Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gearr-chunntas ar Dhéantús Bréide agus Plainín.

Title
Gearr-chunntas ar Dhéantús Bréide agus Plainín.
Author(s)
Ó hUalacháin, Domhnall,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GEARR-CHUNNTAS AR DHÉANTÚS
BRÉIDE AGUS PLAINÍN.



Is 'mdhó fagháltas do-gheibhtear de bhárr
na caorach. Cé gur suarach, amadánta-
mhail, dímheasta í le féachaint uirthi, ní'l
ainmhidhe eile ar dhruim an talaimh chómh
tairbheach ná chómh úsáideach do'n chineadh
daonda 'dir íseal is uasal. Níor bh'fhur-
aiste do'n fhear bhocht gabháil tre n-a
chúrsaíbh féin mura mbeadh í, agus geallaim-se
dhuit gan bhréag, gur breagh, súgach do
luighfeadh fear an oll-mhaithis mhóir na chúil-
fhiacla ar phíosa caoir-fheólach nuair theang-
mhóghadh sé leis; agus is é bheadh go sásta ar
aimsir an dúbhluachair nuair beadh léine
plainín le n-a chneas aige agus triúr de'n
bhréidín ag déanamh fothana dá phlaicíbh.


L. 206


Is í an olann an toradh is fearr agus is
tairbhighe do-gheibhmíd de bharr na caorach agus
is di ghníthear an bhréid agus an plainín. Ní
héin-bheirtín gan chúram iad so do chur ar
bun mar is 'mdhó cor agus cuirín do chaithfear
a chur de'n olainn sula mbíonn sí 'n-a
héadach, oireamhnach le caitheamh.



Bearrthar na caoirigh ar dtúis le
deimheas. Ball acra is eadh an deimheas so
atá déanta ar nós siosúir, acht é bheith
i bhfad níos mó agus níos treise. Leagthar na
caoirigh ar a mbolg i n-áirde nuair bhítear
chum iad do bhearradh agus badh mhaith an mhaise
d'éinne fiche caora do bhearradh mar obair
éan-lae amháin. Bíonn dhá bhearradh gach
bliadhain - bearradh na Bealtaine agus bear-
radh na Samhna. Is é bearradh na Samhna
an bearradh is fearr, mar is san uair sin
a bhíonn an toradh go dlúth trom, tar éis
saosúir na bliadhna. Ní mar sin do bhear-
radh na Bealtaine mar a mbeadh duine
i gcruadh-chás.



Aithneoghadh duine feabhas iongantach ar
olainn na gcaorach a bheathuightear i dtalamh
fóghanta saidhbhir, i gcomparáid le toradh
chaorach sléibhte is cnuic. Bíonn sí dlúth,
fada, mín, plúrach, agus tagann sí de sna
caoirigh i n-éan-scraith amháin. Bíonn plúr
na holna i gcliatháin agus i ndrom na caorach;
ní bhíonn acht greisc bheag timcheall na
gcos agus an bhuilg.



Tar éis a bearrtha do'n olainn, níghtear
í i dtobán i n-uisce bhog le galúnaigh chum
an alluis agus an salachair do bhaint aisti.
Leathtar amach annsoin í chum tirmighthe, agus
nuair bhíonn sí tirim i gceart piocthar aisti
pé dúradáin nó píosaí cipíní bhíonn daing-
nighthe innti. Is sia a sheasóghaidh an olann
agus is lugha a thiocfaidh fúithi í chur i leath-
taoibh gan nighe gan ghlanadh, seachas í chur
sa chúil tréis an alluis do bhaint aisti.
Má tá éan-chuid de'n olainn le dathughadh,
caithfear é dhéanamh roimh a nighe.



Tá scéal fada ar dhathughadh olna. Gorm
an dath is minicí chuirtear uirthi, agus ní féidir
éan-olann do chur gá dathughadh i n-aimsir
na gealaighe. Seo mar dheintear an obair:
Socruightear corcán mór san gcúinne le
hais na teineadh agus ní cuirtear acht meath-
theine fé ar dtúis. Cuirtear fáscadh
guirm san deoch sa chorcan agus síos leis an
olainn annsoin. I gceann trí lá 'n-a dhiaidh
sin tógtar aníos arís í, déantar í fháscadh,
agus bíonn dath liath-ghorm uirthi annsoin.
Leathtar amach fé'n aer í agus má iompuigheann
sí glas-uaithne, tá fhios againn go bhfuil an
obair ag dul chun cinn i gceart. Séidthear


L. 207


béilthigheach teineadh leis an gcorcán anois,
cuirtear fáscadh maith guirm innti agus seo
síos leis an olainn arís. Sé is fearr a
bhaileóghadh sí an gorm le braon leamhnachta
a chaitheamh innti anois. Bíonn sí gorm go
leór i gcionn a trí nó a ceathair de lae-
theantaibh eile. Ní ceart an clúdach do
thógaint de'n chorcán le linn guin na rae;
agus ní dearmhadthar gan pinginn nó leath-
phinginn do chaitheamh i n-íochtar an chorcáin
san chéad tosnughadh, pé brigh atá leis.



Nuair bhíos an olann cíortha glan, tabhar-
thar dá chéile í go breagh, agus
déantar í íliughadh i gcóir an
chárduighthe. Ní'l éiníle chómh
maith le him leachta acht go
mbíonn sé ró-shabhasáltha.



Scoithtear i slámaibh í annsoin
agus deintear roiléitheacha dhi le
cárdaibh. Is maith an obair lae
do mhnaoi punnt beag an
cheannuidhe d'olainn do chárdáil.



