Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stories from the Táin. IX.

Title
Stories from the Táin. IX.
Author(s)
Strachan, Professor J.,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

STORIES FROM THE TÁIN.



BY J. STRACHAN.



IX. HOW CUCHULINN SLEW ETAR-
COMOL.



PART II.



LU. 68b38 - 69a36 = YBL. 28a41 - 28b46.



Téit ass iarom. Tintái afhrithisi ó
Méthiu agus Chethiu, a n-asbert fria araid:
'robágus,' olse, 'fíad Fhergus comrac
fri Coinculaind imbárac. Ní assu dún
dano a indnaide. Tói forsna eochu
asin telaig do fhrithisi.' Atchí Láeg anísin agus
asbeir fri Coinculaind : 'Dofil in carpat
afhrithisi agus dorala clár clé frinn.' 'Ní fíach
opaid,' ol Cúchulaind. 'Ara chenn dún sís
dond áth co fessamar,' ol Cúchulaind.
'Ní accobor lemm,' ol Cúchulaind, a
condaigi form.' 'Is écen duitsiu ón,' ol
Etarcomol. Benaid Cúchulaind in fót
bói fo chossaib, co torchair inna lige agus
a fhót fora thairr. 'Éirg úaim,' ol
Cúchulaind. 'Is scíth lemm glanad mo lám
indiut. Fo-t-dáilfind i n-il-phartib ó
chíanaib acht mainbad Fergus.' 'Ní
scarfam in chruth-sa,' ol Etarcomol, 'cor-
ruc-sa do chenn-su, nó co fárcab-sa mo chenn
lat-su.' 'Is ed ón bías androm,' ol
Cúchulaind. Bentai Cúchulaind cona
chlaidiub ósa díb n-oxalaib co torchair
a étac de, agus ní-forbai imma chness.
'Colla tra,' ol Cúchulaind. 'Aicc,' ol
Etarcomol. D-an-aidlea Cúchulaind iarom
co fogaid in chlaidib co sebaind a
fholt de, amal bid co n-altain noberrthae.
Ní forroim cid drisiuc for toinn dó. Ó
ropu thromdae iarom agus ropo lenamnach in
t-aithech, bentai hi fossud a mullaig con-
id-ro-rann coirrici a imblinn.



Conacci Fergus in carpat sechae agus in
n-óen fer and. Tintái Fergus do
debuid fri Coinculaind. 'Olc duit, a
shiriti,' olse, 'mo díguin. Is garit mo
lorg latt,' olse. 'Ná ba lond frimm,
á phopa Fhergus,' ol Cúculaind. T-al-
léci inna shléctain co n-dechaid carpat
Fergusa taris co fo thrí. 'Iarfaig dia
araid in mé fo-d-rúar.' 'Náthú écin,' ol
a arae-som. 'Asrubart,' ol Cúchulaind,
'ní regad cor-rucad mo chenn-sa nó co
fárcbad-som dano a chenn lem-sa. Cia de
bad assu lat-su a phopa Fhergus?' ol
Cúchulaind. 'Is assu ém lem-sa a
n-dorónad,' ol Fergus, 'óre is é-seom
robo úallach.'



Atnaigh Fergus iarom id n-erchomail
tria dí ferid, agus berthi i n-dead a charpait
fadessin don dúnud. Intan notéiged
tar carrce, noscarad a leth ólailiu;
intan ba réid, conrictis afrithissi.
D-an-écci Medb. 'Ní bóid ind imbert
móith-chulióin sin, á Fhergus,' ol Medb. 'Ní
tochrad dam dano in t-athech-matud,' ol
Fergus, 'glieid frissin coin móir nádn-
argarad.'



Cladair a fhert iarom; sátir a
liae; scríbthair a ainm n-ogaim; agair a
gubae.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services