(462) (1) Bhí fhios agam go rabh an
tarbh ins an mhíodhdún, nuair a thanaic (chonnaic) mé an
práibín a d'fhág sé 'na dhéidh; (2) Bhí fhios agam an áit
ar luigh an t-eallach aréir, nuair a chonnaic mé na
práibíní sinn siad 'nuair a d'éirigh siad; (3) práibín
aoiligh.
(465). Seo mar do léirigh Eoin Phádraic Mhic a'
Luain ó Chró-Mhín-na-neanntán i dTír Chonaill an focal
"mín" dam, Mín .i. "ailt íseala bheadh i dtalamh agus
druim árd ar ghach taoibh de." Is iomdha mín 'san
dúthaigh úd; is beag má tá éan-bhaile ann nach "Mín"
is cuid de'n ainm atá air.
(466). Támaoid cleachtuighthe le "udhacht" ó bhéal
Muimhneach agus Connachtach, agus le "tiomna" atá 'sna
leabhraibh agus i mbéal seandaoine Fearnmhuighe, acht ní
cosmhail go rabhamar taithightheach riamh leis an gcuma
atá air i dTír Chonaill .i. "iomna," mar sholaoid, "rinn
sé a iomna." - S. .L.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11