Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Thórramh Sheana-Shéamuis - II.

Title
Ar Thórramh Sheana-Shéamuis - II.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR THÓRRAMH SHEANA-SHÉAMUIS.



II.



Nuair bhí an Choróin Mhuire ráidhte d'im-
thigh formhór na ndaoine a-bhaile. Ní raibh
gleó na tuairt ag imtheacht aca. Is amhlaidh
do shleamhnuigheadar leó 'n-a nduine is n-a
nduine, agus níor mhothuigheamair go raibh an
teinteán breac-fhollamh. Níor fhan ann,
taobh 'muigh de lucht a' tighe féin, acht na
comhursain ba ghaire dhóibh agus daoine muinn-
teardha.



"Druididh le chéile," arsa fear a' tighe,
"agus téidhidh i ngaobhar na teine. Beidh an
oidhche ag dul i nglaise as so amach."



Do dheineamair rud air, agus d'éirigh an
seanduine a bhí i bhfeidhil an tobac fan na
hoidhche cois an drosúra agus do shuidh sé i
n-ár measg. Seanduine beag suarach le
féachaint air do b'eadh é, agus sronán ann.
Ní thuisfeadh éinne an uair sin do gur bh'é a
dhírigh liathróid ins gach aon bháire comórtais
do himreadh sa phóroiste le fiche bliadhain
le n-a linn. Dob é ar a shon-san, agus is air
dob fheárr a dhíol é. Bhí tapa an chait ann,
agus é chómh cruaidh le hiarann.



"Tá leath-chumaig déanta againn ar
Dhiarmuid Óg," - b'id í ainm an tseanduine
bhig, - arsa fear a' tighe. "Ní hé amháin
go bhfuil a chosa 'n-a lic oidhre ó bheith ar
aghaidh an dorais isteach, acht bhí sé ró-fhada
síos uainn chun na sgéalta breághtha bhí ar
siubhal ó chianaibh a chlos."



"Tá baoghal mór orm, go deimhin!"
arsa Diarmuid. "Agus i dtaobh na sgéal-
ta, níor chailleas focal díobh ó thúis go
deireadh. Sé bhí agam dá chuimhneamh nuair
chualadh na cruadhtain go léir dá léiriughadh
ná raibh ionnta uile acht neamh-nídh seachas
an t-anaithe do fuaras féin i gCnoc na
Léime mórán bliadhanta ó shoin.



"Is ar na Muillíníbh i bParóiste an
Bhonáin thuaidh annso," arsa an seanduine,
- mar níor iarr sé, aon tathant chun a sgéil
d'innsint, acht do chrom sé a cheann agus
d'féach sé go géar isteach sa ghríosaigh chómh
maith is gur léi bheadh sé ag caint. "Is ar
na Muillíníbh do bhíos-sa im chómhnuidhe sa
droch-bhliadhain. Á! a chómhursana, Dé
beathadh grásda Dé, b'iúd í bliadham na
hatuirse. Nár leogaidh Dia go bhfuil a
leithéid de sgiúirse is do fuair créatúirí
bochta an uair sin 'n-a gcóir choidhche arís.



Bhí sé a' tarrac amach ar lá 'le Pádraig
nuair chualadh go dtánaig long thar lear le
hualach prátaí go Beanntraidhe. B'iúd
iad na prátaí daora. Ní raibh leigheas air
sin ámach. B'éigin iad do sholáthar i mball
éigin, mar ní raibh creachán chun síl fé dhia'n
tighe. Do bheartuigheas me féin chun dul
fé dhéin na luinge. Do shocruigheas phéire
cliabhán dúnta sa tsrathair ar láirín ruaidh
a bhí agam, agus bhuaileas suas Bóthar na
Léime. Níor dhearmhaid Mháire, go ndéinidh
Dia an trócaire uirthi, lón beag mine
coirce do chur sa spaga chugham, i gcás go
mbeadh min is baine i mBeanntraidhe agam,
mar ní raibh aon trácht ar thé an uair sin.



