(Ar leanamhaint).
Do bhí an chailleach ámhthach ag dul i ndáine
agus i ndéine ar Dhómhnall chun gur thug sé
rop den ráinn fúithi uaidh amach. Do bhuail
sé í i ndroichead na sróna agus do chuir i
ndiaidh a cúil í siar siar dtí gur thuit sí ar
a tóin i gcorcán leitean a bhí ag plubar-
naigh ar thaobh na teineadh. Muna raibh
scréachach annsoin ann cas liom é. Fé
dheireadh thiar thall do bhí eagal ag teacht
orainn-na amuigh go mbeadh cuirp istigh,
agus siúd isteach sinn chun cabhruighthe le
Dómhnall. Níor bh'fhada go raibh na túinn-
céirí scriosta amach idir futh fath againn,
agus do chaitheamair pé acharas a bhí aca
amach i n-a ndiatha. Airiú do bhí iongnadh
ar gcroidhthe orainn nuair cé bhuailfeadh
aníos dorus an tseombra acht an bhean
ruadh — an té'r fé ndeárr an obair ar fad.
Do bhí sí i bhfolach i gcaitheamh an ghleóidh go
léir, agus d'iarr sí coimirc orainn-na i
bpéin Dé. Do innis sí scéal éachtach dúinn
mar a leanann.
Do b' amhlaidh a bhí na tuínncéirí dh'éis í
dh'fhuadach ó n-a muinntir an mhaidean soin
go moch. Inghean feirmeóra bige ón
nDaingean a b'eadh í. Nuair a bhí sí ag
teacht a-bhaile le gealadh an lae ó thig
comhursan 'n-a raibh rinnce aca an oidhche
roime sin, do casadh na tuínncéirí uirthi ar
an mbóthar agus do thógadar leó í. Do
bhagradar uirthi dá gcuirfeadh sí liúgh ná
smiog as a béal go ngeárrfaidís a scórnachí
Do bhí eagal a hanama uirthi, acht do bhí s.
ag faire ar éalúdh uatha an chéad fhaill a
gheóbhadh sí air. Dubhairt sí gur bh'é Radhairí
a thug an chéad fhóirithint uirthi le n-a chuid
póga.
"Dar fiadh," ar sé, "ba rathmhar na trí
póga iad, acht bíodh a bhuidheachas ar dhath do
ghruaige agat, a inghean ó." "Bíodh," arsa
mise, "agus ar mo cheathramhadh thobac-sa
chómh maith. Mise ba bhun le tú thabhairt ó
ghaithí na dtuínncéirí, mar is mé a chuir i
gcluais an bhuachalla so thu phógadh, agus is
mé thug breab do chun a dhéanta, rud is
dóchas nár iarr aon fhear ó chruthnughadh an
domhain chun cailín a phógadh." Ba bheag ná
go raibh éad ag teacht orm le Radhairí.
"Mhaise ciorrbhadh saoghail ar an mbeirt
agaibh," arsa Dómhnall, "Mura mbeadh go
bhfuilim pósta ní'l aon chúirt sa talamh nách
liom a bhuadhfaidhe an cailín óg, mar gan
amhras is mise d'fhuascail í ó n-a cruadh-
chás lem' chiopóig ráinne; agus ní baoghal
gur theicheas liom féin leis mar a dheineabhair-
se, a bheirt bhioránach."
An fhaid a bhíomair ag magadh agus ag
cuir-sa-cúiteamh mar seo do leath an rárla
lasmuigh ar a raibh tuitithe amach, agus do
bhailigh lán 'an tighe de sna comhursain
isteach. Do bhí óg-phósadh againn as soin go
maidin i dtigh Dhómhnaill Mhóir agus ba ró-
bheag ná go raibh cleamhnas déanta roim
mhaidin do Radhairí agus don chailín. Lá
'r n-a bháireach, do chuaidh Dómhnall Mór
agus Radhairí a-bhaile go dtí an Daingean
léi. Nuair a shroiseadar an Daingean do
bhí' an dúthaigh mór-thimcheall 'gá chuardach dhi,
agus gan de thuairisc uirthi acht mar a
shloigfeadh an talamh í. Ba mór é áthas a
hathar agus a máthar nuair a bhuail sí an
dorus isteach chúcha agus a scriosaire de
bhuachaill chalma ghlan le n-a cois, mar b'in
é an saghas Radhairi.
Sé críoch is deireadh mo scéil é an méid
a bhí i n-easnamh ar an gcleamhnas do
cuireadh leis é an oidche sin ag an nDain-
gean. Oidhche an phósta ní raibh aon bheirt
ann ba scléipeamhla 'ná mise agus Dómhnall
Mór, ná ba mhó ag an lánmhain nuadh-phósta.
Do thosnuigh Dómhnall an spórt leis an
amhrán ba oireamhnaighe don ócáid:-
"Rabhdalam raindí rabhdalam raindí
Rabhdalam raindí réidí,
Rabhdalam rabhdalam rabhdalam raindí
Is malluighthe 'n dram tuínncéiri."
A críoch.
DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11