Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - A Mhic an Anma.

Title
Scoil na Suadh - A Mhic an Anma.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 431


A MHIC AN ANMA.



AN MHÁTHAIR:



A mhic an anma is mór an léan liom
Tú bheith ar dít céille i dtúis do shaoighil;
I ngrádhle ainnir 's gan pinginn spréidhe 'ci,
'S a bheith led' shaogal a' rómhar sa díg,
Ir mór go mb'fearra dhuit bean tighe dío-thraothach (?)
'S do bhuaibh a' géimrigh a' theacht chum do thighe,
Do chapall ceannasach ag dul chum aonaigh,
Agus scilling ghlégeal i gcóir na dighe.



AN MAC:



Is mór go mb'fhearra liom an sproige (?) chúmtha
Go mbeadh lasadh 's lonnradh 'na leaca im' chómhair;
Do bheathóghadh leinbh dham bheadh fionn glas-shúileach
'S gur mhaiseamhail liom iad im' diaidh nó romham.



AN MHÁTHAIR:



Bheirim mo dheimhin duit go gcaoinfir fós mé
Nuair a bheir id' lópais a' rómhar sa díg;
Glaodhach gach maidin ort 'ge fear na gcomharsan
Is gan fiú na mbróga le trácht féd' bhuínn.



AN MAC:



Is ró-bheag m'eagla roimh Rígh na Glóire
Ná geóbhainn mo dhóthain ar feadh mo shaoighil.
Beidh bríste 's hata orm is bróga nuadha,
Agus bean tighe chórach chum mo léine nighe;
Scata mac agam ag buaint 's ag rómhar dhom,
'S mo bhuaibh dá seóladh chum mo thighe,
Nuair bheidh an screamail sin 'na cailligh chrón-duibh
Ná fuigheadh aon nódhchar sa dtír dá cloinn.



AN MHÁTHAIR:



'S baoth an machtnamh - ach' gur bhuachaill óg thú -
Is maith do thógas thú i bhfad ó'n díg
Ní gan airgead bheadh machaí bó 'gat,
Ná neithe 'á sórt san chum dul i dtigheas.
Aistrigh t'aigne is déan mo chómhairle
Chum beantighe phósadh do dhéanfadh cíos,
D'áirdeóghadh a raca léi gach maidin fhóghmhair
'S nár b'é bun a gnótha deisiughadh a cínn.



AN MAC:



Ní aistreóghad m'aigne fad is mhaireann Seóirse -
An fhaid bheidh mé beó ní bheidh fear ó'n righ
Áirdeoghad mo ghunna liom ar intinn chomhraic
Is Rí na Glóire go mbeidh im' dhíon,
Is mór go mb'fhearra liom bheith sínte i gcómhrainn
I bhfad óm' chómhursain is mo cháirde gaoil,
'Ná bheith ceangailte ag aon chailligh chrón-duibh
Fé shuas dá pógadh - ní ghráidhfinn í.



Ní raibh aon aithne agam ar an amhrán so roimis
seo agus mara bhfuil sé i gcló cheana is fiú é thabhairt
amach anois.



SEABHAC NA FAILLE FUAIRE

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services