COIS TAOIBH NA FAIRRGE.
Tar liom-sa, a léightheóir uasail, siar ó'n
mbaile mór gránda, siar os na gortaibh
móra is na páircibh glasa, siar thar cnoc is
sliabh is gleann mín réidh, go dtí go sroich-
eam araon "oileáinín aerach cois taoibh
na fairrge." Stad annso lem' thaobh-sa
ar an bhfaill aoird seo, agus leath do shúile ar
an radharc bhreágh áluinn atá ós do chomhair
amach. Féach an lán-mhuir agus blátha geala
an uisce, agus cosa éadtroma na gréine ag
rinnce go taithneamhach ar urlár niamhrach
na fairrge. Féach na tonnta móra ag rith
go calma i ndiaidh a chéile 'n-a sluaightibh
bána áilne i gcoinnibh na tíre. Féach anois
iad ag teacht le fuinneamh aníos an tráigh.
Éist le n-a nglór mar bhriseann siad i
gcoinnibh na fuille. Tá buaidhte ortha
anois, agus téidheann siad tar n-ais go mall
go dtí an mhuir aríst. An gcloiseann tú
fuaim a ngotha agus iad ag imtheacht? Nach
mór an fhearg agus an fuinneamh atá ortha!
An gcloiseann tú fothrom a gcos is a
gcoiscéim trom láidir, agus na cairrgeacha is
na clocha beaga dhá meilt go daingean
aca? Acht cad é an glór árd úd do
chloisimíd anois? Táid siad ag teacht thar
n-ais chum catha aríst. Féach a gcinn bhórba
ar lasadh fé dheallradh na gréine. Nach
breagh áluinn an sluagh é? Cia'ca go bfuil
an lá aige an turus so? Fóiríor cráidhte!
do theip aríst ar an sluagh bán, agus táid
siad ag filleadh an tarna uair go faon
lag ó'n gcath.
Suidhmís síos anois ar an mbinsín
fhéarach úd thall. Is minic a thagaim annso
ag féachaint ar an troid shíoruidhe idir an
talamh is an fhairrge. Is 'mdhó uair a chluig
chaithim annso ag éisteacht le glór na
fairrge is le glaodhach uaigneach na muir-
éan, agus is 'mdhó smaointe doimhne ritheann
trém' aigne i rith na huaire sin. Annso
atá mo thalamh duthchais féin, saor ó scáil
an tSasanaigh, gan a rian ná a dhroch-
chomhartha le fagháil innti. An fear úd ag
bailiughadh múir fairrge thíos ar an dtráigh,
'sí an Ghaedhilg an teanga amháin atá 'n-a
bhéal aige. An cailín úd ag ceangailt an
choirce thuas 'sa' pháirc bhuidhe, éist leis an
amhrán atá aici 'ghá thabhairt uaithi. Sean-
amhrán Gaedhealach is eadh é. Éist!
"A óig-bhean bhreágh stuamdha na gruaige breagh
buidhe,
Tar annso anuas chugham i gcomhgar na dighe,
Mar do thógfá-sa an ceo so 's an brón suas dom'
chroidhe,
Mar d'éireóchad an lóchán de'n gcoirce le gaoith."
Is cuimhin liom go maith an chéad uair
riamh d'airigheas an t-amhrán úd. Féach
soir mar n-éirigheann an sean-chaisleán ar
an dtaobh thuaidh de'n Ghóilín. Timcheall
cúpla péirse ar a dtaobh thoir de'n chais-
leán, 'san áit úd ar nglaodhtar Béal an
Orglaic, tá bothán beag deas, na toir
ghlasa ag fás 'n-a timcheall. Comhnuigheann
Domhnall Ua hÉilidhe annsoin. Fear an-
Ghaedhealach is eadh Domhnall. Ní'l stair
ná seanchas a bhaineann leis an gceanntar
so ná fuil aige. Caitheann sé an oiread
soin aimsire i measc na seandún agus na
sean-fhotharach, agus tá an oiread soin
eólais curtha ortha aige, go ndeirtear go
minic go mbíonn sé rannpháirteach leis na
daoinibh maithe. Pé uair a chloiseann
Domhnall an focal soin 'ghá rádh, ní dhein-
eann sé acht sceartadh ag gáiridhe go
croidheamhail fé mar a bheadh sé tar éis
rud an-ghreannmhar do chlos.
Aon lá amháin, bhíos féin agus beirt éile ag
gabháilt an bhóthair nó go dtángamar go
dtí an paiste beag talmhan do bhaineann
le Domhnall. Do chonncamar é féin thíos
'sa' pháirc, a ránn 'n-a láimh aige, agus é ag
cromadh ar a chuid oibre. Síos linn chuige,
mar ní castar Domhnall riamh umam gan
comhrádh gearr éigint do bheith aguinn.
