Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaduigheacht Inisdubháin.

Title
Gaduigheacht Inisdubháin.
Author(s)
Mac a'Bháird, S. S.,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GADUIGHEACHT INISDUBHÁIN.



Oileán Toraigh,
Leitirceanainn,
Co. Dhúin na nGall,
17/8/02.



D'Fhear Eagair,
"Irisleabhair na Gaedhilge,"
Baile Átha Cliath.



A Shaoi Ionmhuin,



Seo thíos "Gadhuigheacht Inisdubháin" a
gheall mé tá tamall ó shoin dhuit, acht tá eagla
orm nach bhfuil an litriughadh go ró-chruinn
agam ar chuid do na foclaibh. Chuaidh mé,
mar sin féin, comh deas d' fhuaim na bhfocal
agus d'fhéad mé; acht, mar nár thuig mé uilig
iad, is buille-fa-thuairim an litriughadh i
gcorr-áit: agus b'fhéidir, le n-a chois seo, nach
bhfuil na focla deaghailte ó n-a cheile i
gceart agam - sin mar déarfá, an rud atá
sgríobhtha 'na dhá fhocal nó 'na thrí foclaibh
agam-sa, gur cheart dó a bheith 'na fhocal
amháin agus vice versâ. Ní thiucfadh leis a'
t-sean-dhuine é féin a d'aithris "Gaduigheacht
Inisdubháin" dam mion-mhíniughadh ar bith
'thabhairt ar an rann seo; acht thuig sé (go
díreach mar thuig mé féin fosta) ughdar no
brígh chainte an rainn uilig i n-éinfheacht.



'Seo an chiall 'tá leis a' rann: - Fad ó
shoin i n-aimsir Fhinn mhic Cumhaill 'casadh
Fionn agus ceithre cloigne deug de na Fiann-
aibh, agus cúig cloigne deug eile, ar bhord
luinge (creidim nach long gaile a bí
inntí - gidh go raibh mo chara a d'aithris a'
sgeul damh de'n bharamhail go mb'fhéidir gur
bh'eadh!) i n-áit éigin amuich i lár na fairrge
móire agus reaith an biadh gann ortha. Nuair
'chuaidh an t-ocras a theannadh ortha, chinn-
eadar comhairle duine de na deich gcloignibh
agus fiche a mharbhughadh agus a ithe. "Cia an chead


L. 131


duine a mhuirbhfidhe?" B'í seo an cheist!
'Nois, bhí mná agus fir ins an chuideachta udaí,
is cosamhail, oir bhí nighean Finn ann, cibé ar
bith (mar 'tchífeas tú ar ball); acht, má bhí
féin, ní rabhthar le géillstin daobhtha-san
ach' an oiread leis na fearaibh. B'fhéidir
nach dtainic ridireacht ar a' tsaoghal ins
an am sin. (Is salach nach raibh dórnán de
Sheoiníníbh na h-aimsire s'againne aca go
dtaisbeánfadh siad rud beag de ghalántacht
Ualter Raleigh daobhtha - níor bh'eagal, dá
mbéadh, go muirbhfidhe aon duine de na
mnáibh ar an luing udaí!) Ní ag rádh atáim
go raibh dítheamhail cuirteise, nó dítheamhail
flaitheamlachta, ariamh ar na sean-bhocaibh
breaghtha udaí ar dtíre; acht bhéarfadh cuid
de na Seoiníníbh sleamhna seo atchím innsiud
a's innseo fríd a' tír buaidh ar a' diabhal
agus ar Ualter Raleigh!



A Eagarthóir, a chroidhe, nach fada ar
shiubhal anois mé ua "Ghaduigeacht Inis-
dubháin"? - cibé ar bhith mar bhí, agus le sgeul
fada a' dheanadh goirid, fágadh ag nighean
Fhinn mhic Cumhaill (b'fhéidir gur bh'í b' uaisle
aca) na crainn a chur agus a chaitheamh, 'feuchailt
c'air a dtuitfeadh sé bás a fhaghail 'chead-
uair. Is uirthi-se féin fosta a bhí an ceann
fada! agus dar léithi féin (os íseal, ar ndóighe!)
"caithfidh mé - bí beo, bí marbh! - muintir
m'athar a shábháil." "Is cuma fa na crainn,"
arsa sise; "seasaigidh 'mach i' mur rang i
réir mar scairtfeas, no ghlaodhfas, mise
oraibh"; agus 'seo mar ghlaoidh sí ortha (agus is é
seo rann Gaduigheachta Inisdhubháin): -



