Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán an Eala.

Title
Amhrán an Eala.
Author(s)
Ní Chaoimh, Maighréad,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Amhrán an eala



Ins an tsean-
aimsir do bhí
duine bocht 'n-a chomh-
nuidhe le hais na fairrge.
Tadhg a bhí mar ainm
air, agus do bhí triúr
inghean aige, acht caill-
eadh a máthair sara raibh
ciall ag éinne aca. Do
bhí duine aca go raibh
Eibhlín mar ainm uirthi,
agus ba mhó an cion
do bhí ag an athair uirthi
sin 'ná ar éinne eile aca.



Lá áirithe, do bhí Tadhg
féin 'n-a shiudhe i n-aice
an doruis ag caitheamh píopa dhó
féin agus na páistí os a chomhair
amach agus iad ag imirt agus ag rith síos
suas feadh na fairrge. Bhí go maith go
ceann tamaill gearr. Acht, mo léir!
níor bh'fhada gur thuit duine aca isteach
'san bhfairrge agus cia 'r bh'í sin acht Eibhlín
féinig.



Do phreab an t-athair 'n-a sheasamh agus siúd
isteach san bhfairrge é ar lorg an chailín.
Acht ní raibh éan-mhaith dhó ann, mar do
theip air í shábháil. D'fhan sé 'san uisce
go raibh sé bog-chortha agus níor bh'fhéidir
leis an leanbh fhagháil i n-éan-chor. Do bhí
Tadhg bocht cráidhte is brónach go leór 'n-a
diaidh, nídh nar bh'iongnadh; acht ní raibh son
ar an gcuid ba mheasa de'n scéal.



Oidhche áirithe spéir-ghealaighe tamall 'n-a
dhiaidh sin agus Tadhg 'n-a sheasamh ar bhruach
na fairrge agus é ag féachaint ar an áit gur
bádhadh Eibhlín ann, cad do-chífeadh sé ag
teacht isteach treasna na fairrge chuige,
acht eala bhán agus í ag amhrán chomh binn
le chéol sidhe agus chomh brónach le guth
mná sidhe. D'fhéach Tadhg uirthi agus sceón ann
go dtí go raibh an t-amhrán críochnuighthe.
Nuair bhí, do chuaidh an eala thar n-ais ar an
slighe chéadna aríst.



Chonnaic muinntir na háite an eala, leis,
agus dubhradar go léir le chéile narbh'
aon-mhaith a thiocfadh as, agus do fíoradh
a gcaint, mar níor bh'fhada 'n-a dhiaidh sin gur
thuit cailín eile do chloinn Thaidhg breóite
agus cailleadh í, cé gur dhein na daoine go
léir a ndicheall ar a son, mar ba mhór an
meas do bhí aca ar Thadhg agus a chlann.
Do bhí croidhe Thaidhg beagnach briste, acht do
bhí aon pháisde amháin aige fós chum a
sprid a choimeád suas, acht, mo bhrón ma
bhí, ní raibh sí aige i bhfad. Bhí an t-athair
'n-a sheasamh arís, oidhche, ar bhruach na
fairrge, nuair tháinig an eala agus í ag
amhrán, chomh brónach le gaoith an gheimhridh.
Tháinig crith-eagla ar an bhfear bocht, mar
bhí a fhios aige go maith gur donas éigin
eile bhí ag teacht chuige. Do bhí, dar
ndóigh, mar is é an rud a thuit amach ná
gur cailleadh an tríomhadh leanbh agus do
bhí Tadhg bocht 'n-a aonar ar fad 'n-a dhiaidh sin
agus a chroidhe briste. Do bhíodh sé 'n-a sheasamh


L. 240


gach aon oidhche as soin amach ar bhruach na
fairrge ag féachaint an raibh an eala ag
teacht, mar bhí a fhios aige go gcaillfidhe é
féin an chéad uair eile d'aireoghadh sé
amhrán na heala, agus do bhí fáilte aige
roimh an uair sin. Acht ní raibh an eala ag
teacht.



