Scoil na Suadh.
Leather Away the Wattle, O!
Gléas D. Go héadtrom, croidheamhail.
An Ceól a "FILIDHEACHT NA MUMHAN." 232.
RISEÁRD Ó FOGHLADHA, do sholáthruigh na focail.
I.
Aréir dam seal im aonar
cois taobh bhinnleasa i n-aice 'n Chóf,
'Smé ag smaoine' 'r bhearta 'n tsaoghail seo,
'S gan aon lem ais dem charaid beó;
Do líon mo dhearca 'dhéara
'S do
réab le reacht trím leacain róid,
Tré dhíoghaltas Clanna Gaedheal bhocht,
Dá gcéasadh 'r fad le gallashlógh;
Nuair a shín lem thaobh, an ríghbhean tséimh,
Ba bhinne gné 's ba chanta clódh,
'S is fíor gur spreag sí 'r théadaibh,
"Come Leather away the wattle, O."
II.
Ba gheanamhail deas a héadan
Mar ghéis ar sreabh ba mhaiseach clódh,
'S a sámh-rosc ramhar maordha
D'fhúig saeghada is dart gan preab im dheóidh;
B'árd n-a leacain caora
Tré aol-dath 'tagairt cath is gleódh,
A táth-fholt crathach péarlach
Go dréimreach dlathach léi go feór
Ba bhreágh é a scéimh
'S a ráidhte béil,
'S is árd gan bhréig do chanadh sceól;
"A sháir-fhir preab is éist-se
Le leather away the wattle, O."
III.
Tá an Franncach 'teacht thar tréan-mhuir
'S a luingeas gléasta i bhfuireann seóil,
'S an Spáinneach len ais go haerach
A treascairt laoch i bhfeartaibh gleóidh;
Seoirse an spairt bhocht traochta
Gan rath, gan réim, acht caithte a coróin,
Go Hanóbher phreab go déidheannach
Fé bhrataibh daodh le heagal, Ó.
Tá an lá 'ge Gaedhil,
'S an bráca ar mhéirligh
Go bráth ag déanamh grafadh 's rómhar
Is gárdaí 'teacht ó Shéarlus
Ar "Leather away the wattle, O."
IV.
Tá an Ceart so suidhte saor glan
I nÉirinn le hiomad scóip;
Ní bheidh cás ar shíol Mhilésius
Ná a gcíos le glaodhach fad mhairfid beó;
Is árd 's is binn táid éigsibh
I nÉir' anois á gcur i gcoróin,
Go bhfuil coróin trí ríoghachta ar Shéarlus
Sin scaoileadh 's ré abadh ar Ghalla-phóirt.
Beidh dánta á spréachadh,
Teinte ar thaobh chnuic,
Fíon dá thaoscadh is puins ar Bórd:
Go bráth sin crích is éifeacht
Ar "Leather away the wattle O."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11