Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dualgas an Droch-Chroidhe.

Title
Dualgas an Droch-Chroidhe.
Author(s)
Ó Murchadha, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DUALGAS AN DROCH-CHROIDHE.



MICHEÁL Ó MURCHADHA
do scríobh.



Do bhí feirmeóir ann fad ó, agus ní bhíodh
éin-nídh ag déanamh buaidheartha dhó de ló agus
d'oidhche acht cionnus do thiocfadh sé ar
shaidhbhreas do chruinniughadh. Mar seo,
oidhche amháin, bhí sé féin agus a bhean ag cur 's
ag cúiteamh le n-a chéile ar an tseift do
b'fhearr chuige. Do labhair an bhean, agus
adubhairt:



"Ní'l éin-tslighe is fearr chum airgid
do chnuasach 'ná gan puinn bídh do thabhairt
do na seirbhísigh agus breith bhuntáisteach ar
cheannuidheacht agus bheith tiúscalach."



"Im' briathar," ar san feirmeóir, "gur
dóigh liom go bhfuil an ceart agat, agus
deinimís amhlaidh."



Ó shoin amach, nuair bheadh biadh dá chaith-
eamh 'san tigh, ní bheadh dhá ghreim ithte ag
éinne de sna seirbhísigh nuair ghlaodhfadh an
feirmeóir ar an gcailín chum an bhuird do
thógáil suas, agus do dheineadh. Do chaitheadar
tamall ar an nós soin, go mór-shaothair agus
go hocrach, mar ní leigfeadh náire do na
seirbhísigh gearán go mbíodh ocras ortha.
Oidhche amháin do casadh 'sa' treó chúcha
rábaire de bhacach luath láidir agus d'fhiafruigh
sé de'n chailín aimsire ar dhóigh léi go
bhfuigheadh sé lóistín na hoidhche ó'n mháighis-
treás.



"Geobhair," ar san cailín; "acht bíodh
fhios agat ná fuighir puinn bídh ist oidhche
ná ar maidin."



"Cionnus é sin?" ar san bacach. "An
amhlaidh ná cuirfear romham é?"



"Ní headh," ar san cailín. "Cuirfear
do cheart bídh romhat; acht sula mbeidh dhá
ghreim ithte agat déarfaidh an máighistir
liom-sa an bhord do thógáil, agus caithfead a
dhéanamh."



"Ach! má's mar sin atá an scéal," ar
san bacach, "ní mó biorán agus é."



Annsoin d'iarr an bacach lóistín na
hoidhche ar mhnaoi an tighe, agus do fuair.
Nuair do bhí an suipéar ullamh, do shuidh-
eadar go léir chum an bhuird; acht ní raibh
dhá ghreim ithte ag éinne aca, nuair
dubhairt an máighistir leis an gcailín an
bord do thógáil suas.



"Ar mh'anam-sa! ná déanfaidh go fóill,"
ar san bacach, "mar ní'l trian mo shásaimh
ithte agam-sa ná aca so leis," ar seisean
ag tagairt do na seirbhísigh.



Ní leigfeadh náire do'n bhfeirmeóir tos-
nughadh arís, cé go raibh ocras a dhóthain air,
agus d'fhan an bacach agus na seirbhísigh ag ithe
chum go rabhadar sásta. Fé cheann tamaill
do chuadar go léir a chodladh, agus do
cheartuigh an bacach leaba dhó féin ar an
dteinteán le hais na teineadh. Níor leig
an t-ocras do'n bhfeirmeóir codladh, agus fé
cheann tamaill d'iarr sé ar a mhnaoi éirghe
agus blúire aráin do sholáthar chuige go raibh
sé caoch ag an ocras.



"Ar mh'anam, a Sheagháin," ar sise, "ná
fuil éan-bhlúire aráin bácálta 'san tigh."



"Éirigh, máiseadh," ar seisean, "agus dein
císte baise, agus buail fé'n luaith é, agus ní bhéidh
sé neómat ag bácáil ann."



