MAR BUAILEADH AN BOB AR AN
nGRUAGACH.
1. "A Ghruagaigh," arsa Séamus, "an dóigh
leat go bhféadfadh éinne, le draoidheacht
ná le diablaidheacht cártaí do dhathughadh?"
"Ní dóigh liom go bhféadfadh, a Shéamuis,
cé gur minic do chualadh go ndeineadh
cearrbhaigh sa tsean-aimsir é."
"Ó! mhuise, creid mise nó ná creid, acht
chomh siúrálta is tá an dúidín sin id' dhran-
dal agat do chonnac-sa fear dá ndathughadh
ar shráid Bheanntraighe lá an aonaigh seo
ghaibh tharainn. Graisíneach fir cnag-aosta
do b'eadh é, fiar-shúil aige, agus ciach ar a
ghlór. Bhí trí chártaí ar a mbéal fútha ar
chlár aige, agus cruinniughadh de mhuinntir na
tuaithe 'n-a mhór-thimcheall. Níor mhór
damh-sa leis bheith 'n-a measc. D'iompuigh sé
suas ceann de sna cártaíbh; aon-a-hart
do b'eadh é, agus leig sé ar béal fé arís é.
"Cuirfead réal le héan-duine agaibh," ar
sé, "ná feadair sé cad é an cárta anois é."
Chaitheas síos mo réal láithreach. "Aoin-a-
hart" arsa mise, "gan dabht." D'iompuigh
sé an cárta suas arís os cómhair mo shúl
amach, agus bheirim ó'n D-l gur bh'é seana-
dheich triuth do bhí ann! "Seadh, a mhic ó,"
arsa mise im' aigne féin, "tá an tseamróg
agat, nó rud éigin níos measa," agus d'fhágas
annsoin é."
2. "Ar mo ghabháil a-bhaile ó'n aonach do
bhuaileas isteach go tigh ósta Mhichíl Bháin ar
an gCrois chun smúit an bhóthair a bhaint as
mo scórnaigh, agus d'innseas an scéal so ann.
As an gcainnt d'éirigh i measc na cuideach-
tan mar gheall air, do thairg beirt ó Chúm
Orcáin - Donnchadh Liath agus Diarmaid Óg,
mé féin, agus mo rogha d'fhear eile ó'n gCros-
taire, d'imirt éan-oidhche badh mhaith linn é.
Ní thabharfainn le rádh dhóibh go ndiúlthoghainn
iad cé go bhfuil a fhios agam ná fuil breith
ag éin-chearrbhach sa pharóiste ar Dhonnchadh
Liath chum cluiche cártaí d'imirt."
"Agus cá hoin a bhéidh an imirt agaibh, a
Shéamuis?"
"Chuireas scéala chúcha ar maidin, bheith ar
an gCrostaire anocht. Tá mult reamhar
ag Seaghán na Slat le cur fé imirt."
"Ní sheasoghaidh an mult i bhfad, a
Shéamuis."
"Ní sheasoghaidh, acht is féidir dúinn
"sásamh" a thabhairt dóibh go glaodh an choiligh
le sgilling an cluiche 'n-a dhiaidh sin."
"Ní'l fonn oraibh an mult a leigean leó
mar sin?"
"Spóla dhe ní raghaidh go Cúm Orcáin
leó, a bhuachaill."
"Leog muinntir an Dubhrois mart leó an
oidhche fé dheireadh."
"Do b'bhuirisde le muinntir an Dubhrois
sin. Thabharfadh cearrbhaigh dhalla mart
uatha-san."
"Agus leog muinntir Dhoirín an Chuilinn
muc leó, agus níor airigheas riamh go raibh
cearrbhaigh an bhuill chéadna dall ná caoch."
