AR THÓRRAMH SHEANA-SHÉAMUIS.
III.
"'Seadh," arsa Tadhg na gColpaí, agus
sinn ag gabháil anuas ó thigh an tórraimh le
breacadh an lae, "'seadh, a Ghruagaigh, níor
chuiris go holc chun scéil an chairiúin ó
chianaibh - ach, nár bh'é an cladhaire é Muirtí
Beag? Is dócha gur mheall sé aosóga an
Chrostaire chun na hAcadaimí, mar adeir-
eadh sé."
"Mheall sé mise, pé i nÉirinn é. Thug
sé marcaigheacht ar "Four-times Seven" ó'n
ngáirdín go tigh Dhomhnaill dom; agus nuair
chuadhas i measc na gcomhursan chun na
scoruigheachta an oidhche sin ag éisteacht
leis, níor bh'é a dhearmhad mé chur im' sheas-
amh idir a dhá ghlúin ar aghaidh na teine
amach. Bhíos ag Carraig na Scoile an Luan
'n-a dhiaidh sin."
"D'fhan sé ar an gCrostaire an oidhche
sin, mar sin," arsa Tadhg.
"Níor fhan, i más! Do b'fhusa seana-
chat do chur as an gcistin is feóil dá
róstadh innte 'ná Muirtí do chur ó chupúrd
Phails faid fhan diúir sa bhuidéal.
"Ba mhór an spórt é fan (feadh) na
hoidhche, ag bladhmann, ag maoidheamh as a
chuid léighinn, agus ag scilige éithigh do sna
daoine simplidhe a bhí 'n-a thimcheall.
"'A mháighistir, airiú!" arsa duine dhíobh
so leis, "deir Dómhnall annso liom gur i
Laidin a labhrais leis an gcapall indiu, agus
gur mhínigh aon fhocal amháin di é."
"'Níor iarr sé a thuilleadh, a Dhiarmaid.
Tháinig sé chugham 'n-a diaidh mar a thiocfadh
gadhar ag lútháil chun a mháighistir."
"'Béarla ar maidin," arsa Pails, "agus
Laidion um thráthnóna. Nach ait an scéal
ag seanduine an tighe seo é, go gcaithfidh
sé Béarla agus Laidion d'fhoghluim chun cliabh-
án aoiligh do tharrac le capall tinncéara."
"'Castar le géarchúiseacht mná é!"
arsa Muirtí, go breágh, bladartha. "Acht
cogur a leith go fóill chugham, a bhean an
tighe. Dá gcuirthá-sa gearradh beag id'
mhéir anois, cad do dhéanfá léi?"
"Is greannamhar an cheist í sin. Do
cheangloghainn suas í gan dabht, nú b'fhéidir
go gcuirfinn ceiridhe bheag léi chum í
tharrac."
"Ach, cuir i gcás ná déanfá soin, a
bhean an tighe, go nglacfá neamh-shuim-
eamhail ar dtúis í, agus go raghadh an salachar
sa mhairc, agus go dtiocfadh sí chun Nearraí
Suipileas agat, a bhean an tighe, cad do
dhéanfá annsoin?"
"Righin, réidh do chuir Muirtí an méid
seo as, agus é ag baint lán a dhá shúl as
lámha Phails a bhí 'n-a baclainn aici.
"Slán mo chomhartha!" arsa Pails, ag
casadh a haprúin ar a lámha, agus breac-
sceóin innte - "slán mo chomhartha, agus aghaidh
gach uilc i bhfad uainn! dá dtigeadh droch-
aicíd mar sin orm, do chuirfinn fios ar an
ndochtúir gan mhoill."
"Mar a chuiris orm-sa do'n chapall, a
Phails - há! há! há-á! B'é dáltha do
mhéire-se díreach aige é. Dá bhféachthí i
n-am chuige, ní bheadh pioc air. Ní raibh ar
dtúis air acht dúire bheag i dtaobh é theacht
i measc stróinséarach, ach do dhingeabhair-
se bhur salachar Gaedhilge 'n-a chluasaibh
gur dhein Nearraí Suipileas 'n-a bholg di,
agus do b'éigin díbh fios do chur ar an ndoch-
túir, Muirtí, chun purgóid Laidne do thabh-
airt do - há! há! há-a! Tá sé leighiste
anois agat, agus, má choimeádann tú ó
shalachar na Gaedhilge é, ní gádh dhuit a
thuilleadh dá dhuadh d'fhagháil."
"Moladh leis a saoghal," arsa Diar-
maid, "nach mór í cómhacht na Laidne!"
"Ní'l fhios a leath agat, a mhic ó. 'Seadh
mhuise! cómhacht i Laidin. Féach ar na
sagartaibh, a dhuine - 'sé an Laidion a thug-
ann na cómhachta go léir dóibh. An sprid
is measa do cruthnuigheadh riamh, dar ndó
ní'l ag sagart ach a hainm sa sloinneadh
do ghlaodhach i Laidin, is beidh sí chomh neamh-
dhíobhálach le huan aige."
"Mh'anam! gur minic d'airigheas é sin,
a Mháighistir. Agus an bhfuil an buadh sain
leis, ag an nGréigis anois?"
"Níos mó go mór, a Dhiarmaid. Ach tá
sé toirmiscthe ar na sagartaibh puinn
úsáid do dhéanamh di sin. Tá sí dain-
séarach i láimh éinne; mar sin féin, nuair
a theipeann ar an Laidin, is maith í bheith le
tarrac chuige ag duine. Go deimhin do
shíleas féin um thráthnóna go gcaithfinn
fadhb nú dhó dhí do chur 'n-a luighe ar an
gcairiún, ach b'é toil an tsaoghail gur ghéill
sé do'n Laidin."