Nuair shroitheas an long, bhí mórán
daoine timcheall uirthi ag brúth a chéile ag
iarraidh prátaí. B'fhada gur féadadh frio-
thálamh orm-sa. Sular fhágas an tsráid
lem' árd-ualach bhí an oidhche ag tuitim. Do
phriocas liom fé dhéin an bhaile chomh géar is
do b'fhéidir liom é, mar ní raibh ann acht
leath gealaighe, agus bhí eagla orm go mbéar-
fadh an duibhe-ré sa chnoc orm. Do chuireas
díom mear go leór faid bhí an bóthar
socair agam, acht nuair rug an cnoc orm,
do ghoill aoirde agus iomard an bhóthair i
dteannta an ualaigh chómh mor san ar an
láirín go raibh sé a' tarrac ar an meadhán


L. 403


oidhche sular shroicheas an mullach, agus, rud
ba mheasa ná san, bhí an ré ag dul fé.



Is uaigneach an áit é mullach na Léime,
dá mbadh i lár an lae bhuídhe ghréine é. Ní
raibh teasdal mórán daoine riamh ann:
agus ó deineadh an bóthar nuadh is annamh
a ghabhann éinne i n-éan-chor tríd. Bíonn
an ghaoth ag
sguabadh go
siansach tim-
cheall na mull-
aighe, agus ní'l
tigh i ngiorracht
trí mhíle ó aon
taobh do.



Is tríd an
mbóthar so, do
bhí na saighdiúirí
dearga i ndiaidh
an tSagairt fad
ó, agus nuair
bhíodar ghá shár-
ughadh ar mhullach
an chnuic ba
leónughadh ó Dhia
gur éirigh sé san
aer uatha agus
gur chuaidh sé
de'n léim sin go
Dún na mBarc
cois Bheann-
traidhe. Is ó'n
"léim" míor-
bhúilteach soin a
thug an sagart do glaodhadh Bóthar na Léime
air. Tamall beag síos romham ó'n mullach
'seadh tá an áit i n-ar marbhuigheadh an
ceannuightheóir bocht. Do fuarthas a chorp
ar maidin ann agus a sgórnach gearrtha.
"Á! sin é an leacht cois an bhóthair," arsa
mise liom féin. "Caithfead cloch a chur
ann."



Do chuadhas thar ghruadh an bhóthair chun na
cloiche d'fhagháil, mar níl sé éirightheach
d'éinne gabháil thar leacht gan cloch do
chaitheamh uirthi. Nuair chromas chun í thóg-
aint do shíleas gur chorruigh rud éigin sa
bhfraoch ós mo
chionn b'fhéidir
ná raibh ann ach
mada ruadh; ach
níor bheag soin.
Do sheasaimh gach
ruibe gruaige bhí
ar mo cheann
'na coilg-sheasamh
le heagla. Do
chaitheas an chloch
sa charn ar a
shon-san, agus
dubhart:



"Cloch sa leacht chun
mé chur ar mo
leas.



Le hanam m'athar is
mo máthar,



Is le hanam an té
cailleadh san áit
sin."



Chuir glór na
cloiche ar an
gcarn sgeón sa
láirín. Thug sí
preab, agus do
bhris an scarán
feallthamhail do bhí i n-iomchar na
gcliabhán, agus siúd mo chuid prátaí le
fánaidh. Ní fheadar cé'ca ar mo cheann nó
ar mo chosaibh do bhíos im' sheasamh. Níor
dheineas aon mhachtnamh. Ní fhéadfainn aon
mhachtnamh a dhéanamh. Ní raibh braon fola


L. 404


im' chorp ná raibh bailighthe n-a hualach
timcheall mo chroidhe. Acht mo phrátaí
beaga, - mo phrátaí beaga daora! imthighthe
le fánaidh an chnuic, - imthighthe déis mo
thrioblóide, - imthighthe is gan agam acht iad!
Do thugas sgiúird reatha 'n-a ndiaidh síos
agus chromas ar iad do phiocadh. Ní
rabhas abhfad ar mo chromardha nuair mhoth-
uigheas ná rabhas im' aonar. Ní hamhlaidh
d'airigheas aon nídh, acht bhíos lán-siúrálta
go raibh samhail éigin ag faire orm. Bhí
mo lámh ar bailli-chrith, is mo cheann ar
fiuchaidh. Fuar-allus ag rith'n-a shruthaibh
anuas liom. Bhí an leacht ós mo chionn thuas.
Dá saoradh sé ó'n mbás mé, ní fhéadfainn
gan féachaint uirthi. Do thógas suas mo
cheann, agus ní fheadar cé'ca ar mo radharc a
bhí sé, nó cé'ca bhí sé ann dáríribh, acht do
chonnac fear mór, árd i n-a sheasamh ar
mhullach na leachta ag féachaint anuas orm.
Bhí a sgórnach gearrtha, is é a' tabhairt
a chuid fola ar nós an bheithidhigh
allta, agus do shíleas go dtí san ná raibh
sé i bpianta Ifrinn féin a leithéid de
sgannradh do chur sa pheacach is do bhí
léirighthe 'n-a chonntonós uathbhásach.