3. "Ní misde dhuit sin do rádh. Agus cé
gur thug Donnchadh an mhuc leis, agus go raibh
mo chuid agam-sa dhi, ní mhaoidhim air í; mar
ní le feabhas a imeartha thug sé leis í, acht
tré phoinnte spriúnluighthe d'imirt ar Sheana-
Shéamus. Bhíos-sa im' chúil-chearrbhach le
cois mhuinntir Chúim Orcáin an oidhche sin.
Bhí ochtar chun na muice - ceathrar chearrbhach
agus ceathrar cúil-chearrbhach. I dtaobh easnamh
fir do bheith ortha d'iarr Donnchadh orm-sa
luighe isteach ar a thaobh féin."
"Bhí imirt mhaith aca, is dócha?"
"Is aca bhí sí. Bhíodar maide ar mhaide
go dtí an cluiche deirionnach, acht bh'é toil an
tsaoghail gur cheileabhair Seana-Shéamus,
mar ní'l an radharc ar fóghnamh aige, agus
chuir Diarmaid Óg a lámh i bpaca láithreach.
Annsoin dubhairt Donnchadh gur bh'éigint do
pháirtidhe Shéamuis toradh na dlighe céadna
d'fhagháil, "mar," ar sé, "ní'l i gcearrbhach
is a pháirtidhe acht mar lánamha phósta: is
éinne amháin iad." Agus chuir sé lámh an
pháirtidhe i bpaca leis. Annsoin, nuair ná
raibh éinne 'n-a gcoinnibh, thóg sé féin agus
Diarmaid an cluiche agus an fheóil i dteannta
a chéile."
"Bhí an poinnte suarach go leór, a
Shéamuis. Is dócha go raibh Seana-Shéamus
cráidhte."
"Cráidhte! bí sé ag gol go bog, agus ní
i ndiaidh na muice é, acht le huabhar agus
i dtaobh é bheith le rádh ag Donnchadh Liath
gur thug sé an bhuntáiste sin dó le breith
air."
"'Bhfuil Diarmaid Óg 'n-a chearrbhach
mhaith?"
4. "Ní hé a chruinneas, ná a ghliocas, ná a
mheamhair is fearr, acht tá sé an-ádhmharach.
Agus dar ndóigh ní hiongnadh soin, mar
deirthear nár imir sé cluiche, go raibh
leigheas aige air ó phós sé, gan snáthad. Ní
thuigeann tú mé. Dá gcuireadh bean phósta
dhuine snáthad i gan fhios do'n bhfear
i bhfolach 'n-a chuid éadaigh is é ag dul ag
imirt, ní thiocfadh sé abhaile gan chuid de'n
tsloid aige. Do chonnac féin Diarmaid
ag imirt uair, agus ní raibh bluiche nár chuaidh
'n-a choinnibh, go dtáinig a bhean taobh thiar
de. D'fhan sí ann tamall agus a dá láimh ar a
ghuailnibh aici, agus as soin amach níor leog sé
cárta thairis gan bualadh. Do sheasuigheas
féin san áit chéadna 'n-a dhiaidh sin, agus bhí,
a mhic ó, ropaire de snáthaid rímhir sáithte
fé bhun chába a chasóige."
"Tá eagla orm, a Shéamuis, má's fíor
leath a ndeirionn tú, go leanfaidh an mult
an mart agus an mhuc go Cúm Orcáin."
"A gcualaís gur thug éinne riamh muc ná
mart ó'n gCrostaire leis?"
"Admhuighim ná cualadh."
"Béidh an t-admhughadh céadna choidhche le
déanamh agat: ní chloisfir go deó acht chomh
beag. Agus anois ó tá tú chomh fada ó
bhaile, ar ghrádh an tsaoghail is fan againn
anocht go bhfeicfir an dalladh do thabharfam
do Dhonnchadh. Is fada thú ag geallamhaint
go dtiocfá ag scoraidheacht chughainn. Ní
bhead-sa nóimeat ag gearradh duirnín
asrach, agus beam abhaile le cois a chéile."
"Bíodh 'n-a mhargadh mar sin, a Shéamuis."
