SGANNRADH SHEÁGHAIN NA BHFIACAL.
Is t-oidhche Dé Domhnaigh do bhailigh
a lán buachaillí againn ag sgor-
aidheacht go tigh Sheagháin na
bhFiacal. Tá Seághan ana-chríonna
anois, agus is mór an truagh é, mar
is é an chuileachta fir é is feárr
'sa' logán so, agus tá cúis mhaith
agam le sain a rádh, mar is ag triall air a
thigeann buachaillí an bhaill seo ag sgoraidh-
eacht, an fhaid a bhíonn na hoidhcheanta fada
ann. Tar éis sinn a bheith tamall ag caint
an oidhche seo mar gheall ar bháire comórtais
a bhí idir bhuachaillí Chúil-Aodha agus buachaillí
Charraig-an-Adhmuid annsa' lá roimis sin
dubhairt Mícheál Ua Céileachair go raibh ár
ndóthain ráidhte againn mar gheall air, go
raibh an oidhche dh'á caitheamh agus gan aon sgeul
ínnsithe fós ag fear an tighe dhúinn. Dubhra-
mair go léir go raibh an ceart aige.
"'Seadh, a Sheagháin," arsa Mícheál, "tánn
tú críonna go maith anois, agus a lán do'n
tsaoghal feicithe agat, agus mórán sgeultha
ínnsithe agat dúinn ar chúrsaí greannmhara
a ghaibh daoine a mhair led' línn, agus an 'neósfá
dhúinn ar ghaibh aon chúrsa greannmhar tu
féin i rith do bheatha?"
'Neósaidh mé dhíbh a bhuachaillí, arsa Seaghán,
sgannradh a ghaibh me an cúigeadh lá deug
d'fhóghmhar nuair a bhíos ocht mbliadhna d'aos,
mar b'é an sgannradh é ba mó rug riamh me,
agus bhíos chómh cómhgarach do'n bhás an lá sain
is tá mo chosa do'n teine anois. Annsan
am sain ní raibh aon tigh ar Charraig-an-
Adhmuid ná aon chuimneamh go mbeadh go
bráthach agus is é an áit go raibh an séipéal agus an
tsráid ná thoir annsain ar Beul an Gheárrtha.
Do chuadhas ann chun Aifrinn i n-éinfheacht
lem' mháthair an lá so go bhfuilim ag trácht
air. Do bhíomair ann tamall maith sar ar
thosnuigh an t-Aifreann. Do casadh a lán
garsún orm féinidh agus ghluaisigheas orm
i n-éinfheacht leó ag caitheamh chloch 'san
aodhar ar feadh tamaill. Do bhí mac fir
tábhairne 'n-ár gcómhluadar go nglaodhaimís
Seághan Fiadhain air. Do bhí coileán deas
con aige. Do bhíomair go léir ag fághail
ana-spóirt 'sa' choileán, mar, nuair a
thuiteadh na clocha a bhíodh caithte 'san aodhar
againn chun tailimh, do ritheadh an coileán
chúcha agus d'árduigheadh sé leis 'n-a bheul iad.
Do bhí cuid againn 'ghá rádh ná raibh aon
ghadhar le fághail ab fheárr rith 'ná é.
"Airiú," arsa mac píobaire a bhí ann go
nglaodhaimís Diarmuid an Phíobaire air,
"is beag an bhrígh é chun reatha seachas an
coileán atá agam-sa agus fanaidh annsain go
fóil go raghad dh'á iarraidh." Leis sin
d'imthigh sé uainn agus ba gheárr go raibh sé
chughainn arís agus coileán deas gearr-
eirbeallach i n-éinfheacht leis.