Do leogas sgread asam mar a sháithfidhe
le sgiain mé, agus siúd anuas an cnoc mé.
Anuas an bóthar ar tí mo chnámha bhriseadh.
Ní raibh éan-chuimhneamh ar an láirín agam,
agus bhí sé chomh maith agam gan a bheith, mar
bhí sí imthighthe abhfad romham. Leath-slighe
anuas ar thaobh an chnuic tá reilg Dhroma
fochtna ós cionn an bhóthair. B'fhéidir le
duine bheadh istigh sa reilg a lámh do chur ar
cheann an té bheadh ag gabháil an bhóthair.
Nuair a shroicheas an ball sin, bhí na céadta
dubha 'n-a seasamh ar an bhfalla, róbaí fada
gléigeala ortha, agus iad ag liúirigh:



"Diarmaid óg sa ceannuightheóir 'n-a
dhiaidh! há, há, há!



Béarfaidh sé ort, a Dhiarmaid,



Ní bhéarfaidh, a Dhiarmaid: thuit an ceann
de, há, há, há!



Cá bhfuil an sgian, a Dhiarmaid?



Caith chuige an t-airgead"



"An muirdréir feallta!" arsa scaoinse
mór, fada, i bhfoirb mná 's a gruaig ar
sileadh léi. "Siubhlaimís go léir 'n-a
dhiaidh!" Agus do léimeadar uile anuas
chugham, mar do léimfeadh scata faoileann
san uisge de sgreig cois fairrge. Bhí mo
ghnó-sa déanta. Do thuiteas im' mheaig
ar an láthair sin.



D'fhan Diarmaid ar feadh abhfad na
diaidh san ag féachaint sa ghríosaigh is gan
gíog as. Níor chuireamair chuige na uaidh.
Do leogamair dó féin. Siúd is ná
dubhairt éinne againn leis an gcuid eile
gur chuir sgéal Dhiarmada uaigneas air, ní
dóigh liom go rabhamair saor. Do dhruid-
eamair chun a chéile go háirithe, agus is
dóigh liom go bhfeaca Tadhg na gColapaí
ag tabhairt súil-fhéachaint anonn chun an
tsuidheacháin. Ní dóigh liom go gcuirfeadh
sé aon iongnadh air dá bhfeicfeaadh sé an
corp ag preabadh aníos chughainn.



I gcionn tamaill do labhair Diarmuid
arís.



"An té d'fhéadfadh an sgéal a chríoch-
nughadh tá sí ag tabhairt an fhéir, fóríor!
Nuair tháinig an láir a-bhaile, do ghlaoidh
Máire ar a dearbhráthair, - do bhí an dá
thigh san aon otrainn, - agus do chuadar
im' chuardach. B'é toil Dé gur théar-
nuigheas, acht bhí na prátaí beaga úd fé
bhláth sara bhfeaca-sa arís iad."



"Mo choínséas," arsa Tadhg, d'éis Dhiar-
mada dhul síos uainn i bhfeidhil an tobac,
"Mo choínséas ná féadfad cuimhne fhir na
scórnaighe chur as mo cheann anocht. Ní'l
faill as so go Gort a' Leasa nach dóigh


L. 405


liom go bhfeicfead ar a mullach é nuair
bhead ag dul a-bhaile."



"Badh mheasa chugham-sa spioraidí Dhroma
Fochtna," arsa duine eile. "A' gcualaís
mar d'eitiolladar anuas de'n fhalla ar an
mbóthar chuige?"



"Agus róbaí geala ortha," ar san trío-
mhadh duine.