5. D'éis na hoidhche thuitim bhuaileamar
isteach go tigh Sheagháin na Slat. D'aith-
neoghadh éinne go raibh rud éigin le bheith ar
siubhal ann. Bhí an t-urlár chomh scuabtha san
nár mhisde dhuit min do chriathairt air. Bhí
bléightigheach teineadh thíos, agus bord scriosta
ar thaoth an teinteáin; trí coinleóirí 'n-a
seasamh air agus coinle ionnta; dá chomhartha
soin féin ní raibh ar an dá Chrostaire acht
na trí coinleórí céadna, agus coinneal eile
sáithte i mbuidéal. Bhí an mult ar crochadh
cois an dorais, agus is é bhí go geal, slachtmhar,
mar ba mhaith an sás sceine d'oibriughadh
Seaghán. Bhí an drisín séidthe, ceangailte,
ar crochadh idir a dhá chois deiridh, agus an ceann
barra-dhóighte scriosta 'n-a aice ar sheilp
an drosúra. Bhí beirt nó triúr de bhuachail-
líbh an bhaile 'n-a suidhe ar na suidheacháin, acht
ní raibh muinntir Chúim Orcáin tagtha fós.
Cuireadh fáilte romhainn, agus tharraing
Seaghán dá chathaoir chum na teineadh dhúinn.
D'éis bheith i n-ár suidhe dhúinn d'fhiafruigh sé
de Shéamus cia bheadh mar pháirtidhe aige.
"Tú féin, gan amhras, a Sheagháin," arsa
Séamus.
"Im briathar féin ná bead, a Shéamuis, ní
id' eiteach é. Tá mo mhóide tabhartha
agam-sa gan bhreith ar chúig chárta im' thigh
féin go deó. Agus go deimhin beidh mo
dhóthain feadhma orm riair do choimeád
annso, i dteannta aire thabhairt do'n
teinidh agus do'n tsolas faid bhéidh sibh-se
ag imirt."
"Faigh Seán Fhinnín," arsa mise.
6. Do scearteadar uile ar gháiridhe. Do
chuir soin iongnadh mhór orm, mar bhí ainm
Sheáin Fhinnín amuigh le feabhas a chuid
imeartha.
"Ná cualais cad d'imthigh air, a
Ghruagaigh," arsa fear an tighe. "Óinseach
de bhuachaill aimsire atá ar an nDoirín
Bhuidhe do chasadh isteach chuige an oidhche eile,
agus bhí na cártaí ar an mbord, mar nár
bh'annamh leó bheith. Thosnuigh Seán Fhinnín
ar an mbuachaill do mhúineadh, mar ní rug
an rúmaire céadna ar chúig chárta 'n-a
dhorn riamh roimhe sin. Nuair bhí an cheacht
mhúinte aige dhó, dubhairt an buachaill go
raibh aon leath-phinginn amháin aige, agus go
gcuirfeadh sé síos í. Chuir Seán Fhinnín
leath-phinginn 'n-a coinnibh mar chaitheamh aim-
sire, agus má chuir, do rug an buachaill.
D'imthigh an cleas céadna ar cheann eile, agus
ar cheann eile. Annsoin do dhúbluigheadar
an stáca, agus b'é críoch an scéil é go rabhadar
ag dúbailt, agus ag cur síos, agus ag imirt go
breacadh an lae, agus nuair d'éirigh an buachaill
chum dul abhaile go raibh trí púint deich
d'airgead Sheáin Fhinnín 'n-a phóca aige.
""Cá bhfuileann tú ag dul?"" arsa Seán
Fhinnín.
""Táim ag dul a-bhaile, má's mithid dam
é,"" ar san buachaill.
""A chladhaire! an amhlaidh a mheasfá im-
theacht lem' chuid airgid-se? An tiubaist
cos do chorróghair as so go n-imrir an
phinginn bheag is an phinginn mhór de liom-sa,
a bhioránaigh."
