Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 159


CLODHANNA NUA.



Tha Gleann Urchadain cho àluinn,
Fo sgàil nam beann ciar,
Le fior oibre Nàduir
A' fàs ann an rian;
Gach raon agus àite
Is áilleanta sgiamh,
Le neòneanan sàr-gheal
Gu àirde ran sliabh.




AMRÁIN AN OIREACHTAIS. - I. A Éire Mhilis Uasla.
Tadhg Ua Donnchadha do chum; Riobárd Ua Duibhir
do ghléas le haghaidh Buidhne Ceóil an Oireachtais.
Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, i
mBaile Átha Cliath. 1902. Trí Pingne.



Is deas an cló é seo go deimhin. Ní fuláir gur
ceart do sgríobhfadh Tórna rud de'n tsórt i n-uaim
Ghaedhilge, agus maidir le Riobard Ua Duibhir, nach cliste
an fear ceóil é? Tá súil againn, gach aon Ghaedhal
ceólmhar go bhfuil cumas aige ar chlaisceadal, go
gceannóchaidh sé "Éire Mhilis Uasal" gan mhoill, mar
is fiú a leath-réal é gan amhras.



AMHRÁIN AN OIREACHTAIS -.III. Is truagh gan mise
i Sasana. Riobárd Ua Duibhir do ghléas le haghaidh
Buidhne Ceóil an Oireachtais. Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1902.
Trí Pingne.



LEABHRÁIN AN "CHLAIDHIMH SOLUIS." - I. Aodh Ó Néill.
"Conan Maol" do scríobh. Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1902.



Dráma beag is eadh é seo. Is deas an chaint atá ann
go dearbhtha. Árd-sgríbhneóir an té do sgríobh agus ní
héin-iongnadh d'á chionn sain caint mhaith do bheith ann.
Tá súil againn, nuair a bheithear d'á chlóbhualadh an
athuair, go gcuirfear "Fear Ionaid na Bainríoghna,"
"Teachtaire na Bainríoghna," "go gcaithfeadh sé"
(l. 15,) "Glas Naoidhean," agus ceartuighthe nach iad i
n-ionad a bhfuil ann anois. Is cás linn go cruaidh
éan-rud ar an dtuathal agus a rádh go bhféadfaidhe a
leithéid do sheachnadh go furusda.



Mac Talla, Sidni, Ceap Breatunn.



Is ró-mhithid dúinn trácht ar an bpáipéar nGaedhealach
so. Dar ndóigh, ní'l aon tseachtmhain 'sa' bhliadhain
nach mbuaileann an cara so againne isteach chugainn,
agus gan oiread le focal ar iomchar aige i mBéarla.
Léighmíd cuid d'á sgéalaibh le fonn, agus an chuid eile
bhíos ag trácht ar rudaíbh poilitidheacha, bíonn ár


L. 160


meas féin againn ar an gcúis tar éis a léighte féin.
Ní hionann caint do gach aon sgríbhinn d'á mbíonn
ann. Is fearr linn go mór roinnt de na déantúsaíbh
'ná roinnt eile. Molaimíd tar bárr an Óráid Ghaedh-
ilge úd do rinne an Coirnéal Eoin Mac Griogair,
M.D., os comhair Chumainn Ghaedhilge Inbhir Nois. Is
beag ma tá fiú focail de nach dtuigfeadh Gaedheal
Éireannach go soiléir solusmhar, ar shon go bhfuil an
chaint casta go leór. Is breagh an chomhairle uaidh í
seo do gach Gaedhilgeóir léigheannta atá i bhfad ó
bhaile:-



"'S an áite mu dheireadh, do bhrígh gur e eiseimpleir
a's fearr na comhairle, innsidh mi dhuibh mar a d'éirich
dhomh fhéin, agus ciamar a chum mi 'Gháidhlig na 'm chuimhne.
Bhá mi aon turus corr agus ceithir bliadhna deug gun
chluintinn smid Gáidhlig o neach eile. Gidheadh an uair
a tháinig mi air m'ais do'n Gháidhealtacht, bhá 'Gháidhlig
agam ní b'fhearr na 'n uair a dh'fhalbh mi. 'S ann mar
so a thacair : An uair a dh'fhairich mi mi-fhéin ri call
na Gáidhlig, thóisich mi ri leughadh agus ri sgríobhadh na
Gáidhlig, ach gu h-áraid - ri seinn na Gáidhlig; eadhon
gus an ám so cha mhór gu 'n téid lá seachad gun mi
leughadh beagan Gáidhlig. An drásda 'sa rithist, mar
an ceudna, thóisichinn ri sgríobhadh amhran úr Gáidhlig
leam fhéin, air sean fhonn a b'aithne dhomh roimhe, no air
fonn úr a bhithinn fhéin a feuchainn a chuir ri chéile
Mar bhá 'n t-ám ri ruith, bhá na h-amhrain ri fás
líonmhor, gus na sgríobh mi mu dheireadh timchioll trí
fichead ac', a chló-bhuail mi ann an leabhar do'n d'thug
(= dtug) mi 'n t-ainm neónach "Luinneagan Luaineach,"
oir bu luaineach mo chos agus mo chridhe fhéin, an rud 's an
so, an drásda 's a' rithist, ri figheadh nan amhran."



Cé nach bhfuil sé i ndán do gach aon Ghaedhilgeóir
bheith i n.a fhilidh, ní misde do chách an chéad chuid de'n
chomhairle do dhéanamh.



Ní thugaim
dul as d'eunaibh, bhain sí únfairt as, ar a dhúbailt,
tháinig truagh ag an nduine fiadhain dó, tháinig grádh
ag cat d'óigfhear, agus c.



Ní hé lá na gaoithe lá
na sgolb, ní hé am na cneadaighe am na haithrighe,
briseann an dúthchas tré shúilibh an chait.



is é a locht a laighead.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services