"Ar nós sgata faoilleann ag gárthaigh
de dhruim éisg," arsa fear ó'n gCrostaire.
"A Rígh na bhFeart, is iongnadh nár thuit an
t-anam ar fad as. Acht, caithimís uainn é
mar sgéal. Sin é an GRUAGACH annsain
fan na hoidhche 's a bhéal ar leathadh aige ag
éisteacht. Cuirimís fé gheasaibh é sgéilín
sultmhar d'innsint dúinn anois. Déin, a
Ghruagaigh, ar ghrádh an tsaoghail; ní fhéad-
fainn an píopa a tharrac le heagla."



"Do chuir árd-ualach Dhiarmaid Óig i
gcuimhne dham, a Sheagháin," arsa mise,
"cruadhtan áirithe do rug ar t'athair féin,
agus ní hé amháin ar t'athair, acht ar mhuinn-
tir an Chrostaire Mhóir ar fad; acht ní
dóigh liom go mbeitheá ró-bhuidheach dhíom dá
n-innsinn é."



"Cad n-a thaobh? An amhlaidh a thabhar-
fadh sé náire do mhuinntir an bhaile? Má's
eadh, maithfeam an náire dhuit ar son an
phléisiúir."



"Bíodh 'n-a mhargadh mar sin," arsa mise.



"Ní gádh dhom a chur i gcuimhne dhíbh go
raibh an Gleann mór so go léir, agus ní
fada ó shoin é leis, gan éan-bhóthar ag
gabháil tríd. Tá na cnuic árda so ar thaobh
de, agus coill an Tighearna ar an dtaobh
eile. Níor bh'fhéidir bóthar a dhéanamh chuige
acht trí choill an Tighearna, agus ní leogfadh
an Tighearna aon bhóthar a dhéanamh trí n-a
choill. Ní raibh aon chapall ar an gCros-
taire mór, pé i nÉirinn é.



San am soin thárla go raibh t'athair-se,
Sean-Dhómhnall Crón, Lá 'le Muire Fhogh-
mhair ag díol chaorach ar aonach Neidín.



D'éis na gcaorach do dhíol, do bhuail sé
thríd an aonach dó féin. Bhí banbhaí ag
sgréachaigh i dtrucaillíbh ann, caoirigh ag
méiligh ar taobh de'n tsráid, agus gabhair
ag meigiollaigh ar an dtaobh eile; tinn
céirí is asail ag comhchoímhlic le chéile,
féachaint cé'ca treibh do b'fhearr chun béic-
eacht'; fear na méaracán thall, is ciach ar
ó bheith ag callaireacht; agus Seaghán Saor
go beó-ghlórach abhfus ag fógairt a chuid
margaidhe i sean-éadach. Acht rud ba
mheasa 'ná iad uile, bhí ceithearnaigh Thith-
bhósiosta is Ghleanna Ruachta ag tiomáint
ghraigíní capall síos suas ar cos i n-áirde,
ar tí chnámha na ndaoine mbocht do bhriseadh.



"Dar so nó súd," arsa Domhnall leis
féin, nuair ba dhóbair go leagfadh stráille
marcaigh aca so, agus bríste stracaithe air,
sa lathaigh é, - "dar so agus súd, ná beidh
do leithéid-se ag magadh a thuilleadh fúm-
sa. Nár fhaghad tairbhe mo sholáthair mara
mbeidh capall chomh maith is tá ag éinne
agaibh ag dul a-bhaile agam."



Is ceart a chur síos go raibh fonn le
fada roimhe sin ar Dhomhnall capall a
cheannach, ach pé'ca ag lag-choráiste nó a
dheacaireacht leis scaramhaint leis an
airgead do choisg é, níor bhac sé leis go
dtí so. Do ghriog an droch-úsáid do fuair
sé ó fhear an bhríste stracithe i dteannta
an bhraoin a bhí ólta aige chomh mór soin
anois é, go raibh seilbh chairiúin cheannainn
faghálta ó thinncéir aige i gcionn chúig
nóimití ar chorruigheacht is trí púint.



Is á ag árdach bhlúire lathaighe ar bhianadh
a mhaide chun an ainmhidhe do chomharthughadh,
d'fhiafruigh sé do'n tinncéir cad é an
t-aos a bhí an cairiúin.