"Do léim an buachaill chum an dorais do
bheith aige; acht má léim bhí Seán Fhinnín
roimis ann. Do lámhaigh sé ar scórnaigh é,
agus bhain sé crothadh as. "Suas ar an lochta
leat," ar sé go diair, "bhain díot na bal-
caisí ort, agus téirigh a chodladh ann, agus ná bíodh
éin-deabhadh ag éirighe ort acht chómh beag."
7. "Dhein an buachaill bocht rud air go
ciúin, mar bhí scannradh air. Nuair bhraith an
fear eile go raibh sé sa leabaidh chuaidh sé
suas agus rug sé leis éadach an bhuachalla, agus chuir
sé fé ghlas iad. I meadhon lae i mbáireach
nuair airigh sé an buachaill ag únfhairt san
leabhaidh, mar bheadh fonn éirighthe air, thug
sé suas chuige cóta agus sean-ghúna le n-a
mhnaoi, agus cúisín le cur ar a cheann. D'éirigh
sé agus tháinig anuas. Bhí iongnadh ar leanbhaíbh
an bhaile cia'r bh'í an tsean-bhean stróin-
séara bhí i dtigh Sheáin Fhinnín, acht níor chuir
na cómhursain éan-tsuim ionnta, óir shílea-
dar gur bhean siubhail éigin í.
"Nuair tháinig an oidhche chuir fear an tighe
an balltha ar an ndoras, agus chuir sé na trí
púint deich ós comhair fhir na caipe ar an
mbord; fuair sé na cártaí agus luigheadar ar
imirt. Chum scéil ghearr a dheanamh dhe, bhí
sé trí oidhche 'n-a dhiaidh sin sular leigeadh an
buachaill a-bhaile agus seacht is réal de'n
airgead aige. Níor bh'é sin ba mheasa dhe
acht níor fhág máighistir an bhuachalla poll
san abhainn gan cuardach dhó, óir shíl sé gur
bh'amhlaidh a bádhadh é ag crosadh na tuile.
Bhí sé chum é chur fé ghuidhe an phobail an
Domhnach bhí chuige. Chuaidh an scéal ó bhéal
go béal gur deineadh béithé de Sheán Fhinnín,
i gcás gur spalp sé an Leabhar Breac ná
himreoghadh sé cluiche cártaí i rith a shaoghail
arís."
"Ní hé seo acht é siúd, a fhir an tighe,"
arsa Séamus, acht cá bhfuighead-sa
pháirtidhe anocht?"
"A scéal féin, scéal gach éinne," arsa
Seaghán, "sin é an Gruagach annsoin agat,
agus cuirfead-sa geall nár chaill sé an seana-
chiúta fós."
"Tá eagla orm gur chailleas, a Sheagháin,
acht pé aca chailleas nó nár chailleas, tá tin-
neas cinn anocht orm, agus -"
"Má tá, mhuise, ní heólach dhamh-sa leigheas
is fearr air 'na tú do shuidhe ar an dtaobh
eile de'n bhord soin ar aghaidh Dhonnchadh
Léith amach, agus tú féin do chosaint air ar
feadh logonoidhche. Geallaim-se dhuit nach
ag cuimhneamh ar thinneas cinn do bheir."
"Dein a -"
8. "Dia annso isteach!" arsa Donnchadh
ar an nóimeat gcéadna, ag preabadh
chughainn thar társaigh, agus Diarmaid Óg go
ciúin ag éalamh 'n-a dhiaidh.
Scriosúlnach fir do b'eadh Dhonnchadh;
muineál reamhar air; carabhat dearg fé, agus
srón bhriste aige. Níor mhar sin do Dhiar-
maid Óg. Siomach fad-ruitheach do bhí ann;
agus is minic thugadh na garsúin caol-ghadhar
air. Bhí sé brith-bhalbh; agus bhí nós an-
ghreannmhar aige: siúd is gur Gaedhilg go
labhradh sé i gcomhnuidhe, is ainm Béarla
chuireadh sé ar éin-nídh mór, nó foghanta, nó
rud do thaithneadh go maith leis.
