Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuanta na Féinne.

Title
Cuanta na Féinne.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CUANTA NA FÉINNE.



A Chara,



Seo chugat sliocht litire ó Riseárd Ó Foghludha:
"Táim tar éis Cuanta na Féinne a léigheamh anois
agus chím: -



"Cuan Dorn: Perhaps the same as Glandore
Harbour. The present Irish form of Glandore is
Gleann Dor."



Is greannamhar thar barr an rud é má ghlaodhann
Gaedhilgeóirí a leithéid sin air; níor chuala féin riamh
ar acht Cuan Dor, agus tá eolas maith ag sean-
daoine mo cheanntair-se ar an áit, mar théidís ann
i gcomhair tobac, nuair a bhítaí 'á "smugaláil" (!)
isteach go hÉire trí fichid bliadhain ó shoin. Is 'mdó
scéal atá againn mar ghioll ar "Chuan Dor".



"Tigh Molaise." - Tá Teampoll Molaise ar
oileáinín ceathair nó cúig de mhíltibh slighe ó Eochaill
- suas an Abha Mhór - le hais Srón na Caillighe,
acht ní dóigh liom gur ionann é agus an áit a theas-
tuigheann uait-se.



[Chuir sé áthas mór orm an fios so d'fhagháil, gan
"Cuan Dorn" a bheith "ar shluagh na marbh" fós.
Is dóigh liom gurab é an ainm ceart atá ag ár
gcaraid, mar, an té do sgríobh Egerton 149, ní
thug sé an aire ab' fheárr d'á ghnó, agus d'á réir sin, is
é is dóichí 'ná a chéile ná "Dorn" a bheith 'na
dhearmad sgríbhneóireachta. Do chuala-sa "Gleann
Dor" ag Gaedhilgeóir ó'n mbaile gcuain úd féin.
Agus féach, "Dor" atá ar fághail anois i gcomhnaidhe.
'sé mo thuairim-se go bhfuil an dá ainm ann, Gleann
Dor tra ar an ngleann agus ar an mbaile agus Cuan Dor
iaramh ar an gcuan.)



Do chara go buan,



S. L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services