"GRUAGACH AN TOBAIR", do Scríobh.
Tráthnóna fé dheire cia bhuailfeadh
chugham isteach ach Tadhg na gColpaí ó Chnoc
an Leasa, carabhat cluthar fé agus maide
téagartha 'n-a láimh. D'aithnigheas go raibh
fonn siubhalóide éigint air.
"Ná cualaís," arsa Tadhg ag freagradh
na ceiste bhí ar bharra mo theangan,
"Seana Shéamus atá fé chlár anocht agus
táim ag dul ar an dtórramh. Is fearra
dhuit dul lem' chois ar feadh tamaill."
"Go ndeinidh Dia an trócaire air," arsa
mise, "raghad ann gan amhras. Is 'mdhó
sgéal fiannuidheachta breágh blasda d'innis
sé riamh dam; agus b'olc an díol fiacha agam
é mara dtéidhinn annois agus paidir a rádh ós
a chionn."
"Gluaisimís orainn mar sin," arsa Tadhg,
"sula mbeiridh an duibhe-ré orainn."
"Níor bh'fada 'n-a dhiaidh sin go rabha-
mair cois tighe an tórraimh. Bhí comhursain
nach sinne ag dul isteach san am chéadna.
Ní dubhairt éinne againn "Dia annso
isteach," ná "go mbeannuighidh Dia dhíbh," ná
aon nídh, mar sin, ach do chuamair isteach
go ciúin i ndiaidh a chéile, agus do leigeamair
ar ár nglúinibh sinn féin i bhfiadhnaise an
mhairbh, agus d'ofrálamair paidir chun Dé dá
iarraidh Air anam an té bhí i láthair a
thabhairt saor, "ó lic na bpian agus trí phian-
taibh Progadóireachta."
D'éis éirighe 'nár suidhe dhúinn deineadh
slighe dhúinn ar fhórmaíbh fada bhí le taoibh
an fhalla sa chisdin. Bhí an marbh leigthe
amach ar shuidheachán bhí i gcoinnibh an fhalla
ar aghaidh an dorais isteach - a cheann chun
na teine agus a chosa chun an drosúra. Bhí
aibíd uimis, agus Paidrín 'n-a láimh dheis. Le
n-a chosa ar sheilp-íochtair an drosúra bhí
chúig cinn de choinlibh ar lasadh; agus an chuid eile
de'n tseilp lán de phíopaíbh is tobac ionnta.
Ar chosaibh an mhairbh bhí pláta sníse, agus
seana-chomráda dhó 'n-a shuidhe ar chathaoir
cois an drosúra. Nuair bhíomair suidhte
d'éirigh an seanduine seo, agus do shín sé
píopa nua chun gach éinne againn.
Na dhiaidh sin tháinig fear an tighe, mac
Seana-Shéamuis, agus d'fháiltigh sé rómhainn i
gcogar ag labhairt focail nó dhó leis gach
éinne againn fé leith chómh fearamhail deagh-
mhúinte is do dhéanfadh mac an ríogh féin.
"Ní maith liom tú bheith chomh ciúin is taoi
anocht, a Dhonnchadh," arsa fear an tighe le
pasdaire fir cnag-aosta a bhí 'n-a shuidhe
cois na teine, "agus is dóigh liom dá
mbéadh san té atá imthighthe uainn a chás a
chur i n-umhail dúinn nár mhaith leis é acht
chomh beag. Inis sgéal nó rud éigin a
chuirfidh an oidhche i ngearracht do sna
comhursain." "Go deimhin, a Dhomhnaill, ní
rabhamair ciúin. Bhíomair gach éinne ag
innsint do'n chuid eile an cruaidh-chás is mo
rug riamh air, ach do stopamair an chainnt
faid bhí muinntir an Chrostaire ar a
nglúinibh." "Is maith é sin," arsa Domhnall,
"ach leanaidh de. Breac-stróinséarach i
n-ár measc is eadh an Gruagach annso, agus
bíonn sé ar scriopaidh cun scéalta mar sin
a chlos."
"Agus tú féin, a Dhomhnaill," arsa
mise "taoi leath-mharbh ó bheith id' sheasamh.