D'imthigh na bliadhanta i ndiaidh a chéile go
luath agus fé dheireadh do bhí Tadhg 'n-a
sheanduine liath. Do bhí sé an-bhocht, mar
níor bh'fhéidir leis acht beagán oibre do
dhéanamh, bhí sé chomh aosta soin. Do bhí an-
thruagh ag na daoinibh air agus dheineadar a
ndicheall chum cabhair do dhéanamh dhó. Acht
b'fhearr le Tadhg gan bheith ag brath ar
éinne dá mb' fhéidir leis obair do dhéanamh
dhó féin. Do bhíodh sé i gcomhnuidhe ag
faire cois na fairrge acht ní raibh an eala
le feicsint fós. Bhíodh daoine ag cainnt
le chéile 'n-a thaobh-san, agus dubhradar go
minic nárbh' éin-eala bhí ann an aimsir úd
acht sprid Eiblín. Ní raibh a fhios ag éinne
aca cad bhí i gceann Taidhg 'n-a thaobh.
Sin mar bí go ceann tamaill.



Fé dheireadh, oidhce spéir-ghealaighe agus
Tadhg 'n-a shuidhe ar bhruach na fairrge mar
ba ghnáthleis bheith, chonnaic shé i bhfad uaidh an
eala gheal agus í ag déanamh fé 'n-a dhéin
agus í ag amhrán chomh binn le ceól na
n-aingeal. Do phreab croidhe Thaidhg 'n-a
chliabh le neart áthais agus ba dhóigh leis
féin go raibh sé óg arís.



Acht sara raibh an eala tagtha i n-aice le
Tadhg do stad sí, agus cad do dhéanfadh
sí dhí féin acht cailín spéireamhail agus
culaidh éadaigh ghlégil uimpi agus rud mar
bhogha leaca timcheall a cinn. Do sheas sí
ar bharr an uisce agus í ag féachaint go
grádhmhar ar Thadhg agus ag síneadh a
dá lámh chuige. D'éirigh Tadhg 'n-a
sheasamh. Bhí a fhios aige go raibh a
nóimeat déidheannach tagtha mar d'aithin
sé a inghean féin Eibhlín.



An oidhche chéadna, do bhí duine de
mhuinntir na háite ag siubhal cois na
fairrge nuair theangmhuigh sé ar Thadhg agus
é 'n-a chodladh ar a bruach, dar leis an
bhfear. Do ghlaoidh sé air, acht ní bhfuair sé
éin-fhreagra, mar bhí an t-anam imthighthe as
Tadhg. Ar an nóimeat céadna chonnaic an
fear an dá eala agus iad ag déanamh
ceann ar aghaidh amach ar bharr na fairrge.
Bhí iongnadh air mar gheall ar an dá eala
mar ní fhaca éinne roimhe sin acht éin-eala
amháin. Do chomáin an fear leis agus
d'innis an scéal do mhuinntir na háite.
Bhí a fhios aca go léir nach dhá eala bhí ann
acht Eibhlín agus a hathair ag imtheacht go Tír na
nÓg ins an bhfairrge mhóir.



Chuireadar Tadhg go galánta, mar ba
mhaith an chomhursa é agus ba mhór an cion agus
an meas do bhí aca go léir air.



Ní fhaca éinne an eala bhán 'n-a dhiaidh
sin. B'fhada do mhair an scéal le
muinntir na háite agus ba mhinic
d'airigheadar na páistí cionnus a bádhadh an
cailín beag agus cionnus do tháinig a
sprid go dtí a hathair; acht níor airigheadh
a thuilleadh go bhráth amhrán binn brónach na
heala.



Triúr inghean, three daughters. Cailleadh a
máthair, their mother died. Sara raibh = sul a raibh.
Ba mhó an cion, the father liked her better than any
of the others. Ag caitheamh, smoking a pipe for him-
self. Do theip air, it failed him. Bog-chortha, pretty
tired. Ní raibh soin, that was not (on) the worst part
of the story. Oidhce spéir-ghealaighe, a moonlight
night. Sgeón, fright. Do fíoradh a gcainnt, their
talk came true. Crith-eagla, a shaking of fear.
D'aireoghadh sé amhrán na heala, he would hear the
swan's song. Acht b'fearr le Tadhg, but T. would pre-
fer not to be depending on anybody. Acht sara raibh,
but before the swan had come near Tadhy she stood.



Maighréad Ní Chaoimh



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services