Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Farney (Co. Monaghan) Proverbs, Sayings, and Riddles.

Title
Farney (Co. Monaghan) Proverbs, Sayings, and Riddles.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FARNEY (CO. MONAGHAN) PROVERBS,
SAYINGS AND RIDDLES.



1. An óige 'san amaideacht,
Is doiligh a cheannaireact.



2. Bíonn clocha sleamhain aige dorus
daoine uaisle; nó
Bíonn clocha sleamhain ins an bhaile mór.



3. Char chuimhnigh an giolla carrach ar a cheann
nó gur ith sé an t-im.



4. Cos le gach aon lucht.



5. Nuair is gainne an meas is féarr a bhlas.



6. Nuair tá an bolg lán bíonn na cnámha ag
iarraidh an tsámhais (nó sócamhail).



7. Is duine an t-eudach,
Is greugach an biadh.



8. Pronntanas Bhriain is a dhá shuil 'na dhiaidh.



9. Ná díol do chearc lá fliuch.



10. Téidh naoi n-iomairí agus naoi n-eitrin
chuige do mhuintir fhéin roimhe an stráin-
seur.



11. Bíonn se milis do fhághail agus searbh do
dhíol .i. iasacht.



12. Congbhuigh le do láimh.



13. An té is fuide bheidheas ag ithe,
'Sé is fuide bheidheas beo.



14. Sop i n-áit na sguaibe.



15. Cha rabh Satharn ariamh ann nach rabh
oiread (no oireid) gréine ann agus
thriomachadh léine an t-sagairt.



16. Nuair stadfaidh an síol stadfaidh an
foirrseadh.



17. Nuair a bhéas mart ceangailte béidh
mart eile sgaoilte.



18. Má's beag an rud a' chiall is mór ar
dhuine.



19. Ceo i ndeireadh gealaighe, fearthainn
i ndeireadh an lae,
Galar súl sean-duine, trí nídh nach
dtig a léigheas.



20. Ceo i dtús na gealaighe, fearthainn
i ndeireadh an lae.



21. Dheunfaidh máthair éasgaidh droch-'nghíon;
nó, Cha rabh maith ariamh i 'nghin na
caillighe éasgaidhe.



22. Go bhfeicidh mé liath thú agus tú ag cíoradh
do chlann.



23. Fág an biadh ag an duine beo,
Agus a'mar (= acht muna) n-íosaidh sé,
leigeadh sé dó.



24. Is práidhinneach an fear an fóghmhar.



25. Buidheachas do Dhia, chan é an fear a
rinne an pota rinne a' tigh.



26. An fear a cháineas mo ghearrán ceann-
ochaidh mo ghearrán.



27. Bí roighin is rachaidh rud leat; agus arís,
Bí roighin is éireochaidh rud leat.



28. Nuair thig a' cuach ar chrann gan duilleóg,
díol do bhó agus ceannuigh coirce.



29. Is mairg a dhéin an t-olc agus bhéas go
bocht i n-a dhiaidh.



30. Obair a mhalluigh Dia,
Obair gan biadh gan fáidhe (nó, gan bhiadh
gan fháidhe).



31. B'fhéarr leis (no léithe) é (no í) a bheith
curtha 'ná baraille síl 'san talamh.



32. Meascán Máire na Mire, Agus,
Dheunfaidh tú M. M. na Mire de,
Ná teana M. M. na M. de,
Rinne sé M. M. na M. de.


L. 117


33. Dúil le cúitiughadh a mhilleas a' cearr-
bhach; nó,
Dúille cúitiughadh a mharbhasa' cearrbhach.



34. Is olc a' cú nach fiú fead air.



35. Bíonn fuath ar fharáilt (= fhuráil).



36. "Is deas an rud a' ghlaine," mar
dubhairt an bhean nuair thionntuigh sí
a léine i ndiaidh seacht mbliadhna.