"Airiú, a gharsúna," arsa mise, "nách
mór an truagh dhúinn, ó tá an dá ghadhar
bhreághtha sain againn, gan sinn thall ar Bun
Laghaire mar tá an áit ag brúchtaigh le
coiníní. Bhíos thall ar an Rathúnaigh i ndé
i n-éinfheacht lem' mháthair ag stathadh sop
pice agus bhí coiníní ar ár ndul agus ar ár dteacht
rómhainn ag Bun Laghaire tamaillín siar
ó'n áit 'n-a bhfuil an Sulán agus Dúbhghlais ag
bualadh im á chéile, chómh tiugh is tá nóiníní
ag fás ar an bpáirc sin thuas, agus iad ag rith
's ag damhas dóibh féin ar fuid na hínse.
Dubhart lem' mháthair go raghainn dh'á bhfiadhach
chun go mbeirinn ar chuid aca acht choisg sí
me agus dubhairt sí liom ná feudfadh aoinne
breith ortha gan gadhar a bheith aige."
"Am briathar," arsa na garsúin, "go
ragham ann nuair a bheidh ár ndínnéar ithte
againn tar éis an Aifrinn."
Do bhí an pobal go léir 'san am so ag
dul isteach 'sa' tséipéal agus ghluaisigheamair-
ne orainn isteach ann chómh maith leó. Tar
éis Aifrinn d'iarr an Faircealach orm féin
gan dul a bhaile chun dínnéir mar go bhfeud-
fainn é dh'ithe 'n-a theannta féinidh.
"Airiú, a Sheághain," arsa sinn go léir,
"an é Faircealach Ua hUidhir go bhfuileann
tú ag trácht air?"
"Am briathar gur'b é, beannacht Dé le
n'-anam," arsa Seághan, "agus cómhnaos dómh-
sa díreach ab' eadh é. Acht goidé seo bhí ar
siubhal agam mar gheall air. Ó 'seadh: do
bhí cuireadh dínnéir aige dh'á thabhairt dam,
agus cé bheadh ag gabháil thorainn le n-a línn ná
mo mháthair. D'airigh mo mháthair é ag tabhairt
an chuireadh dham agus, nuair a fuair sí é chómh
fial is bhí sé, do chrom sí ar gháirí agus dubhairt
sí liom fanamhaint 'n-a theannta dá mbadh
mhaith liom é. Ní raibh uaim-se acht a cead
fhághail agus ghluaisigheas orm i n-éinfheacht leis
an bhFaircealach go dtí á thigh. Do bhí tigh
an Fhaircealaigh 'sa' taobh thiar do Bheul an
Gheárrtha. Do bhí tigh an phíobaire ceangailthe
dhe; agus ar a aghaidh sin anonn 'sa' taobh eile
'bhóthar a bhí tigh an tábhairne go raibh garsún
na con 'n-a chómhnaidhe ann. D'airigheas 'n-a
dhiaidh sain gur a ball éigin aníos amach bean
an phíobaire agus bean an tábhairne: acht bídís
aníos nó i bhfus, ní bhacfainn leó anois, mara
mbeadh go mbainfid siad lem' sgeul ar
ball.
Nuair a shroiseamair tigh an Fhaircealaigh
do bhí an dínnéar leogaithe amach ar an
mbórd rómhainn agus do shuidheamair síos
dh'á dh'ithe; acht ba bheag de a bhí ithte againn
nuair airigheamair ana-liúghaireach agus gáirí
amuigh ar an mbóthar. Siúd amach me féin
agus an Faircealach agus a raibh ann ar fad
againn 'feuchaint cad a bhí suas. B'é fáth
an fhothroim go léir dá choileach a bhí ag
bruighin le chéile amuigh ar lár an bhóthair
agus na daoine bailighthe i bhfuirm rotha mór-
thímcheall ortha agus iad ag briseadh a gcroidhe
ag gáiridhe im an mbruighin. Dubhairt an
Faircealach liom gur le bean an phíobhaire
agus le bean an tábhairne an dá choileach. Do
bhí bean an tábhairne a d'iarraidh dul isteach
trí sna daoine chun na gcoileach a chosaint
ar a chéile, acht má bhí, ní leogfadh na daoine
isteach í.
