Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aisling an Bhuanuidhe.

Title
Aisling an Bhuanuidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Muimhneacháin, Seaghán
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISLING AN BHUANUIDHE.



Nach greannmhair an aisling do dhineadh aréir dam,
Go rugas ar chorán is gur gheárras mo mhéar leis?
D'éirgheas im' sheasamh, agus an codhladh dhom' thraochadh,
Agus chuadhas-sa seacht slata as mo leabaidh de'n
léim sin.



Bhí triúr aca ag tiomáint agus hurrá aca ag gluaiseacht,
Le fuinneamh an dronáin ar mo shlinneáin anuas orm;
Bhí allus n-a shrotháin lem' chocán ag gluaiseacht,
'S ní fheicinn mo chorán bhí an tiomáint chomh muar soin.



Beir litir uaim siar go hIarthar Uíbh Laoghaire,
Gur bh'é an corán do chiap me 's dhfhág iarsma lem
shaoghal orm;
Do bhí sé chomh géar agus a leithéid sin dh'fhaobhar air
Go ngearrfadh sé an d-l dá bfaghadh iarracht sa
mhéir air.



Tá gabha geal sa Spáinn is tá trácht mór ar chéird
aige
Go gcailleadh sé a shláinte 's go bráth ná faghadh
faeseamh
Eascaine an Phápa 's na bhfáidhí go léireach
Ar dhéantóir an choráin nár fhág buille maol é.



B'fhearr liom bheith sealad ag crochadh na ndaoine,
Nó i bPríosún Chluain Mheala ag obair d'ló 's
d'oidhche,
Nó dul ins an arm i measc fola 'gus cuimheascair,
'Ná dul i measc meithil lem' coráinín nimhneach.



Ceannoghad-sa mála agus fáscfad-sa téad air,
Agus raghad go Portláirge ag soláthar na déirce;
Siubhloghad-sa gach áitreabh im' fhánuidhe ar fuid
Éireann
S mo mhallacht ar mo choráinín d'fág máchal lem'
shaoghal orm.



SEAGHÁN O MUIMHNEACHÁIN,
Do sholáthruigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services