"Tá sé ag éiriughadh an seacht," ars an
tinncéir.


L. 406


Le n-a linn sin thairg stracaire a bhí ag
gabháil thórsa stiall dá éill ar an gcairiún
fhan na gcos, agus ag cur sgearta gáire
as, dubhairt sé "Four-times seven".



"Cé hé an diabhalamhnach úd, nó cad
dubhairt sé?" arsa Domhnall.



"Ó! cara dhamh-sa é siúd," arsan tinn-
céir. "Sin í ainm a' chapaill adubhairt sé.
Ba dhóbair go ndearmhadainn í innsint
duit."



"Siúd is gur mhaith uaidh í chur i n-umhail
dúinn," arsa Domhnall, "badh dhóigh liom
nár ghádh dhó an capall bocht do ghortughadh.
Four-times seven; four-times seven. Is ró-
dheas an ainm í."



Bhí sé d'éis na hoidhche do thuitim sarar
shroith Dómhnall an Crostaire leis an
gcairiún ceanann. Do fheistigh sé i
ngáirdín daingean fé bhun an tighe é, agus
do rith an ráfla amach gur cheannuigh
Dómhnall Crón capall. Níor thuit néal
codlata ar aon tsúil ar an an dá Chrostaire
an oidhche sin. Ba mhoch ar maidin do bhí
cossumar mór bailighthe ar chlaidhe an
gháirdín. Siúd is ná rabhas féin an uair
sin ach im' ghlór-i-gcóitín ní raibh puinn ar
an gclaidhe romham. I gcionn tamaill
bhuail Domhnall amach chughainn. Ní raibh
uimis ach a bhríste 's a léine. A bhríste
Domhnaig do b'é leis é, agus an léine gheal
do bhí ar an aonach air. Is é bhí go mór-
dhálach, a cheann san aer aige; agus badh
dhóigh le duine ná raibh aon chuid de Phails,
a sheanabhean, aige do bhí a' sodar 'n-a
dhiaidh.



"Go dtugaidh Dia tairbhe do chapaill
duit, a Dhómhnaill," arsa na comhursain ar
fad.



Bhí an cairiún ag innbhíor do féin i lár
an gháirdín.



"An bhféadfá breith air, a Dhómnaill?
arsa duine leis.



"Breith air!" arsa Dómhnall, "tá sé
cómh macánta le huan, Dia ghá bheannachadh,"
agus do léim Domhnall thar claidhe isteach.
Níor leog an cairiún air go bhfeaca sé é.
Do dhruid Domhnall chuige, agus a lámh
sínte amach aige, "tar i leith chúgham; fan
liom a chréatuir; mo ghraidhin mo chréatuir!"
arsa Dómhnall chun go raibh sé ag ceann
an chairiúin. Nuair shíleamair uile go raibh
beortha aige air, faid bheitheá ag dúnadh do
shúl ní raibh an cairiún ag iompáil a dheiridh
leis. Ghaibh Dómhnall timcheall air arís,
agus "mo ghraidhin an créatuir" ar siubhal
aige, ach b'é an sgéal céadna é. Nuair
bhíodh Dómhnall ar tí a láimh do chur n-a
mhaing, do thugadh an cairiún casadh dho féin
go cliste, agus bhíodh Dómhnall n-a sheasamh ag
á chosaibh deiridh.



"Ní fheadar 'on domhan," arsa buachaill
ar an gclaidhe, "ach ní dóigh liom go bhfuil
tú ag glaodhach i gceart air a Dhómhnaill:
bhfuil ainm an chapaill agat?"



"Cuirfead geall" arsa Pails, "ná raibh
an méid sin de'n chruinneas sa bhreallán,
is go mbeadh a ainm aige."



"Tá dearmhad ort," arsa Dómhnall.
"Is mé thug liom í go cruinn. Four-times
seven; fo-ur times seven; fo-o-our times
seven" arsa Dómnall agus é ag druidim
níos goire dhon chapall leis gach aon focal.
Ach, b'é an seana-sgéal i gcómhnuidhe é.
Níor chuir an cairiún aon tsuim i bhfour-
times-seven, agus ba gheárr go raibh
Dómhnall ag a chosaibh deiridh arís.