D'airigh an bacach an comhrádh so eatorra
go maith, acht níor leig éin-nídh air. D'éirigh
bean an tighe, agus do dhein an císte baise go
mear, agus do bhuail fé'n luaith ghríosaigh é.
Annsoin d'éirigh an bacach aniar ar a
chorra-ghiob 'sa' leabaidh, agus do luigh ar
chomhrádh leis an mnaoi. Do b'fhearr léi go
mór é fhanamhaint mar a raibh sé, agus is í do
bhí go searbh leis.


L. 203


"Agus," ar sise leis, go feargach, "ní
fheadar cad do b'áil le bhur leath ag lorg
déarca. Dá dtugadh sibh aire d'bhur ngnó,
níor ghábhadh dhíbh bheith 'nbhur stráilíbh dío-
mhaoine ins na cúinní ag na daoinibh."



"Tá gach uile phioc de'n cheart agat, a
bhean an tighe," ar san bacach; "acht, im'
thaobh-sa dhe, ní raibh leigheas agam air. Do
cheapas lá dem' shaoghal ná beadh éan-
ghábhadh agam go bráth le dul ag lorg
déarca. Seo mar ghaibh an saoghal liom:
Bhí beirt dearbhráthar againn ann, agus nuair
bhí ár n-athair ag dul chum báis d'fhág sé
feirm mhór thailimh againn araon, agus dubhairt
sé linn dá leath a dhéanamh dhi eadrainn, agus
go raibh maireachtaint do bheirt againn
innti. Sin mar bhí. Do cailleadh an sean-
bhuachaill, agus do chuireamair go galánta é.
Tamall 'n-a dhiaidh sin do thosnuigheamair
ar an fheirm a roinnt, agus do thógamair
claidhe teórann mar seo," ar seisean, ag
tarraing stríoc tríd an luaith ale agus tríd
an gcíste baise.



"Airiú!" ar san bhean go feargach,
"leig ded' stríocanna, agus ná bí ag árd-
ughadh luaithe ar fuid an tighe."



"Éist, a bhean," ar san bacach, "go
n-innsim mo scéal duit. Tar éis an chlaidhe
a thógáil, ní raibh mo dhearbhráthair sásta.
Dubhairt sé go raibh an taobh do b'fhearr
de'n fheirm agam-sa. Annsoin do b'éigin
dúinn teacht agus claidhe eile do thógáil mar
seo," ar seisean, ag tarrac stríoc eile
tríd an luaith agus tríd an gcíste.



"Airiú," ar san bhean, "táim dhá rádh
leat leigint do'n luaith," cé nach ar mhaithe
leis an luaith bhí sí, acht ar mhaithe leis an
gcíste.



Níor dhein soin do'n bhacach é. Do lean
sé ar a scéal:



"Tar éis an chlaidhe eile seo do thógáil,"
ar seisean, "ní raibh mo dhearbhráthair
sásta agus do b'éigint dúinn claidhtheacha do
thógáil mar seo agus mar seo," ar seisean, ag
tarrac stríocanna tríd an gcíste chum
gur loit sé é. Nuair bhí soin déanta aige,
"'Sé críoch an scéil," ar seisean, "gur
bh'éigint dam an fheirm fhágáil ar fad ag
mo dhearbhráthair agus imtheacht ag lorg
déarca dham féin."



"Nár ghabhaidh crích is fearr 'ná é thú," ar
san bhean, ag iompáil uaidh síos, agus ag dul
fé dhéin fir na leapthan.



"An bhfuil an císte agat dam?" ar
seisean.



"Ní'l," ar sise, "mar do loit an bacach
orm é."



"Och, Dia linn!" ar seisean. "Cad do
dhéanfad ar éan-chor? Ní mhairfead ar
maidin. Preab amach," ar seisean léi,
"agus crúidh braon leamhnachta dham, agus caith
gráinne mine coirce tríd."



