Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgríbhinní Úr-Nua. An Slán Déidheanach.

Title
Sgríbhinní Úr-Nua. An Slán Déidheanach.
Author(s)
Ua Raghallaigh, Mícheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN SLÁN DÉIDHEANACH.



Oidhche earraigh bhíos suas déidheanach
ag léigheadh dánta Thaidhgh Ghaedh-
ealaigh Uí Shúiliobháin agus ar uair a
haon do buaileadh an doras agus do aithnigheas
láithreach gur'b é bualadh mo dheirbhshéir a
bhí ann. D'éirigheas im sheasamh go tapaidh
chum an dorais osgailt di, agus is mór an
t-áthas a bhí orm roime n-a teacht mar ná
faca í os cionn bliadhna, agus is dóighthe gur
méaduigh sé m' áthas í theacht gan coinne.
Is mear a osglas an doras agus ba the a bhí mo
lámh agus mo bhéal chum fáilte chroidheach a chuir
roimpe. Is grianmhar geal-gháireach é tárla
na gcarad.



Ar osgailt an dorais dom, n'fhaca mo
dheirbhshiúr agus ghlaodhas amach a hainm acht
ní fhuaras aon fhreagra. Chuadhas amach;
d'fhéachas mór tímcheall; oidhche bhreagh spéir-
ghealaighe ab' eadh í, agus bhí radharc agam ar
gac nídh i bhfad 's i ngar. Ní raibh crann
ná clais ná ardán am' chomhgar chum
radharc a chailleamhaint ar éinne a bheidheadh


L. 51


ag déanamh magaidh fúm, agus n' fhéadfadh an
cú ba lúthmhaire imtheacht as mo radharc
an tamall geárr a bhí caithte ó fhágas mo
chathaoir go dtí go rabhas leath 's 'muigh do'n
doras. Ghlaodhas go h-árd agus ghlaodhas
arís agus arís eile ar mo dheirbhshiúr acht níor
tháinig chugham aon fhreagra.



Ní raibh aon tigh eile i ngearracht leath
míle dhom agus bhí an tráigh ar aghaidh mo thighe
amach, agus ba bhreagh an radharc a bhí agam ar
Fhairrge an Daingin agus ar árd-chnuic Uibh-
Ráthaigh a bhí ag gabháil na spéire ar an dtaobh
thall do'n uisge. Acht is beag an dúil a bhí
agam i n-aoibhnis na tíre ná na fairrge agus
tar éis mo shúile a bheith tuirseach ó infhiúchadh
gach baill im thimcheall d' fhilleas isteach
go brónach agus go tromchroidheach.



Bhí mo mháthair 'na codladh acht níor chuimh-
nuigheas ar í a dhúsacht. Bhíos trí n-a chéile
go leor agus bhí mo mheabhair ag áiteamh ar m'
aigne. Badh mhaith liom a rádh nár bh' aon
nídh acht samhlughadh an bualadh a chuala ar
an ndoras, acht dá mhéid a mheádhainn im'
aigne é 'seadh is mó bhíos deimhneach gurab
é bualadh mo dheirbhshéir a bhí ann, mar
d'aithneoghainn a bualadh ó bhualadh céad
duine ar doras nó ar fhuinneóig.



Ní fada gur chuala mo mháthair a' gearán
trí n-a codladh. Ghlaodhas uirthi, acht is fada
a thóg sí chum labhairt liom. Bhí sí ag gol go
fuidheach, agus nuair a fuair sí a caint, dubhairt
sí gur tháinig mo dheirbhshiúr chúichi, gur phóg
sí í agus go raibh sí tar éis bháis a fhághail.
N' fhéadfadh mo dhícheall aon tsuaimhneas a
chuir uirthi, mar bhí sé buailte 'na haigne go
raibh mo dheirbhshiúr marbh, agus bhí sí dh'á caoine
chom maith agus dá mbeidheadh sí leagtha amach ar
an gclár roimpe. Níor innseas di gur chuala
féin aon nídh, mar bhí sí trí n-a chéile a dóithin
agus chaith mé admháil anois ná raibh m'aigne
féin ró-stuamtha agus go rabhas lán-deimhneach
go raibh mo dheirbhshiúr ar thaobh na fírinne.
Bhí mo dheirbhshiúr 'na cómhnuidhe os cionn trí
fichid míle uaim, acht le dul trasna Fairrge
an Daingin ní raibh sé níos mó 'ná fiche míle.
Do ollmhuigheas mé féin chum an bhóthair ba
chómhgaraighe a ghabháilt agus go luath ar maidin
lá'r n-a bhárac bhí bád gléasta agam chum
dul anonn go dtí Cathair Saidhbhín. Bhíomar
suidhte 'sa' bhád nuair a chonnairceamar
bád ó Uibh-Ráthach ag teacht isteach, agus ba
dhuine muinteartha dhom duine dos-na rámha-
dóiríbh.



Tar éis fáiltiughadh roimpe, dubhairt mo
chara go raibh droch-thuairisg aige dhom, go
bfuair mo dheirbhshiúr bás ar uair a h-aon
an oidhche roim ré - an t-am céadna a phóg
sí mo mháthair 'sa' taidhbhreamh, agus an t-am
céadna a chuala féin an bualadh - a slán
déidheanach ar an ndoras.



MÍCHEÁL UA RAGHALLAIGH.
1487 5th Avenue
N.Y. City,
Feb. 28th, 1902.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services