Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Leabhar Bhéarla is eadh an leabhar so, acht ní mar a
chéile é féin agus a lán eile de leabhraibh Béarla a chas-
tar orainn. Tá mórán daoine ann le tamall agus
nuair chuirid fé aistriughadh a dhéanamh ar cheann
éigin de sheana-starthaibh na Gaedhilge, ní bhíd sásta
gan cainnt shnuidhte, is uasa-ráidhthe, is aguisíní
uatha féin a chur isteach i n-a saothar. Dar leó, tá
réim na Gaedhilge ró-gharbh, ró-fhoirbhthe, ró-dho-léighte.
Ní mór leó féin teacht agus í mhíniughadh, is í dhíriughadh, is
í chasadh timcheall. Cromaid ar bheith ag cur léi
annso is ag baint di annsúd, bíd á cíoradh is á
slámadh is á plánáil go dtí i ndeireadh na treidse
go loitid siad í ar chuma ná haithneóghadh éinne í.



Ní mar sin do'n mhnaoi uasail a thug dúinn an
t-aistriughadh so ar an dTáin. Bhí fhios aici nach
litridheacht Béarla a theastaidh uainn, acht gurab é
rud a bhí uainn ná tuairim éigint ar caidé an saghas
litridheacht atá sa dTáin. Agus is féidir tuairim a
dhéanamh as an aistriughadh so ar chúrsaí na Tána go
léir. Is fearr i bhfad Éireann é 'ná leabhar litridh-
eacht Béarla ag tagairt do'n Táin.



Tá litridheacht fé leith san leabhar amh. Is í rian
litridheacht na Tána féin í. Níl éan-duine a léighfidh
an leabhar ná tabharfaid soin fé ndeara. Gheibhmíd
ann aistriughadh - focal ar fhocal - ar an sean-scéal
go léir, gan plánáil na ráiméis. Beidh an t-aistriu-
ghadh an-úsáideadh do na léightheóiríbh seo an Iris-
leabhar atá ag meabhrughadh scéalta na Tána ó'n
Strachánach. Dalta leis an Strachánach is eadh an
bhean uasal so, is dá dheascaibh sin féadfar bheith
deimhnitheach dhe go bhfuil aistriughadh díleas ar an
dTáin againn san leabhar so.



AN SLÉIBHTEÁNACH: Irisleabhar Coláiste Chnuic
Mhellerí. 1904. Scilling is Leath-réal a fhiacha
(tríd an bpost.)



Ní féidir áireamh a bhfuil de rudaíbh fóganta tais-
cithe i n-ar gcaraid an taca so. Tá súil againn go
gcuirfidh gach léightheóir de'n IRISLEABHAR fios ar
cheann. Ní bheidh cathugadh air 'n-a thaobh. Tá a lán
cainnte dhá dhéanamh mar gheall ar Choláistí, acht is
beag ceann díobh go bhfeicimíd puinn gníomhartha 'n-a
ndiaidh. Buidheachas le Dia! Tá Mellerí agus ceann nó
dhó eile ar thaobh na nGaedheal, is níl éan-Gaedheal
'n-a bheathaidh indiu a dhéanfaidh dearmad air sin.



An chéad aiste: "Ár gCáirde." Tá abhfad níos
mó dhíobh agat, a Sléibhteánaigh ná mar atá áirimhthe
annso agat. Bíodh an tIRISLEABhAR ar an gcéad
rang nó -! "Maolmhuire" annsoin ag filidheacht
ar "Chnoc Maol Domhn'" is ag aistidheacht ar
"Lorcán Ó Tuathail" is iad araon go maith uaidh.
Giotaí is sean-fhocail ó'n "Maolmhuire" gcéadna.