Do dhein chomh maith. Amach léi agus do
chrúidh braon leamhnachta, agus do mheasc


L. 204


gráinne mine coirce tríd. Níor bh'é dear-
mhad an bhacaigh preabadh amach go dorus
an chró agus é iarraidh uirri. Shín sí chuige an
galún, mar cheap sí gur bh'é a fear féin bhí
ann. D'ól an bacach go tapaidh é, agus isteach
leis 'sa' chúinne. Fé cheann tamaill do
tháinig an bhean isteach, agus dhein ar a leabaidh
dhi féin chum dul a chodladh.



"Tabhair dham an galún," arsa fear
na leapthan.



"Airiú, a Sheagháin," ar san bhean, "nár
thugas duit cheana ag dorus an chró é."



"Uch! Dia go bráth linn," ar seisean,
"níor fhágas an leabaidh ó shoin. Is dócha
gur do'n bhacach do thugais é, pé diabhal do
chas chugainn é."



'Seadh, níor bhacadar le héin-bhiadh eile
do sholáthar go maidin, agus do mhair an
feirmeóir. Go moch ar maidin d'fhág an
bacach slán aca, agus níor ith sé broicfeast ná
eile, bhí a bholg chomh teann soin d'éis na
mine coirce; agus is dócha nár bh'éan-ghuidhe
fóghanta do thug an feirmeóir dó ar linn
scaramhaint leis. Níor bhog an scannradh
so croidhe an fheirmeóra chum éin-cheart do
thabhairt do na seirbhísigh, agus fé cheann
tamaill ní fhanfadh seirbhíseach aige ar ór
ná ar airgead, agus, i n-ionad saidhbhris do
chruinniughadh, is amhlaidh do briseadh as a
chuid tailimh é, agus do b'éigint dó féin agus dá
mhnaoi dul chum martha i mbothán bocht
dealbh ar thaobh bóthair. Oidhche áirithe dá
raibh an lánamha bhocht so ag troid le chéile,
gach éinne aca ag cur mileán bheith bocht ar
an nduine eile, do labhair guth leó, agus
adubhairt:



"Tabharfad-sa caoi dhíbh ar bheith go
saidhbhir arís, má's maith libh é. Tabharfad
aon trí athchuingí is maith libh dhíbh, agus tabhar-
fad cheithre uaire fichead díbh chum macht-
naimh."



'Seadh, do bhíodar go háthasach anois, agus
do scuireadar de'n acharann, agus do
luigheadar ar chainnt go cneasta le chéile,
is iad ag smaoineamh ar an saidhbhreas do
bheadh aca ar ball. Do bhí teine bheag dheas
bhrothalach ar a n-aghaidh amach. Fé cheann
tamaill dubhairt an tsean-bhean:



"Ba mhaith liom go mbeadh turcaoi ramhar
agam anois, mar ba dheas a róstfainn é."



Airiú! láithreach buill do tháinig scrog-
alach de chearc Franncach breagh ramhar
anuas an simné chughtha. D'fhéach an sean-
duine uirthi le droch-mheas i dtaobh olcas a
bhí a hathchuinge curtha aici, agus le seirbhthean
chúighthi dubhairt sé:



"Ba mhaith liom go gceanglóghadh an
turcaoi céadna suas do bharr do chuíncín."



Airiú, is ar éigin bhí an focal as a bhéal,
nuair cheangail an turcaoi suas do chuín-
cín na mná.



"Is deas an athchuinge iarrais go
deimhin," ar sise. "Sin dá cheann aca
imthighthe go holc uainn. Cad iarrfam
anois?"



"Iarraimís ár ndóthain óir," ar san
seanduine, "agus cuirfead clúdach óir
leathsmuigh de'n turcaoi sin, agus beidh tú ar
an mnaoi uasail is bhreaghtha 'sa' domhan, agus
chíonn an talamh gur dheacair sin a dhéanamh
dhíot," ar seisean.