Gléastar an túrann anois
i gcóir an t-sníomhracháin. Is
binn a ghlór le hais na teineadh
ins na hoidhcheanta fada fuara,
scolb teann giúiseach ag tabhairt
teas agus soluis do'n tigh; fear an
tighe ag tocharais cheirtlín agus ceann de
sna páistíbh ag coimeád na mbuilcíní.
Shníomhfadh banabhairseach mhaith suas le dhá
phunnt olna sa ló.



Is gléas acharannach, cóimheasctha an
túrann agus is iad so a bhuill acra: na cosa;
an ceap (is é seo cobhail agus neart an
túrainn agus is ann atá na cosa daingnighthe);
an slinneán (maide cam is eadh é seo atá
'n-a sheasamh ar an gceap 'n-a dheireadh
thiar); an bháideóg (buailte isteach sa
tslinneán agus is air do chasann an
roth); an roth; fleasc an rotha; an mol
(bosca an rotha); an chluas (i n-acharann san
gceap ó'n dtosach); na rotháin, an fearsad
agus an tromán (i n-acharann sa chluais); agus an
sreang. Tá an sreang ag gabháil timcheall
an rotha agus ritheann sí sa tromán, agus le casadh
an rotha tairngthear an roiléith agus sníomhthar
an snáth 'n-a bhuilchíní sa bhfeirsid. Dein-
tear an snáth do thochrais 'n-a cheartlíníbh,
annsoin.



Dlúthuighthear nó cuirtear síos dhá cheart-
lín de annsoin sa chranndealbha, chum dhá'
shnáth a beith ann i gcóir déanamh an éadaigh.
Déanfear deilbh dhe annsoin. Mara mbeadh
cranndealbha agat láithreach d'fhéadfá
ceann do dhéanamh sa bhfalla le cipínibh. Is
é an dlúth do chuirtear sa cranndealbha;
cuirtear an t-ionach fé. Cuirtear treis
ar a dhá cheann sa chranndealbha agus ceangal-
tar le tuíntíbh iad chum a gcoimeád ó chéile.
Is ag an treis a chóirightear na céadta;
deineann chúig lánmhnacha fichead, céad;
agus pé leithead a oireann duit a bheith san
éadach, cuireann tú síos céadtha dá réir.
Bíonn leithead áluinn ag píosa dhá chéad
déag. Cuirtear banndlámhacha ann do


L. 208


réir fhaid an phíosa atá agat le déanamh.
Tá an dlúth déanta suas i saghas slabhraidh
tar éis a thógaint de'n chranndealbha. Cuir-
tear chum an fhígheadóra an dlúth agus an
t-ionach agus cuireann seisean i gcothrom iad
sa mheádh. Má bhíonn cothrom ag an dlúth
cuireann sé sa tseól iad, dhá gcasadh ar
an garamain ar dtúis. Líonann sé barra
fiteáin (tá túrann beag aige chuige seo), agus
cuireann sé fiteán isteach sa spól mar
oirfidh dhó. Caitheann sé an spól idir an
dá shnáth, oibrigheann sé na maidí cos
fáisceann sé an snáth chuighe leis an slinn
agus scaoileann sé ar éadach do dhéanamh leis
an dá láimh.



Is de'n olainn bháin a dheintear an plainín;
is féidir bréid do dhéanamh d'olainn dhuibh,
nó d'olainn bháin is d'olainn dhuibh, nó fós
arís d'olainn bháin is d'olainn ghuirm.



Ball acra = a handy useful implement.
Cuisne an earraigh = the keenest and most
rigorous cold of Spring.
I n-éan-scraith amháin = in one swath.
Ní bhíonn acht "greisc" bheag timcheall a
gcos; greisc = the thin, poor, and worthless stuff.
Galúnach = soap.
Dúradáin = little black bits of dirt.
Ní cuirtear acht meath-theine fé = only a slow fire.
Liath-ghorm = grisly-blue.
Glas-uaithne = green.
Béilthigheach teineadh = a large fire.
An clúdach do thógaint do'n chorcán le linn guin
na rae = change of moon.
Im leachta = melted butter.
Bíonn sé ró-shabhsáltha = too costly (saucy).
Scoithtear i slámaibh í = is drawn out into soft
spongy masses, after two or three turns in the cards.
The first carding.
Roithléitheacha = rolls.
Scolb teann giúiseach = a stout splinter or log of
bog-pine.
Ag tocharais ceartlíní = winding up thread-balls.
Ag coimeád na mbuilcíní = holding the spindles
of thread.
Banabhairseach = a spinster.



Na cosa, legs; a ceap, the body; an slinneán,
the shoulder; an bháideog, axis of wheel; an roth,
the wheel; fleasc, the rim; an mol, hub of wheel;
an chluas, the front standard; na rotháin, usually
made of rush-bark, and used for attaching spindle to
the front standard, woven like a trace; an fearsad,
spindle; an tromán, a spindle and reel in one piece
or block; an sreang, the string.



Crann dealbha, a warping frame; deilbh, the thread
warped on frame; dlúth agus ionach, warp and
woof; treis, a kind of separation made between the
two threads in warping, so as to keep them asunder
in the weaving process; tuíntí, threads; na ceadta,
the hundreds; lánamhnacha, couples; banndlámh,
bandle; seól, loom; spól, shuttle; slinn, a rect-
angular frame with parallel strings running in the
direction of the width. In weaving, the threads of
the warp run between these strings. Fiteán, an
affair on which the thread is wound before weaving.
It fits into the shuttle, and is hollow in the middle.



Domhnall Ó hUalacháin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services