"An Comarach Aoibhinn Ó," ó láimh Ó F. Ní ceart
do'n tSléibhteánach áirithe seo bheith á cheilt féin
orainn fé éan-tsórd leas-ainme, agus a aoibhneacht is
atá a aiste. Beam ar na Cumaraigh lá éigin le
congnamh Dé, is go raibh Ó F. i ngirreacht céad míle
dhúinn pé'r domhan é.



Aiste bhreagh ghléinneach ar "Fhile an Chomaraigh" an
chéad rud eile. Is eól dúinn go léir cia hé an file.
Seo mar adubhairt duine éigin an lá fe dhéireadh:



"A Ribeárd is a fhir bhreagh na ndréachta aoibhnis,
B'an-árd mo churáirte is téacht taoibh leat,
Acht so-shámhacht do chuid dánta 'om chlaon-ghríosadh,
'S dod' chimeád ar Mhac Mháire fhéin ghuidhim-se."



Aiste ar "Innis Meádhoin," ó láimh Peadair Uí
Chonceanainn, is ceann eile ar "Dhún-garbháin" ó
Seagán Ó Cadhlaigh "acht cá dtáim ris" mar adéar-
fadh an Céitinneach. Leabhar breagh taithneamhach
Gaedhealach is eadh an uimhir seo de'n "tSléibhteánach."
Ní nár do mhuinntir an tSléibhe ná do mhuinntir na
hÉireann féin é.



Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhanistige
go dtí an Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid
Uuchtharach Uí Conaill, Áth Cliath.


L. 540a


ADVERTISEMENTS



NOW ON SALE
Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."
Uimhir I.
An Áit d'ár ghabhas,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do sholáthruigh.



NOW ON SALE.
Uimhir II.
Turas go Tír na n-Óg.
(Trí Fuinn).
An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an Ceann.



Seachadadh Áluinn le h-aghaidh na bPáisdí.
A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN.



Sidheóga ag obair, Sgéalta Sidhe:
Fairies at work, Fairies' Stories.



'Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bpost.
Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence.



Seachadadh Áluinn le h-aghaidh na bPáisdí.
A Beautiful Gift for the children.



"An Táilleán".


L. 540b


ADVERTISEMENTS



Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar Láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá éadach, I/-; tríd an bpost, I/2.
Fá leathar, I/6; tríd an bpost, I/8.



Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua do sgríobh "Conán Maol".
An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Chlaidhimh Soluis."



Ar Fágháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.


L. 541a


TEICHEADH DHOMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN. SEAGHÁN Ó CUILL.



IRISLEBHAR
na
GAEDHILGE.



Iml. 14. Áth Cliath, Bealtaine, 1904. U. 164.



CLÁR NA hUIMHREACH SO



Stories form the Tain. - VII.
Professor Strachan.



An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Mícheál Breathnach.



Eoghan Ruadh Ó Néill.
Seaghán Ó Muimhneacháin.



Teicheadh Dhomhnaill Uí Shúilleabháin.
Seaghán Ó Chuill.



Na Cleasairí.
Pádraig na Léime.



Is Malluighthe an Dream Tuinnceirí.
Diarmaid Ó Muimhneacháín.



Aiste ar Bhrian Bhóroimhe.
Donnchadh Ó Laoghaire.



Léim an Phíobaire.
Gb. Ó Cathain.



Scoil na Suadh.
Clódhanna Nua, agus rl.



4d. Tríd an bPost - 4½]


L. 541b


AN TAE IS FEARR



Uisge beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh.



Féilire na Gaedhilge.
Ar fagháil anois Ó Chonnradh na Gaedhilge. Leath-raol an chóip.
Bonn Saor tríd an bPost.



Féilire na Gaedhilge le haghaidh 1904.
do cheap an
"Buachaillín Buidhe."



Tá sé lan d'eólas a bheidheas feileamhnach do'n Éireannach 'sa mbaile
's i gcéin. Ceannuigh ceann le d'aghaidh féin agus cinn eile le h-aghaidh
do charad tar lear.



Is fiú é seacht n-oiread a iarfar air.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services