"Airiu, a amadáin," arsa bean an
phíobaire léi, "sgaoil leó féin: ar nóin,
dá marbhaídís a chéile, nách suarach an
meula iad?"
"Feuch ná sgaoilfead, mhuise," arsa bean
an tábhairne, "mara mbeadh agam acht an
pléisiúr go léir atá aca so dh'á fhághail
ionnta a lot ortha," ag tógaint cloiche 'n-a
láimh agus 'ghá caitheamh leis na coileachaibh.
D'aimsigh an chloch a coileach féin i mullach
an chínn agus marbhuigheadh ar an láthair sin é.
Leis sin do chuir na daoine go léir ana-
liúgh suas di 'ghá moladh i dtaobh an
chruinnis a bhí 'n-a láimh, acht má chuireadar,
is amhlaidh éirigh sí chun tola-mhúaire chúcha,
agus dhírigh sí ar bheith 'ghá spídiughadh ar an
láthair sin. Do thosnuigh bean an phíobaire
ar bheith 'ghá cómhairliughadh agus dubhairt sí léi
bualadh isteach a bhaile dhi féin, mar nár
dhein na daoine sin aoinní as an slighe
uirthi.
"An airigheann tú," arsa sean-duine bhí
ann, go nglaodhaití Liam an Mhagaidh air, le
bean an tábhairne, "an magadh so ag Cáit
an Phíobaire dh'á dheunamh fút anois tar éis
do choilichín a bheith marbh ort, agus fhios agat
féin go maith, mara mbeadh na daoine sin,
go gcosnófá ar a chéile iad."
"B'fhearra dhi," arsa bean an tábhairne,
"dul síos mar a raibh sí ag bailiughadh
chaisreabháin ar a págh, mar bhíodh sí, do
mhucaibh Thaidhg na Lópaí ná bheith a d'iarraidh
magaidh a dheunamh fúm-sa."
"Doigh ionnat, a shiorthóir," arsa bean an
phíobaire, "marar bhfuiriste dhómh-sa do
chláiríní féin a léigheadh dhuit i dtaobh do
dhealbhais ag baile. An cuimhin leat an uair
a bhítheá ag tarrac na móna ar do dhrom
leat ó'n bportach isteach 'sa' tsráid agus 'ghá
díol ann ar leath-phinge an sgiathóg tar éis
an asail fhághail bháis ar an gcrampán athar
a bhí agat."
Do chuir sain na daoine go léir ag
gáiridhe, mar beanín mhórdhálach dhroch-bheulach
ab' eadh bean an tábhairne, agus ba mheasa leó
bean an phíobaire 'ná í. Nuair a fuair bean
an tábhairne go raibh na daoine ag deunamh
an gheoin go léir fúithi féin, ba bheag ná gur
chaill sí a meabhair le neart feirge, agus sgaoil
sí faobhar a teangan ag spídiughadh bean an
phíobaire chómh mór go raibh cúbhrán le n-a
beul, agus bhí sí ag cuir cainte dhi chómh tiugh is
d'aireóghfá an fhuiseóg ag seínnt 'san aodhar
gan stad tar éis Lae 'le Brighde.
Acht ní fada fhanas-sa ag éisteacht léi,
mar tháinig Seaghán Fiadhain agus Diarmuid an
Phíobaire agus a ngadhair aca chugham féin agus
chun an Fhaircealaigh agus dubhradar linn go
rabhadar ollamh chun dul go Bun Laghaire agus
sinn a ghluaiseacht orainn láithreach. Siar
an seana-phóirse leis an gceathrar againn.
Do chonnaic na garsúin eile ag imtheacht
sinn agus sar a rabhamair-ne ag Tobar an
Fhíona do bhíodar sain tagaithe suas linn.
