Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stories from the Tain. V.

Title
Stories from the Tain. V.
Author(s)
Strachan, Professor J.,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

STORIES FROM THE TAIN.



BY J. STRACHAN.



V. - HOW CUCHULINN TOOK ARMS
AND HOW HE FARED ABROAD.



PART II.



[LU. 62a12-63a45 = YBL. 21b18-22b45].



"Incosig dó dano dún trí macc Nech-
tae Scéne, .i. Foill agus Fannall agus Túachell
a n-anman-aidi. 'Indat éside asberat,' ol
Cúchulaind, 'nach móo fil do Ultaib i m-
bethaid oldaas ro-m-beótar-som díb?'
'At é écin,' ol in t-arae. 'Tíagam con-
da-rísam,' ol Cúchulaind. 'Is gúas
dúnn ém,' ol in t-arae. 'Ní dia imgabáil
ám tíagmai,' ol Cúchulaind.



"Tíagait ass iarom agus scorit a n-eochu oc
combor mánae agus abae alle ansess
úas dún a chéle. Ocus sréthi in n-id bói
forsin chorthiu róut a lámae isin n-abainn,
ocus léicthi la sruth, daig ba coll n-gesse
do maccaib Nechtae Scéne anísin. Arigit-
side iarom agus dotíagat a n-dochum. Con-
tuli Cúchulaind iarom ocon chorthiu iar
lécud ind ide frissin sruth, agus asbert fris-
sin n-araid: ' Ní-m-dersaige fri úathad,
do-m-íusche immurgu fri sochuidi.' Ba
immecal immurgu in t-arae colléic, agus
indlid-side a charpat agus dosrenga a fhort-
gai agus a fhorgaimniu robátar for Coinchu-
laind óre nách-rolámair a díuschud
daig as-m-bert Cúchulaind frissom ar thús
nách-díusched fri úathed.



Teccat iarom maic Nechtae Scéne.
'Cia fil sund?' ol fer díb. 'Macc becc
dochóid indiu ar esclu hi carpat,' ol in
t-arae. 'Nípo do shóinmigi,' ol in láech, 'agus
ní rop do fhechtnaigi dó a chétgabáil gais-
cid. Ná bíd innar tír agus ná gelat ind eich
and ní as móo,' ol in láech. 'Attaat a n-
éssi im láimh-se,' ol in t-arae. 'Nírbo lat-
su tuillem écraite,' ol Ibar frisin láech,
'agus attá dano in macc innachotlud.' 'Ní da
macc écin,' ol Cúchulaind, 'acht is do chuind-
chid comraic fri fer dodechaid in macc
fil and.' 'Is sain lim-sa ón,' ol in láech.
Bid sain duit-siu indossa isind áth ucut,'
ol Cúchulaind.



"Is tacair duit trá,' ol in t-arae;
'foichle in fer dothét ar do chenn - Foill
a ainm,' olsé; 'ar mani tetarrais isin
chét-fhorgubh, ní tetarrais co fescor.
'Tongu do día toinges mo thúath nícon-
imbéra-som for Ultu a cless-sin doridisi


L. 503


diantairle mánáis mo phopa Chonchobuir
as mo láim-se. Bid lám deóraid dó.'
Sréthius fair iarium in sleig co m-memaid
a druimm triit. Dobert leiss a fhodb
agus a chenn iarsuidiu.



"'Foichle in fer n-aile,' ol in t-arae.
'Fannall a ainm-side. Ní trummu do-n
essa in n-usce oldaas elae nó fhannall.
'Tongu-sa dano nícon-imbéra-som for Ultu
a cless-sin doridisi,' ol Cúchulaind. 'Ad-
condarc-su ém,' olsé, 'indas immatíag-
sa a l-lind oc Emain.' Conrecat iarum
issind áth. Gonaid-som dano in fer sin, agus
dobert a chenn agus a fhodb laiss.



"Foichle in fer n-aile dothét cuccut,' ol
in t-arae. 'Túachell a ainm. Ní lessainm
dó, ar ní tuit di arm eter. 'Ondar dos-
som in del chliss dia mescad, con-idn-
derna retherderc de,' ol Cúchulaind.
Sréthius fair iarom in sleig conidrallá
inna crudiu. Doluid a dochum iarom, agus
benaid a chenn de. Dobert Cúchulaind a
chenn agus a fhodb laiss dia araid fadessin.



"Co cúalae iarsuidiu fóid a m-máthar
inna n-díaid, .i. Nechtae Scéne. Dobeir a
fhodb disuidiu, agus dobeir na trí chenn
laiss inna charpat, agus asbert: 'Ní fáicéb
trá mo choscur,' olsé, 'cor-rís Emain
Machae.'



