Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Beó-chaoineadh an tSeóinín.

Title
Scoil na Suadh - Beó-chaoineadh an tSeóinín.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 213


BEÓ-CHAOINEADH AN tSEÓINÍN.



Fonn: "Bobbin Joan", nó "Seaghán an Bhríste
Leathair."



Ar an gCuirm Cheóil aréir
Do chonnac réice gaige,
Gur bheag air ceól na nGaedheal
Seoch dríodar bréan ó Shasann'.



Raidhcs feadh léara léi,
Raidhcs feadh léara laidí,
Raidhcs feadh léara léi,
Ó, téara léara laidí.



Bhí amhráin ann go leór
Is saoithe ceóil dá gcannadh;
"Why don't the 'ave Oh, Flo?"
Arsa mo lóma gaige.
Raidhcs feadh leóra leó, agus rl.



Níor bh'olc leis Killaloe
Nó Ballyhooly an aitis,
"But silly I-wish tunes
And beastly foolish language!"
Raidhcs feadh liúra liú, agus rl.



Bhí Cathal ann 's ba bhinn
Ar Sheaghán Ó Duibhir an Ghleann' é;
'S an Seóinín bocht, do shíl
Gur "Sweet Ma-wee" é im baiste!
Raidhcs feadh líora lí, agus rl.



Bhí cuir is puirt na nGaedheal
Dá rinnce ar séideadh sealad;
Deir jonnie "Alas, the days
When polkas weign'd and lance-aws!"
Raidhcs feadh léara léi, agus rl.



"The gwaceful waltz must go -"
'S arís go deóidh nár chasaidh;
An Rinnce Fada beó!
Agus tóir ar Phaddie Quatre!
Raidhcs feadh leóra leó, agus rl.



'S anois, a Sheóinín bhréin
Ó tá do théarma caithte,
Cuir uait-se "Dolly Gwey",
Nó soir leat féin go Sasann'.
Raidhcs feadh léara léi, agus rl.



29/11/'02. TÓRNA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services