Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do mhairbh Cúchulainn Eadarcomol. II.

Title
Mar do mhairbh Cúchulainn Eadarcomol. II.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR DO MHAIRBH CUCHULAINN EADARCOMhOL. - II.



D'imthigh sé leis annsoin. D'fhill ó Mhéthiu agus Chethiu,
agus (.i. nuair a) dubhairt le n-a ara (tiománuidhe):
"Do mhuidheas-sa i bhfiadhnaise Fhearghusa," ar seisean,
"comhrac le Cúchulainn i mbáireach. Ní féidir linn
fuireach go dtí soin amh. Castar na heich thar n-ais
de'n tulaigh arís." Chonnaic (chíonn) loégh soin agus
dubhairt le Cúchulainn: "Sid é an carbad tar n-ais
(thárlaidh) a chlár clé linne. "Ní fiacha obaidh
(diúltadh) soin, arsa Cúchulainn." "Gabhaimís síos
go dtí an t-áth go bhfagham scéala," arsa Cúchulainn.
"Ní háil liom," arsa Cúchulainn, "an rud so iarrair
orm." "Is éigin duit amh," arsa Eadarcomhol. Do
bhuail (.i. buaileann) Cúchulainn an fód fé n-a
chosaibh ar chuma gur thuit sé n-a luighe agus an fód
anuas air. "Éirigh uaim," arsa Cúchulainn, "is
leisc liom mo lámha a ghlanadh ionnat; do roinnfinn
i n-il-pháirtibh thú ó chianaibh mara mbeadh Fearghus."
"Ní scarfam ar an gcuma so," arsa Eadarcómhol,
"go mbéarfad-sa (liom) do cheann-sa, no go bhfág-
fad-sa mo cheann agat-sa." "Mar siúd seadh bheidh,"
arsa Cúchulainn. Do bhuail Cúchulainn le n-a
chlaidheamh é os cionn an dá ascail, ar nós gur thuit
a éadach de is níor ghoirtigh é um a chneas. "Imthigh
anois," arsa Cúchulainn. "Ní imtheoghad," arsa Eadar-
cómhol. Thug Cúchulainn fé annsoin, le faobhar a
chlaidhimh, is do bheárr sé a fholt fé mar do bheárr-
faidhe le scin bhearrtha é. Níor chuir sé fiú scríbe
ar an gcneas. Ó bhí an t-aitheach ag dul i ndéine is i
sír-leanamhaint air, do bhuail i mbathas a chinn é is do
roinn é (dhein dhá leath de) anuas go himleacán.



Chonnaic Fearghus an carbad ag imtheacht thairis is
fear aonair ann. D'fhill Fearghus cun aidhnis le
Cúchulainn. "Olc duit a shiothbhra," ar seisean,
"m'oineach-sa a shárughadh. Is gairid mo 'lorg 'leat."
"Ná bí i n-earraid liom a Fhearghuis a chuid," arsa
Cúchulainn … Do chrom sé 'n-a shléachtain go
ndeaghaidh carbad Fhearghusa thairis fé thrí. "D'fhiaf-
raigh dá thiománuidhe-san: 'an mise fé ndeara é.'"
"Ní tu ar éan-chor," arsa a thiomanuidhe-san.
"Dubhairt," arsa Cúchullain, "ná himtheoghadh go
mbéarfadh (leis) mo cheann-sa, nó go bhfágfadh a
cheann-san agam-sa." "Cia aca b'fhusa leat


L. 606


(d'fhulang) a Fhearghuis a chara?" arsa Cúchulain.
"Is fusa liom mar do dheineadh mhuise," arsa
Fearghus, "mar is eisean a bhí iomarcach:"



N-a dhiaidh-san chuir Fearghus laingcis tré n-a dhá
sháil is do thug leis i ndiaidh a charbaid féin go dtí
an dún é. Nuair a bhítí ag dul thar cairgreacha do
scaradh an dá leath ó chéile; nuair bhíodh réidh (ann)
do thagaidís le chéile arís. Chonnaic Meadhbh é. "Ní
deas an úsáid ar mhaoth-choileán soin," a Fhearghuis,
arsa Meadhbh. "Níor cheart don aitheach-mhadradh,"
arsa Fearghus, "comhrac a chur ar an gCoin Móir,
(fear) ná raibh sé ar a chumus é chosc.



Annsoin do rómhaireadh a uaigh; do sáitheadh a liag
(i dtalamh); do scríbhadh a ainm i n-oghaim; do
dheineadh a chaoineadh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services