Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ardán na nGaedheal.

Title
Ardán na nGaedheal.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ARDÁN NA NGAEDHEAL.



Táthar chum "Lá na nAmadán" do léiriughadh i
Lunndain i gcionn tamaill. Tá scéala fachta
againn go bhfuilid agá thaithighe go dícheallach thall.
Ní héan-obair shuarach dráma Gaedhilge do thais-
peáint i "Mol na Cruinne" mar thugann na Sasan-
naigh féin ar Lunndain. Is ann is féidir na drá-
manna Béarla is fearr d'fheicsint dá léiriughadh
ag daoinibh go bhfuil barr taithighe aca ar a leithéid.
Is dána an rud dár gcáirdibh thall an drama
Gaedhilge do thabhairt isteach ann, agus tá súil
againn go n-éireóghaidh go geal leó.



Tá "Aodh O Néill" le Conán Maol, agus "An
Pósadh" leis an gCraoibhín, agus "An Sprid" leis an


L. 192


Athair Peadar Ó Laoghare dá dtaithighe ag muinntir
na hÁrd-Chraoibhe i mBaile Atha Cliat i gcóir á
léirighthe. Sin oidhche bhreagh romhainn. Ba dheacair
fuireann do b'fhearr 'ná muinntir Mhaghchromdha
d'fhagháil chum "An Sprid" do léiriughadh.



Chuir Craobh an Chéitinnigh "An Tobar Draoidheachta"
leis an Athair Pádraig Ó Duinnín ar an árdán ag
Cuirm Cheóil na Shamhna. Thaithn sé le gach éinne do
réir dheallraimh, bíodh go bhfuarthas lochtaí beaga
ann. Ba dheacair fear - nó dráma - d'fagháil nár
bh'éidir locht d'fagháil ann, agus ba dhóigh linn go mb'-
fhearr tabhairt fé'n dTobar Draoidheachta, nó dráma
ar bith eile dá shaghas i n-éaghmuis hata 'ná i n-éagh-
muis na Gaedhilge.



B'éidir ná fuilmíd tagtha chomh fada soin chum
cinn i léiridheacht drámanna Gaedhilge fós gur mhaith
dhúinn ár lochtaí beaga do léigheamh ós árd ar mhaith
linn féin. B'fearr ar gcomhairliughadh go carthannach.
Mol an óige agus tiocfaidh sí. Táimid ró-lag san
gcéird seo fós agus ba dhóigh le duine gur mó d'oirfeadh
dhúinn ar n-iarrachta beaga do mholadh 'ná do
cháineadh. Tiocfaidh am an cháinte leis acht foidhne
bheith againn. Dá mbéimis láidir ní ghoillfeadh an
bhataráil orainn do mairbheogadh sinn le linn ar
n-anbhfainne. Cuirimís srian leis an mbuirbeacht
go fóill go háirithe.



Tá "amharc" as an dTobar Draoidheachta do
tharraing "Mac Bréagóra," againn dá thaispeáint
san 'uimhir seo, mar aon leis an bhfuirinn do chabh-
ruigh chum é léiriughadh. Tá súil againn go gcuirfear
i n-umhail dúinn gach éin-nidh atá dá dhéanamh ar fuid
na tíre i gcóir Dhráma na Gaedhilge. Ba mhaith linn
pictiúrí d'fhaghail leis. Is beag rud is fearr cuid-
igheas leis an nGaedhilg ná drámanna dá léiriughadh
innti. Níor mhór linn ceann do bheith ag gach feis
an samhradh so chugainn. Anois an t-am chum tosnu-
ghadh ortha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services