh Easpog Chorcaighe, 1712-1726. File gonta
b'eadh an tAthair Donnchadh féin.



Sid é adhbhar an leathanaigh i gcló, (acht do mheasas
go mb'fhearra dham an litriughadh a cheartughadh).



Scéal caobhadhbhal (caoidheamhail?) i gCríochaibh
Fáil
Scéal do ríomhthar n-a dhíoghbháil,
Éag Dhonnchadh nár chruaidh lámh
Do thuar dam osnadh gach éan-lá.



Lá lochartha nach sochrach i nÁrd-chrích Néill
Lá doilbh donais docharach do bháidh síos cléir
Lá dochraideach goineadach ag fáidhíbh Gaedheal
An lá loma-chuireadh Donnchadh Mac Sheagháin
Bhuidhe i gcré.



I gcré cuireadh an fhlaith úr
'S ní hé an cur sona saosúir
M'aon-chnú mhoguil de shíol gCais
M'aon-chú cosanta an ríogh-ghas.



Gas nár chas an fhlaith de shíol Éibhir
Gas tug nead n-a chasc don tsíor-fhéile
Gas nár read a shearc ar mhaoin (tsaoghalta)
Mo chreach san bhfeart gan preab an ríogh-
fhéinne.



Féinneach foirtill ba mhaith ciall
Is glé lean lorg gach deagh-riaghail
Cantóir na salm gan mheang
Seanmóir feasach gan mí-ghreann.



Ba ghreann na dtréad don tsaor-fhlaith ársaidh
riamh
'S ba theannta séimh don chléir go bráth an
fhial
Ba cheannsa réidh ba shéimh ba shámh a riaghail
Do mheall an saoghal 's nár thréigh a pháirt le
Dia.



A Dhia grádhmhar mar sin do réir
'S ná dearnaidh nidh dod mí-réir,
Beir chughat id dhún glórmhar
An fhlaith (?) uramac compórdach.



Compórd cleire éigse is fáidhí duain
Cumtóir léigheanta dréacht i n-árd-dhlighe suadh
Mo chongantóir féin 's ní d'réir na bhfáiltí
bhfuar
Múinteóir tréad gan bhéim do b'fhearr fí
ghuais.



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services