Suidh annso liom-sa agus éist le chruaidh-chás
Dhonnchadh. Gabhaim-se orm gur fiú é chlos."
"Ó, b'fhéidir go bhfuil dearmhad ort, a
Ghruagaigh; níor rug aon chruadh-chás mór
riamh mise, buidheachas le Dia, ach tá beirt
rómhainn fós, Seán Liath agus Mícheál Caoch.
Seadh 'nois, a Sheáin, ná coimeád ag
feitheamh sinn." Seanduine beag teósdalach
do b'eadh Seán agus bríste glún air.
Tá fhios ag bhur bhformhór," arsa Seán,
"go rabhas-sa fiche bliadhain ó shoin níos
óige ná táim anois. Tar éis mo theacht a
bhaile ó'n Aifreann tráthnóna Domhnaigh sa
gheimhreadh thimcheall san oiread san
bliadhanta ó shoin, do thugas fé ndeara ná
raibh mo sheana-bhean istigh léi féin."
"Maith an teacht agat é, a bhrealláin"
ar sise, sceartán ort ó dhrabhfuigheal
pórtair, is gan fód móna fé dh'iadh an
an tighe agamsa i gcóir na hoidhche, mé ann
so ag tuitim leis an saoghal a d'iarraidh ba
do cheangal is leanbh i n-acharann díom, is
tusa -." Ach ní chualadh a thuilleadh mar
bhíos imthighthe, cliabhán ar mo ghualainn is
mé ag dul go port Charraig Fhada an
Staincín ag iarraidh cliabháin mhóna. Cé go
raibh an port leath-mhíle ó'n dtigh suas an
cnoc agus an oidhche tuitithe do shroicheas é gan
bascadh ná barra-thuisle d'fhagháil, agus
bhíos anuas an Eisc Leathan ag teacht go
meidhreach san mhóinn aniar orm nuair chualadh
"mí-amha" thíos ins na Cabhna Dubha, agus ar
nóimeat 'n-a dhiaidh "mí-amha" dá fhreag-
airt thiar ag Cún na Bolgaighe. Do
sheasamh an ghruaigh ar mo cheann agus do rith
codladh grífín síos trí chnámh mo dhroma
go bonn mo chos."
"Na cait fiadhaine," arsa mise, "táim
réidh anois nó riamh."
"Do b'fhíor dom. Ba ghearr go raibh
"mí-amha" agus "mí-amha" eile ann. Badh dhóigh
leat gur thuas san aer bhí cuid aca agus tuille
aca thíos fé thalamh. Im dhiaidh agus ar gach
taobh dhíom bhí an mheannlaidh ag dul i
dtreise agus ag teacht níos athchumaire dhom."
"A-bhaile," arsa mise, "sul a dtigidh
siad mór-thimcheall orm. A-bhaile, chun na
seana-mhná; dá dhonacht í is measa iad so
go mór. Siúd ag cur is na cosaibh mé,
agus siúd an uaill im' dhiaidh. Níos tréine,
níos géire anuas an cnoc liom agus an cliabhán
ar mo dhrom. B'é toil an tsaoghail go
raibh an doras ar dearbh-leathadh romham.
do chaitheas isteach mé féin."
"Na cait! an cliabhán! a Mháire, tóg
díom é," arsa mise i ndeireadh na preibe.
"A Dhia na bhFeart," arsa Máire, "cad
d'imthigh ort nó cá bhfuil an cliabhán?
Sin é a úmpar (iomchur) féd' ghiall
agat, acht tá an cliabhán caillte agat."
B'fhíor dí. Do shuidheas ar an suidhistín.
"Tá mo chosa tinn," arsa mise, "bain
díom mo bhróga."
"Ach an deamhan baint, mar ná rabhadar
orm chuige - bróg ná baimpéis stoca, acht
amháin uachtair na mbróg a bhí ós cionn mo
dhá ghlún ó bharr reatha agus droch-úsáide.
"B'in cruadhtan agaibh," ar seisean ag
féachaint timcheall orainn.
"Do b'eadh, go díreach, a Sheáin," arsa
fear an tighe "agus mara mbeadh an braon
pórtair is baoghlach ná tabharfá t'anam
uatha."
"Is fíor dhuit," arsa Seán, "níl éin-nídh
mar bhraon biotáille chun spiona a chur i
nduine."
