Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanaid na nGaedheal - Sgoil Gaedhealach.

Title
Seanaid na nGaedheal - Sgoil Gaedhealach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanaid
na nGaedheal.



SGOIL GAEDHEALACH.



Tá an ceart ar fad ag Conán Maol.
Teastuigheann sgoil Ghaedhealach uainn.
Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois,
acht creachadh, agus tá a rian orainn. Tá an
donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn
acht bliadhain níos measa 'ná a chéile. Tá
muinntir na tuaithe a' scaipeadh agus a'
meathadh, agus tá na sráid-bháiltí beaga ag
dul i n-olcas gan aonach gan margadh
foghanta.



Féachaimís ar an dtalamh agus ar chura-
dóireacht na tíre. Tá an chuid is mó de'n
talamh leath-bháithte le huisge, agus ní hamháin
an talamh ísiol acht leicne árda. Is ortha
tá na barraí breaghtha luachra a' fás agus gan
duine ná daoine a rómharfadh díog chun
iad a thiormughadh. Féach feirmeóirí na
hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá
theistiún an chloch agus a' tabhairt sgillne ar
Castalia nó ar rud éicint eile go bhfuil
ainm mhór air.



Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh.
Nuair do b'fhéidir leis na huaislibh crainn
a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís
ní bheidís anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh
ag iarraidh déarca ar Bhuindeam. Bheadh
airgead i n-a bpócaíbh aca agus bheadh obair
ag lucht oibre atá anois a' teitheadh as
Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo?
An saghas tabhairt suas a fuaireadar.


L. 228


Níor cheap éinne go mba cheart d'uaislibh
na hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh
na hÉireann. 'Seadh! tá toradh a ndeagh-
oibreacha aca anois agus is baoghlach liom-sa
nach ag dul i bhfeabhas a bheidh an sgéal aca
feasta.



Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann
seisean ná fuil éan-mhaitheas i gcrainn acht
iad do ghearradh agus a dhóghadh. "Ní'l siad
acht a' rugadh brighe an tailimh." Ní baoghal
dó-san crann a chur. Gearrann sé an
crann mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air,
acht bíonn na mílte feóchadán agus geósadán
a' fás i n-a pháirc aige.



Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar
sgoil fuair sé árd-mhúineadh. Bhí fhios aige
cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do
'neósfadh sé dhuit an méid uisge ghabh le
fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir íochtair
Aimeirice, agus bhí cúnntas cruinn aige ar
athair agus ar mhathair ríogh bhí 'sa' Róimh na
mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine
gur ádhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus
an saghas foghluim a fuair sé ar sgoil.
Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór
d'eólas le fagháil aige ar an tslighe
bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí.
Chonnaic sé na crainn a' fás; chonnaic sé
an duilleabhar a' séideadh ins an Earrach agus
a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir
éinne 'n-a cheann ná raibh ó'n gcrann úd
ar thaobh an bhóthair acht greim fhagháilt ar
an dtalamh agus go mbeathóchadh an t-aer é.



Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith
lá riamh ar sgoil, agus geallaim agus deimhnighim
gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóir-
eacht agus ar nidhthibh a bhaineann le saothrughadh
na talmhan 'ná bhíonn anois aca so a chaith-
eann na bliadhanta ar sgoil.



Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar
seo ag ógánaigh na haimsire seo. Tagann
mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúth-
chas. Pé eólas a bhí ag ár seacht-sinsearaibh
is i nGaedhilg do b'fhéidir beó é chur i
n-umhail dá gclainn; acht ní raibh éin-mheas
aca-san ar Ghaedhilg. Chaitheadar uatha í, agus
i n-a theannta sgaradar le heólas na
sean-daoine a tháinig rómpa. B'fhéidir go
raibh beagán d'eólas a shinsear ag an
bpáisde ar dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht,
má bhí, níor bh'fhada gur stracadh as na
préamhachaibh an t-eólas so, agus má fágadh
éan-chuid de gan stracadh, do múchadh é le
carta an Bhéarla sara raibh an leanbh leath-
bhliadhain ar sgoil. Thug na múinteóirí
iarracht ar síol an Bhéarla a chur. Ní raibh
an ithir ró-oireamhnach, agus ba mhinic an síol
go holc, agus ba mheasa é an leasughadh, agus b'é
deireadh an sgéil é gur fhág an sgoláire
an sgoil agus é gan Bhérla gan Ghaedhilg.



Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd
seo? Tá gan amhras. Tá an leigheas ag
an ndorus againn. Tá an leigheas i
dteangain ár sinsear. Moladh le Dia! tá
an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol
curtha i n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá
bhfeicimís an gheamhar a' teacht suas níos
treise agus níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh
foidhne againn. "Tagann gach maith le
cáirde," agus "I ndiaidh 'chéile dhéantar na
caisleáin." Beidh barra maith againn fós,
le congnamh Dé.



Ní dóigh liom féin gur tháinig an t-am
fós chun Sgoil Ghaedhealach "Chonáin
Mhaoil" a chur ar bun.



'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des
na sgoileanna atá againn. Má is maith
leis an stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil
Ghaedhealach a dhéanamh d'éan-sgoil atá
fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le
fagháil i gceanntar Ghaedhealach a chuirfeadh
Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna


L. 229


bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimis
sgoil oidhche suas. Tá airgead le fagháil
ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir
linn-ne greim fhagháil ar chuid de chun na
Gaedhilge a mhúineadh agus ní dóigh liom-sa go
bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a
chur orainn.



"An té ná bíonn láidir
Ní fuláir do bheith glic."



Ní'lmid-ne láidir fós, agus nuair ná fuil-
mid, 'sé is fearra dhúinn a dhéanamh 'ná
greim a bhreith ar gach buntáiste agus úsáid a
dhéanamh díobh ar son na Gaedhilge.



"Glac a bhfaighir agus díol a bhféadfair."



BEIRT FHEAR.



GLUAIS.



Creachadh, spoiling. A' scaipeadh agus a' meathadh,
scattering and decaying. Sráid-bhailtí, villages.
Leicne árda, high hill-sides. Dhá thuistiún an chloch,
eightpence a stone. Maol ó chrannaibh, bare of trees
Crainn a chur, to plant trees. Ag iarraidh déarca,
seeking alms. Cad is cionntach, what is to blame for
this. Tabhairt suas, up-bringing, education. Ní
baoghal dó-san crann chur, no fear of his planting
trees. Cia-ca an cnoc is aoirde, which is the
highest mountain. Ghabh le fánaidh, went down. An
bheag nó an mhór d'e ólas, some little or much know-
ledge. Curadóireacht, agriculture. Is i nGaedhilg
do b'éidir leó, in Irish they were able to make it
known to their children. Stracadh as an préamhacha,
torn out of the roots. An ithir, the soil. Geamhar,
young grass. Scairt sa bhearnain, a bush in the
gap.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services