Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Inghean Ríogh Éireann.

Title
Sgéalaidheacht. Inghean Ríogh Éireann.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
S. L.
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 53


INGHEAN RÍOGH Éireann.



Bhí rí i Sasana agus rí i n-Éirinn.
Bhíodar ar aon sgoil amháin
i dteannta a chéile.
Tharraigíodar
coingheall eat-
orra féin, má's
mac a bheadh aige duine
acu agus inghean aige'n
duine eile, iad a phósadh.
Bhí inghean aige rígh
Éireann agus mac aige rígh Sasana. Bhíodar le
pósadh i gceann bliadhna agus fiche. Do
cailleadh bainríoghain Éireann i gceann
fiche bliadhan.



Ceann dos-na laothanta dubhairt a hathair
leis an inghean éadach a chur amach agus é riar
ar na bochtaibh. Bhí coingheall tarraigthe
ag an athair agus ag an máthair gan aon bhean
a phósadh acht an bhean go rúithneochadh an
fáinne a bhí thuas ins a' chófhra í. Nuair a
fuair an inghean é, chuir sí ar a méar é.
Nuair a tháinig a hathair a bhaile, chonnaic
sé ar a méar é:-



"Dia linn, mo ghrádh ghil! is dócha gur
mar chros orainn a bhí sé; caithfir mise
phósadh anois!"



"Ní dhéanfad anois ná choidhche," ar sise.



"Caithfir é dhéanamh," ars' an t-athair.



"Déanfad," ar sise, "ach' a dtiubhra tú
chugham c'luith do ghiotairí glasa."



Dh'imthig leis agus do thug, agus dubhairt sí ná
pósfadh sí anois leis é "nó go dtiubhra tú
chugham c'luith do raolacha mine." D'imthig
agus do thug. Dubhairt sí ná pósfadh sí anois
leis é nó go dtiubhradh sé chúighthe c'luith
dos gach aon dath cleite ins an aér.
D'imthig sé agus do thug. Dubhairt sí ná
pósfadh sí anois leis é nó go dtiubhradh sé
chúighthe capall óir agus dorus a bheith air agus


L. 54


neart a bheith aige duine dul isteach ann.
D'imthig sé agus do chuir sé 'á dhéanamh é agus
d'fhiarfhaig sí dho cia an duine gur chuir sé
'á dhéanamh chuige. Dubhairt sé léithe gur go
dtí an gobha ba ghiorra dho chuir sé 'á dhéanamh
do.



D'imthig sí féin agus chuaidh sí go dtí an
ngobha agus dubhairt sí leis gur mhór an t-ór a
thiocfadh amach as bholg an chapaill agus go
dtiubhradh sí féin oiread eile dho agus neart a
bheith [aici] glas a chur ar an dtaobh istig
air. Tháinigh sí a bhaile agus chuaidh a hathair ag
triall ar an gcapall agus do thug sé chúighthe é.



Bhíodar le pósadh i mbárach. Thug sí an
oidhche sin an bácáil aráin. Bhailig sí an
t-arán agus gach aon nídh bhí [aici] isteach [ins]
an chapall agus chuaidh sí féin leis isteach ann.
Chuir sí an glas ó'n dtaobh istig air.



Do bhí cuireadh tabhartha ag a hathair do
mhórán daoine i mbáireach le dul ar an
bpósadh. Nuair éirig an t-athair ar maidin,
ní raibh an inghean le fághail aige. Bhí sé ag
sgreadaig agus ag béicig gur'b eadh dh'aoidig
sí í féin. Tháinig teachtaire isteach chuige go
raibh árthach ag teacht isteach chun a' chuain agus
siúrálta gur'b é rí óg Shasana é. Do chuir
sé cóisde síos 'na choinne chun teacht aníos
go dtí an tig. Tháinig, agus d'innis sgéal do
ar an slighe d'imthig air agus dubhairt sé leis
gur'b é an tabhartas déidheanach a d'iarr sí
air an capall agus gur bh'in é thiar aige an
capall. Do bheir [an rí óg] leis é go Sasana
agus do chuir sé chuige thiar 'sa' gháirdín é agus ní
raibh fhios aige aon nídh bheith istig ann.



Nuair a bhí sí ag dul gearraid 'sa' bhiadh,
do chaith sí teacht amach as, agus do chuaidh sí
i n-aimsir go dtí máthair an ríogh óig, agus
i mbun chearc do bhí sí agus tig beag aici féin.
Do dhein sí suas an tig cómh maith agus d'fhéad
sí é, agus ceann dos-na laothantaibh do ghaibh an
rí óg amach, agus do bhí sé ag máirseáil timcheall
ar an dtig beag, mar chuala sé ceól istig
ann, agus do bhí sé 'féachaint 'sa' bhfuinneóig
ann agus do chonnaic sé istig í déanta suas
fé ch'luith do ghiotairí glasa agus do bhí iongan-
tas air ciar bh' í fhéin agus n'fheadair sé 'o'n
domhan c'onnus a raghadh sé isteach. D'iarr
sé uirthe é leigint isteach agus d'fhiarfhuig sí dho
ciar bh'é fhéin agus dubhairt sé gur bh'é an rí óg
é agus é leigint isteach, agus dubhairt sí leis nár
bh'é, mar go raibh fios a bhéasa aige cuid is
mó 'ná an méid sin.



D'imthig sé agus chuaidh sé a bhaile, agus do
tháinigh sé isteach i mbárach, agus do bhí roimis
déanta suas fé ch'luith do raolacha mine, agus
do iarr sé uirthe é leigint isteach. Dubhairt
sí ná leigfeadh agus do bhí sí féin istig agus méisín
ceóil aici agus í ag rinnce agus n'fheadair sé 'o'n
domhan c'onnus a raghadh sé isteach. B'éigint
do dul a bhaile agus tháinigh sé isteach i mbárach.
Bhí sí déanta suas roimis fé ch'luith dos gach
aon dath cleite ins an aér agus n'fheadair sé
c'onnus a raghadh sé isteach. B'éigint do
dul a bhaile, 'gus do bhuail sé breóite lá'r
n-a bhárach, agus do bhí nach éinne 'teacht ar a
thuairisg, acht ní thiocfadh sí seo i n-ao' chor,
agus dubhairt sé le n-a mháthair dá bhfaghadh sé
deoch uaithe go mbeadh sé go maith. Cuireadh
fios uirthe agus tháinig sí agus chuaidh sí chuige le
deoch agus ní bhfaghadh sé ó n-a mhisneach í choimeád
istig.



D'imthig sí agus chuaidh sí a bhaile agus do chuir
sé fios aríst uirthe lá'r n-a bháireach. Tháinigh
sí chuige le deoch agus d'iadhaig sé an dorus agus
chimeád sé istig í agus do pósadh iad lá'r n-a
bháireach. D'innis sí dho ó thúis go deire ar
nach aon chola-lae gur ghaibh sí fríd.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services