"Do chruadh-chas-sa anois, a Mhíchíl,"
arsa Donnchadh.
"Ní dom féin a theangmhaidh an cruadhtan
so" arsa Mícheál "acht dom shean-athair.
Is iad cait Sheáin a chuir i gcuimhne dhom é.
"Ar an mbaile gcéadna so do bhí poitín
dá dhíol ag Neil na deachmhaidhe, agus go
deimhin is 'mdhó mí-chlú nách é do lean de
Neil agus dá cómhluadar. Oidhche spéir-
ghealaighe timcheall na Nodlag, bhí roinnt
fear ag ól i mbothán Neil, agus as an ól do
thosnuigheadar ar bhladhmann agus ar mhuidheamh
a gcuid laochais is gaisce ar a chéile; bhí mo
shean-athair na measc.
"Anois," ar sé, "tá dhá cheig de'n
bhuachaill annsoin ag Neil, agus cuirfead mar
gheall le héinne agaibh é, nó libh go léir,
go raghad amach anois gan ghunna, gan
chlaidheamh, gan fiú cipín maide, agus go
dtabharfad machtíre 'n-a streille-bheathaidh
isteach cughaibh, sara mbeiridh glaodh an
choiligh orainn."
Bhí an geall thíos láithreach. D'fáisc mo
shean-athair carabhat reamhar olna cúpla
uair timcheall a scórnaighe, agus siúd amach é.
Siar an Doire Dubh leis, suas Faill na
bhFraochán, amach an Céim Dearg, agus níor
stad sé gur shroich sé na Mongacha Bána,
marar chaith sé é féin ar a thár i n-áirde
mar bheadh sé 'n-a dhubh-chodladh. Níor
bh'fhada gur airigh sé an t-ainmhidhe ag
smúisigheal 'n-a timcheall agus ag druidim
isteach leis i ndiaidh ar ndiaidh chun gur
chuimil sé a chuincín fuar far a leacain.
Is deabhrthach go raibh sé sásta, mar d'imthigh
sé tamall siar agus do sheasaimh sé ar thúr-
tóig agus do chuir sé scol-ullagán as. I gcionn
nóimit bhí a chomráda i n-éinfheacht leis.
Comh luath is bhí an machtíre imthighthe do
phreab mo shean-athair suas ar a chorra-ghiob,
agus do shín sé siar arís - a cheann anois mar
a raibh a chosa ó chianaibh, agus a chosa mar a
raibh a cheann. Siúd anuas an dá mhachtíre.
Níor dheineadar aon smúisigheal anois, ach
léimeadar fé dhéin a scórnaighe mar shíleadar
agus do chuireadar na fiacla i n-acharann 'n-a dhá
bhuaitis. Le n-a linn sin do lámhuigh mo
shean-athair gach ceann aca ar stompa
erbaill. Seo 'n-a shuidhe go tapaidh é, agus
do sháith sé an dá mhachtíre roimis amach trí
gach bóthar is acharann gur chuir sé ar an
dteinteán ag Neil na deachmhaidhe iad, agus
do rug sé an poitin."
"Do b'éachtach an gníomh é," arsa fear
an tighe, "agus anois, a Dhonnchadh, innis-se
dhúinn an cruadhtan is mo rug riamh ort-sa,
agus ó tá sé ag tarrac ar an meadhán oidhche
beam ag braith ar an nGruagach chun an
choróin pháirteach a rádh 'n-a dhiaidh."
"Nuair bhíos-sa im' gharsún," arsa
Donnchadh, "an deich nó dosaon bliadhan do
cheap m'athair, go ndeinidh Dia an trócaire
air, go raibh adhbhar scoláire ionnam, nó
b'fhéidir adhbhar sagairt, agus do chuir sé ar
scoil mé. Níor fhágas an Gleann i n-a
rugadh mé riamh roime sin, agus ní raibh éin-
sceón ná eagla agam roim mháighistir
scoile ach chomh beag is do bhí roim aon fhear
eile go mbeadh ceann is cosa air. Nuair
shroicheas an scoil bhí cuid de sna garsúin
romhain 'n-a suidhe, cúigear nú seisear aca
'n-a seasamh i gceann na scoile, agus fear
duairc, is smuilc dhearg, gheanncach air, is
é ag féachaint tríd an bhfuinneóig amach,
'n-a sheasamh 'n-a n-aice. Ní ag féachaint
amach bhí sé i n-éan-chor, ach is amhlaidh a bhí
fiar-shúil aige ach ní raibh a fhios-san agam-
sa.
