Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna Nua.



DUBHALTACH MAC FIRBISIGH. Maille le Gluais
agus Foclóir. Eoghan Ó Neachtain do scríobh. Ar
n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge. Dha
phinginn.



Ar léigheamh an leabhairín seo dhúinn, dubhramar linn
féin gur mór an feall gan tuilleadh dá shaghas
againn. Is iongantach an méid eólais atá fé ghlas,
i n-ár leabhrlanaibh, agus i leabhraibh daora, ná fuil éan-
dul ag an sluagh ar ghreim d'fhagháil air. Tá eólas
ar stair na hÉireann, ar litridheacht ar filidhibh agus
ar sheanchuidhthibh na nGaedheal. Tá seód luachmhar
bainte as an gciste eólais seo ag Eoghan Ó Neachtain,
ar mhaith linn go léir. Tá rian a láimhe ar an leabh-
airín; ní baoghal ná go mbeifar ag súil le ceann
eile uaidh gan moill. Mar is gnáthach i scribhnibh
Eoghain, tugaimíd fé ndeara a lán cor-chainnte ná
raibh againn cheana. Tá a míniughadh sa "Ghluais," agus
geobhaidh an léightheóir congnamh mór as an bhFoclóir.
Is fiú an leabhairín seo a cheannach agus a léigheamh, ní
hamháin ar son na Gaedhilge atá ann, acht ar son an
eólais do-gheobhthar ann leis.



Níl éan-amhras ar Ghaedhilgeóir ná gurab é "anam
tíre a teanga." Ní'l lá dá ngabhann tharsa ná feicid
agus na tuigid fírinne an rádh soin. Dá mbéadh éin-
dearbhughadh ag teastáil uatha 'n-a thaobh, b'fhuirist
ceann - agus níos mó ná éin-cheann amháin - d'fhagháil i
leabhairín an Rianaigh. Fear draoidheachta seóidh is
Liam Ó Riain. Tá scáthán n-a ghlaic aige. Scáthán
iongantach draoidheacta is eadh é. Iompuigheann sé
an scathán ar an mBóihéim, ar an Ungáir, ar an
Seirbh, ar an Rúmáinn, ar an mBulgáir, ar an
bPoirtinéil, ar Thír na Finne, ar Dhanmarg, ar
an Íoruaidh, ar an bPléiminn, ar Thír na bPólach, ar
an nGearmáin, ar Thír fé Thuinn, ar Bhreatain na
Frainnce, ar Phrobháinse, agus ar Bhreatain Shasanna,
i dtreó go bhfeicimíd go soiléir ins an scáthán úd
gach cath dar buaileadh, gach géibheann dar gabhthas
tríd agus gach buadh dá rugadh ar son na teangan duth-
chais i ngach tír díobh súd. Acht ní ar son an Ghaedhil
geóra amháin do scríobhadh an leabhairín seo - go
deimhin b'éidir go bhfuil cuid aca ná tuigfeadh é dá


L. 219


fheabhas é - acht bhí súil Liam Uí Riain ar an té ná
baineann fós le Connradh na Gaedhilge, ná tuigeann
fath a chúise ná ná corruigheann air féin chum cuid-
iughadh le saoradh teangan duthchais ne hÉireann.



Curtar leabhairín Liam i láimh an duine úd. Léigheadh
sé é go cúramach, agus mara dtosnoghaidh sé ar sholáthar
do'n Ghaedhilg 'n-a dhiaidh soin - seadh, n'íl ann acht
croidhe spideóigín. Taispeántar go follus cad is
feidir leis an teangaidh dhuthchais do dhéanamh
i gcóir an sprid Naisiúnta do choimeád go beó
bagartach. Tá súil againn go scaipfear an lea-
bhairín seo 'n-a mílte ar fuid na hÉireann. Tá
comhairle mhaith dhúinn go léir ann, agus taithneann linn
an tslighe n-a gcoinnightear an scáthan agus na pictiúirí
os ár gcomhair siar síos go deireadh an leabhairín.
Go mairir do shaothar, a Liam a chara.



FORAS FEASA AR ÉIRINN. - Is mithid dúinn focal
a rádh i dtaoibh an leabhair áluinn seo. Go deimhin
agus go dearbhtha dá bhfuigheadh Gaedhil a gceart agus ní
bhfuighidh 'ná a leath ba chóir dhúinn a bheith mórdhálach
agus táimid mórdhálach, mar is é Dáith Ó Cuimín atá
mar eagarthóir ar an leabhar. Is é an fear céadna
bhí 'n-a chead eagarthóir ar an Irisleabhar nuair
cuireadh ar bun é tá fiche bliadhain ó shoin anois.