"Is mór í d'fhoghluim, a Mháighistir. Ní
fuláir nár chuir éinne riamh síos tú?"
"Mhuise, cé gur náireach an admháil
dom é, munar cuireadh síos mé, ba gheall
leis dom. Geallaim duit ná raibh éin-nídh
saor agam. Is ar Phátrún Locha Coínleáin
do casadh ar a chéile sinn. Diarmuid Dubh
Máighistir an fear eile. Bean de mhuinn-
tir na gCroiceann a mháthair, acht níor
bh'fhios cé ar bh'é a athar. Bhí an pátrún go
léir i n-ár dtimcheall."
"Níor bh'iongnadh soin," arsa Diarmaid.
"Badh mhór do b'fhiú bheith ag éisteacht libh."
"Ní misde sin do rádh. Badh mhór -
d'éinne do thuigfeadh sinn. Ins na sean-
theangchaibh do luigheamair chun a chéile ar
dtúis, agus asta-san do thángamair anuas ó
bhliadhain go bliadhain gur sháthamair go
doimhin sa Bhéarla sinn féin. Ag taighde
dhúinnn sa ghraiméar, 'seadh do fuair sé an
lúb ar lár ionam-sa."
"Muise cad í an cheist do chuaidh
díot?"
"Parse von-too-three," ar seisean."
"Nach suarach do shamhluigheann sí sin, a
mháighistir: ní'l téarmaí móra i n-éan-chor
innte."
"Ní'l, agus Árístotail féin, an lá b'fhearr
do bhí sé, ní réidhfeadh sé an cheist ar a
shon-san."
"Agus anois, a mháighistir, cionnus do
bhainis sásamh de 'n-a dhiaidh sin? Cad í an
cheist a chur ar a thár i n-áirde é?"
"Ag sárughadh a chéile le hecsanna do
bhíomair nuair do thuit an Fear Dubh."
"Ní chualadh trácht ar an gcleas soin
riamh. Cad é an saghas airm na hecs-
sanna?"
"Há! há! há-á! Mar a dubhairt
cheana le bean an tighe, is olc é easbadh an
léighinn. Is le healadhain a tháinig ó'n
Domhan Toir a bhaineann siad. 'Sé ainm
atá ar an ealadhain 'ná an tÁl Gébr. An
té atá cliste san ealadhain seo, is féidir
leis leitir atá san Aibigitir Gallda, 'sí
sin x, do ghabháil chun oibre, agus, má gabhtar i
gceart í, ní'l freagra ceiste sa domhan
ná saothróghaidh sí i gcionn nóimit."
"Mo chóinséas! ná fuil oighre ar "Chos
Fé Chrios" ach é."
"Is fearr í siúd go mór. Do ghabh-
amair na hecsanna, agus siúd fé chéile sinn.
Aos na ré, aoirde na gcnoc, faid na
n-aibhne - do thómhaiseamair iad uile, agus níor
bhris giorta ná stropa i gculaith x ar
éinne againn.
"Tabhair suas," arsan Fear Dubh.
"Níor ceapadh ceist riamh ná féadfainn-se
culaith a sholáthair do chur ar x." "Cuir
ar lorg h'athar é," arsa mise, "agus feic-
imíd an soláthróghaidh sé chughat é?"
"Do thuig gach éinne an cheist sin, agus do
luigheadar ar gháiridhe agus ar mhagadh fé
Dhiarmaid Dubh. Do thug sé fúm-sa do
bhualadh, acht ní leogfí dho bharra méire do
leogaint orm, agus do deineadh bé-thé ar
fuid an phátrúin de."
"Seo, a Thaidhg, mar do chaith Muirtí an
oidhche ar an gCrostaire; acht sid é mo
bhothán annso, agus caithfeam scaramhaint le
chéile."
"Agus nuair a raghair san ámóig ní
dóigh liom gur gádh dhuit x do ghabháil chun
codladh do shaothrughadh chughat. Táim féin
ag tuitim i gceann mo chos, pé scéal é."
MINIUGHADH
Níor fhan i más, he did not (stay) why!
Diúir, an braon is lugha.
Scilige, baint an mhogail de'n ghráine. Scilige
éithigh, Anglo-Irish, "grindin'g out lies."
Mínigh an capall, tabhair chun ceannsacht' é.
Gadhar ag lútháil, fawning is Béarla air seo.
Mairc, ní "marc" é seo. Mairc is é cneadh nú
gearradh.
Nearraí suipileas, sid é thugadh Muirtí an Léighinn
ar erysipelas.
Slán mo chomhartha, Béarla, "save my mark."
B'é dáltha do mhéire-se díreach aige é, mar
do theangmhaidh dod mhéir-se is cruinn gur mar
sin do thárla dho-san.
Dúire, ceann-dáine.
Tuilleadh dá dhuadh, i mBéarla more of his
trouble.
Fadhb, cloch mhór; focal mór; "téarma."
Teanga, teangcha, teangcaibh, gnás an bhaill
seo go háirithe.
Ag taighde, is doimhne é seo ná tomhach.
Aibigitir, an t-a-b-c.
Bé-thé, dreóillín spóirt.
Ámóg, leabaidh shuarach.
Árístotail, Aristotle.
Ál gébr, algebra.
GRUAGACH AN TOBAIR.
CRÍOCH.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11