"Tar aníos annso chugham," ar sé, "agus
é mar shíleas ag féachaint amach. Ní fhaca
éinne ag teacht. "Tar aníos," ar seisean,
"má tá aon mheas ar do chroiceann agat."
Nuair ná raibh éinne ag teacht, agus nuair
chonnac ag lasadh suas le feirg an
máighistir, agus na garsúin ag priocadh a
chéile, dubhart go neamh-eaglach. "Mhuise,
a Mháighistir, b'fhéidir gurab amhlaidh ná
cloiseann sé tú, raghad amach agus glaodhfad
air." "Cé air?" ar san máighistir agus é
'ghá thachtadh le buile. "Ar an té tá
amuigh go bhfuileann tú ag glaodhach
air," arsa mise. Aililiú siúd chugham ar
nós tairbh buile é. Bíos 'n-a chrúcaíbh láith-
reach. Ní cuimhin liom puinn dá ndubhairt
sé, ach is ró-mhaith is cuimhin liom ar dhein
sé - agus measaim go raibh cuimhne aige-sean
leis ar feadh abhfad ar cad do dheineas-sa.
Fuair a loirgne é chómh tréan is d'fhéadas
é, agus b'é toil an tsaoghail go bhfuaras a
órdóg idir m'fhiacla sa deireadh, Ní dóigh
liom gur bhuail sé éinne le láimh na
hórdóige sin go cionn mí n-a dhiaidh sin.
Im' thaobh féin do shnámhas a-bhaile ar
chuma éigin, agus do spalpas an leabhar breac
go lámhachfainn éinne, dá mb'é an Pápa é,
a thabharfadh scoil do mháighistir go mbeadh
fiar-shúil aige.
(Ní Críoch).
TAGRA.
Carabhat cluthmhar, a warm cravat.
B'olc an díol fiacha agam é, I should but ill return the
compliment.
Beurfaidh an duibhe-ré orrainn, the dark moon will
overtake us. That is, the moon will have set
before we reach the place.
An marbh, the dead man. The body.
Bhí aibíd uimis, he wore a habit.
Pasdaire fir, a lump of a man.
Da mbeidheadh san té tá imthighthe uainn a chás do chur
i n-úmhaill, if he who is gone from us were able to
make his wish (case) known to us. "Níl ionam
labhairt chúghat," is better Irish than "Nílim
ábalta ar labhairt chúghat."
Bíonn sé ar sgriopaidh, delightedly willing.
Gabhaim se orm gur fiú é chlos, I warrant it is worth
hearing.
Istig léi féin, in good humour.
Amuigh léi féin, out of humour.
Fear teosdalach, one who carries himself tidily.
Sgeartán ort ó phórtar, pot-bellied from drinking
porter.
Leanbh i n-achrann díom, a child that does not wish to
part with me. Anglo-Irish, "a child tied to me."
Codla grífín, the peculiar sensation felt in one's foot
when it hangs unsupported for a time, or which
runs through the spine when the system receives
a sudden shock, as of cold water, fear, agus c.
Siúd ag cur ins na cosaibh mé, I started running for
my life. Illiterates translate it, "Here I runnin'
away."
Baimpéis, a vamp.
Neill na deachmhaidhe, typical of a few notorious local
characters. They used to farm the tithes from the
parson. Hence deachmhaidhe.
Na streille-bheathaidh, very much alive. According to
local tradition wolves survived in Glengariff until
quite a recent date.
Ar a thár anáirde, on the flat of his back. Said of
idlers.
Smuisigheal 'n-a thíompall, audibly smelling around
him. I remember an old woman here whom we
used to call Caileach na Smuisígheala, because of
her habit of snuffling.
Úmpar an chliabháin, the bearer: that is, the rope
attached to the basket for carrying or bearing it.
Ar a chorra-ghiob, on his haunches.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11