Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



"CEACHTA BEAGA GAEDHILGE." Uimhir a haon,
leath-thuistiún; Uimhir a dó, leath-thuistiún; Uimhir
a trí, leath-réal. Nórma Bórtuic, do scríobh;
J.B. Yeats, do tharraing na pictiúirí ionnta; agus
"The Irish Book Company" atá dá gcur amach.



Cuirimíd fáilte is céad roimh na leabhairíníbh seo, mar
is mór an sásamh do fuaramar as a léigheamh. Chímíd
tréithe ionnta do theastuigh go mór ó sna daoinibh seo
atá, cé éirighthe suas, ag déanamh tréin-iarracht ar
theangaidh a dtíre d'fhoghluim. Sa chéad dul síos, tá
Gaedhilg mhaith ionnta. Gaedhilg mhaith shimplidhe
nádúrta is eadh í.



Is deas an tslighe mhúinte atá dá cleachtadh ag an
ughdar. Mar adeir sí féin, b'éigin di an Ghaedilg
d'fhoghluim ó thosach, agus ba cheart a fhios do bheith aici cad
iad na nidhthe do laguigheann misneach an tosnuightheóra.
Tá sí i gcomhnuidhe dá chur i n-umhail do'n léightheóir
ná fuil acht éin-bhrigh amháin le gach guth. Is iad na
guthanna bun-phréim na teangan, agus ma fhoghluimíthear
a mbrigh siúd i gceart i dtosach bárra is mór is fiú é
i gcóir na slighe atá roimh an scoláire. Is minic an
dearmhad so ar mháighistríbh agus ar scoláiríbh araon, agus is
maith linn ughdar na leabhairíní seo dá dheimhniughadh
chomh minic sin.



Tá tréith eile ins na leabhairíníbh seo, agus tréith thar
barr is eadh í dar linne, sé sin na pictiúirí atá ionnta.
Ní'l éinne beó i nÉirinn do dhéanfadh an obair sin chomh
cliste le Jack B. Yeats. Tá rian a lámh go soiléir
ortha. Aithnighmíd go maith a línte fearamhla agus an
casadh Gaedhealach do chuir sé ar gach éin-cheann díobh.
"Is mór atáimíd tagtha chum cinn," adearaidh gach
éinne fhéachfaidh ar an gcéad phictiúir, agus do chuimhneogh-
aidh ar an seafaidín bhó bhíodh san bPrimer aige féin
fad ó. Oscail leabhar a trí, ar thaobh a ceathair.
Féach an crut Gaedhealach atá ar an ngadhar annsoin,
agus ní baoghal ná go bhfuil Seagháinín Gaedhealach. Féach
an caitín dubh sa phictiúir ar an dtaobh eile! Bain an
t-ainmhidhe beag soin as an bpictiúir agus ní bheidh dadamh
ann. Rudaí beaga de'n tsórd soin do thaispeánann
an mháighistreacht, agus is deimhin gur máighistir mór
Jack B. Yeats.



Leigimíd mar rún leis an ughdar scéilíní beaga do
thabhairt do'n aos óg san gceathramhadh leabhairín. Is
fuirist éin-nídh do mhúineadh do sna rudaíbh beaga acht
é chur os a gcomhair i bhfuirm scéil. Ní aontuighmíd
amuigh 's amach leis an litriughadh do-gheibhmíd ins na
leabhairíníbh seo. Acht sin rud go gcaithfear cead a
chinn do thabhairt do gach éinne ann.



Molaimíd go mór d'ár gcáirdibh na Ceachta Beaga
so. Táid siad Gaedhealach idir chorp agus aigne agus ní
baoghal ná go mbeidh ceannach ortha.



IMTHEACHTA AN OIREACHTAIS, 1900. Leabhar I.
Scilling a fhiacha.



Tá an leabhar so tagtha amach fé dheóidh, dá bhliadhain
chum deiridh. Ní ceart dúinn is dócha bheith ag gearán,
mar go dtí a bhfuil le fír-dhéidheannaighe, bhí breis
oibre ar an mbeag-bhuidhin. Caithfear aire thabhairt
do leabhraibh an Oireachtais, mar i gcionn deich


L. 180


mbliadhan ó indiu ní bheidh éin-nídh againn do chuirfidh
obair na haimsire seo i gcuimhne dhúinn acht leabhair
an Oireachtais. Beid siad-san mar sheód-chuimhne
againn ar chathaíbh an lae indiu.