D'árduigh sé a cheann nuair chualaidh sé
fuaim na coisidheachtas chuige, is do tad
sé ar an obair ar feadh tamaill. Tar éis
dúinn sealad do chaitheamh ag cur 's ag
cúiteamh, do shuidheamar síos ar an
gclaidhe, agus do lean Domhnall ar a chuid
oibre arís. I gceann tamaill thosnuigh
Tadhg Ua Léin - ba dhuine de'n bheirt eile
Tadhg - ar amhrán do thabhairt uaidh ós
íseal:
"A óig-bhean bhreag stuamdha na gruaige breagh
buidhe,
Tarr annso anuas chugham i gcomhgar na dighe."
"Ar chualaís riamh é sin?" ar seisean
le Domhnall, nuair a bhí an méid sin
tabhartha uaidh aige.
"Chualadh go minic," arsa Domhnall;
"tá sean-phort breagh fada leis."
"Bhfuil sé agat, a Dhomhnaill?" arsa
mise. "Má tá, scaoil chughainn é, led'
thoil."
"Tá an fonn agam, pé i nÉirinn é,"
arsa Domhnall. "Táid na focail imthighthe
as mo cheann le fada éin-cheathramhain
amháin "
"Cia aca é sin, a Dhomhnall?" arsa
Tadhg.
"An ceann úd adubhraís-se ó chianaibh,"
arsa Domhnall. "Mar seo ghabhann sé:
"A óig-bhean bhreagh stuamdha na gruaige breagh
buidhe,
Tarr annso anuas chugham i gcomhgar na dighe,
Mar do thógfá-sa an ceó so 's an brón suas dem'
chroide,
Mar d'éireógadh an lóchán de'n choirce le gaoith."
"Siné é go díreach," arsa Tadhg. "Is
minic d'airigheas é thoir ar an bhFaill Mhóir
agus mé im' bhuachaill óg."
"Ba mhaith liom é sin do chur síos, a
Dhomhnaill," arsa mise. "Fan go fóill go
bhfuighead blúire phaipéir."
"B'fhiú dhuit é sin bheith agat," arsa
Domhnall. "Ceann an-bhreagh bogh is eadh
é. Is fearr dhuit na focail do chur síos ar
dtúis."
Do dheineas chomh maith. Nuair bhí na
focal scríbhte síos agam, dubhairt Domh-
nall an chéad líne uair nó dhó go dtí gur
fhéadas féin é rádh 'n-a dhiaidh. Annsoin
chuireas nótaí na líne sin síos ar an
páipéar. Do dheineas an cleas céadna
ar an gcuid eile dhe. Nuair bhí an port go
léir thíos agam, dubhramar araon le chéile
é, agus do shocruigheas pé nótaí ná raibh 'n-a
gceart agam.
Díreach nuair bhí deireadh scríbhte againn
cia chífimís chughainn acht Seaghán Ua
Séaghdha, agus nuair chualaidh seisean cad do
bhí ar siubhal againn, agus ná raibh againn de
sna focail acht éin-cheathramhain amháin, do
thosnuigh sé féin air, agus do léigh amach an
t-amhráin dúinn ó bharr deireadh gan focal
do chailleamhaint; agus mar sin atá sé agam.
Éist leis an gcailín aríst. Nach gleóite
éirigheann fuaim a gotha i lár an amhráin?
Nach brónach uaigneach mharbhuigheann na
nótaí deiridh? Sin scéal na hÉireann
i gcomhnuidhe - lúthgháir is brón ag troid
gan stad 'n-a cliabh. Éist anois mar a
thagann an fonn is na focail go deas le
n-a chéile!
"Nach aoibhinn 's nach aerach do'n té bhíonn ag ól;
Ní bhíonn peacadh 'san tsaoghal air, ná éin-nídh dá
shórt;
Dá gcasfaidhe air spéirbhean is go mbéarfadh di
póg,
Goidé sin do'n té sin ná baineann soin leó?"
Nach breagh ceólmhar an rann é sin? Ní
theastuigheann fonn ná port chum go
ndéanfaidhe amhrán dá leithéidíbh sin d'fhoc-
laibh.
Tá scéal beag ag baint leis an amhrán
so, acht ní bhacfad leis an turus so. Chím,
a léigtheóir, go bhfuilir tuirseach dem' chuid
drabhfuighealla. Slán leat, a dhuine chroidhe.
Taoi ag dul thar n-ais dod' bhaile, is dod'
pháirc, is dod' thigh mór áluinn. Fanfad-
sa annso tamall eile ag éisteacht le guth
na fairrge is le ceól buan láidir na
gaoithe.
OISÍN.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11