Anonn agus Anall
ó Thomás Ua Conceannain
(Ar leanamhain)
Bhídheamar, faraoir, ró fhada ag déanadh an chleasa
sin, agus anois nach bhfuil sé i n-am againn, i n-ainim
Dé agus Muire, ar son ár dtír bhocht agus ar son an
sliocht a thiucfas i n-ár ndiaigh, an obair-sin do thabhairt
suas, do theacht ó'n mbealach cam go dtí an bóthar
díreach, lámh le láimh agus gualainn le gualainn, le
n-ár sean-teanga mhín mhilis mheasamhail do chur faoi
mheas, faoi chlú, agus faoi réim mar bhí sí annsna
h-aimsiribh sona chuaidh tharrainn.
Má tá focla agus ráidhte beaga ann mo chuid
sgríbhneoireachta-sa cuir a gcás, nach bhfuil coitchionn
a gCúige Múmhan ná a Cúige Uladh, súd agus nach
bhfuil fios aca ar na foclaibh féin, bainfidh siad an
chiall, an bhrigh agus an réasún as nuair léighfear an
méad atá roimhe, agus ag teacht 'na dhiaigh, agus má
castar orra arís iad, ní bhreathnóchaidh sé aisteach ná
strainséarach.
Má ghnídheann an t-Athair Peadar (ó ghnídheas go rí-
mhinic) úsáid d'fhoclaibh nár chualaidh mise, nó b'fhéidir
aon duine i gCúige Chonnacht ná i gCúige Uladh, ariamh
roimhe, nár fhóghlumar rud éigin nuair léigheamar iad?
Agus 'sé an chaoi chéadna é le gach léightheóir ar fud na
tíre, thríd síos agus thríd suas.
I sgeul "An Mada Ruaidh Mhaoil" tá dhá fhocal ann
nár chualadh mé féin fós ariamh: "inniol" ar thrap,
agus "túinte" ar "scrap", agus sílimse i leabaidh
locht d'fhághail ar an Athair Peadar, ná ar "Chonán
Maol" ná ar "Fhearghus Finn-Bhéil," ná ar dhuine ar
bith eile faoi na foclaibh sin do thabhairt isteach, go
mba chóir dúinn buidheachas do thabhairt dóibh agus do
ghach uile dhuine eile ghnídheas an rud céadna, acht amháin
nach dtiubharfadh siad iomarca aca dhúinn i n-aondacht.
Nach bhfuil ár gcuid cainte féin ag feabhasúghadh
agus ag neartúghadh gach uile lá mar sin?
Shníomh mé amach an dealbhachas* so níos faide 'ná
mar bhí rún agam, acht mar deir siad "ní h-ionann
dul chum an bhaile mhóir agus é fhágáil," 'sé sin
an chaoi go díreach ag an gcaint seo; is furasda í
tharraingt anuas acht ní'l sé chómh furusda ná chomh réidh
sin í leigint uait, mar tá an oiread sin le rádh
'na taobh. Bhí an aimsir chomh fliuch agus chomh stoirmeach
gur ghlac mé fuacht agus slaighdeán agus nuair tháinig mé
go Blá' Cliath deamhnain mórán feabhais bhí orm. Ní
leigfeadh Connradh na Gaedhilge ar m'ais mé go
mbéidhinn níos fearr, agus chaith mé coicethightheas ag teach
mo charaid Cathal mac Néill. Fuair mé ó Chathal agus ó na
mháthair gach uile shórt cinéialtais chomh mór agus fuair
fear ná bean ann aon teach ariamh, agus tugaim annso
arís dóibh buidheachas ó dhoimhneacht mo chroidhe.
Tugaim-se faoi deara beag nach in gach uile áit dá
dteidhim, go bhfuil na Gaedhilgeoiribh agus iad so a ghrádhuigh-
eas an teanga níos fiala, níos deise, níos fairsinge
agus go mór mhór níos flaitheamhla ná na boicíní, agus
Seághainíní an Bhéarla. Ní h-é amháin go bhfuil Connradh
na Gaedhilge ag tabhairt an teanga ar n-ais faoi chlú agus
faoi mheas, acht leis an teanga tá teacht ann san am
céadna an flaitheamhlacht bhreagh mór a bhí i nÉirinn fadó,
nuair a bhí Éire na Gaedhilge againn, ní Éire Sasanach, ní
Éire Gallda mar tá anois. Sin é an tam 'na raibh
céad míle fáilte roimhe gach duine, roimhe an bacach
chomh maith leis an t-astránach, an seanachaidhe agus an
saoi.
Dá réir mar bhí teanga na tíre ag imtheacht uainn
agus an chanamhaint ghallda ag teacht 'na h-áit, d'éirigh
na boicíní agus na strúinsidhe móra agus na Seághainíní
beag gallda suas. Thugadar daoine móra, daoine
na tíre le tarcuisne, le fuath, agus le mí-mheas.
Thosuigheamar féin ag aithris orra agus ó thárla gur
tosughadh, a mhic ó go deó, d'imthigh gach béas breagh,
deas, glan, gach sult, agus greann, agus pléisiúr,
an damhsa agus an ceol Gaodhalach, an fáilte, an
chórtas† agus an fhlaitheamhlacht uainn mar an gceadna.
Ní raibh "mná uaisle" ná "fir-uaisle" againn an
t-am sin. Ní raibh uaisleacht ar bith againn acht
MÚINTEACHT.
Níor tháinig "uaisleacht" abhaile le aoinneach ariamh.
Ní dheárnadh, ná ní dhéanfadh airgiod ná ór, "fear uasal,"
ná "bean uasal" acht an oiread, agus ní dhéanfadh nó
go dtiucfadh soir siar. Brisfidh Connradh na Gaedhilge
anuas le conghnadh Dé, an chlaidhe agus an fál sin atá
anois idir na daoinibh, agus an spiorad úr-íseal suarach
sin a chuireas iallach‡ ar an bpinginín suarach
breathnughadh anuas ar an leith-phinginn. Ná bímís
sásta le n-a briseadh agus le n-a leagan ar lár, a
chairde, acht stracamuís aníos as na fréamhrachaibh é.
'San saoghal seo, má bhídheann bó, caora, nó capall
ag fear níos mó 'ná ag an bhfear eile, ní'l an té sin
chomh maith leis, má's fíor dhó féin. Tá sé uasal, tá sé
uaibhreach, tá sé galánta, tá sé ró mhór ann fhéin go
minic le labhairt leis, ná breathnúghadh ar an taobh do'n
t-sráid a mbéidheadh sé ann.
Ní'l aon mheas ar an bhféilméiridhe bocht, atá saotharu-
ghadh na talmhan le allas a ghruadh agus a mhailídhe, agus le
neart agus spreac a chuid geuga, agus dá mbéidheadh
ór agus airgiod na cruinne againn go léir, bhéidheadh
builg folamha marach** é. Is ar na daoinibh ghallda atá
an meas, agus ar a sliocht, na maidrínidhe beaga,
bídeacha, thigheas ag tafan anonn agus anall ar fhuid
na tíre.
Muna bhfuil sé in am cosg agus stopain do chur ar
an obair so, ní tráth go dtí é.
(tuilleadh)
* idir-dhealbhughadh
† generosity
‡ which compels
** muna mbeadh = if it were not for
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11