Dála an leabhair seo na bliadhna 1900, tá an-chuid
Ghaedhilge mhaith ann. Tá Óid an Chraoibhín Aoibhinn agus
Oráid Chonáin Mhaoil ar "Anam Tíre a Teanga" ann.
B'fhiú scilling d' éan-Ghaedhilgeóir an oráid seo do
léigheamh. Acht tá níos mó ná soin ann ó Chonán.
Bhuaidh sé an céad duais, fé'n ainm chleite "Ioubert,"
ar thrácht ar "Art Mac Murchadha agus a Aimsir." Sid
í an ealadha is fearr san leabhar, dar linn féin. Tá
ealadha dheas ann ar "Imtheacht na nGaedheal thar
sáile," ó láimh Phádraig Uí Shúilleabháin ó Shráid an
Mhuilinn. Chímíd trácht bhríoghmhar ar bheathaidh Mhichíl
Uí Chléirigh ó láimh "Chonn" 'sé sin Eoghan O Neachtain.
Tá giota beag an-ghreannmhar i gcóir aithristheóracta
ó láimh Pheadair MagFhionnlaoich. Tá sean-taithighe
againn ar "Chú Uladh." Chímíd amhrán an-bhinn ann ó
n-ár gcaraid "Múirneach," Donnchadh O Laoghaire atá
fé láthair ag obair go tréan thiar i gCo. Roscomáin.
Tá clár duaiseann i ndeireadh an leabhair agus tugaimíd
fé ndeara gur bronadh 282 duaiseanna san Oireachtas
so. Cuireadh 222 dhíobh so ag triall ar na scoile-
annaibh agus d'fhág soin 60 duais le bronnadh ins na
hiomaidheachtaibh foghanta. Leigfimíd ar lár na
hiomaidheachta rinnce agus amhranuidheachta agus aithristheór-
achta (16 duaiseanna), agus seo mar do roinneadh na
duaiseanna i dtaobh litridheachta i measc na gConn-
taethe: Conntae Chorcaighe, 17; Co. Bhaile Átha Cliath, 6;
Co. Chiarruidhe, 5; Co. Aontroma, 5; Co. An Cláir, 2;
Co. na Gaillimhe, 2; Co. Tiobrad Árann, 2; Co. na
hIar-mhidhe, 2; Co. Dhúin na nGall, 1; Co. Dhoire, 1;
Sasanna Nua, 1. Tá Corcaigh i bhfad chum tosaigh, acht
conntae mhór is eadh í. Ba cheart do sna conntaethibh
eile brostughadh ortha féin. Tá scríbhneóirí maithe ag
teacht amach gach éan-lá nach mór. Ní holc an rud
buadh an Oireachtais d'fhagháil. Coimeádadh gach éinne
mar chuspóir roimhe é. Ar shon gur bh'fhada go dtáinig
an leabhar so amach, is maith linn go bhfuil sé ar
fagháil. Luach maith scillinge is eadh é, agus beidh ceannach
maith air gan amhras.



DUAN NA SAOIRSE. Riobárd O Duibhir do ghléas le
haghaidh Buidhne Ceóil an Oireachtais. Ar n-a chur
amach do Chonnradh na Gaedhilge. Leath-réal, a fhiacha.



Tá séis-cheól le haghaidh cheithre gothann thíos ag an
nDuibhreac ar an amhrán so. Ní'l amhras ná go bhfuil
sé socruighthe le feabhas agus le gnáth-chruinneas an
ughdair. Ní sean-cheól Gaedhealach an fonn céadna is
dóigh linn cé go measaimíd gur Éireannach do cheap é,
Cia cheap na focail ámh?




Aistriughadh ar cheann de shean-scéaltaibh na hÉireann
is eadh é seo. Do scríobh an Gearmánach Bhindis síos
as Leabhar Laighean é, agus chuir sé i gclódh i nIrische Texte,
III., 2, 462 é. Annsoin d'aistrigh go Gearmáinis é.
Rug Mac Uí Laochaigh greim ar Leabhar Bhindis agus
d'aistrigh an scéal so go Béarla as. Ní gábhadh
éan-chur síos do dhéanamh ar an scéal annso, acht
ceann de réimh scéaltaibh na Tána is eadh é. Cuir-
eann sé síos ar chreach do thug Conchubhar Mac Neasa
Rí Uladh thar teórainn Chonnacht. San réamh-radh
tráchtann Mac Uí Laochaigh ar an gCeltic Spirit, agus
faghann sé beagán suilt ins an treibh seo gur
gnáth leó beith ag taidhbhreamh. Ní dócha go bhfuigheadh
duine puinn chonganta as an leabhar so chum an sean-
scéal do léigheamh, acht ní holc an sompla ar litridh-
eacht Bhearla é.