"Ní déarfainn go bhfuilir a' cur i
gceart fós chuige" ar san buachaill do
labhair cheana. Glaoidh air mar ghlaodhfá
ar aon ainmhidhe eile."



"Ná fuilim a rádh leis teacht i leith
chugham?" arsa Dómhnall.



"Dar ndó ní críostuidhe é," arsan
buachaill. "Ní thuigeann sé thu."


L. 407


"Triail 'sas sas' leis" arsa mise.



"Éist, a dhailtín," arsa mo mháthair, ag
baint stathadh as mo chluais.



"Leog do'n leanbh," arsa Pails. "Is
mó chéill aige 'ná againn go léir." Agus
do ghlaoidh si féin go h-árd "sop, sop, sop!"



Do chuir an méid
adubhairt Pails
coráiste ar na
haosóga ar fad,
agus ba ghearr go
rabhamair uile ag
béicigh i n-éin-
fheacht:
"sas, sas, sas."



"Pís, pís, pís."



"Tiuc, tiuc,
tiuc."



"Beadaí, bea-
daí, beadaí."



"Fíní, fíní,
fíní."



Dheineamair an
oiread san gleóidh
gur thóg an cairiún
suas a cheann, agus
d'fhéach sé aníos
orainn, agus, chómh
maith is gur
searbh dhínn a bheadh
sé, bhuail sé uainn
síos gur chuaidh sé
sa chúinne ba shia
uainn de'n gháir-
dín, agus do chrom
sé ar innbhíor ann.



"Caithfeam éiriughadh as" arsa Dómhnall
go tuirseach.



"A Dhómhnaill," arsa seanduine dá raibh
ar an gclaidhe. "Ní eólach dhamh-sa aon
ainmhidhe is deabhrathaighe le capall ná
tarbh. Sara dtugair suas é, triail 'buadh-
ró' air."



"An d-l triail" arsa Dómhnall "ní id'
eiteach é."



Ach d'árduigh Pails a glór, agus ghlaoidh
"buadh ró, buadh ró, buadh ró," go fada,
fuidheach. Ach ba
bheag an cabhair di
é. Níor chorruigh
an cairiún.



"Tá sé agam
anois," ars an
buachaill do labh-
air ar dtúis.
"Níor thugais a
cheart féin do'n
chapall fós, a
Dhómhnaill." "Cad
do cheileas air?"
arsa Dómhnall.



"Cheilis an
Béarla air. Is
minic ar aonta-
ighibh mise, agus ní
chualadh focal dá
labhairt le capall
riamh ach Béarla;
agus cuirfead geall
nár labhair éinne
ar Neidín indé le
n-a chapall ach é."



"Mo choínséas,
go bhfuil an
ceart agat, a
bhuachaill; agus nár
mhór an t-amadán
mise dul is capall do cheannach is gan
ionnam focal do labhairt chuige 'n-a dhiaidh
sin!"



"Ná raibh "four-times seven" agat?"
arsa Pails.


L. 408


Bhí Dómhnall ró-chráidhte chun freagra
tabhairt uirthi.



"Is cuma é sin, a Phails," ar san buachaill,
"ach do chómhairleóghainn do Dhómhnall dul
agus Muirtí Beag Máighistir d'fhagháil gan
mhoill, agus ní hé amháin go mbéarfaidh sé ar
"Four-times Seven" annso, ach múinfidh sé
ar aon bhuidéal fuisgí amháin Béarla a
dhóthain do Dhómhnall, agus duit-se leis a
Phails, chun caint' a dhéanamh le nbhúr
gcapaill choidhche."



"Badh dheas a thiocfadh Béarla dhómh-sa!"
arsa Pails. Mar sin féin chuir sí
teachtaire ag iarraidh Mhuirtí Bhig, agus
d'imthigheamair go léir a bhaile.



Níor bh'é mo dhearmhad-sa faire ar
Mhuirtí Bheag an tráthnóna soin gur fhág sé
Carraig na Scoile, agus do leanas go tigh
Dhómhnaill é.



"An fíor é seo, a Mhuirtí," ars Dómhnall,
"ná tuigeann capall ach Beurla?"



"Gan dabht, a Dhómhnaill; níor labhair
éinne riamh a mhalairt chuige."