Do bheannuigheamair uile dhóibh araon, agus
fuair fear an tighe suidheacháin dóibh. Do
shuidh Diarmaid Óg go cúthail cois na
teineadh. "Is b-breagh an f-f-fire atá 'gaibh,"
ar seision. Ní raibh éin-deabhadh ar Dhonnchadh
ag suidhe; thug sé casadh dhó féin ar an
urlár; do luigh a shúil go tapaidh ar gach
éinne againn fé leith, agus níor dhearmhaid sé
tuise an té bhí ar crochadh cois an dorais go
thógaint leis an gcat-súl soin. "Beir-se
thar cnoc anocht agam-sa," ar sé i n-a aigne
féin. "Béarfaidh an Fear Mór mise ar
dtúis leis," arsa mise i m' aigne-se. Shuidh
sé annsoin go sásta san gcathaoir. "A
Sheagháin, nach breagh fada an drisín do bhí
ann. Dá mbeadh sí lán d'ór ag an
nGruagach anois, b'fhéidir dó an "Tobar" do
dhúnadh.""
"Bheadh s-s-stake buan-aige-pé-scéal-é,"
arsa Diarmaid.
"Nár mhaith an carabhat do dhéanfadh sí, a
Dhonnchadh?" arsa mise.
"Nó crios do Dhiarmaid?" arsa Séamus.
"Ní fheadar an 'mdhó uair a raghadh sí tim-
cheall air."
"Chím gurab é an Gruagach atá chum
imirt leat, a Shéamuis" arsa Donnchadh.
"Níor theip do ghéarchúiseacht riamh ort,
a Dhonnchadh: is é, muna bhfuil éan-chur suas
agat-sa dhó."
"Ní'l giob, a mhic ó; is dócha ná fuil
draoidheacht ar a chuid airgid."
"Ní'l, ná ar a dhúil i gcaoir-fheóil. Tá sé,
chomh cíocrach la seana-chat chúichi."
"Ní c-c-cothughadh fir-go-mate," arsa
Diarmaid.
"Suidh isteach mar sin," arsa Seaghán na
Slat," agus soláthair í."
(Ní críoch).
Gluais.
1. Diablaidheacht, devilry, sleight-of-hand.
Cártaí do dhathughadh, to "colour" cards.
Cearrbhach, -aigh, a gambler, a card-player.
Siúrálta, sure, certain.
Drandal, the upper and lower front teeth, and
the jaws holding them.
Graisíneach fir, laparóigín suarach, a small,
mean-looking man.
Cnag-aosta, middling old. Applied to an un-
married woman it means of a certain age.
Fiar-shúil, a squint eye.
Ciach ar a ghlór, hoarseness in his voice.
Ar a mbéal fútha, turned downwards.
Cuirfead réal le, agus rl. I'll bet sixpence, agus c.
2. Smúit an bhóthair, the dust (stain) of the road.
Do thairg siad sinn d'imirt, they challenged
to play us.
Ní'l breith ag, agus rl. No gambler in the parish
can come near D.
Mult seamhar, a fat wether.
"Sásamh," satisfaction, chance of getting even
with.
Glaodh an coiligh, cock-crow, just before day-
break.
Spóla, meat, or a piece of meat. "Ní leogfar
spóla de'n fheóil leat." "Ní'l spóla ar na
cnámha aige." Applied to a human being
spide is used, i.e., "Ní'l spide air."
3. Ní mhaoidhim air í, I do not grudge it to him.
Feabhas a imeartha, the excellence of his play.
Imirt; gen., imeartha.
Poinnte spriúluighthe, a niggardly point (deed).
I dtaobh easnamh fir, as they were o.e. man
short.
Maide ar mhaide, game by game.
Ceileabhair S., S. reneaged.
Cuir D. a lámh i bpaca. C. "put up" his
hand.
Gur bh' éigint do pháirtidhe, that Seamus'
partner should get the same treatment.