Síos linn do thoil a chéile chun Carraigín an
Radhairc agus soir chun Clais an Mhada Ruaidh
agus sar ar shroiseamair Carraig Tighe Eoghain
do dhúisigheamair ana-phaitre giorré. Do
liughamair go léir agus do ritheamair 'n-a
dhiaidh chun beartha air: acht cad a dhein na
coileáin, is dóich libh, ná, chómh luath is chon-
naiceadar é, a dtón 'árdach 'n-a ndorn leó
agus teicheadh leó féin a bhaile le heagla
roimis. Nuair a bíomair ag brághaid Char-
raig Tighe Éoghain ní raibh aon tuairisg ar
an ngiorré ná ar ár gcoileánaibh againn.
Annsain do stopamair go léir suas agus
dhírigheamair ar bheith ag deunamh ár gcúmhaidh
mar gheall ar a meatacht a thriail na coileáin.
"Mhuise, faire fútha mar choileánaibh,"
arsa Faircealach, "feuch anois, dá mbeadh aon
mhaith ionnta, is maith a bheadh ár bpáintheach
giorré againn, agus gheóbhaimís sgilling air ó
Dhómhnall Ruadh agus bhuailfeadh sain pinginn
an duine dhúinn agus feuch gur breágh an póca
mísleán a bheadh ag gach aoinne againn ar a
phinginn féin."
"Dá mbeadh pinginn ag Diarmuid an
Phíobaire," arsa Seaghán Fiadhain, "ní'l
baoghal gur mísleáin a cheannóchadh sé uirthi:
b'fheárr leis go mór í chimeád 'n-a phóca
mar bhreágh breágh chun go dteastóchadh ó
n'-athair deócán a cheannach do'n phíb."
"Ní fheacamair aon rabairne mór ionnat
féin riamh," arsa Diarmuid an Phíobaire
'ghá fhreagradh: "feuch cad dheinis leis an
bpinginn a fuairis aréir ó'n sagart i
dtaobh aire thabhairt d'á chapall an fhaid a
bhí sé ag cuir na hola ar Mháire Mhaol ná í
shíneadh amach as do dhorn chun do mháthar i
n-ionad aoinní a cheannach duit féin uirthi,
agus anois chuirfinn geall leat, dá mbeadh an
giorré marbh againn agus pinginn an duine
againn d'á bhárr, gur túisge a bheadh mísleáin
ceannuighthe agam ná agat-sa."
"Ní túisge agus ní tapamhla, a spreallairín,"
arsa Seaghán Fiadhain.
"Airiú, caithidh uaibh an siotha seatha sain,"
arsa an Faircealach.
"Caitheadh Seaghán Fiadhain uaidh é, mar
is é thosnuigh é," arsa Diarmuid an Phíobaire,
"agus dá luathacht a chaithfidh sé uaidh é, is é a
bhuac é, mar dhúbhfainn-se a shúile dho agus sain
go tapaidh."
"Sin rud ná feudfá a dheunamh," arsa
Seaghán Fiadhain."
"Andaigh, is sibh féin is córa a sgaoileadh
chun a chéile," arsa an Faircealach: "tiom-
áinidh libh anois é agus nár stopaidh ár ndícheall
sibh."
Annsain do dhein an dá gharsún ar a chéile
agus thosnuigheadar ar a chéile ghuailneáil. Do
sgaoil an deichneabhar againn-ne leó féin agus
sheasuigheamair ag brághaid na Carraige ag
feuchaint ortha. Tar éis iad a thabhairt
tamaill mhaith ag fuirse le chéile, do
thosnuigheadar ar na dóirnibh, acht dé beatha
grásta Dé, an fhaid a bhí an méíd sin ar
siubhal do bhí rud eile ar siubhal annsa spéir
os ár gcionn i gan fhios dúinn, mar, sar a
raibh fhios ag an mbeirt seo cioca aca ba
threise, do thuit splanc a bhí chómh mór le
tigh 'n-ár n-aice ar an ínse agus le n-a línn sin
do tháinig tóirneach a dhein fothrom chómh
huathbhásach gur cheapamair gur bh'í an spéir
a bhí ag tuitim anuas orainn, agus i lár na
tóirnighe sin do thosnuigh báisteach ar thuitim
chómh trom is chífeá uisge ag tuitim le
heasach - agus geallaim-se dhíbh nách bruighean
ba chúram leis na garsúnaibh seo ná linn
féin annsain, mar tháinig splanc agus tóirneach
eile ba sheacht mhó' ná an cheud chuid.