37. Chan obair fóghmhair ag cur tóna i bpitir.



38. "Go bhfeicidh mé 'sa bhflaitheas thú," arsa
fear le n-a chara. "Ó, feicfidh," ars'
an fear eile, "má bhéidh tú ann."



39. Caidé do ghnaitheach (gnó) a bhaile agus
gan an baile do do iarraidh.



40. Na trí buille atá ag congbháil Éireann
'na suidhe -
Buille tuaighe ar bhloc,
Is buille óird ar inneoir (= inneoin),
Is buille súiste ar lár.



41. Tá súil i ndiaidh a' chleachtaidh.



42. Ná teana rann roighin de; agus
Rinne sé rann roighin de.



43. "Caidé dhún a' poll," ars' a' fear a bhí
istigh? "Má bhrisfidh a' bun feam,
beidh fhios agat ar ball caidé dhún a'
poll," ars' a' fear a bhí amuigh.



44. Má's dona maol, is measa maológ.



45. Tá'n lá ar a luach agaibh (no agat).



46. Táirneach geimhridh, uathbhás samhraidh.



47. Buan go h-eug le Lá Fheil' Phádraig na
bhfeart a bhaineas a' neart as a chloich
fhuair (no luim, no ghlas). Agus
do réir athruighthe eile, A bhaineas a'
fuacht as a' chloich luim.



48. Fearthainn agus iar-ghaoth,
Tuar fola go fíor.



49. Ná mol is ná cáin do ghuirt,
Go dtéidh an Mhí 'l Eóin thart; nó,
Ná mol is ná mí-mhol do ghuirt,
Go rachaidh an Mhí 'l Eóin thart.



50. An rud is teó amuigh,
Lán meurcáin (méaracáin) de'n ghaoith
iar-ghaoth.



51. "Oidhche Inide gan fheoil,
Oidhche Nodlag mór gan im,
Domhnach Cásg gan arán,
Fágh mo ghearrán libh," ars' an tsean-
chailleach.



52. Rugadh ins an tsúithche,
Tógadh ins an toit.



53. Is furus capall gearr a chíoradh.



54. An-iomad na lámh a bhaineas a' cath.



55. An té fhuireachas le lá maith,
Gheobha se lá maith.



56. Thigeann dúthchas fríd (= tré) na crúbaibh.



57. Bíonn grásta Dé idir an diallaid agus an
talamh.



58. Is fearr sean fiach 'ná sean mallacht.



59. Mallacht Cholmcille - leisg luighe agus leisg
éirighe.



60. Cómhairle Colmcille,
'Sé sin a' cómhairle cóir,
Rud nach mbaineann duit
Ná bain dó.



61. Rádh an bháis
"Bheárfaidh me an t-úr liom,
Bheárfaidh me an críon liom,
Is bheárfaidh me an leanbhde'n chích liom."



62. Bofhallán amuigh,
Fofhannán istigh.



63. Chan fhiú sneidh (no snith) chapaill é.



64. "Dia linn," ars' an sac,
Nuair thuit an pionall.



65. Broidiughadh fear-mire na mí-thapa.



66. Tabhair iasacht do ghearráin uait agus cha
bhíonn gearrán agat.



67. Bíonn cosa cruaidhe aige gearrán
iasacht'.



68. 'Luach na pighinne, bí amuigh.



69. Na trí neithe is mó a bheas tarraing air
amuigh -
Pise cois bealaigh,
Leabaidh cois teallaigh,
Agus cailin i dtigh leanna.



70. Na trí neithe is feiceamhla amuigh -
Caor fhóghmhair, cailin Dómhnaigh, agus
madadh muilteora.



71. "Buidheachas do Dhia
Agus glóir do Mhuire,
Má tá mo bhean tinn,
Char chaill sí a goile."



72. Rinneadh gach aon fhear de'n chréafóig
Agus rinneadh m' fhear-sa de'n chlábar.


L. 118


73. Tá a dhóigh fhéin ag gach aon'uine (= aon-
duine)
Acht tá dhá dhóigh ag ár n-Eudhmonn.



74. Má tá tú 'g imtheacht, imthigh, agus má tá
tu ag dul a fhanamhaint, fan, is leig
do'n bhean an mhin a chur ar a' phota.