"Agus," arsa Dómhnaill, mar bhí sé ag
machtnamh ar an gceist seo i rith an lae,
"ná raibh each ag Cúchulainn agus each ag
Oisín, agus cad do labharadar-san chucha?"



"Béarla, gan amhras, a Dhómhnaill.
Níor labhair éinne riamh Gaedhilg acht
seirbhísigh nó rudaí bochta mar thusa is mise."



"Shíleas gur labhair ríghthe na hÉireann
fad ó í."



"Rómansuidheacht! a Dhómhnaill. Sinne
féin adeir é sin ag iarraidh ár leithsgéil a
ghabháil. Féach cad í an ainm a thugann ár
bpáipéar féin, an Cork Examiner, ar an
nGaedhilg.



"Ní fheadar, a Mhuirtí?"



"An vernacular, a Dhómhnaill. An dóigh
leath anois cad a chialluigheaan an ainm
seo?"



"Ná deireann tú gur Gaedhilg a cial-
luigheann sé?"



"Seadh agus ní headh, a Dhómhnaill.
Vernacular is eadh teanga na ndaoránach,
agus sin é thugann an tExaminer uirthi."



"Missus Polly," arsa Muirtí le Pails
a thánaig isteach ar an nóimeat soin, "get
me a little provindher in some shuitable
utensil."



D'fhéach Pails bhocht air, is ní fheadair sí
nách "gabhaim siar" a bhí ar siubhal aige.



Do gháir an Mháighistir.



"Is olc é easbha an léighinn, a bhean
bhocht - ní 'ghá chur leat é. Sé dubhart leat
gráine coirce d'fhagháil ar bhodhrán dam.



Do las Pails suas le náire. "An iad
soin na téarmaí a bhíonn do Neill na
Deachmhaidhe agat nuair bhíonn tú ag ól an
phoitín 'n-a bothán súigh?" ar sí. "Má's
iad ní'l éan-iarraidh agam-sa ortha."



Do fuair sí an coirce dho ar a shon-san,
agus do chuaidh sé féin agus Dómhnall síos sa
gháirdín.



Do leanas-sa agus Pails iad. Nuair
chuadhmair síos do bhí an Máighistir ag
déanamh anonn ar "Four-times seven"
agus é ag cur an choirce ag rinnce ar an
mbodhrán i gcás go gcloisfeadh an capall
é. Bhí ceannrach 'n-a chiotóig taobh thiar dá
dhrom aige.



"Bhó there, Peg-ayshus; quiet there,
Peg-ayshus" ar san máighistir. Nuair
chuir an capall a shrón sa bhodhrán, do chuir
Muirtí an lámh chlé n-a mhaing, agus shleamhnuigh
sé an cheannrach taobh thiar dá chluasaibh.
Bhí Peg-ayshus ar adhastar aige faid
bheitheá ag féachaint thart.



"A Mhuirtí," arsa Dómhnall, "cad é an
"pheig-éisios" soin a bhí ar siubhal agat.
Nach breágh do thuig an capall í!"



Sin é ainm an chapaill, a Dhómhnaill."


L. 409


"Há!" arsa Pails, go mailíseach "is
fada ó four-times seven é sin."



"Ná déanfadh Peg mar ainm air an
gnó?" arsa Dómhnall.



"Cionnus a thabharfá Peg ar chairiún?"
arsa Pails.



"Cionnus a tugthar cairiún ort-sa?"
arsa Dómhnall. "Tóg an buidéal as an
gcupúrd go mbeidh gloine ag an
Máighistir."



Míniughadh.



Breac-fhollamh, nách mór follamh. Breac-bhriste,
breac-shláinte, agus rl.