Do rugamair go léir barróg ar a chéile
agus dhírigheamair ar ghol le hanaithe, mar
shamhluigheamair nár bhfios goidé an neó-
mat a bheimís marbh agus gan aon tigh i n-aon
ghiorracht dúinn go rithfimís ann agus gan
aon lagara ag na tóirneacha ná ag an
mbáistigh dh'á thabhairt. I gcionn tamaill
do chuimhnigheas féin ar bhéilic a chonnac 'sa'
chliathán theas do Charraig Tighe Eoghain an
lá roimis sin agus dubhart leis na garsúnaibh
go raibh a leithéid ann agus go mb'fhearra
dhúinn dul fúithi. Dubhradar liom láithreach
rith orm rómpa fé n-a géin. Do ritheas
chómh maith, agus do leanadar me - agus is dócha
go raibh suas le fiche tóirneach tagaithe tur
teith orainn sar ar shrois linn bheith istigh
fé'n mbéilic.
Ní raibh droch-shaoghal istigh fé'n mbéilic
againn mar ní raibh aon dul ag an mbáistigh
ar theacht orainn agus b'é an t-anaithe ba mhó
a bhí orainn annsain ná eagla go dtuitfeadh
tóirneach anuas ar an mbéilic agus go maireóbh-
thaidhe sinn fúithi. Do bhí an Sulán agus Dúbhghlais
ar ár n-aghaidh amach agus bhí an t-uisge 'san am
sain éirighthe chómh hárd le n-a bportaibh agus
ag tosnughadh ar bheith ag sgé amach ar na
hínseachaibh; agus ba gheárr eile go rabhadar
clúduighthe ag uisge.
Nuair a bhíomair mar a deurfá leathuair an
chluig fé'n mbéilic d'airigheamair sgreadach
ghránna 'sa' taobh thiar dínn a sgannruigh
sinn chómh mór leis na tóirneacha. Do sháidh
Diarmuid an Phíobaire a cheann amach fé'n
mbéilic agus dubhairt sé go raibh miorbhuilth
éigin chughainn aniar i mbarra tulca uisge
a bhí geall leis chómh hárd leis an gcarraig
agus gur bh'ann a bhí an sgreadach agus go mb'fhearra
dhúinn teicheadh linn féin as an áit 'n-a
rabhamair do phas nó go mbeimís báidhte.
Do bhí sánas beag ag an mbáistigh dh'á
thabhairt 'san am so agus ní raibh na tóirneacha
ag teacht chómh trom ná chómh tiugh is do
bhíodar. Do rith Diarmuid an Phíobaire
amach as an mbéilic agus amach linn-ne 'n-a
dhiaidh. Do bhíos féin ar an bhfear déidheanach
agus ba dhóbair go mbeadh a rian orm, mar is
ar éigin a bhí mo chosa glan-bhailighthe agam
aisti nuair a ghluais an leac a bhí ag deunamh
sgátha dhúinn fan na haimsire ar rith síos le
cliathán na carraige agus níor stop sí do'n rás
sain go ndeaghaidh sí síos go dtí á bun. Do
bhí áthas ár gcroidhe orainn ná rabhamair
fúithi mar dá mbeimís do bheadh ár gcnámha
'n-a snaois aici. Acht níor chuireamair ár
n-áthas i n-úmhail d'á chéile, mar bhí an
mhíorbhuilth a dubhairt Diarmuid an Phíobaire
chughainn aniar ag snámh ar bharra na tuile:
agus cad a bheadh ann ná droichead cláir a bhí
mar a bhfuil an Seana-Dhroichead anois agus
beirt fhear agus beirt bhan 'n-a seasamh istigh
ann agus gach aon sgread as a gcorp aca. Ní
raibh fhios againn 'san am sain gur bh'é an
droichead cláir a bhí ann ná cia hiad a
bhí istigh ann. Do dhírigheamair ar bheith
'ghá 'niúchadh. I gcionn tamaill do bhuail
Diarmuid an Phíobaire a bhasa ar a chéile agus
dhírigh sé ar ghol.