75. Má's maith prais de, is leor dreas de.



76. Trí lá na buidhe buinneach,
Trí lá lomairt a loin. Agus arís -
Trí lá na buidhe buinneach,
Trí lá casgaire toir.



77. Lucht plúchadh consuimsiun, cuireann
Márta 'sa' chill iad,
Is an t-eallach a bhidheas tinn laguigh-
eann sí iad;
A chréatuir nach teann thú, agus gan agat
acht tharm an cré a bhíonn tú, tionn-
toigh agus ró cuir an t-síl.



78. (Sláinte) Sláinte na hÉireann agus gach
aon chondae a bhaineas dó,
Agus sul a n-eugfaidh na Gaedhil, ná
rabh duine ar bith beó.



79. (Sláinte) Ól do dheoch go cliste;
Is féarr duid é ná 'n t-uisge;
Do ré deor do gheóbhanns tú i ndiaidh
do bháis.



80. Taor dearg suas, fearthainn agus fuacht;
Taor dearg soir, sneachta go glún fir;
Taor dearg siar, triomlach agus grian;
Taor dearg síos, fearthainn agus gaoth.



81. Bean mar rabh gé ann,
Bean gheur ghobánta;
Bean mar rabh muc ann,
Bean chinn trom-chodlata;
Bean mar rabh corrán ann,
Bean láidir stalcata;
Bean mar rabh gabhar ann,
Bean chuairtí asgarda;
Bean mar rabh caora ann,
Bean chaoidheamhail charthannach;
Bean mar rabh uan ann,
Bean chiuin mhacánta.



82. "Beidh tuilte léighinn d'á léigean do
roinn,
Ag tuitim anuas ar chluasaibh croinn,
Aige Carraig na gCuan Dia Luain so
chugainn."
B'ainm an Maighistir scoile "Draoigh-
neán."



83. "A Bhrighid, téidh isteach," arsa fear a'
tighe leis a' bhean, "tá naoidhean a'
tighe i lár a' tighe is é ag lúbarnaigh
is ag lábarnaigh."



84. Is minic a rinneadh greann faoi choin a
mhair a foighid;
Má tá, bíonn cead gloimnighthe aige
fear chaillte na h-imirte ariamh.



85. Seo cómhairle gréasaidhe éigin do dhuine
ag a bhfuil droch-phéire bróg: "Má
bhíonn siad beag agat cuir ceap
ionnta, má bhíonn siad mór agat
cuir sop ionnta, agus má bhíonn siad ag
leigean an uisge isteach ort siubhail
ar bhárr na gcloidhe leobhtha (= leo)."



86. Mí ó chraoibh go craoibh
Is mí ó chraoibh go corrán.



TOMHSANNA.



1. Ceis nó droichead ar loch gan cloch, gan
cré, gan crann.



Freagra - Oidhreog.



2. Capall beag buntáilte donn;
Shiubail sé an saoghal agus char fhliuch se an
bonn.



F. - Níl fhios le fághail.



3. Madadh ruadh ranncáin 'na shuidhe ar a'
phancán (bhancán?) agus gan faoi i n-aon
chor. F. - Níl fhios le fághail.



4. Ceathrar 'na rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt ag teanamh an eólais,
Tóbaid ar deireadh.



F. - Bó (ionnlaoigh).



5. Chonnaic me chugam fríd (tré) a' mhónaidh
Fear gan leónadh 's é 'na' rith
Beagán óir ar bhárr a bhaise
Is cúl a choise fríd a cheann.



F - Tuagh.



6. Briseach beula, sócamhlach tóna, is dealg
broidighthe.



F. - Srian, diallaid, spuirthe.



Tá sgabadh cloinne an mhadaidh ionnta -




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services