"Documlat ass iarom cona coscur. Is
and-sin asbert Cúchulaind frissin n-araid:
'Dorairngirt-siu dag-érim dúnn,' ol
Cúchulaind, 'agus ro-sn-ecam a less indossa,
daig in tressa agus inna íarra fil innar
n-díaid.' Imríadat iarom co Slíab Fúait. Ba
hé lúas ind érmae do-n-ucsat iar m-
Bregaib iar n-grísad ind arad, co togren-
nitis ind eich fón charput in n-gáith agus inna
eónu for lúamain, agus co tairthed Cúchulaind
in n-urchor dolléced assa thailm résíu
rísed talmain.



"Iar ríchtin dóib Slébe Fúait, forrecat
almai n-oss n-and ara ciunn. 'Cissí
shlabrae in díscer-sa thall?' ol Cúchulaind.
'Oiss altai,' ol in t-arae. 'Cia de,' ol
Cúchulaind, 'bad fherr la Ultu, a m-marb
do breith dóib nó a m-beó?' 'Is inganto
a m-beó,' ol in t-arae, 'dóib. Ní cach óen
condric samlaid. A m-marb immurgu
ní fil úadib-som ónáchrí. Ní cumci-su
ón, a beó nachae do breith,' ol in t-arae.
'Cumcim écin,' ol Cúchulaind. 'Indaig
brot forsna eochu isin mónai.' Dogní
in t-arae ón anísin. Glenait ind eich isin
mónai iarom. Taurling Cúchulaind, agus
gabaid in n-oss ba nessam dó, agus ba
chóimem díb. Slaittius sechnón na
mónae agus damainti fochétóir. Conreraig
etir dí fheirt in charpait.


L. 504


"Conaccatar ní, éill n-gésse ara ciunn
aitherruch. 'Cia de bad fherr la Ultu,' ol
Cúchulaind, 'a m-beó nó a m-marb do brith
dóib?' 'Is a m-beó beres a n-as beodu, agus
a n-as ségundo,' ol in t-arae. Láthraid
Cúchuland iarom cloich m-bicc forsna heónu
co m-bí ocht n-eónu díb. Inláa afhrithisi cloich
móir co m-bí dá én déac diibh. Tré thaith-
bemmen trá insin ule.



"'Tecmall na eónu dún trá,' ol Cúchul-
aind fria araid. 'Mad messe dig dia
tabairt,' olsé, 'conclichfe in dam allaid
fort-su.' 'Ní réid dom a thecht ém,' ol in
t-arae. Rodássed imna eochu conná dichthim
seccu. Ní étaim dano techt sech nechtar
n dá roth íarndae in charpait ara fáeb-
raigi, ocus ní dichthim dano sech in dam,
ar rolín a chongnae eter dí fheirt in char-
pait ule' 'Cing-siu ammin dia chongno,'
ol Cúchulaind. 'Tongu-sa do día toingte
Ulaid, clóenad noclóinub-sa mo chenn
fair nó in tshúil dogén-sa friss, nícon-fhói-
cher cor dia chinn fritt agus nícon-lilmaither
a glúasacht. Dogníth són iarom. Con-
rig Cúchulaind inna éssi, agus tecmalla in
t-arae inna eónu. Conreraig Cúchulaind
iarsin na eónu di thétaibh agus refedaib in
charpait. Conid samlaid sin luid do
Emain Machae - dam allaid i n-díaid a
charpait, agus íall gésse oc folúamain úassae
agus trí chenn inna charput.




"Reccat iar sin co Emain. 'Carp-
tech dorét far n-dochum,' ol in dercaid i
n-Emain Machae. 'Ardáilfe fuil laiss cach
duini fil isind liss mani foichlither, agus mani
dichset mná ernochta friss.' Tosói-som
iarom clár clé a charpait fri Emain, ocus
ba geiss dí anísin. Ocus asbert Cúchulaind:
'Tongu do día toingte Ulaid, mani étar
fer do gliaid frim-sa, ardáiliub fuil
cach óin fil isin dún.' 'Mná ernochta ara
chenn,' ol Conchobor. Totéit iarom bantrocht
n-Emna ara chenn im Mugain mnái Con-
chobuir maic Nessa ocus donochtat a
m-bruinniu friss. 'It é óic inso conric-
fat frit indiu, ol Mugain. Folugi-som
a gnúis. Lasodin atnethat láith gaile Emna
agus focerdat i n-dabaig n-úar-usci. Maitti
imbi-som in dabach hísin. In dabach aile
dano ir-solád, fichis dornaib de. In tress
dabach i n-dechaid iarsuidiu, fo-sn-gert-
side co m-bo chuimse dó a tess agus a úacht.
Dotét ass iarom, agus dobert ind rígain iar-
suidiu, .i Mugain, brat n-grom n-imbi, agus
delg n-argit n-and, agus lene chulpatach.
Ocus suidid fo glún Chonchobuir iarom, agus
ba sí sin a lepaid dogrés iarsuidiu. Fer
dorigni sin inna shechtmad blíadain," ol
Fíachu mac Firfebe, "nípo machdad cia
chonbósad-side for écomlonn agus cia
notragad for comlonn, intan ata lána a
shect m-bliadnai déach indiu."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services