"Ó Dia linn," arsa eisean, "sin í mo
mháthair ag sgreadaigh istigh sa tseana-
chorrachán 'sain, pé rud a chas ann í."
"'Sí díreach agus mo mháthair-se leis," arsa
Seaghán Fiadhain ag sgreadaigh chómh maith
leis," agus is dócha gur dá á'irseoir iad sain
'n-a dteannta a tháinig dh'á n-iarraidh chun
iad a bhreith leó go hifreann: ní fheudfaidhe
gan sompla éigin a dheunamh díobh 'sa' chuma
bhíodar ag ithe a chéile ó chianaibh."
Sar a raibh an corrachán tagaithe chómh
fada linn dubhairt Seaghán Fiadhain go raghadh
sé féin soir go Carraig Phuill na Bró, i
gcas go mbeadh radharc aige ar a mháthair
chun go dtéidheadh sí soir go Carraig Chnúch-
ail. Dubhairt Diarmuid an Phíobaire agus sinn
go léir go raghaimís ann leis. Do rithea-
mair an fhaid a bhí sé 'n-ár gcosaibh agus
bhíomair 'n-ár seasamh ar Charraig Phuill na
Bró sar a raibh an corrachán i ngiorracht dá
cheud slat dúinn, mar is amuigh ar an uisge
marbh a bhí ar na hínseachaibh a bhí sé ag snámh
agus mar gheall air sin ní raibh aon deabhadh
mór air ag gabháil soir chughainn. Do chrom
an dá gharsún ar lógóireacht arís mar a
bhíodar roimis sin.
"Feuchaídh," arsa an Faircealach," ar na
daoine go léir ag rith anuas na carraigreacha
thar Chlais an Mhada' Ruaidh chughainn. Ní
fheadar an bhfeudfaimís aon storán a bhaint
as an gcorrachán chun go dtigidís."
Do bhí tor mór sailighe ag fás ar an
gcarraig 'n-ár n-aice agus an t-uisge éirighthe
chómh hárd le lár an toir. Is ag deunamh
ar an dtor so do bhí an corrachán. Do
chonnac féin bata péileála ar bharra an
uisge i gcoinnibh na carraige agus é i n-achran
'sa' tor. Dubhart leis na garsúnaibh, dá
mbeadh an bata againn agus é chuir i gcoinnibh an
taoibh theas do'n chorrachán nuair a bheadh sé
'n-ár n-aice, go mb'éidir go gcoingeóbhaimís
moill air chun go dtagadh an congnamh orainn.
Do thógamair an bata agus nuair a tháinig an
corrachán go dtí an tor do chuireamair an
bata cliathántach roimis. Do bhí an t-uisge
chómh marbh 'san áit gur stop an corrachán
d'á shnámh agus d'fhan sé i n-achrann 'sa' tor
sailighe chun go dtáinig an congnamh orainn.
Do bhí an bheirt fhear agus an bheirt bhan ag
liúghairigh fan na haimsire chun gur sábháladh
iad, is annsain a fuaramair amach cé'r
bh'iad an bheirt fhear so agus goidé an bunudhas
a bhí leis an obair go léir. Constáblaithe
nua a tháinig 'sa' pharóiste seo an lá
ceudna ab' eadh iad. Do bhíodar ag gabháil
anoir trí Bheul an Gheárrtha ar línn na
beirte ban so a bheith ag troid le chéile.
