Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal Shéamuis a' Réisidhe.

Title
Sgéal Shéamuis a' Réisidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGÉAL SHÉAMUIS A' RÉISIDHE.

Ursgéal nár cuireadh riamh i gcló agus nach
bhfuil le fagháil ar bhéal-aithris.



Uair de na tráthaibh, bliadhanta beag'
áiride i n-éis mise Baile Mhic Aodha a
fhágbháil agus a dhul a chomhnaidhe go Béal a'
Channa, thárlaidh go raibh gnaithe (gnóthaidhe)
beag sráide agam, agus gur tharraing mé im'
inntinn tráthnóna Dia Domhnaigh amháin dhul
siar go margadh Ghránraid lá ar n-a
mhárach. Éirighim go lom-luath ar maidin,
deasuighim orm mo ghearr-éadach, beirim
ar mo bhata in mo láimh, agus níor bhuain mé
maide de mo ghualainn go raibh mé 'mo
sheasamh thiar ar a' tsráid. Ghabh mé 'nonn
agus ghabh mé anall gur rinne mé gach
gnaithe (gnóthuidhe) beag ócáideach bhí agam
le teanamh. Amharcaim uaim in-sa' tráth
sin, d'aithnigh mé an ghrian a' tosughadh ar
chlaonadh - char bh'iongnadh é, an tráth de'n
mbliadhain a bhí sé, aimsir dubh dorcha an
gheimhridh, timchioll coicthighis nó, mar adéar-
faid, deich lá roimhe Nodlaig.



Cia chas orm annsin acht Eoghan Ua Ragh-
ailligh agus tuilleadh de shean-chomharsanaibh
a' Mhachaire.



"'Sé do bheatha, a Shéamuis Uí Raghailligh
thall, 'sé do bheatha, a Shéamuis Uí Raghailligh
thuas" (acu uilig) "ó Bhéal a' Channa; ar
ndóigh is leigheas do shúile tinne amharc
d'fheicsint ort ar mhargadh Ghránraid."



Bhí mé féin a' tabhairt buidheachais fá
leith do gach éan-duine aca; acht, nuair 'a


L. 358


mhian liom cúl mo cheann a chasadh leóf-
san, - "A Shéamuis dhílis," ar siad, "an mar
sin atá tú 'g dul a imtheacht uainn? Is
cosamhail nach bhfuil gleó nó éadmharacht
ort a' smuaintiughadh ar an tsean-aimsir,
nó a' rachamuid isteach go n-ólfamuid
dram?"



"Níor chlaon mé riamh in sa' gcás," airse
mé fhéin, "agus ní móide a dhéanamh anois";
agus b'fhéidir go mb'fheairrde do mo shláinte
a dhul amach i gceann mo aisdir.



Chuaidh muid isteach go tigh Mhicí Uí Shúil-
leabháin, - buailtear an clár; sgairteadh
ar noigín; bhí sé a' dul ó noigín go noigín
gur ól Séamus Ua Raghailligh a dhóchain.
Ag socrughadh cúntas an chláir, iarraim
féin cead ó Mhicí Ua Súilleabháin mo cheann
a leagain ar thaoibh leabtha a bhí ann, gur
éirigh mé go ró-mhoch ar maidin is go raibh
néal in mo cheann 's nach féidir domh mo
aisdear do dheanamh go dtaireongainn mo
shrann.



"'Seadh, agus míle fáilte, a Shéamuis Uí
Raghailligh, do raith," airse Micí Ó Suil-
leabháin, "agus, d'á bhárr sin, ní thig do éin-
neach a theacht isteach insa' tseómra so
'cur connradh ar bith ort ann go bhfáigfidh
tú é."



Thug mé féin buidheachas mór do Mhicí
Ua Súilleabháin, agus leigim mo cheann síos, 's
ní fios deimhneach domh cia fhada a bhí mé
ann, acht is dóigh go bhféadfaidh sibh féin
baramhail ghéar a thabhairt an tráth de'n
oidhche a bhí sé, nuair a thainic mé amach ar
an tsráid agus fuair mé gach doras dúnta, 's
an chorr-fhuinneóg a bhfeicinn coinneal
lasta innte, nuair a dearcainn go grinn
uirrthi, shaoilfinn gur trí cinn a bhí air.



Thainic mé liom, agus dhá thaobh an róid liom,
go dtainic mé isteach go Baile a' Mhuilinn
's an tráth de'n oidhche fuair mé mé fhéin
annsin bhí sé céin-déidheanach 'san oidhche,
na daoine 'na luighe, agus madraidhe na tíre
'na dtaist (dtost).



