[MARBHRANN PHÁDRAIC.]
Claoidhte [atá] sancta cháidh faoi'n sgáth,
caill ó's buan do'n mnaoi i gclais; ise nach
gnaoi-dhathach, óg-ríoghain Tailtean néata so.
Slán a' misneach sain aige sul ar ghabh taos-
nach Anna an rúindeilín, agus na huile gan a
líon a réidhtigh (?) an toil nó grádh gach aon
dhuine (?) - seaghain a corp, seaghain a cúl,
seaghain a béal. Chuaidh go fada a' bhán-
bhuidhe mhná agus ná cailltear ar Éan-Mhac ar
n-Athar-ne. Beannuighthe an tí sin Anna
mhín, 's a corpán álainn suidhte ar an mbac,
sgoith leinbh d'á bhfuil an domhan as áit, nach
gcailleann a claoidhte[acht]. Mise Pádraig
naomh [atá] claoidhte agus fágaim i gcomhnaidhe
mo mhar[bh]rann indiu ag gach aon dhuine [ar
dhóigh] nach baoghal dó miosgais ná daoi-fhocal.
[NA CÚIG BEANNACHTA.]
I. Duine ar bith deireas mo mhar[bh]rann
i bpeannaid, is deimhin a leanbh go dtiocfa
sí slán ó gach gálra (= galar).
II. Duine ar bith deireas mo mhar[bh]rann
'g dul ar tús catha no comhraig, is deimhin
nach géar leis i ndeireadh chomhraic.
III. Duine ar bith deireas mo mhar[bh]rann
'g dul ar tús a luinge go taoide, is deimhin
go racha sé slán an bealach céadna.
IV. Duine ar bith deireas mo mhar[bh]rann
ag béal an tighe, [ar] ndóigh nach baoghal dó
guth miosgaise nó daoi-fhocail.
V. Duine ar bith deireas mo mhar[bh]rann
'g dul ar tús tábail ann, ní'l osgar 'sa'
chló seo a thlachtachas a dtóma (= dtuamba?).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11