Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scríobadh an Chorcáin.

Title
Scríobadh an Chorcáin.
Author(s)
Ní Áilgheasa, Maighréad,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCRÍOBADH AN CHORCÁIN.



"Nách é an cat marbh chas chum na haite-si mé
'S a liacht cailín deas do fhágasa im' dhéidh."



Bhí fear ann tá tamall maith ó shoin gur
bh'ainm do Seaghán Córach. Bhí sé 'n-a
chomhnuidhe le n-a mháthair i dtigh bheag dheas
chluthmhar, agus bhíodar go lán-tsásta agus
a ndóthain le n-ól agus le n-ithe aca. Is
é an sórt suipéir a bhíodh aca gach oidhche
leite mine buidhe. Nuair bhíodh sé beirbhthe
do thógadh an mháthair a cuid féin amach i
méis; agus d'fhágadh sí cuid Sheagháin sa
chorcán; agus do chaitheadh sí taoscán
bainne isteach ann. D'itheadh Seaghán go
meidhreach sásta mar sin é, agus ní bheadh
éin-mheas ar éan-chor aige air mura bhfuigh-
eadh sé as an gcorcán é.



Do ghlaoidh an mháthair Seaghán chúichi aon
lá amháin agus dubhairt sí:



"A Sheagháin, a stóraigh, táim ag smaoin-
eamh le tamall go bhfuil sé i n-am agat
bheith ag cuimhneamh ar phósadh, agus ar
mhnaoi óig éigin d'fhagháil duit féin, mar tá
fhios agat go maith go bhfuilim-se ag dul i
gcríonacht, agus ná féadfad maireachtaint
i bhfad eile agus mo lán tsaoghail
d'fhagháil, agus bíodh fhios agat ná beidh
compórd ort chum go mbeidh bean éigin
agat, a dhéanfaidh gnó an tighe dhuit."



Geallaim-se dhuit ná raibh éin-leisce ar
Sheaghán an chomhairle sin do glacadh ó n-a


L. 209


mháthair, mar bhí fonn pósta air féin le
tamall.



Chum mo scéal a dhéanamh gairid, do
phós Seaghán cailín deas triopalach go raibh
súil aige uirthi le tamall. Dubhairt máthair
Sheagháin léi féin, mar ba bhean chiallmhar í,
go n-imtheóghadh sí go dtí tigh deirbhshéar di
do bhí 'n-a cómhnuidhe i n-aice dhi, agus go
bhfágfadh sí an tigh fé'n lánamhain nuadh-
phósta - go ceann cúpla seachtmhain, pé i
nÉirinn é. Bhí Seaghán go meidhreach ar
feadh an lae tar éis a phósta - mar bhíonn
gach éin-fhear mar é. Nuair a tháinig am
suipéir do chuir an bhean óg an leite síos,
agus nuair bhí sí beirbhthe do leig sí amach ar
dhá mhéis í is thug sí copán breagh leamh-
nachta do Sheaghán le n-a chuid féin. Do
dubhadh agus do gormadh ag Seaghán bocht
nuair chonnaic sé ná fuigheadh sé an corcán
le scríobadh ó n-a mhnaoi mar fuair sé i
gcómhnuidhe ó n-a mháthair. D'ith sé cúpla
greim de'n leite agus annsoin d'éirigh ó'n
mbord go mí-chéadthach neamh-shásta. Do
shuidh sé sa chúinne go dubhach doilgheasac
gan oiread agus focal do labhairt. Do
dhein an bhean óg a dicheall chum an tormais
do bhaint de, acht pé rud do dhéanfadh
sí ní fhéadfadh sí húm na hám do bhaint as.
Do bhí sí ag briseadh a croidhe ag iarraidh
cuimhneamh ar dhein sí éin-nídh do chuirfeadh
pus ar Sheaghán, acht dá mbeadh sí ag
smaoineamh go deóidh ní bheadh pioc dá
bhárr aici. Do thug an bhean bhocht an dara
suipéar agus an tríomhadh suipéar dó mar
an gcéadna, agus ní misde dhuit a rádh ná gur
brónach neamh-shibhialta an fear tighe Seaghán
an uair sin. Nuair theip ar a mhnaoi cainnt
ná gáire do bhaint as, d'imthigh sí go dtí
a mháthair agus í ag gol 's ag bladhraigh agus do
'nis sí a scéal brónach tríd síos di.



"Éist go fóill, agus bíodh stuaim agat,"
ar san mháthair. "Cad do thugais do chum
suipéir?"



"Thugas leite mine buidhe dho," ar san
cailín bocht.



"Cionnus ar thugais dó í?" ar san
mháthair.



"Thugas dó í chomh maith is d'fhéadfadh
éinne í thabhairt dó," ar sise. "Do leigeas
amach ar mhéis ghlain dhó í, agus do thugas
copán breagh leamhnachta dhó léi."



"Anois," ar san mháthair, "éirigh abhaile
arís, agus, nuair dhéanfaidh tú an leite anocht,
tóg do chuid féin amach ar mhéis agus fág
chuid Sheagháin ins an gcorcán. Caith taos-
cán bainne isteach ann is tabhair dó an
corcán chum ithte as.



D'imthigh an bhean óg abhaile agus do dhein sí
mar adubhairt máthair a céile léi. Nuair
fuair Seaghán an corcán, do léim sé go
héadtrom éascaidh as an gcúinne. Do
bhuail sé a dhá bhais le chéile le háthas
croidhe. Ní misde a rádh ná go raibh fear
tighe súgach sásta luthgháireach aici as soin
amach.



Sin é mo scéal-sa, agus má tá bréag
ann, bíodh, mar ní mise chúm ná cheap é.



MAIGHRÉAD NÍ ÁILGHEASA.



Gluais.



Cluthmhair, warm, sheltered.
Taoscán bainne, some milk. Taosc = pour.
Ag dul i gcríonacht, getting old.
Mo lán tsaoghail, my fill of life; full limit of age.
Compórd, comfort.
Cailín triopalach, tidy and industrious.
Do dubhadh agus do gormadh ag S., S. turned black and
blue in the face.
Scríobadh, scrape.
Mí-chéadthach, ill at ease.
Tormas, a huff.
Do chuir pus ar S., what gave S. the dumps.
Ní misde dhuit a rádh ná go, You may say that &c.
Neamh-shibhialta, not civil. Ag bhladhraigh, blubbering.
Stuaim, foresight. Máthair a céile, her mother-in-
law.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services