Níl 'sa leabhar so acht an chéad chuid d'Fhoras Feasa
ar Éirinn acht tá súil againn nách mbeidh an chuid
eile i bhfad i n-easnamh orainn.



Ba mhaith linn, dá mbeadh caoi againn mórán do
rádh ag moladh an leabhair, acht catfimíd bheith sásta
anois leis an méid seo, nár cheart d'éan-Ghaedhilg-
eóir bheith gan "Foras Feasa ar Éirinn".



The Celtic Church in Britain and Ireland. By Heinrich
Zimmer, Professor of Celtic Philology in the Uni-
versity of Berlin. Translated by A. Meyer. Lon-
don: David Nutt. 3s.6d.nett.



Aistriughadh is eadh an leabhar so ar alt do scríobh
Zimmer i bpáipéar san nGearmáin go dtugtar
"Realencykläpadie für protestantische Theologie und
Kïrche". Dearbhráthair do'n Ollamh Kuno Meyer is
eadh an fear d'aistrigh an t-alt úd. Fear mór-eólais
ar na sean-scríbhinnibh Gaedhilge is eadh Zimmer. Ní
fheadar an bhfuil an oiread chéadna eólais aige ar
cionnus do dheineann an Eaglais Caitliceach a gnó?
Dá mhéid sean-leabhar do léigh sé, is dóigh linn go
bhfuil tuilleadh nár léigh, gan teacht i n-éan-chor thar
na míltibh do dóigheadh, do loiteadh agus do stracadh. Is
dóigh leis nár bh'é Pádraig do chríostnuigh muinntir
na hÉireann i n-éan-chor. Ní fheiceann sé puinn i
dtaobh Phádraig ins na sean-scríbhinnc is aosta dá
bhfuil ann, agus ar an adhbhar soin níor dhein sé faic dá
bhful curtha n-a leith. Ba mhaith linne an taobh eile
de'n scéal do chlos, sara dtiubhraimís ar mbreith
féin air. Is beag ainm is measa le croidhthibh
Gaedheal 'ná ainm Phádraig. Agus a rádh linn nár
dhein sé faic a bharra chum na Gaedhil do chríostnughadh?
Ní'l éin-bheann ag Zimmer ar shaothar Mhuirchon Mac
Mactheine. Léighmíd san mBíobal cionnus mar bhain
an Mac Mallachtan ráidhte as ar mhaithe leis féin.
An 'in é dálta Zimmer agus leabhair Mhuirchon?



Elementary Gaelic Grammar. By H.C. Gillies, M.D.
Second Edition; with appendix. London: David
Nutt. 3s.6d. nett.



Sid é an dara chur amach de'n leabhar so. Graiméar
de Ghaedhilg na hAlbann is eadh é, acht ní fhágann soin
ná go bhfuigheadh Éireannach mórán eólais do bhaint
as a léigheamh. Is iomdha graiméar do scríodhadh
ar Ghaedhilg na hÉireann, acht ni'l éin-cheann riamh
díobh do thugann an oiread eólais dúinn ar ár
gcanamhaint féin is do-gheibhmíd annso ar chanamhaint
na hAlbann. Is mor an rádh é sin, acht is í an fhírinne
í dar linne. Deir an t-ughdar linn gur ar nós
Ghraiméir an Stíobhardaigh do scríobh sé a leabhar féin.
Bhí bunadhas in-chreidthe aige mar nach cuimhin linn go
léir mar do mhol Seaghán O Donnabháin saothar an
Stíobhardaigh. Taithneann linn an trácht do thugann
an t-ughdar ar análughadh, ar urdhubhadh agus ar cionnus
mar sontar na guthaí is na consuine i nGaedhilg na
hAlbann. Deineann sé usáid d'oibreachaibh na mór-
scoláirí chum cur síos agus seanchus do thabhairt ar tháth-
fhoclaibh, ar fhoclaibh ceangail agus ar réimh-bhriathraibh.
Oireann a leithéid dúinne go mór, mar tá an dalla-
phúicín orainn i dtaobh na rudaí sin. An 'mdhó duine
i nÉirinn d'fhéadfadh innsint dúinn cionnus do
tháinig, abair na focail "anois" "anall" "thoir" no
fiú amháin "agus?" Tá cunntas cruinn ortha súd agus
tuilleadh fós thíos ag an ughdar so 'n-a leabhar. Tá
na hAlbannaigh i bhfad romhainne ins na nidhthibh seo.