Do thógadar leó 'n-a bpríosúnachaibh an
bheirt bhan chun iad a bhreith i láthair giúistís
a bhí 'n-a chómhnaidhe thuas i dtigh na Cille agus,
ar línn iad a bheith ag gabháil suas an
Droichead Cláir, do thóg an tuile chun
siubhail an droichead agus an ceathrar aco.
Ní raibh claidhe ná bóthar 'san am sa'n ó'n
Seana-Dhroichead go Poll na Bhró, acht an
áit go léir i n-aon libhéal amháin, agus mar
gheall air sin, is amhlaidh a bhí marcaigheacht
bhreágh ag an gceathrar.
Sin é agaibh, a bhuachaillí, an sgannradh
is mó fuaras an fhaid atáim ar an saoghal,
agus is fada é sin, mar is dócha ná maireann
aoinne d'á raibh ag Carraig Phuill na Bró
an lá uathbhásach sain acht me féin amháin.
Tagra.
Tola-mhuar (a), big feeling, that feeling which gives
rise to haughtiness:
= Tola-mhór (?), haughtiness (it is often found in up-
starts, in people who are very big in themselves
because they are conscious of having money in
bank, &c., &c., &c.).
(b) Nách tola-mhuar atá sé, isn't he (very) haughty,
very big in himself. We know he is so from
his angry words and manner.
(c) Fear tola-mhuar, a big (feeling), bold man.
(d) Bean mhíreáireach thola-mhuar.
(e) Bean tola-mhuar, obstinate (stubborn), not able
to give a civil answer.
(f) D'éirigh sí chum tola-mhuaire, lit., "she rose to
big feeling" = she gave vent to her ill (bad)
temper = d'éirigh sí chum míreáire (more or
less). In this case (f) a woman for the time
being loses all her good looks.
Crampán, one crippled or more or less disabled from
rheumatism, &c.; a cripple. [When the asal
died they were too poor to buy another, at any
rate they didn't buy one), and, as the poor father
was unable to walk to the bog, the daughter drew
the turf home on her back.]
Siotha seatha. Applied to oceans of talk about a very
trivial subject.
(a) Women, and, indeed, men and children too,
talk a great deal of siotha seatha. Two women,
for instance, would spend hours talking about
their neighbours - what they eat, when they
rise, about the state of their houses, how a
chair wanted a leg, how that the handle of a
cup was broken, &c., &c., &c. Talk of this
kind, making a lot of noise for little or nothing
about a thing not worth talking about, is caleld
siotha seatha.
(b) Do bhí an bheirt bhan sain thiar annsain, agus an
riabhal seódh acht an siotha seatha bhí aco le chéile.
(c) In the case of the children in the story it meant
something like this: Ag gearra-chaint le chéile
agus ag gabháil dó i bhfad agus nár chuma leó cioca go
mbeadh an focal déidheanach aige.
(d) Carrying on talk without any good; a mild form
of backbiting.
Buac - (a) 'Sé do bhuac é = you did well, that's the
best you could do; that's for your luck, for your
good.
(b) Gobé do bhuac é = gobé an rud ab fheárr duit
a dheunamh é.
(c) Is é do bhuac é é dheunamh = it is for your good
to do it.
(d) Do bhuac = éinní a raghadh chun do thairbhe.
(e) Sin é do bhuac é = that's for your benefit.
Béilic - Poll atá fé lic mór, a cave.
Do phas - D'fhágadar láithreach an áit.
É dheunamh do phas = le deithneas, at once.
Sánas - Bhí an bháisteach ann acht ní raibh sí chómh trom;
Bhí sí ag dul i n-eudtromacht; bhí sí ag eudtrom-
ughadh.
Corrachán = curachán (kind of boat).
Storán (rather sturán, strán?), a delaying or imped-
ing. St(u)rán a bhaint as = maill a bhaint as,
to delay him.
Mícheál Ua Briain.
Carraig an Adhmaid,
Baile Mhic Íre,
Co Chorcaighe, Feabhra 22, 1902.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11