"Ceathrar Finn fadhain (? feadhma) ar dtús,
cé mór a meidhear (? = meadhradh) ins an
aon-rú;
"Cúigear ó bhun an Áigh (? bhunadh an fháigh)
lucht cogair a' Dubháin.
"Dís ó mhac dhubh léigh (? léi), agus fear ó
mo Dhubán dreach-réidh;
"Triúr ó Fhionn, cibé sparba a ndreach, agus
fear ó mo Dhubhán dibhirceach [díbhfeir-
geach?);
"Shuidheas Fionn mar amháin (= leis féin)
fa n-a dhís dhuibhe fa na dheis-láimh;
"Fa n-a deis i bhfinn (? ó shin) dís eile de
chlainn an ríogh At-luath (? Athludh);
"Triúr ó mo Dhubhán dil, aon aig Fionn 'na
n-aghaidh sin;
"Dís ó bhun an áigh, beirt ó Fhionn, agus fear ó
Dhubhán."



Is de mhuintir Fhinn an chead uimhir luaidhte
thuas, agus fosta 'darna 'ach aon uimhir ó sin
go bun; agus de dhaoine, no de bhunadh, eile
'méid atá 'fhuighleach; agus bhí faoi nighean
Fhinn iad seo uilig-an-bunadh coimhigheach
seo bheith marbh i réir duine agus duine, dhá
mairfeadh an t-ocras, sul má mhuirbhfidhe aon
duine de n-a muintir féin.



Seo thíos mar bhéadh siad i n-eagar aicí
i réir an rainn thuas (cuirfimid fáinní (0)
i n-ionad muintire Fhinn agus plátaí (•) i
n-ionad na muintire eile): -


L. 132


'Nois, ní raibh mórán cuma no deanadh ar
a' dóigh, no'n órdughadh, a raibh siad leagtha
amach aicí. Déarfá le breathnughadh ortha
go rabhadar bun-agus-ceann 'mach a's amach;
agus nuair d'fhiafruigh sí daobhtha a' mbéidis
toilteanach gach aon naomhadh 9mhadh duine,
(ag cuntas duine i ndiaidh a' duine eile)
ins an chiorcal thuas a chur 'un báis, dubhradar
uilig i n-aon ghuth go rabhadar. Thoisigh sí
ag cuntas ag an áit do chuir mé an chros
bheag (x), - sin, ag an chead fhear de'n
"cheathrar Finn feadhain (? feadhma)." Feuch
fein 'nois leis, a Eagarthóir, toiseacht aig
an chros bheag x agus ag 'ul thart an ciorcal
bealach na gréine agus 'thchífidh tú go dtuitfidh
an naomhadh áireamh i gcomhnuidhe ar dhuine
de'n mhuintir choimhigheach (pláta dubh).



Faicill (= tabhair aire) nuair a bhéidhir ag
cuntas agus ná háirigh ar ais fear ar bith a
ghearr tú 'mach cheana-féin (sin, fear ar bith
ar thuit "naoi" air). Níor smaoitigh mé
rádh leat, - nuair a thiucfas tú fhad le
"naoi," toisigh le h-"aon" ar ais ar an
deichmheadh ceann, agus greamuigh dó mar sin,
thart, thart, thart, go rabh na plátaí dubha
uilig gearrtha amach agad; agus 'sin mar chuaidh
ag nighean Fhinn a cuid daoine féin a spár-
áil agus feoil úr (Uch!) le h-agaidh a gcothuighthe
a bheith aca fad a's mhair a' ganntanas, - nó
gur shroicheadar tír a's talamh.



Tá an sgeul beag suarach seo comh fada
agam le lá samraidh; agus nach iomdha mallacht
agad d'á chur orm fa a bheith 'cur d'am'
luachmhair amudha!



Mise le meas mór,



SEUMAS SEAGHÁN MAC A' BHÁIRD.



[Dob' fhearr linn "ar deiseal" nó "ar deisea-
bhar" 'ná "bealach na gréine," cé gur dócha go
bhfuilid araon ann. - F. an I.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services