Ní oirfeadh an réim díochlaonaidh atá aige d'ár
nGaedhilg-ne i n-éan-chor. Ní'l aige acht trí chinn.
Cuireann sé fé'n gcéad díochlaonadh gach ainm go
bhfuil guth 'n-a dheireadh, agus gach ainm leathan ná claon-
tar san uimhir aonta. Agus díreach 'n-a dhiaidh soin
cuireann sé fé'n díochlaonadh chéadna gach ainm do
ghlacann "a" san ngeineamhnach aonta.



Má theastuigheann uait ainm do rádh san uimhir
iolra do réir Ghaedhilge na hAlbann, ceangail "an"
no "anan" do agus ní bhéir i bhfad uaidh éan-uair.



Deir sé go bhfuil an focal "báta" ("bád") bain-
deann. Deir na hAlbannaigh féin "Fhir a'bháta" i.e.
"a fhir an bháid," agus mura dtaispeánann soin go bhfuil
"báta" fireann, is deacair a dhéanamh amach caidé an
riaghail is ceart dúinn leanamhaint. Dá mbeithídhe ag
tagairt do "bháta" is iad "í" agus "sí" adéarthaidhe,
acht, is ag tagairt do'n "bháta" féin do bheithidhe agus ní
do'n bhfocal "báta." Tá "bád" agus "cailín" agus a lán
focal eile ar an nós chéadna againne.



Tá deifridheacht eadrainn féin agus na hAlbannaigh


L. 220


i dtaithighe "is" agus "ba". "Is é a's gile ná mise" =
("Is gile eisean ná mise") againne. "Bu í a' bhean bu
ghlice" = ("B'í an bhean ba ghlice í") againne. "An
righ is airde a thá ann" = ("An rí is aoirde dá bhfuil
ann") againne.



Is greannmhar na ráidhte "thá fear an t-aon
againn" no "thá té an t-aon againn;" an céad
cheann fireann agus an dara ceann baineann. "Tá
ceann againn araon" adéaraimís-ne.



Tá an-chuid eólais le fagháil as an leabhar so.
Díoladh an céad chur amach taobh istigh de chúig
bhliadhantaibh. Ba chóir go bhfuil an-ghlaodhach air i
nAlbainn. D'fhéadfadh Éireannach mórán an mhaithe
leis do phiocadh as leis, agus molaimíd é do gach éinne
gur mhaith leis pé deifridheacht bheag atá idir Gaedhilg
na hÉireann agus Gaedhilg na hAlbann d'fheicsint.



AN SLÉIBHTEÁNACH; irisleabhar Choláiste Chnuic-
Mhellerí. Is fada ná facamar Irisleabhar ba
bhreaghtha, ba dheise ná ba Ghaedhealaighe ar gach éin
tslighe 'ná "An Sléibhteánach". Go deimhin ní dócha
go dtáinig ceann ní ba Ghaedhealaighe go háirithe
amach i nÉirinn riamh. Is mór le rádh an méid sin,
acht tar éis é léigheamh dhuit, a léightheóir, beidh a fhios
agat nach "bladar ná plámás ná éitheach" atá dá
innsint againn air, acht corp láir na fírinne. Ba
dhual dóibh riamh bheith Gaedhealach - ní hamháin 'n-a
ráidhtibh acht 'n-a ngníomharthaibh - i gColáiste
Mhellerí. Scáthán fíor ar a nGaedhealtachth agus ar a
ngnáith-féile is eadh "An Sléibhteánach". Go mairid
a gclú; go mairid "An Sléibhteánach;" agus go
mairidh an Fear Eagair "an chéad agus bliadhain chum
aithrighe." Togha chroidhe Ghaedhil é, bail ó Dhia air.
Gan éin-mhearbhal is mór an t-áthas do chuir deiseacht
agus slachtmhaireacht agus Gaedhealtacht an leabhair seo
orainn. Leabhair breagh toirteamhail is eadh í leis.
Ar an gcéad dul síos is é Art Ó Mornacháin do
tharraing ná pictiúirí n-a chóir. An fear céadna
do tharraing an pictiúir atá ar an dtaobh amuigh
d'Irisleabhar na Gaedhilghe. Ní'l ins an leabhar ar
fad acht cearduidheacht Ghaedhealach; agus cearduidheacht
foghanta is eadh í leis.



