Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marthainn Phádraic.

Title
Marthainn Phádraic.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MARTHAINN PHÁDRAIC.



Is claoidhte seang feart fial, aithne
is a ciall, go mbudh buan braon
glas do shugh na gréine gréige
gile, go mbudh suaghach suan mise
agus ionmhuis gorm glas, dís nár
bh'ionann dúinn creideamh, agus gan
do ghrádh ar an talamh acht aithne.



Beannacht leis na marthana-
chaibh seo bhí i gcorp Anna Ní
Áilleáin, gach neach d'á bhfuil na
marthanacha so aige, beannacht ó
n-a ghrádh-san.



Is ionann folt bláth, innmhe a héimhí
cúmhra is a corp a bhí séimhí cúmhra go béal
ó Phárthas. Ní fheachas ariamh ó Úille ná ó
Áille acht aithne go fearta claoidh.



Fágamuid na Marthanacha so mar an
aithne buadh treise, buadh cúnganta, buadh
pósta le fionn-mhnáibh.



Cé dhéarfadh na marthanacha so dul 'un an
aonaigh,
Thiocfadh sé slán gan dochar ó n-a shaothar;
Cé déarfadh na marthanacha so dul i dteach
an óil,
Thiocfadh sé slán gan glór searbh, gan ana-
chain, gan trioblóid;
Cé déarfadh na marthanacha so dul i dteach
nua,
Aon mharbhán ní thiocfadh as chomh 'd 's bheadh
cleith mar dhíon air,
Cé déarfadh na marthanacha so dul i mbád,
luing ná fairrge,
Thiocfadh sé slán gan báthadh thuinne ná
anachain.
Cé déarfadh na marthanacha so dul i gceann
mná moille,
Is maith an áit a gcuirfidhe é, i gceann
céile 'gus cloinne.



Sgríobhfamuid 'uig na sgoláiribh ó fearta
cine claoidhte go fearta cine criathra, ar
feadh an domhain uile g', ar neamh do gach
neach dá meabhrár í, agus ar éinneach na ceil-
tear í.



Mise Pádraic na bhfear tháinig 'm' Árd-
Easbog go hÉirinn; 'sé mo chum gheal atá
uasal, chaill mé mórán do mo léargas.



Fágamuid na criosa soin - crios na
cheithre gcros, crios air ar céasadh Críost,
agus Críost a geineadh as. A Mhuire, fóir ar
an mbean atá i n-airtigeal báis; fóir fhéin,
a Mhic, ó's ar do láimh atá baisdeadh thabhairt
do'n leanbh, agus an bhean a thabhairt slán.



An Mharthainn Phádraic.
(Cóip eile.)



An Milcí Milcó, riadáil réadáil,
A tháinig ó'n Róimh chugainn ó Saera,
Solas déanmhar agus an Pápa naomhtha,
'Sé chuir chugainn Pádraic agus a chléireach.


L. 115


'Sé do theagasg diadhacht agus daondhas
Agus Íosa Críost a ghníodh Éire;
Bhaisd sé na leinbh agus a ndaoine éasgaidh,
Chlaon rí dhó cé go mba deacair a dhéanamh.
Mac ríogh Léagar Ó Laoghaire,
Ba cruaidh an cunntar a rabhadar,
Duine ó'n duine aca a chur i n-aon-teach,
Dá cheann an tighe chur thrí lasadh i n-éinfheacht,
Agus té nach ndóighfidhe dhá Dhia géill-
eamhaint,
Ar eagla go mbéadh beart i n-éadach,
Shínseáil siad broit le n-a chéile
Dóghadh an draoi, is níor deargad ar Bhéinin
Agus annsin a baisdeadh ar an bperefit
naomhtha.
Do labhair Íosa béal ar bhéal leis,
Ar chnoc Edmond 's iad 'ghá chur go hÉirinn;
Thug Sé dhó leabhar agus bachall mar gh(r)éag
air
Agus gheall dó bheith 'na breith' ar Ghaedhil
bhoicht.
Gheall dó an dán do rinneadh ar naomhtha
Ar phoint an bháis go té déarfadh (.i. na
marthanacha).
Nó dhá mb'fhiú an cás na trí rí déidheanach
An t-anam a thabhairt ó Ifrionn saor leis.
Gheall dó ceathar anam Gaedheal bhocht
A bhreith go Flaitheas gach Satharn saormhar,
D'fhearaibh aoibhinn a bhí naomhtha
Agus trí cheathair a gheall Mac Dé dhó.



Tá sí agam-sa 'sa' Mac Seachnasaigh meabhar-
mhar
Agus d'ordóghainn í bheith ag fearaibh Éireann
Méar bhinn Phádraic is ainm di i nGaedhilg.



Ar neamh do gach neach da meabharár í
Agus ar éinneach ná ceiltear í.



Is ar an dá chaoi sin do bhíodh an Mharthainn
ag na daoinibh i nGaillimh fiche bliadhain ó
shoin. Is tearc duine anois ann a bhfuil
sí aige, chreidim, mar ó thosuigheadar ar
tabhairt a n-aghaidh thar sáile rinneadh dear-
mad ar an Marthainn, ar an imirt, ar an
gcleasuidheacht, ar an mbáire, ar an damhsa,
agus is láidir do bhí na daoine ag teacht isteach
ar an mBéarla féin. An fear a raibh an
chéad chóip seo thuas aige, bhí sé 'na chláir-
íneach, agus ó thárla go raibh an t-am ar a mhéin
féin aige, mhúin sé do féin leis an nGaedhilg
do sgríobhadh agus do léigheamh, agus bhí cáil a
sgoláireachta ar fhuaid taobh na tíre. Bhíodh
sé ag léigheamh na sean-leabhra Gaedhilge,
acht nuair fuair an duine bocht bás chuaidh
sgaip agus fán ar na leabraibh. Ní 'dra mé
féin go té an tubaiste d'éirigh dhóibh, acht
tá siad imthighthe ar chuma ar bith.



"AN FIGHEADÓIR."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services