Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Óró a Mhór a Mhóirín.

Title
Scoil na Suadh - Óró a Mhór a Mhóirín.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 490


Scoil
na
Suadh.



ÓRO A MHÓR A MHÓIRÍN.

Gléas G. Go headtrom. DIARMAID Ó CONCHABHAIR, do ghléas.



Grádh mo chroidhe thú a Mhóirín!
A stóirín mhín an mhar(a)gaidh!
Is blasta guth do bheóilín,
Mar smóilín bhinn ag canntaireacht.


L. 491


CURFÁ.



Óro a Mhór a Mhóirín!
Óro a Mhór a dtiocfaidh tú?
Óro a Mhór a Mhóirín,
An chúilín óir a dtiocfaidh tú?



II.



Dubhairt tá liom, a Mhóirín,
Is mhóidighis dam go dtiocfá chugham,
Seo annso mé ar thaobh an bhóithrín
Go brón-chroidheach 's mé ag feitheamh ort.



Curfá.



III.



Dubhaird tú liom, a Mhóirín
A stóirín chroidhe, go dtiocfá chugham,
Acht chím na ba sa chlós thíos
'S is dóigh liom féin na tiocfaidh tú.



Curfá.



IV.



Dubhairt tú liom, a Mhóirín,
Is mhóidighis dam go dtiocfá chugham,
Seo chughainne buidhe an tráthnóinín,
'S a stóirín ó, och brostuigh ort.



Curfá.



Nóta:- Ní'l ins an amhrán thuas, acht aistriughadh
do dheineadh ar shean-amhrán Gaedhilge d'aistrigh an
Dochtúir Sigerson. Do theip orainn an sean-amhrán
d'fhagháil. Ní fuláir nó tá sé i mbéal na ndaoine
fós agus bheimís buidheach d'éinne a chuirfadh ag triall
orainn é. - F. an I.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services