Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Is clos dúinn go bhfuil deireadh le h-easaontas idir
an Rúise agus Sasana. "Mar mhaithe leo féin deunann
na cait crónán." Ar Seághan leis an Rúisíneach,
"tabhair-se cead damhsa mo mharguidheacht do leathadh
annseo a's annsúd i meadhon na Síne agus ní bheidheadh ag
abhastraigh ort feasda mar gheall ar an mBainsiúra."
"Lean leat máiseadh" ar an beithir mar tá seisean
go saotharach an aimsir seo ag déanamh bóithre iarrainn
i dtuaisceart na Síne. Chaith Salisbury a bhairéad i
n-áirde nuair do chualaidh sé an sgéal áthais seo agus
adubhairt gur mhaith leis cómhthalan agus rinnce fada bheith
aige i dTeach na dTighearnaí i Sasana. Thug tighearna
eile miotóg dó agus dubhairt leis gan amadán do dhéanamh
de féin, "mar," ar seisean, "b'fhéidir go mbrisfeadh
an Rúisíneach an connradh úd nuair d'oirfeadh dhó."



Do dhuibh agus do dhearg ag Salisbury, agus adubhairt go
rabhadar ag iarraidh coisg do chur leis an Rúisíneach ar
feadh caogad bliadhan agus gur beag dá bhárr do bhí acu,
agus dá réir sin gur mhithid dóibh athrughadh béar bheith acu
feasda, "mar", ar seisean, "is í an Rúise an chumhacht
is tréine agus is treise ar dhruim an domhain indiu."



Dubhairt páipéir Shasana gurab an-chiallmhar an
cómhrádh sin do thug Salisbury uaidh agus gur chóir dóibh
féin agus do'n Rúisíneach síothcháin i n-ionad coimheasgair
do bheith acu as so amach. Nach maith an rud nach bhfuil
puinn do bhaois na h-óige ag gabháil do Sheághan Bhuidhe
indiu.



Do chloisfeá cogar abhus agus thall na laetheannta so,
i Sasana gur ró-mhaith an sgéal de'n t-saoghal dá mbéadh
cáirdeas cogaidh idir an Sasanach agus an Rúisíneach. Tá
fhios agat gur daoine creideamhnacha sinn-ne thall, agus
gur mar mhaithe leis an saoghal rinnimíd gach cleas
gaisge agus gníomh trócaireach ar fuaid an domhain.



Ar maidin indé do b'é an Rúisíneach an sgriosdóir
ba mhó le fághail; ar maidin indiu is é an fear is sochma
agus is macánta do bhuail riamh linn. Agus i mbárach nó
am-an-oirthear - féach tá an teist amuich ar cheana féin
go bhfuil sé ar tí druidim ó dheas chum na mara go
mall, míchoimheasach. Ní thaithnigheann an tuairisg sin
linn ar aon chor.



An beithir gránna! Tá lapa nó cos leis ar thuaisceart
na Síne, agus deirtheas go bhfuil sé ar tí lapa eile leis
do shíneadh ó dheas chum na Peirse go h-imeal bhórdaibh
na Mara h-Indiacha. Ceileann sé gurab é Cuan na
Peirse atá uaidh, acht chualamar a leithéid sin de
cómhradh cheana ó'n Rúisíneach. Ba chóir caradas do
snadhmadh leis dá ríríbh. Má bheidheas Cuan na Peirse
mar sheilbh aige do b'olc an chomharsa é i gcómhgar do
na h-Indiachaibh Thoir.



Deirtheas go raibh ár gcara Seághan ag iarraidh
sealbhan d'fhaghail ar Chuan na Peirse dhó fhéin, acht gur
ghaibh an Rúisíneach laistigh de. Má's fíor sain is
mithid bagairt ar an Rúisíneach fealltach sain arís.
Ní fheadar ar bh'aon mhaitheas dúinn cuireadh thabhairt
do'n Ameriocánach chum teacht d'ár gcabhair. Ní
theasduigheas cogadh uainn i n-aon chor, acht má tá an
fhírinne ins an sgéal úd i dtaoibh Chuain na Peirse, ba
chóir cosg do chur leis an mbeithir i n-am. Saghas
bualamsgiath is eadh an tAmeriocánach agus bfhéidir go
leigfeadh sé liugh as do chuirfeadh sgannradh ar na
mbeithir sin.



Deir an Carthanóir Ua Morain atá i nÁrdeasbog
ar Thalamh an Óir go bhfuil teasbhach ar an Ameriocánach
agus go ndearnaidh sé coir a chrochda an tseachtmhain fá
dheireadh nuair do sgaoil sé na piléir leis na Samoin-
ighibh. Admhuighmíd gur ghranna an obair í sin gan
amhras, acht mar sin féin dearmadtar dó í feasda
má's áil leis teacht chun ár gcabhartha i n-aghaidh an
Rúisínigh. Ní gábhadh dhúinn troid i n-aon chor, acht
do theasbáint do'n bhitheamhnach Rúsach úd go bhfuilimíd
ullamh chunm an urúdhais agus an t-eirighe-in-áirde do
bhaint as má chuireas cor i gcois na láimh de. "Acht
féach an Fhrainc seo," deir fear meathta éigin, "tá
sí féin agus an Rúise, mar deir an sean-fhocal, "ag ól
na dighe as béalaibh a chéile."" "Mo thruagh mhór thú,"
deir an fear eile, "mór chás dóibh sin araon troid i
n-aghaidh an tSagsan Treibh." Bhí fear snoighte, droch-
shláinteach ag éisteacht leo so lá, fear bladhmannach
do bhí ann, acht mínigheadh ó shoin é. "Is dóich liom
gur léigheas i sdair áirighthe ins an mBíobla," ar
seisean, "go ndeir an Fear i nÁirde linn focail
éigin ar an gcuma so - má bhuaileas fear de chómh-
arsan buille ar do leacain dheis, tá sé riachtanach ort
an leaca chlé d'iompógh chuige."



"Ó, tá sé sin maith go leor," adeir an beirt eile
i n-aonghuth, "acht má bhuaileas an fear ins an leacain
chlé thú, iompuigh an leaca dheas chuige i gcás go mbeidh
faill agat ar phalltóig fá bhun cluaise thabhairt dó, do
bhainfeadh lasair as a shúilibh."



Dob' fhurus áiteamh ar an bhfear snoighte, dá leice
bhí sé. B'fhéidir go bhfuil an ceart agaibh-se," ar sé,
"caithfeam troid leo, ní baoghal ná go gcabhróchaidh an
tAmeriocánach linn; tá sé i ndán do'n tSagsan
Treibh an domhan mór do bheith sa bhuannacht acu. Féach
go ndeir Cecil Rhodes go leanann na h-Ameriocánaigh
ár slighe-ne chómh dúilmhear agus d'ólann an naoidheanán
bainne chíoch na máthar.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services