"Ó! ní dhéanfadh éin-nídh an gnó," ar
sise, "acht an turcaoi bhaint díom-sa arís.
Iarraim an turcaoi seo bhaint díom-sa
arís," ar sise.



Láithreach buill do thuit an turcaoi dá
cuincín, agus amach an simné leis.



Do bhí na trí athchuingí fachta aca, agus iad
curtha go holc aca.



Bliadhain ó'n oidhche sin do bhíodar arís
ag troid le chéile 'sa' bhothán, nuair labhair
an guth leó:


L. 205


"'Seadh," ar seisean, "tabharfad dá
athchuinge anocht díbh agus caithfidh sibh iad
d'iarraidh láithreach, agus iarraidh rud éigin
fóghanta."



'Sí an tsean-bhean do labhair ar dtúis:



"Iarraim," ar sise, "lán meidre de
phreabánaibh chum bríste an tsean-bhuachalla
do dheisiughadh."



"Ó! mhaise," ar san seanduine, le bárr
feirge chúighthi, "iarraim-se gach éin-cheann
riamh dhíobh do ropadh siar id' scórnaigh agus tú
thachtadh."



Láithreach buill do tachtadh an tsean-
bhean leis na ceirteachaibh ar a aghaidh amach.
Do fuair na síth-mhaoir amach go raibh an
tsean-bhean marbh, agus do tógadh an sean-
duine. Do dhein fínné an dochtúra é
dhaoradh, mar dubhairt sé gur thacht an
seanduine le ceirteachaibh í. Do crochadh
an seanduine annsoin, agus sin í an chrích do
ghaibh an Feirmeóir Ocrais.



Gluais



An tseift do b'fhearr, the best method.
Bhuntaisteach, advantageous.
Tiúscalach, industrious.
Go-mór-shaothair, hard-working.
Ní leigfeadh náire, fear kept the servants from
complaining.
Rábaire de bhacach, a stout, active, strong beggar-
man.
Casadh sa treó, came the way.
Ní mó biorán agus é, it does not matter a pin.
Trian mo shásaimh, I have not eaten one-third enough.
Ag tagairt do na seirbhisigh, referring to the ser-
vants.
Do-cheartuigh an b., the beggarman fixed a bed for
himself.
Teinteán, hearth.
Blúire aráin, provide some (a bit of) bread
for him.
Císte baise, a little cake made on palm of hand.
Buail fé'n luaith é, put it in the ashes.
Níor leig éin-nídh air, he pretended not to hear.
Fé'n luaith ghríosaigh, under the "red" ashes.
Ar a corra-ghiob, in a sitting posture.
Do luigh ar chomhrádh, began to speak.
Ní fheadar cad do b'áil, I do not know why half of
you go begging.
Stráilí díomhaoine, idle wretches.
Im' thaobh-sa dhe, as for me.
Go raibh maireachtaint do bheirt, that there was a
living for two.
Do caillleadh, the old man died.
Do chuireamar, we buried him decently.
Claidhe teóran, a boundary fence.
Leigint de'n luaith, let the ashes alone.
Ar mhaithe leis, for the good of.
Nár ghabhaidh, may a better end than it not overtake
you.
Crúidh braon, milk some (a drop of) new milk.
Níor bh'é dearmhad, the beggarman did not forget
to go out.
Níor bh'éan-ghuidhe foghanta, it was no good wish.
Tabharfad caoi dhíbh, I shall give you an opportunity
Trí athchuingí, three wishes.
Láithreach buill, immediately.
Scrogalach, a long-necked fellow.
I dtaobh olcas, on account of the bad way she had
put her wish.
Seirbhthean, bitterness.
Cuíncín, a turned-up nose.
Fachta, got, found.
Lán meidre, a churn-ful of rags (patches).
Do ropadh siar, to drive back.
Na síth-mhaoir, the police.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services