AN GAODHAL, Deireadh Foghmhair, 1902.



Tá an "Gaodhal" tar éis teacht chugainn, agus go
deimhin féin ní mór ar meas ar an uimhir seo dhe.
Ní'l acht éin-leathanach amháin Gaedhilge ann agus ní ró-
ghleóite an crut atá air sin féin. Tá cuid de sna
pictiúiríbh go deas. Tá ceann "Irish Art" nádúrtha
go leór, acht "Fishing on an Irish Lake" go bhfóiridh
Dia orainn. An bhfeacaidh éinne riamh i nÉirinn, coill
dubh dhorcha i lár an lae agus an ghrian ag scoilteadh na
gcrann! Agus sin é an rud go dtugtar "Art" air!
Ní maith linn an Ghaedhilg ag dul i laighead san
nGaodhal. Bhíodh roinnt mhaith dhi ann tamall ó shoin.



AMHRÁIN AN OIREACHTAIS. IV. - Péarla an Bhrollaigh
Bháin. Riobárd O Duibhir do ghléas.



Saothraidheach gan staonadh is eadh an Duibhreach. Seo
meamram eile ó n-a láimh. Is annamh airighmíd fonn
Gaedhealach is fearr thaithneann linn ná " Péarla an
Bhrollaigh Bháin." Tá féith an-bhinn ag ruith tríd agus ní
baoghal ná gur fhéach an Duibhreach chum í sin do choim-
eád ann, nuair bhí sé dá ghléasadh. Tá séis-cheól le
haghaidh cheithre guthann ann. Tá cruth an-dheas ar fad
ar an leabhairín. Ní shílfeadh éinne bliadhain ó shoin go
bhféadfaidhe a leithéid de leabhar do thabhairt amach
i mBaile Átha Cliath, acht táimíd ag teacht chum cinn
beagán.



CORMAC O CONAILL, agus BEATHA EOGHAIN RUAIDH UÍ
SHÚILLEABHÁIN. Tá an dara heagar díobh so araon
ar fagháil anois. Is iongantach an saothraigheach an
tAthair Pádraig O Duinnín. Tar éis dó "Dánta
Eoghain Ruaidh" agus "Dánta Sheagháin Chláraigh" agus
"Dánta Séafraidh Uí Dhonnchadha" do thabhairt dúinn,
seo arís chugainn é le dhá leabhar eile. Cé go rabhadar
so i gcló cheana féin, is deimhntheach nach gan mór-obair
do tháinig leis an Athair Pádraig an dá leabhar so do
chur uaidh an ath-uair. Tá aguisín maith toirteamhail
leó araon. Tugann sé gearr-chunntas i mBéarla ar
an dá théacs agus tá nótaí agus foclóir thíos aige chum an
bóthar do dhéanamh réidh do'n té bheidh dá léigheamh. Is
iongnadh linn mar bhí uain aige chum na hoibre
go léir acht bhí congantóir oireamhnach aige i
Seaghán O Ceallaigh. Tá an dá leabhar so dá gcur
amach i n-am tráthamhail i gcóir oibre an Gheimhridh.
Táid siad araon an chlar an Oideachais Mheadhonaigh,
agus gan amhras beidh fáilte rompa ins na scoileannaib.
Tá sean-taithighe ag muinntir Chonnartha na Gaedhilge
ortha araon, mar is minic iad dá léigheamh. Ní baoghal
na gur ag dul i gceanamhlacht ortha do bheid feasta,
go háirithe ó tá cruth nuadh agus fás tagtha ortha. Is iad
Connradh na Gaedhilge atá dá gcur amach. Scilling is
réal is eadh fiacha "Chormac O Conaill"; agus scilling
fiacha "Bheatha Eoghain Ruaidh." Go n-éirghid a nuadh-
shaoghal leó araon.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services