Suarach, trifling.
4. Cruinneas, sureness. reliability.
An-ádhmharach, very lucky.
Sloid, booty.
Cába a chasóige, his coat collar.
Admhughadh, confession, admission; also admháil.
Dalladh, blinding by exterior means; caochadh,
blinding from infirmity.
Duirnín asrach, a fistful of littering.
5. Min do criathairt, to remove the shells of the
corn from the meal after it has been ground.
Bléightigheach teineadh, a roaring fire; also
béilthigheach.
Dá chomhartha soin féin, "by the same token."
Ba mhaith an sás, agus rl. S. was a good hand at
working the knife.
Drisín, the anus.
Barra-dhóighte, with the wool burned oft.
Ní raibh muinntir, agus rl. The C. people had not
yet arrived.
Ní id' eiteach é, not refusing you.
Tá mo mhóide tabhartha, I have sworn.
Mo dhóthain feadhma (gen. of feidhm) enough of
care, business.
Riair do choimeád, to keep order.
6. Mar nár bh'annamh, where they often were.
Do rug an buachaill, the boy won.
D'imthigh an cleas céadna ar, the same
happened to, agus c.
Dhúbluigheadar an stáca, they doubled the
stake.
An tiubaist cos, the dickens a foot you'll stir
out of here.
Bioránach, a youth, a stripling.
Dó lámhuigh, he caught (handled) him by the
throat and shook him.
Balcaisí, old clothes.
7. Ag únfhairt, turning (rolling) in the bed.
Cúisín, a little shawl worn by women on the
head.
Ag crosadh na tuile, crossing the river
(torrent.)
É chur fé ghuidhe an pobail, to get him prayed
for.
Béithé, one pionted out as a fool by being
publicly jeered at.
Spalp sé an Leabhar Breac, he swore.
An seana-chiúta, the old knack; ciúta, a
dexterous way of doing things - e.g. wheeling
a blackthorn
Logonoidhche, ló go n-oidhche, a day and a night,
also means "a piece of the night."
8. Preabadh, jumping.
Thar társaigh, over the threshold.
Sgriosúnach, a tall person.
Siomach, a weak-backed, slim fellow.
Fad-ruitheach, fleet-footed.
Brith-bhalbh, having a stammer in speech.
Tuise an té, the measure of that which was
hanging.
Cat súl, a sharp, quick glance.
Géarchúiseacht, quickness of perception.
Cur suas dó, an objection to him.
Cothughadh fir, food for man.
AINMNEACHA NA gCÁRTAÍ.
1. Spades - Aon spéarthaid, dó spéarthaid, agus c.,
righ spéarthaid, banríoghan spéarthaid, cuir-
eata spéarthaid.
2. Hearts - Aon a hart, dó'n hart, agus c.
3. Diamonds - Aon muileat, dó muileat, agus c.
4. Clubs - Aon triuth, dó triuth, agus c.
Mádh, a trump; mádh mór, the best trump; cíonádh,
the five of trumps; cearrbhach, a player; chúil-
chearrbhach, sharer in the loss or profit of the game,
but does not play.
Gruagach an Tobair
Seo rann to cheap duien éigint de mhuinntir
Ríordáin ar bhás Dhonnchadh Dhuill Uí Laoghaire: -
"Is fearrde Deasmhumhain cailleamhaint Dhonncadh
Chaoich.
Bard na bhfear úr bhflaitheamhail, b'ursa le laoidh,
Ba gránda spaideamhail easnamhail cogaidh do bhíodh
Fáisc é a leac fút, taisc chughat, coigil led'
chroidhe."
Agus sid é an freagradh do thug Pádraig Mac
Dháith Ó hIarfhlatha air:-
"Tá fé'n lic seo duine caoin gan ghruaim,
Fáidh is file suilt is saoi glan tsuairc,
Grádh agus cumann tug do chill is tuaith,
'S ní bás do rug é acht dul ar aoibhneas uainn."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11