Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The First Irish Printed Book.

Title
The First Irish Printed Book.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Comyn, David
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 39


THE FIRST IRISH PRINTED BOOK.



[EPISTEL].



Do chum an leúghthóra.



3] Ag sin agud a leughthoir céd tairthi
agus toirrcheas na hoibre maithi mór shaothair
úd, atám do thairring agus do thriall chugad
lé fada, mar atá cló díleas foirbhthe na
teangadh Gaoidheilge: neoch oisgeólas duit
an tslighidh úd, threóruigheas chum iuil thú, agus
atá dúnta fós ort riamh: agus dho dhíth a dtárla
dhúinn (mar bhreathnuighim) bheith báite a
ndaille, agus a ndíth eoluis d'uireasbhuigh reachda
Dé, agus an tsaoghail gur a norra, agus bheith ní is
fiadhanta, agus ní is barbartha ann ar modhuibh
agus ann ar mbhésuibh iná aon chineol daoine,
dá bhfuil annsa rann iartharach so na Eúrópa.
Agus chúm go bhfuighthídhe uair éigin (do thoil
Dé) teasargadh nó cerín do leigh-
4] eósadh na haladha ro neimhneacha [a2
so, atá oirnn maille lé dligheadh
Dé, agus ar nard uachdaran do bheith ar ná
thairring chugad, agus ar ná chur amach ann do
theangaidh nádúra agus ann a haibíd díles féin,
do ghabh merri lé m'ais (tré nách faca duine
eile do ghéabhadh) saothar agus aisdir an chló so
do thabhairt do chúm na sdaide ann a bfaic-
tir hé anois: ar chosdas ar nárd phrionnsa
dhiaga mór chumhachdaigh Elizabed, agus d'aonta
an Ridire uasail oirrdheirc, agus ar dtighearna
Deputí, Sir Henrí Sidneí, agus na coda ele
de chomhairle ro onoraighe fhlaitheasa na
banríoghna ann sa noíléin so na hEireann.
Achd cheana, tré go bhfuil gach aon tosadh an-
bhfann ann féinn; agus gur ob ro urusa ní do
chur a geann na neithi do geibhthear go núa,
an tan bídh uireasbhach, a támsa agá géar
ghuidhe ar gach aon fó leith, neoch bhús cheirt
bhreitheamh ar a nobair si (do thinnsgain mé,
do chúm gloire Dé do chur amach, agus do chum
an mhaitheasa phuiblidhe so, do dheall-
5] rughadh, agus do dheaghmhaisiughadh lais án séd
suaithin so) gan imdhearghadh, achmhasán,
mó masla do thabhairt di, ná fós damh féin
tríthi, mar thuarusdal: Achd an tionadh a
bhfuighe tú lochd nó ainimh uirre, do dhithcheall
ceartúighe agus leasuighdhe do thabhairt air,
nó go raibh sé ní is foirbhthe iná atá.
Agus ní hé amháin a tám aga iarruidh ort
an ceartughadh ceannsa carthanach sin do
thabhairt ar an gcló: Acht cheana, ar in
dtranslásion nó ar in arrthughadh do roínn-
easa ar in gcaiticiosma so, do chuireadh
amach roimhe ar mhór an chulaidh linn. . 1563.
d'aois an Tighearna: agus atá anois ní is
ceirti, agus ní is iomshlaine, maille lé hairtiog-
luibh airighthe d'on ríaghail Chriosduighi ar ná
bpáirrthiughadh ritsa. Agus dá gabhair chugad
go toileamhuil, soi mheanmnach a ní beag so
atá agá thairgsin duit, go fáilaidhe deágh
aightheach, do bhérair cion fatha dhamh sa, ní
bús feárr agus bús tarbhaighe do sholathar f'ad
chomhair, sul bús fada, do réir mar do
bheraidh Dia acfuing agus grása dhamh.



Beannachd rit. [a3



PREFAID.



42] Fóillsiughadh aithgheair airtiogal bprinn-
sepálta dháiridhe do'n riaghal Chríosduighe
atá ar ná gcur amach maille le hórdughadh


L. 40


agus lé húghdarrás an ridire uasail óirdherc
sir Hénri Sidneie, agus c., tighearna agus debiti
ríoghachta na hÉreann fa fhlaitheas na bannri-
ógan, agus c., agus ní amháin fós achd maille lé
haónta na n-airdeasbug, na n-easbug, agus
na coda ele do choimísenéruibh na mór-
ríoghna: do chúm aon fhoirceaduil do cosnadh
agus do theagasg agus do chur amach tre gach aon
phearsun bhiocáire agus curáidighe agus fós mar
fhiadhnuise ar a n-aon aónta coitchinn agus ar
in dtoil umhail imláin do'n fhoirceadal sin.
Agus na ceann sin tré go bhfuilid siad
egeantach dóibh do chum an phobail do
43] mhúnadh ann gach ionadh a mbhia ualach
orra is égean dá gach áon acu a
léghadh go puiblidhe an tan rachuid a seilbh a
mbeathuighe fó céudoir, agus fa dó gacha bliadhna
ó sin amach .i. an .c. Dómhnach dés chásg, agus fá
fhel Michil, fa phén a mbeathuighe do bhuain
díobh nó do chur a n-úrlaimh agus gach ceartuighthe
ele bhias ar n-a cur ar in dréim bhús ciontach
agus bhus maidhnneachtach ann so do chóimhlíonadh.



Oir isi Oifig agus dlisdineas gach aon Chrios-
duighe agus go sbesialta ministri agus aoghairighe
na heaglaisi osiad is maighisdrighe agus is lucht
teaguisg do chách ele beth ullamh do chum
resuin do thabhairt ar son a gcredmhe gach
uair bhias sé ar n-a iarruidh orra do nímsi,
atá ar n-am ordughadh anois am phearsun
úm bhiocaire no um churaidighe agaibhse
admhail mo chredmhe ar mo shon fén óir atá
eagla Dia orum agus atá coinsias glan agam
mar dhearbhadh air sin agus atam aga iarraidh
oruibhse bhar n-aonta do thabhairt chuige sin.



[f2.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services