Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht Chon Chulainn go dtí Eamhain Macha.

Title
Teacht Chon Chulainn go dtí Eamhain Macha.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEACHT CHON CHULAINN GO dTÍ
EAMHAIN MACHA.



(I nGaedhilg na haimsire seo.)



"Do thógadh é i bhfochair a athar is a mháthar," arsa
Feargus, "ins an tig darach (?) i Máigh Mhuirtheimhne.
D'airigh sé trácht ar na hóganaigh i nEamhain; mar
bhíodh trí chaogaid ógánach díobh ann," arsa Feargas,
"ag taithighe cleasa lúith. Mar seo is eadh chaitheadh
Conchubhar a aimsir ríoghdha: trian an lae ag féachaint
ar na hógánaigh, a thrian eile ag imirt fidhchille, agus a
thrian eile ag ól beórach go dtí go dtuiteadh a
chodhladh air. Cé go bhfuilmíd-ne ar deóruidheacht,
ní'l i nÉirinn laoch is éachtaighe 'ná é," arsa Feargus.



"Diarr Cú Chulainn ar a mhátair leigeann dó dul
ag triall ar na hógánaig. "Ní raghair," arsa a
mháthair, "go mbeidh congnamh de laochraidh Uladh led'
chois." "Badh ró-fhada liom-sa fanacht leis sin," arsa
Cú Chulainn. "Innis dam caidé an árd atá Eamhain
"Ó thuaidh mar sin" arsa a mháthair, "agus is doraidhe
(deacair) an t-aistear é," ar sise, "mar tá Sliabh
Fuaid eadraibh." "Tabharfad-sa amus air ar éan-
chuma," arsa Cú Chulain.



"Do thiomáin sé ar siubhal annsoin, agus thug leis a


L. 445


sciath slisean, agus a bhunsach, agus a lorg áne (? camán) agus
a liathróid. Do chaitheadh sé a bhunsach roimhe amach
agus bheireadh ar bior uirthi sula shroicheadh a bun
talamh.



"Do chuaidh annsoin ag triall ar na hógánaigh agus
gan nasc a chomairce ortha (.i. gan é bheith ceangailte
ortha Cú Chulainn a chosaint). Ní théidheadh éinne i
macha na gcleas lúith chúcha go nasctaoi a chomairc
ortha ar dtúis. Ní raibh a fhios soin ag Cú Chulainn
"Féach mar sháruigheann an t-ógánach so sinn," arsa
Follomhan Mac Chonchubhair, "is eól dúinn amh gurab
Ultach é …"



"Do chaitheadar a dtrí caogaid bunsach leis, agus do
ghaibh seisean n-a scéith slisean iad go léir. Annsoin
chaitheadar a liathróidí leis; agus thóg sé n-a ucht gach
éin-liathróid díobh. Annsoin chaitheadar a dtrí caog-
aid lorg áne leis. Do chosain sé é féin ortha mar
thagaidís agus thóg beart díobh ar a mhuin.



"D'éirigh a chochal air annsoin. Badh dhóighleat air
agus an léim a thug sé, go raibh gach ribe gruaige gá
bualadh isteach n-a cheann le hórd. Badh dhóigh leat
go raibh spréacha teineadh ag teacht as gach ribe dhíobh.
Do dhún sé súil leis ar chum ná raibh leithead chró
snáthaide innti. D'oscail sé an tsúil eile go dtí
go raibh oiread béil cuirn innti. Do nocht sé a
fhiacla siar go dtí a chluasa. D'oscail sé a bhéal i
slighe go bhfeacathas a chraos. D'éirigh an luan láith
(soilse ghaisce) a mullach a chinn.



"Thug sé fogha fé na hógánaigh annsoin. Do
threascair caogaid díobh sarar shroiseadar dorus
(pháláis) Eamhna. Do ruith naonbhar aca tharm féin agus
Chonchubhar; bhíomair-ne ag imirt fidhchille. Do léim
seisean thar ar gclár fidhchille i ndiaidh an naonbhair.



"Rug Conchubhar ar righidh air. "Ní maith úsáidtar
ár n-ógánaigh leat," arsa Conchubhar. "Ceart damh-sa,
a Rígh Chonchubhair," ar sé. "Cad is ainm duit-se?"
arsa Conchubhar. "Setanta, mac Sualdaimh mise, agus
mac Dheichthire do dheirbhshér-sa is eadh mé. Níor
dhóigh go gcrádhfaidhe annso mé." "Cad n-a thaobh nár
nascais do chomairc ar na hógánaigh?" arsa Con-
chubhar. "Níor bh'eól dam soin," arsa Cú Chulainn.
"Dein-se mo chomairc a nascadh ortha." "Tá go maith,"
arsa Conchubhar.



"Leis sin d'iompuigh sé ar na hógánaigh ar fuid
an tighe. "Cad chuige dhuit bheith dhóibh mar seo?"
arsa Conchubhar. "I slighe go ndéanfaidís a gcoim-
irc a nascadh orm-sa, mhaise," arsa Cú Chulainn.
"Gaibh it' láimh é," arsa Conchubhar. "Tá go maith,
arsa Cú Chulainn.



"Chuadhar go léir amach san macha n-a dhiaidh soin.
Agus thógadh na hógánaigh do leagadh ann. D'fhóir-
eadar a muimí agus a noidí ortha."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services