Na cómhursain ba ghaire dhóibh, na c. do chómh-
nuigh 'n-a n-aice.
Dul i nglaise, dul i bhfuaire.
Ní thuisfeadh éinne dho go -, níor dhóigh le hé.
Le féachaint air go -.
Báire comórtais, báire do bheadh idir dhá pharóiste
nó dhá chontae.
Leath-chumaig, an-cheart.
I n-a lic oidhre, … leac oidhre. Is é an
chéad fhocal do shoinseálthar.
Ag tathant air, ag beag-iarraidh air; ag síor-
iarraidh air.
Dé beathadh g. Dé, nuair bhaineann sé leis an am
atá thart, ní maoluighthear an b.
Dé bheathadh g. Dé, is do'n am atá chugainn a
thagarann sé seo.
Ré … gealach, is do'n rud atá san aer do
bheifidhe ag tagairt nuair déarfaidh ré; agus
is é an ghealach solas na ré.
Lá buidhe gréine, níl san bhfocal "buidhe" annso
ach go neartuigheann sé brígh an fhocail eile.
Go siansach, go crónánach; go huaibhreach.
Ghá shárughadh, ag teacht suas leis.
Leónughadh ó Dhia, míorbhúilt ó Dhia.
Leacht, carn cloch a deintear i n-áit i n-a bhfaghann
duine bás obann.
Scarán, an maide cuirthear trí dhá iomchur na
gcliabhán.
Mo phrátaí beaga, ní "beag" a chialluigheann
sé seo, ach ceanamhail.
Do mhothuigheas nó d'airigheas, thá defir idir an
dá fhochal so. Is amach as do chroidhe féin a
thiocfaidh an fios nuair mhothóghair rud, is ó'n
dtaobh amuigh a thiocfaidh ré nuair d'aireóghair
rud.
Ar nós a ' bheithidhigh allta, is treise de rádh é
seo ná "ar n. beithidhigh allta."
Conntonós, aghaidh; ceannacha.
Céadta dubha, ní dubh iad ach iomadamhail, "Tá
na cáirne dubha d'airgead aige."
Siubhlaimís 'n-a dhiaidh - i.e., téidhmís dá fhiadhach
nó dá thóruigheacht.
Scaoinse (fir mó mná), fear nó bean a bheadh fada,
caol.
Thuiteas im' mheaig, thuiteas i dtadhm nó i bhfann-
taise. "I mig an bháis?"
Níor chuireamair chuige ná uaidh, níor bhaca-
mair leis.
San aon otrainn, sé sin i mBéarla in one yard.
Ní fheadar cé'ca ó "idir," nó ó ótrach' (lathach) a
thigeann an focal. Is dócha do réir deabhraimh
gur ó "othrach" a thigeann sé, óir is annamh a
bhíonn easbha lathaighe san otrainn.
Do théarnuigheas, do thánag chugham féin. Do
chuadhas i bhfeabhas.
Ag comhchoimhlic, ag iomaidh le chéile.
Ag callaireacht, ag glaodhach go hárd.
Ceithearnach, duine go mbeadh foluidheacht ann.
Lag-coráisde, easbha coráisde nó misnigh.
Do ghroig, do phrioc, nó do chorruigh suas.
Corruigheacht is trí púint, breis is trí p.
Bianadh a mhaidhe, an fáinne iarainn do bhíonn ar
bhárr mhaide lámha.
Ag éiriughadh an seacht, ní Béarlachas é seo. Sé
deir cainntóirí Gaedhilge nuair bhíd siad ag
tagairt do chapall nó do bhuin.
Cossumar, scata daoine trí n-a chéile. Daoine
gan riair.
Glór-i-gcóitín, leanbh chómh beag san gur bh'é an
glór an chuid is mó dhe.
Dia ghá bheannachadh - i.e., go mbeannuighidh Dia é?
Is dócha.
Shtathadh, stracadh ó'n bpréimh. "Níor fhág sé thuas
táth air nár stath sé is nár bheárr sé."
Níos sia uainn, níos faide uainn. Fada, níos sia,
is sia.
Sas, sas, sas, ag glaodhach chughat ar ghadhar.
Pís, pís, pís, ar chat.
Tiuc, tiuc, tiuc, ar chirc.
Beadaí, beadaí, ar ghé.
Fíni, fíní, fíní, ar lachain,
Buadh-ró, agus c., an tharbh.
Id' eiteach, id' dhiúltadh.
Aontaighibh, aonachaibh.
Badh dheas a thiocfadh Béarla dhom-sa. English
would well become me (ironically).
Bodhrán, a dildorn.
Téarmaí, focail fhada léigheanta (?).
Éirghtheach d'éinne, rathmhar d'é.
Diabhalamhnach, bréabaire díobhailteach.



GRUAGACH AN TOBAIR.



(Ní críoch)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services