Tá na healadhna ar feabhas, agus cuid mhór díobh i
dteangain na nGaedheal. Go deimhin, ní'l i dtosach
an leabhair acht Gaedhilg ar fad. Tá féile agus soin-
deantach an fhir eagair go soiléir ar cheann nó dhó
dhíobh. Aithnighmíd rian a láimhe go maith.



Tá cur síos i nGaedhilg ar Mhainistir Mhellerí
ann. Taithneann an "Guth Tar Lear" go h-áluinn
linn. Tá trácht ar "Ára na Naomh," ann ó láimh
Pheadair Ua Choncheannain, dearbhráthair Tomáis an
Timthire.



Tá giota filidheachta ann fé'n ainm "A Chomaraigh
Aoibhinn O," agus ba dheacair é shárughadh.



Céad fáilte romhat, a Shléibhteánaigh, atá tuilte
de ghaoith ionfhuair na nDéiseach. Go mairir i bhfad
i n-ár measc, ag dul i dtreise agus i n-áilneacht
agus i dtoirt ó bhliadhain go bliadhain.



Total Abstinence Association
Manual- Seo leabhairín deas nua atá tar éis
teacht amach. Is fada atá Bráithre Phrainsís Naomhtha
ag obair i gcoinnibh ólacháin, ó aimsir an Athar Maitiú
go dti an lá indiu. Leabhairín i gcomhair Caitliceach
is eadh é seo. Chuireadh i gcló i nÉirinn é. Páipéar
Gaedhealech atá faoi, agus tá sé cinn de dhántaibh diadha
i nGaedhilg ann. Tá gach éinne ag labhairt i gcoinnibh
an Ólacháin fé láthair, acht ní chuireann mórán a
ráidhte i ngníomh. Ní mar sin do sna Capuisínigh.
Táid siad-san i gcomhnuidhe ag obair. Go n-éirghidh
leó, agus go n-éirghidh le n-a mánail beag deas.



Smuainte ar Árainn: Úna Ní Fhaircheallaigh M.A.,
do scríobh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na
Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. 1902.



Ag féachaint dúinn ar an leabhairín breagh gleóite
seo, curtar rud beag nó dhó i n-umhail dúinn. Do'n
céad dul síos, tagann iongnadh agus áthas orainn i
dtaobh a dheise agus a shlachtmhaire fhéachann an Ghaedhilg
ar pháipéar fíor-Ghaedhealach agus fé dheagh-chlódóireacht.
Ba dheacair clódóireacht an leabhair bhig seo do
shárughadh. Theastuigh deagh-chlódóireacht i nÉirinn go
mór. Bhí mór-chuid de dhroch-chearduidheacht le feic-
sint 'n-ár measc go dtí le déidheannaighe. Má's fiú
leabhar a chur amach i n-éan-chor, is fiú é slacht
éigint do chur air.



Ba mhaith an mhaise ar ughdar an leabhair seo cuimh-
neamh ar phictiúiríbh do chur ann. Tá fiche ceann díobh
ann, agus is mó go mór an t-eólas d'fhéadfadh duine ná
raibh i nÁrainn riamh do phiocadh as éin-cheann amháin
díobh 'ná dá mbeifidhe ag cur síos uirthi go deóidh na
ndeór. Chímíd ionnta muinntir Árann fé mar
atáid, agus tuigid a gcomh-Ghaedhil as na pictúiribh seo
caidé an saghas iad, agus caidé an saghas Ára i bhfad
níos fearr 'ná mar d'fhéadfadh an scríbhneóir is
cliste innsint.



Ar shon gurab é seo an chéad leabhar dá scríobhadh
ag Úna Ní Fhaircheallaigh, agus gur duine í ná raibh an
Ghaedhilg aici ó thosach a saoghal, is mór is ion-mholta
an saothar beag so ó n-a láimh. Ní'l éin-nídh dhá chur
síos aici acht rud do chonnaic sí féin, agus fé mar do
chuir gach nídh dhíobh ag machtnamh í. Ba mhaith an rud
dá bhfuighmís leabhair dá shamhail seo ag cur síos ar
cheanntaraibh Gaedhealacha eile. Chuirfidís misneach
ar na Gaedhealaibh féin, agus músclóghaidís dóthchas 'n-a
gcroidhthibh.



Sheoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe
go dtí an Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sr.
Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 220a


Tá beagán do
Chlaidheamh na Nodlag
le fagháil fós.



Éinne a dteastuigheann sé uaidh cuireadh
sé fios anois air, agus na bíodh aithmhéal
arís air.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services