Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruadar, Smiot is Glin.

Title
Bruadar, Smiot is Glin.
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

"BRUADAR, SMIOT, IS GLIN."



'Sé Seaghán 'ac Gearailt a scríobh an
sailm ar Bhruadar, Smiot, is Glin atá le
fagháil i nIrisleabhar míosa na Nodlag, agus
tá isteach 's amach le trí fichid bliadhan ó
cuireadh le chéile an mallacht sain. Adeir-
tear gur thuit gach nídh amach i dtaobh
Smiot is Glin de réir guidhe an fhilidh.
Máighistir Tighe an Phuist i Mainistir na
Féile i gCiarraidhe do b'eadh an Gearaltach,
agus do cuireadh an dlighe air i leith is gur
rinne sé nóta cúig bpúnt de nóta puint
le cleasaidheacht lámha. 'Sé Smiot a bhí mar
ghiuistís 'nuair a trialladh an cúis, agus b'é
Glin an peeler go dtráchtann sé air. 'Sa
deireadh thiar thall níor féadadh an gníomh
a dhearbhughadh i gcoinnibh an fhilidh, mar ná
raibh chuige acht an éagcóir. File binn do
b'eadh an Gearaltach, agus adeir Mac Uí
Bhrighin ó Chaisleán an Chnuic liom gur
mhinic d'airigheadh sé a athair féin ag canadh
a chuid amhrán, agus dar ndóigh ba mhaith an
sás chum amhrán a chasadh é, óir is aige bhí
an guth breágh ceólmhar.



PÁDRAIG UA DUINNÍN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services