Thainic mé ar m'aghaidh go dtainic mé go
bealach athghairide an Teampaill, 'smuain-
eamh go mbeidhinn a' teanamh an aimsir agus
an bealach níos giorra, agus tóigim (= tóg-
aim) mo dhá chos de'n mbóthar. Ach, anois,
sul a rachfaidh mé níos faide leis a' sgéal
so, b'fhéidir go mbeidheadh an neach agaibh-
se tá 'g éisdeacht liom anocht a bhfuil mur
(bhur) dteanga in mur (bhur) bpluic bheidheadh
chomh mí-shéanmhar dhóibh féin go n-abairidh sibh
amáireach nó anóirthear gur seo cuid do
ghearr-mhagadh Shéamuis Uí Raghailligh. Ach,
anois, má tá, go dtigidh a bhfuil a (= de)
phréacháin i gcroinn Bhaile Locha Craoibhe i
mbarraibh mo chinn, nó go ndéanaidh a mhnáibh
díomhaoineach' i gCabhán Uí Raghailligh a
gcuid cainte thart fá mo chluasaibh, má tá
mé 'g innseadh a'n chlaoin bréige. 'S ar
ndóigh, i n-éis an easgaine mhilltigh mhall-
uighthe sin, ní bheidh neach agaibh-se a bheidh-
eas chomh mí-shéanmhar dhó féin 's go rachfadh
sé a dhéanamh seort ar bith amhrus ar mo
sgéal-sa. Ach, anois, má tá, is é a bhfuil
mise ag iarraidh a dh'acfuinn go bhfuigidh
gach éan-duine agaibh do réir a chroidhe.



Thainic mé ar m'aghaidh gur chuir mé
páirc thalmhaidhe tharam, agus is obann éirigh-
eann gach ruainne d'á raibh ar mo cheann
'na sheasamh. Cuirim cluas le héisteacht, agus
chualaidh mé an mheigiollach agus an scread-
alach chruaidh chráidhte ar a' gcasán eidir
mé 's an teampall. In-sa' tráth ní raibh


L. 359


éan ná aithid ar siubhal, acht ceó dlúith ós
cionn an talaimh 's gleó smúid ar na
réalta. Admhuighim gur ghlac mé galruigh-
eas 's gur smuainigh mé a dhul ar ais
ariamh gur tharruing mé an dara smaoin-
eamh im' inntinn go mbadh lag-bhriathrach
an sgéal agam le innseadh do éinneach
cionnas go gcuireadh glór ar bith eagla
orm 'n-éis gach gleó d'á dtug mé buaidh
beart roimhe sin. Thainic mé ar mo aghaidh
go dtainic mé 'steach go talamh Chondaí
Uí Dhomhnaill. Cuirim cluas le héisteacht
arís, agus chualaidh mé an torann agus an
tóirneach chomh toll sin 's nach fios deimh-
neach domh cia acu a bhí sé ar talamh nó in-
san aedhar.



D'á bhárr sin, chualaidh mé mar a thuit-
feadh carn mór cloch ó bhárr caisleáin le
brisleach 's go mbuainfeadh sé mac-alla as
na mullaigh thart timchioll.



"A Shéamuis Uí Raghallaigh," airse mé,
"mur'b iad na hiaróigí sídhe tá 'cur
draoidheachta ort anocht in-san tslighe, 'sé
Ciséal as Fuirneach a chaithfeas a bheith a'
leagadh an teampaill."



Nuair 'a fearr-is-bárr eagla thuit-
eadh orm, nuair a chuaidh mo chuid fola thríd
a chéile, 'sé chaith mé cé bhí de orm dhíom, agus
thainic mé ar m'aghaidh gan cotughadh go
dtainic mé thar coirnéal na Reilice, mar
a thig sibh anuas do na clochaibh móra, agus
thainic suas le dhá thadhbhaisteadh tadhbhasach
bhí i ndeireadh na teannana i nglacadas
láimhe le chéile, 'sparnamh fá thaiséadach.



Amharcaim ortha agus d'amharc siad orm,
acht ar feadh na haimsire, a bhuachaillí, choin-
nigh siad a ngreim ar a' bhraithlín.



D'aithnigh mé ar cheann beag acu, do réir
na ndroch-ghibleidí beaga éididh a bhí air,
gur tarán a bhí ann, acht tá mé deimhneach
anois 's an nuair sin gur gruagach a bhí
in-san fear eile.



Bhí mé annsin ar feadh cian aimsire
'smuaineamh goidé is cóir domh a dhéanamh,
acht fá dheireadh is fá dheóidh smuainim go
raibh sgian eite le mo mhac Seaghán an iom-
char liom. Cuirim mo lámh in mo phóca, agus
tarruingim amach í, agus fosglaim í.



"Caill nó contabhairt," arsa mise, "rachaidh
mé in-san eadairisceán."



Chuaidh mé síos is sgoilt mé an bhraithlín
ó bhárr go talamh eadtorra, acht má rin-
neas ariamh, nuair a fuair an tarán leath-
an bhraithlín aige, agus é réitighthe as eiteach
an ghruagaigh, thug sé boc-léim trasna
ballaibh na reilice, acht má thugas ariamh,
thionntaigh sé thart a' tabhairt buidheachais
domh féin -



"Blessed be the peacemaker, Jemmy
Reilly, you are for peace this night."



"Pray, sir," says I, "whose ghost are
you that has such knowledge of me, or
makes so free with my name."



"O! Jemmy," says he, "it is too late in
the night to descant upon that, but, if per-
chance you come safe this night, which
must be all owing to your own manlihood,
then I and you may discourse on it here-
after."



D'aithin mé féin a réir briathracha an
taráin go raibh mé i ngéibheann ag an
Ghruagach, 's nach raibh ní ar bith b'fhearr nó
an meisneach, smuainim amharc timchioll air,
acht 'nuair a dhearc mé go grinn ar a aghaidh
gné fíochmhar, 's ar a ruisge [rosga]
dearg', géar-radharcach, 's ar mheasgadh na
bhfiacal, d'aithin mé go rabh sé gunta le
míoscas chugam.



(Ní Críoch.)



DRUIM LUAMÁIN II.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services